Seo cur síos ar roinnt múinteoirí as Scoil Ghramadaí na Deastógála. Cé hiad? 1. Is as Latharna dó. Tá sé measartha íseal agus measartha gealgháireach. Tá a chuid gruaige fionnrua. Is múinteoir Teagasc Críostaí é. Cé hé? _________________________________________ 2. Tá a cuid gruaige iontach fada. Caitheann sí spéaclaí. Tá sí tanaí agus imríonn sí camógaíocht. Tagann sí ar scoil gach lá ar an bhád farantóireachta. Cé hí? _____________________________________ 3. Tá sí measartha beag agus tá a cuid gruaige fionn agus díreach. Ní Éireannach í. Tá iníon aici. Tá sí ina cónaí i dTamhnach Naomh. Is múinteoir teanga í. Cé hí? __________________________________ 4. Tá féasóg air. Caitheann sé spéaclaí. Tá sé ina chónaí i gCaisleán Uidhilín. Tá iníon aige ar an scoil. Cé hé? _____________________ 5. Is múinteoir mata í. Caitheann sí spéaclaí agus tá a cuid gruaige donn, measartha catach agus measartha fada. Is múinteoir bliana í. Tá sí cairdiúil agus cainteach. Cé hí? ______________________________ 6. Is múinteoir teanga é. Tá sé iontach cliste agus dóighiúil. Is maith leis an ceol traidisiúnta. Tá sé ina chónaí i mBéal Feirste. Caitheann sé an fáinne. Cé hé? _______________________________________ 7. Tá sí pósta. Tá sí fionn. Tá a cuid gruaige fada catach. Bhí sí ag obair go crua ar an léiriú anuraidh. Cé hí? _____________________ |
Seo quoiz do dhaltaí Bhliain a hAon Déag |
Cuir na freagraí chugam oheireamhoin@hotmail.com |