AON
go fóill – still, yet
ar ndóigh – of course
d’fheastail sí – she attended
thart fá – roughly, approximately
thaitin an scoil léi – she liked the school (lit. the school shone with her)
chronaigh sí – she missed
AON
Bhí Pádraigín ina cónaí i dteach dhá urlár i mbaile beag i gContae Aontroma. Bhí sí sé bliana déag d’aois ach bhí sí measartha beag go fóill. Ar ndóigh ba chailín scoile í go fóill, agus d’fhreastail sí ar scoil ghramadaí a bhí thart fá deich míle óna teach. Thaitin an coláiste léi, ba chailín measartha cliste í agus bhí sí maith mar dhalta, ach chronaigh sí a cara Eilís a d’fhreastail ar mheánscoil eile ina baile féin.
DÓ
ceannann céanna – self same
daoine – people
an t-am ar fad – all the time
sobalchláir – soaps
aréir – last night
bheadh – would be
anocht – tonight
san oíche amárach – tomorrow night
léi féin – by herself
bunús an ama – most of the time
ag smaoineamh – thinking
roimpi – before her
sa bhaile – at home
pleananna – plans
deireadh na seachtaine – the weekend
DÓ
Chuaigh sí ar scoil gach lá sa bhus ceannann céanna leis na daoine ceannann céanna. Labhair siad faoi na rudaí ceannann céanna an t-am ar fad. Labhair na cailíní eile faoi na buachaillí, faoi na sobalchláir a bhí ar an teilifís aréir, faoin siopadóireacht, faoi éadaí nua agus faoin dioscó i mBaile an tSamhraidh gach oíche Shathairn. Labhair na buachaillí faoi na cailíní, faoin chluiche peile a bhí ar an teilifís aréir, faoin chluiche peile a bheadh ar an teilifís anocht, agus faoin chluiche peile a bheadh ar an teilifís san oíche amárach. Shuigh Pádraigín léi féin bunús an ama, ag smaoineamh faoin lá scoile a bhí roimpi, faoi rudaí sa bhaile, faoi Eilís agus a gcuid pleananna do dheireadh na seachtaine, agus faoi Eoin.
TRÍ
áfach – however
le chéile – together
mata breise – add. maths
ábhar – subject
tosach an ranga – the front of the class
deasc – desk
taobh thiar de – behind him
sa chéad sraith eile – in the next row
thiocfadh léi é a fheiceáil – she could see him
go furasta – easily
nuair nach raibh – when…wasn’t
dóighiúil – handsome, beautiful
chomh gorm leis an spéir – as blue as the sky
bhí nóisean aici dó – she fancied him (lit. she had a notion for him)
go cinnte – for sure
ní raibh a fhios aici – she did not know
TRÍ
Ba bhuachaill scoile é Eoin a bhí sa bhliain chéanna le Pádraigín. Ní raibh sé sa rang céanna léi áfach, ní raibh an clár ama céanna acu, ach bhí siad le chéile i rang Bhean Mhic Dhónaill. Rinne siad beirt mata breise agus ba í Bean Mhic Dhónaill a múinteoir don ábhar seo. Shuigh Eoin in aice leis an fhuinneog ag tosach an ranga, agus shuigh Pádraigín cúpla deasc taobh thiar de sa chéad sraith eile. Thiocfadh léi é a fheiceáil go furasta, agus nuair nach raibh an múinteoir ag amharc, d’amharc Pádraigín ar an bhuachaill fhionn. Bhí sé dóighiúil. Bhí sé measartha ard, tanaí agus bhí a shúile gorm, chomh gorm leis an spéir. Bhí nóisean aici dó go cinnte, ach ní raibh a fhios aici an raibh nóisean aige di.
CEATHAIR
ariamh – ever
dúirt Eilís léi – Eilís told her
dul suas chuige – to go up to him
ní raibh sé de mhisneach aici – she didn’t have the courage
amadán a dhéanamh di féin – to make a fool of herself
cé hí – who she is/was
mhothaigh sí – she felt
b’fhéidir – perhaps
fiú – even
gurbh ann di – that she existed
abair leis – tell him
inis dó – tell him
ní raibh Pádraigín cosúil léi ar dhóigh ar bith – Pádraigín wasn’t like her in any way
CEATHAIR
Chonaic sí é i mBaile an tSamhraidh gach oíche Shathairn, ach níor labhair sí leis ariamh. Dúirt Eilís léi dul suas chuige agus labhairt leis, ach ní raibh sé de mhisneach aici amadán a dhéanamh di féin. Bhí sí cinnte nach raibh a fhios aige cé hí. Bhí sí cinnte nach raibh a fhios aige cad é mar a mhothaigh sí. B'fhéidir nach raibh a fhios aige fiú gurbh ann di! "Gabh suas chuige agus abair leis cé tusa a Phádraigín," a dúirt Eilís. "Gabh suas chuige agus inis dó go bhfuil nóisean agat dó!" Bhí Eilís dána agus cróga, ach ní raibh Pádraigín cosúil léi ar dhóigh ar bith.
CÚIG
ní dhéanfaidh – I will not
ar strae sa chloigeann – away in the head
gur ann dom – that I exist
a haghaidh – her face
ag tiontú – turning
a tharla – which happened
smaoinigh sí – she thought
lena chuid cairde – with his friends
a aghaidh – his face
ceart go leor – right enough
níos deirge arís – redder still
a glúine – her knees
ina bolg – in her stomach
ag amharc uirthi – looking at her
CÚIG
"Ní dhéanfaidh!" a dúirt Pádraigín. "An bhfuil tú ar strae sa chloigeann ar fad?" "Níl a fhios aige cé mé, níl a fhios aige fiú gur ann dom." Mhothaigh Pádraigín a haghaidh ag tiontú dearg, an rud ceannann céanna a tharla gach uair a smaoinigh sí faoi Eoin. Thiocfadh léi é a fheiceáil ag labhairt lena chuid cairde, thiocfadh léi a aghaidh dóighiúil a fheiceáil, agus ansin thiocfadh léi Eilís a fheiceáil ag dul suas chuige…CAD É!? Cad é a bhí sí á dhéanamh? Bhí sí ar strae sa chloigeann ceart go leor! Mhothaigh Pádraigín a haghaidh ag tiontú níos deirge arís, mhothaigh sí a glúine ag tiontú go huisce, mhothaigh sí tinn ina bolg agus ansin mhothaigh sí súile gorma Eoin ag amharc uirthi.
SÉ
balla – wall
thug sí a mallacht ar Eilís – she cursed Eilís
marbh – dead
i gceann bomaite – in a minute’s time
chronódh sí Eilís – she would miss Eilís
bheadh uirthi a rá le máthair Eilís – she would have to tell Eilís’ mother
mharaigh sí – she killed
lena lámha loma féin – with her own bare hands
go rachadh sé – that he would go
nár inis mé duit? – didn’t I tell you?
SÉ
Thiontaigh sí. D’amharc sí ar an bhalla. Dhruid sí a súile. Thug sí a mallacht ar Eilís. Bhí sí marbh, nó bheadh sí marbh i gceann bomaite. Chronódh sí Eilís. Bheadh uirthi a rá le máthair Eilís gur mharaigh sí a hiníon ag an dioscó lena lámha loma féin!
"Dúirt sé go cinnte go rachadh sé amach leat a Phádraigín." "Nár inis mé duit?"
"Ó a Dhia!"
SEACHT
ina suí – sitting
ag foghlaim – learning
leadránach – boring
leas-phríomhoide – vice-principal
d’fhógair sé – he announced
cuairteoir – a visitor
go mbeadh seans ann – that there would be a chance, that perhaps
go dtiocfadh sí – that she would come
sásta – pleased, happy, content, satisfied
bláthanna a thabhairt – to give flowers
a d’fhiafraigh – asked
fan go bhfeicfidh mé – wait till I see
an dtabharfá? – would you give?
SEACHT
Céadaoin amháin san earrach bhí Pádraigín ina suí sa rang Fisice, ag foghlaim faoi rud a bhí iontach leadránach, nuair a tháinig an tUasal Ó Coinn isteach. Ba é an tUasal Ó Coinn leas-phríomhoide na scoile. Fear meánaosta a bhí ann, agus bhí a chuid gruaige rua. D’fhógair sé go mbeadh cuairteoir ag teacht chun na scoile agus go mbeadh seans ann go dtiocfadh sí isteach sa seomra Fisice. "An bhfuil duine ar bith sa rang seo sásta bláthanna a thabhairt don chuairteoir seo?" a d’fhiafraigh an tUasal Ó Coinn. D’amharc gach duine ar an urlár ach níor amharc duine ar bith ar an Uasal Ó Coinn. "Fan go bhfeicfidh mé anois…" "A Phádraigín!" "An dtabharfá bláthanna don chuairteoir seo?"
OCHT
bhuel – well
bí ag caint faoi a bheith náirithe! – talk about being embarrassed!
ní thiocfadh léi – she could not
ní thabharfainn – I would not (give)
a rá – (to) say
bheadh uirthi – she would have to
thabharfainn – I would (give)
an mbeifeá? – would you be?
níl a fhios agam faoi sin – I don’t know about that
bualadh léi – to meet her
fáilte a chur roimpi – to welcome her
go bhfaca tú – that you saw
i bhfad níos dóighiúla sa chraiceann – much more beautiful in person (in the skin)
nár inis mé daoibh? – didn’t I tell you (pl.)?
ag tabhairt cuairte – visiting (lit. at the giving of a visit)
sise – emphatic form of sí
don Uachtarán – to the President
bheadh sí in ann – she would be able
garpháistí - grandchildren
OCHT
Bhuel, bí ag caint faoi a bheith náirithe! Ní thiocfadh léi "ní thabharfainn" a rá. Bheadh uirthi "thabharfainn" a rá. Ach ansin, bheadh sí náirithe ar fad! Ó a Dhia! "Bhuel a Phádraigín?" a d’fhiafraigh an tUasal Ó Coinn arís. "Thabh… thabh… thabharfainn…" "Agus an mbeifeá sásta cúpla focal a rá fosta?" "Ó níl a fhios agam faoi sin…" "Abair go bhfuil tú sásta bualadh léi." "Abair go bhfuil an scoil sásta fáilte a chur roimpi." "Abair go bhfaca tú í ar an teilifís ach go bhfuil sí i bhfad níos dóighiúla sa chraiceann." "Cé hí?" a d’fhiafraigh Pádraigín, "An cigire í?" "Ó nár inis mé daoibh go fóill?" "Tá Máire Mhic Giolla Íosa ag tabhairt cuairte ar an scoil!" Nuair a chuala Pádraigín sin bhí sí sásta go mbeadh sise, agus ní duine ar bith eile, ag tabhairt bláthanna don Uachtarán. Bheadh sí in ann an scéal seo a rá lena garpháistí!
NAOI
rug Pádraigín ar na bláthanna – Pádraigín took hold of the flowers
bhí imní uirthi – she was anxious
sheas sí – she stood
thart uirthi – around her
na daltaí eile – the other pupils
os a comhair – opposite her
ag cúl na saotharlainne – at the back of the laboratory
na póstaeir eolaíochta – the science posters
os a cionn – above her
ag comhrá lena chéile – chatting to each other
ag amaidí – messing about
píosa – a bit
ina sheasamh – standing
ag cur dóigh ar – tidying
bhí imní air – he was anxious
NAOI
Rug Pádraigín ar na bláthanna bándearga. Bhí a croí ina béal agus bhí imní uirthi. Sheas sí in aice leis an doras agus d’amharc sí thart uirthi. D’amharc sé ar an mhúinteoir Fisice, ar na daltaí eile, ar an fhéilire os a comhair, ar an ríomhaire ag cúl na saotharlainne agus ar na póstaeir eolaíochta os a cionn. Bhí na daltaí eile ag comhrá lena chéile agus ag amaidí píosa. Bhí an múinteoir ina sheasamh ag an chlár bhán agus ag cur dóigh ar a dheasc agus ar an pheann agus peann luaidhe ina phóca. Bhí imní air fosta.
DEICH
amuigh – out(side)
níos luaithe – earlier
baill den fhoireann – members of the staff
foireann – team, staff
go tobann – suddenly
glórtha – voices
duine éigin – somebody
a thaisce – my dear (lit. treasure)
ar fheabhas – wonderful
tá súil agam go – I hope that
bainfidh tú sult as do chuairt – you will enjoy your visit (lit. you will take enjoyment out of your visit)
rud nach raibh sí ag dúil leis – something that she was not expecting
DEICH
"Tá an tUachtarán amuigh sa cheaintín ag ól cupán tae agus ag ithe ceapaire leis an phríomhoide," a dúirt an tUasal Ó Coinn. "Bhí sí sa leabharlann níos luaithe ag bualadh le baill den fhoireann." Agus ansin, go tobann, chuala Pádraigín glórtha amuigh sa halla. D’oscail duine éigin an doras agus sheas na buachaillí agus na cailíní sa seomra ranga suas. Tháinig an tUachtarán isteach agus thug Pádraigín na bláthanna di. "Ó go raibh maith agat a thaisce," a dúirt an tUachtarán, "tá na bláthanna seo ar fheabhas!" "Tá míle fáilte romhat sa scoil seo a Uachtaráin, tá súil agam go mbainfidh tú sult as do chuairt," a dúirt Pádraigín. Go tobann chonaic sí solas geal ag teacht isteach sa seomra agus ansin rud nach raibh sí ag dúil leis. . . . .ceamara teilifíse!
AON DÉAG
críochnaithe – finished
an teaghlach ar fad – the whole family
le hamharc ar an nuacht – (in order) to watch the news
in aice leo – beside them
a thóin bhreá Ghaelach – his fine Irish behind
roimh i bhfad – before long
áit a raibh Máire Mhic Giolla Íosa inniu – where (lit. a place) Mary McAleese was today
lig gach duine scread astu – everyone let out a scream
go cúramach – carefully
focail Phádraigín – Pádraigín’s words
nach tusa an bhean uasal cheart! – aren’t you the proper lady!
go taircisneach – sarcastically
AON DÉAG
An iarnóin sin, nuair a bhí an dinnéar críochnaithe, shuigh Pádraigín agus an teaghlach ar fad síos os comhair na teilifíse le hamharc ar an nuacht. Shuigh a tuismitheoirí le chéile ar an tolg, shuigh Pádraigín in aice leo, shuigh a deirfiúr Úna sa chathaoir uilleach, agus shuigh a deartháir Pól ar a thóin bhreá Ghaelach ar an urlár. Roimh i bhfad dúirt an láithreoir teilifíse "Agus anois píosa nuachta ó chontae Aontroma, áit a raibh Máire Mhic Giolla Íosa inniu." Las daidí an físthaifeadán agus ansin bhí aghaidh Phádraigín ar an scáileán. Lig gach duine scread astu agus ansin d’éist siad go cúramach le focail Phádraigín: "…tá súil agam go mbainfidh tú sult as do chuairt." "Ó! Nach tusa an bhean uasal cheart!" a dúirt Úna go taircisneach.
DÓ DHÉAG
ina dhiaidh sin – after that
chuala Pádraigín an guthán ag bualadh – Pádraigín heard the phone ringing
a stóirín – darling (lit. little (treasure) store)
an t-aingeal deas múinte – the nice polite angel
ná tosaigh tusa – don’t you start
bhí an teaghlach ag spochadh asam cheana féin – the family has already been teasing mé
i ndáiríre – seriously
ná tabhair an béal bán dom a mhic! – don’t try to flatter me boy! (lit. don’t give me the white mouth son!)
a d’fhreagair Pádraigín – answered Pádraigín
leis sin – with that
rinne sí aoibh bheag – she gave a little smile
DÓ DHÉAG
Cúpla bomaite ina dhiaidh sin, chuala Pádraigín an guthán ag bualadh. Léim sí suas agus thóg sí an fón go gasta. Eoin a bhí ann. "Bhuel a stóirín, nach tusa an t-aingeal deas múinte!" "Maith go leor, maith go leor, ná tosaigh tusa," a dúirt Pádraigín, "bhí an teaghlach ag spochadh asam cheana féin. "Maith go leor," a dúirt Eoin, "ach i ndáiríre, labhair tú go hiontach maith agus bhí tú dóighiúil ar fad." "Ná tabhair an béal bán dom a mhic!" a d’fhreagair Pádraigín. Agus leis sin rinne sí aoibh bheag agus mhothaigh sí sásta léi féin.
TRÍ DÉAG
ina dhiaidh sin – after that
bhí run aici dul – she intended to go
lár na cathrach – the city centre
chun píosa beag siopadóireachta a dhéanamh – (in order) to do a wee bit of shopping
dá breithlá – for her birthday
d’ith siad beirt – the pair of them ate
déan deifir – hurry up
tá sé in am dúinn bheith ar an bhóthar – it’s time we were on the road
ná tabhair Úinsín orm – don’t call me Úinsín
óinsín – silly, foolish girl
TRÍ DÉAG
Mhúscail Pádraigín go measartha luath an Satharn ina dhiaidh sin mar bhí rún aici dul isteach go lár na cathrach chun píosa beag siopadóireachta a dhéanamh leis an airgead a fuair sí dá breithlá. D’ullmhaigh sí an bricfeasta, arán rósta agus calóga arbhair, agus ansin mhúscail sí Úna. D’ith siad beirt a mbricfeasta sa seomra bia go gasta agus ansin d’amharc Pádraigín ar a huaireadóir. "Haigh a Úinsín, déan deifir, tá sé in am dúinn bheith ar an bhóthar!" "Ná tabhair Úinsín orm a óinsín!" a d’fhreagair a deirfiúr go feargach. "Maith go leor," a dúirt Pádraigín, "ach déan deifir. . . . .le do thoil."
CEATHAIR DÉAG
i dtreo – in the direction of
stáisiún na mbusanna – the bus station
d’amharc siad ar a chéile – they looked at each other
ar dtús – first, firstly, at first
níor cheannaigh Pádraigín rud ar bith – Pádraigín didn’t buy anything
thug siad aghaidh ar na siopaí éadaigh – they set off towards the clothes shops (lit. they gave face on the clothes shops)
agus is ansin a bhí an craic! – and it’s there they had crack!
idir gléasadh agus gáire – what with dressing-up and laughing
agus magadh agus margaí – and slagging and bargains (lit. markets)
bhí am ar dóigh acu – they had a great time
caipín cluiche corr – a baseball cap
CEATHAIR DÉAG
Roimh i bhfad bhí siad beirt sa bhus ag dul i dtreo lár na cathrach. Bhí a lán paisinéirí sa bhus. Nuair a thuirling siad ag stáisiún na mbusanna d’amharc siad ar a chéile agus rinne siad beirt aoibh mhór. Chuaigh siad ar dtús go dtí siopa ceirníní cóngarach don stáisiún. Cheannaigh Úna dlúthdhiosca agus iris cheoil ach níor cheannaigh Pádraigín rud ar bith. Ansin, thug siad aghaidh ar na siopaí éadaigh agus is ansin a bhí an craic! Idir gléasadh agus gáire, agus magadh agus margaí, bhí am ar dóigh acu. Cheannaigh Pádraigín sciorta corcra, barr bán agus scairf dubh. Cheannaigh a deirfiúr lomra dúghorm agus caipín cluiche corr leis an fhocal "Oui!" scríofa air.
CÚIG DÉAG
tá ocras an domhain orm – I am absolutely starving (lit. the hunger of the world is on me)
bhí sé in am do na cailíní lón a cheannach – it was time for the girls to buy lunch
cé acu – which
ní maith liom ceachtar acu – I don’t like either of them
go bhfuil an-dúil agam i mBurger King – that I am very fond of Burger King
béile le sicín ann – a meal with chicken in it
le fírinne – to tell the truth, if the truth be known
ní raibh mórán dúil aici i bhfeoil ar chor ar bith – she wasn’t terribly fond of meat at all
rudaí cosúil le lasagne – things like lasagne
tá bróga le ceannach – there are shoes to be bought
CÚIG DÉAG
Nuair a d’fhág siad Exhibit chuir Pádraigín a lámh ar a bolg agus dúirt sí "Ó a Dhia, tá ocras an domhain orm!" Bhí sé in am do na cailíní lón a cheannach. "Cé acu bialann an fearr leat, KFC nó Pizza Hut, a Úna?" a d’fhiafraigh Pádraigín. "Ní maith liom ceachtar acu," a d’fhreagair Úna, "tá a fhios agat go bhfuil an-dúil agam i mBurger King." "Maith go leor," a dúirt Pádraigín go míshásta, "borgairí agus sceallóga…arís." Roghnaigh Pádraigín béile le sicín ann agus fuair sí sú oráiste fosta. Ní raibh dúil aici i mborgairí. Le fírinne, ní raibh mórán dúil aici i bhfeoil ar chor ar bith. D’ith sí ispíní, bagún, sicín agus rudaí cosúil le lasagne, ach le fírinne ní raibh dúil aici i bhfeoil dhearg. Chríochnaigh sí a sú oráiste agus ansin dúirt sí "Haigh a Úna, tá sé in am dúinn bheith ar an bhóthar arís……tá bróga le ceannach."
SÉ DÉAG
nuair a bhain siad an siopa bróg amach – when they reached the shoe shop
go díreach galánta ar fad – just absolutely gorgeous
a deirfiúr dhil – her beloved sister
ba chuma le Pádraigín – Pádraigín didn’t care
tá siad ina margadh – they are a bargain
tá lacáiste caoga faoin gcéad orthu – there is a discount of fifty percent on them
ceannóidh mé iad! – I will buy them!
chun a sparán a fháil – (in order) to get her purse
SÉ DÉAG
Nuair a bhain siad an siopa bróg amach chonaic Pádraigín péire bróg a bhí galánta ar fad. "Tá na bróga sin go díreach galánta ar fad!" a dúirt sí le hÚna. "Sílim féin go bhfuil siad seanaimseartha," a d’fhreagair a deirfiúr dhil. Ba chuma le Pádraigín. "Gabh mo leithscéal a bhean uasail," a dúirt sí leis an fhreastalaí, "ach cá mhéad atá ar na bróga seo?" "Tá siad ina margadh," a d’fhreagair an freastalaí, "tá lacáiste caoga faoin gcéad orthu. Cúig phunt is tríocha." "Ceannóidh mé iad!" a dúirt Pádraigín, agus chuir sí a lámh ina mála láimhe chun a sparán a fháil. Ach ní raibh sé ann!
SEACHT DÉAG
ag dul titim i laige – going to faint
dúirt sí léi gan a bheith buartha – she told her not to be worried
fágtha sa sparán – left in the purse
tóg go bog é – take it easy
gheobhaidh muid é – we will get it
má théimid ar ais – if we go back
rug sí ar láimh Phádraigín – she took hold of Pádraigín’s hand
doras an tsiopa – the door of the shop
ina sheasamh os a gcomhair – standing opposite them
spéaclaí gréine – sunglasses
bhí ionadh ar Phádraigín – Pádraigín was surprised
SEACHT DÉAG
Shíl Pádraigín go raibh sí ag dul titim i laige. Bhí Úna iontach ciallmhar, áfach, agus dúirt sí léi gan a bheith buartha. "Cá mhéad a bhí fágtha sa sparán?" a d’fhiafraigh sí. "Ó níl a fhios agam go cinnte……corradh is daichead punt b’fhéidir." "Bhuel," a dúirt Úna, "tóg go bog é. Gheobhaidh muid é go cinnte má théimid ar ais go Burger King. D’íoc tú as do lón, nár íoc? Agus bhí sé agat ag an am sin, nach raibh?" Agus leis sin, rug sí ar láimh Phádraigín agus chuaigh siad go dtí doras an tsiopa. D’oscail Úna an doras agus ina sheasamh os a gcomhair bhí stócach ard le spéaclaí gréine air. Bhí ionadh ar Phádraigín a sparán a fheiceáil ina láimh.
OCHT DÉAG
chonaic mé sibh i bhur suí – I saw you (pl.) sitting
os mo chomhair – opposite mé
thug mé faoi deara – I noticed
go borb – abruptly
thug sí an sparán as a láimh – she took the purse out of his hand
chomh borb céanna – just as abruptly
ag cuntas an airgid – counting the money
bhí aiféala uirthi – she was ashamed
shiúil siad leo – they walked off
ní gá a rá go raibh raic ann – needless to say there were ructions
OCHT DÉAG
"Em. . . .Dia daoibh. Bhí sibh i mBurger King, nach raibh? Chonaic mé sibh i bhur suí os mo chomhair," a dúirt sé leis an bheirt acu. "Chonaic mé tusa go speisialta," a dúirt sé le Pádraigín. Thiontaigh a haghaidh dearg píosa. "Nuair a d’imigh sibh thug mé faoi deara go raibh an sparán seo fágtha ar an suíochán. Lean mé anseo thú…SIBH!" "Bhuel, nach tusa an fear ionraic!" a dúirt Úna go borb, agus thug sí an sparán as a láimh chomh borb céanna. Thiontaigh aghaidh Phádraigín níos deirge arís nuair a thosaigh Úna ag cuntas an airgid. Bhí aiféala uirthi. "Go raibh céad míle maith agat," a dúirt sí leis an stócach, "is fear ionraic thú i ndáiríre." Agus leis sin rug Úna ar a láimh arís agus shiúil siad leo. Ní gá a rá go raibh raic ann ar an bhus abhaile!
NAOI DÉAG
ag iarraidh a lón a chríochnú – trying to finish her lunch
tá boladh deas uaidh sin – that smells nice (lit. there is a nice smell from that)
cad é atá ort? – what is wrong with you? (lit. what (sickness) is on you?)
an bhfuil leathuair le spáráil agat? – have you half an hour to spare?
tá mo shrón stoptha – my nose is blocked up
tá mé ag cur allais – I am sweating
NAOI DÉAG
Bhí Pádraigín ina suí Máirt amháin léi féin sa cheaintín ag iarraidh a lón a chríochnú nuair a tháinig Eoin isteach. D’amharc sé ar an anraith agus ceapaire a bhí aici ar an tábla. "Tá boladh deas uaidh sin, an bhfuil sé blasta?" a d’fhiafraigh sé. "Tá. Níl. Tá agus níl. Níl a fhios agam. Ní mhothaím go ró-mhaith inniu." a dúirt Pádraigín. "Cad é atá ort?" a d’fhiafraigh Eoin. "An bhfuil leathuair le spáráil agat?" a d’fhreagair sí. "Ar dtús, nuair a mhúscail mé inniu bhí tinneas cinn orm agus mhothaigh mé measartha te. Ag am sosa mhothaigh mé pian i mo bholg agus d’éirigh mé fuar. Anois tá tuirse orm agus mothaím iontach te arís. Tá mo shrón stoptha agus tá mé ag cur allais."
FICHE
b’fhearr liom bheith – I would prefer to be
liom féin – by myself
imigh leat abhaile – take yourself off home
tá an ceart agat – you are right
ní thiocfaidh biseach orm – I will not get better (lit. a cure will not come on me)
b’fhearr dom bheith – I would be better off
níos moille – later
chuir daidí fios ar an dochtúir – daddy sent for the doctor
seisean – emphatic form of sé
FICHE
"Ar inis tú do do mhúinteoir go raibh tú tinn?" "Níor inis. B’fhearr liom bheith anseo ar scoil le mo chuid cairde ná bheith liom féin sa bhaile." "Ná bí amaideach a stóirín. Níl tú go maith. Tá slaghdán nó fliú ort. Imigh leat abhaile." "Tá an ceart agat," a d’admhaigh sí, "ní thiocfaidh biseach orm anseo ar scoil. B’fhearr dom bheith i mo leaba." Chuaigh Pádraigín chuig banaltra na scoile agus taobh istigh de chúig bhomaite is daichead bhí sí ina codladh ina leaba bheag féin ina seomra codlata beag féin. Níos moille sa tráthnóna chuir daidí fios ar an dochtúir agus dúirt seisean go raibh an fliú uirthi ceart go leor.
FICHE A hAON
an lá dár gcionn – the following day
leathuair sula ndeachaigh sé – half an hour before she went
má bhíonn ocras ort – if you are hungry
leat féin – by yourself
dubh dóite – fed up
FICHE A hAON
An lá dár gcionn mhúscail a mamaí í leathuair sula ndeachaigh sí amach ar obair. Bhí deoch the aici di. "Cad é mar atá tú inniu a thaisce?" a d’fhiafraigh sí. "Tá mo chloigeann nimhneach go fóill agus tá mé measartha te," a d’fhreagair a hiníon. "Gheobhaidh mé buidéal leighis nó táibléid duit sa siopa poitigéara. An bhfuil ocras ort a thaisce?" "Níl." "Bhuel, má bhíonn ocras ort níos moille sa lá tá bia thíos staighre sa chistin. Tá píóg sicín agus arbhar milis sa chuisneoir agus cannaí d’anraith sa chófra. Cad é a dhéanfaidh tú inniu leat féin sa teach? Nach mbeidh tú dubh dóite?" "Beidh mé ceart go leor liom féin," a d’fhreagair Pádraigín. "Éistfidh mé le ceol, léifidh mé leabhar, amharcfaidh mé ar fhíseán nó scríobhfaidh mé litir."
FICHE A DÓ
bhí an ceart ag máthair Phádraigín – Pádraigín’s mother was right
giota d’úrscéal bleachtóireachta – a bit of a detective novel
bhí sé maith gan a bheith iontach – it was good without being wonderful
ar feadh leathuaire – for half an hour
ní raibh fonn uirthi – she didn’t feel like it
sa deireadh – in the end
le feiceáil an raibh rud ar bith suimiúil ar an leabhragán – (in order) to see if there was anything interesting on the bookshelf
FICHE A DÓ
Ach bhí an ceart ag máthair Phádraigín. Taobh istigh de chúpla uair bhí sí dubh dóite ar fad. Nuair a d’fhág mamaí d’éist Pádraigín le dlúthdhiosca ar a seinnteoir féin ina seomra. Léigh sí giota d’úrscéal bleachtóireachta a bhí aici ó leabharlann na scoile. Bhí sé maith gan a bheith iontach. D’amharc sí ar fhíseán greannmhar ar feadh leathuaire ach níor scríobh sí litir ar chor ar bith mar ní raibh fonn uirthi. Scríobh sí cúpla focal ina dialann, áfach. D’éirigh sí as a leaba sa deireadh agus chuaigh sí isteach i seomra a tuismitheoirí le feiceáil an raibh rud ar bith suimiúil ar an leabhragán. Agus bhí. Bhí go cinnte.
FICHE A TRÍ
is airde – highest
nach bhfaca sí riamh roimhe – that she had never seen before
chun an t-albam a fháil – (in order) to get the album
ní raibh sí in ann a súile a chreidbheáil – she wasn’t able to believe her eyes
bliain éigin i rith na n-ochtóidí – some year during the eighties
lig sí scread aisti – she let out a scream
gléasta – dressed
spréite – spread, flared
déanta as éadach lonrach – made out of shiny cloth
níos measa ná sin – worse than that
FICHE A TRÍ
Ansin, ar an tseilf is airde sa leabhragán chonaic Pádraigín albam tiubh nach bhfaca sí riamh roimhe sin. Sheas sí ar stól plaisteach a bhí taobh leis an leabhragán agus shín sí suas chun an t-albam a fháil. Ní raibh sí in ann a súile a chreidbheáil. Taobh istigh den albam bhí bailiúchán de ghrianghrafanna dá tuismitheoirí ag bainis a haintín Caitlín agus uncail Séamus bliain éigin i rith na n-ochtóidí. Lig sí scread aisti nuair a chonaic sí na héadaí a bhí siad ag caitheamh! Bhí siad seanaimseartha ar fad. Bhí a hathair gléasta go hamaideach. Bhí a charbhat iontach tanaí agus iontach iontach geal. Bhí a bhríste spréite ag an bharr agus iontach cúng ag an bhun. Bhí crios bán agus stocaí bána air, agus bhí a chulaith déanta as éadach lonrach. Níos measa ná sin, áfach, ní raibh féasóg ar bith ar a aghaidh. Daidí bocht!
FICHE A CEATHAIR
is amhlaidh a bhí a máthair – her mother was the same
a leithéid d’fhaisean! – such fashion!
a bhí gránna ar fad – which was totally ugly
bhí siad uilig gléasta suas – they were all dressed up
uafásach olc – terribly bad
millteanach – terrible
gruaig a máthar – her mother’s hair
bhí folt fada catach uirthi – she had a long, curly head of hair
cuid mhór gruaige ar bharr a cinn – a great deal of hair on the top of her head
FICHE A CEATHAIR
Is amhlaidh a bhí a máthair sna pictiúir. Ceart go leor, bhí sí álainn ar fad, ach a leithéid d’fhaisean! Bhí cóta mór fada leathair uirthi a bhí gránna ar fad. Is amhlaidh a bhí na mná eile áfach. Bhí siad uilig gléasta suas i bhfaisean uafásach olc. Bhí a gcuid gruaige millteanach fosta. Thaitin gruaig a máthar léi anois, deas díreach agus réasúnta gairid, ach sna grianghrafanna seo bhí folt fada catach uirthi, agus cuid mhór gruaige ar bharr a cinn. Mamaí bhocht!
Thosaigh Pádraigín ag gáire is ag gáire. Mhothaigh sí biseach ag teacht uirthi.
FICHE A CÚIG
rinne Pádraigín gearán – Pádraigín complained
ach oiread – either
is cuma – it doesn’t matter
ar feadh coicíse – for a fortnight
bhí an crann curtha – the die was cast, it was decided
tuistí – shorter form of tuismitheoirí
idir dhá chomhairle – undecided (between two things)
ar chóir dóibh? – should they?
nach cuma? – does it matter? who cares?
FICHE A CÚIG
Rinne Pádraigín gearán le daidí. Níor éist daidí léi. Rinne sí gearán eile le mamaí. Níor éist mamaí léi ach oiread. Lúnasa a bhí ann. "Níor mhaith liom dul ar laethanta saoire leis an teaghlach," a dúirt sí. "Is cuma. Tá tú ró-óg fanacht sa bhaile leat féin ar feadh coicíse," a dúirt a tuismitheoirí. Bhí an crann curtha. Bheadh Pádraigín ag dul ar laethanta saoire le mamaí, daidí, Pól agus Úna. Bhí a tuistí idir dhá chomhairle, ar chóir dóibh dul go tuaisceart na Spáinne nó deisceart na Fraince? "Nach cuma?" a shíl Pádraigín. Ach ní dúirt sí focal.
FICHE A SÉ
ar a laghad – at least
i gcónaí – always
ar a bealach amach – on her way out
sa phríomhchathair – in the capital
ar nós na gaoithe – like the wind
thar a bheith – exceedingly (lit. beyond being)
thug sí aire mhaith dóibh – she took good care of them
bhí an t-ádh ar Phádraigín – Pádraigín was lucky
FICHE A SÉ
Bhain sí sult as an phacáil ar a laghad. Thaitin an chuid sin de na laethanta saoire léi i gcónaí. Chuir sí gach rud i mála spóirt ollmhór amháin agus rug sí ar a pas ar a bealach amach. Thiomáin mamaí ar an mhótarbhealach go dtí an t-aerfort sa phríomhchathair ar nós na gaoithe mar bhí siad píosa beag mall. Bhí eitilt iontach pléisiúrtha acu chun na Spáinne agus bhí an t-aeróstach ar an eitleán thar a bheith cairdiúil. Bhí sí gléasta in éide deas gorm agus thug sí aire mhaith dóibh. Bhí an t-ádh ar Phádraigín go raibh siad ag taisteal in eitleán agus ní ar long. Bhí eagla uirthi roimh an fharraige. Níor thaitin an bád léi ar chor ar bith nuair a d’éirigh an fharraige garbh.
FICHE A SEACHT
thar lear – abroad
roimhe sin – before (that)
fliuch báite – soaking wet
landáil siad – they landed
ní dúirt mamaí, áfach, ach – mummy, however, only said
bhí go leor tráchta – there was enough traffic
gur tír te tirim a bhí sa Spáinn – that Spain was a hot, dry country
FICHE A SEACHT
Bhí Pádraigín thar lear uair amháin roimhe sin, i dtuaisceart na hIodáile leis an teaghlach, agus bhain sí an-sult as an turas sin. D’fhan siad i bpuball mór ar láthair campála an t-am sin. Ní raibh an t-ádh orthu, áfach, mar oíche amháin bhí toirneach agus tintreach ann agus bhí siad uilig fliuch báite leis an fhearthainn. "An bhfuil muid ag stopadh in árasán an t-am seo?" a d’fhiafraigh sí nuair a landáil siad. Ní dúirt mamaí, áfach, ach "Feicfidh sibh." Thóg siad a gcuid bagáiste agus roimh i bhfad bhí siad i gcóiste mór ar mhótarbhealach eile. Bhí go leor tráchta ar an bhóthar agus ag amharc amach as an fhuinneog, thug Pádraigín faoi deara gur tír te tirim a bhí sa Spáinn ceart go leor.
FICHE A hOCHT
trí huaire go leith – three and a half hours
ciallaíonn sé sin – that means
cé go raibh – even though there was
go mór in amhras – very doubtful
ní fhaca sí – she didn’t see
san fhorhalla – in the foyer
mar ba ghnách – as (was) usual
chun argóint leis – (in order) to argue with him
faraor – alas, unfortunately
FICHE A hOCHT
Trí huaire go leith níos moille agus bhí siad ag an óstán. Trí huaire go leith! Bhí an teaghlach ar fad dubh dóite faoin am seo. "Hotel del Puente" an t-ainm a bhí ar an teach ósta. "Ciallaíonn sé sin ‘Óstán an Droichid’ ", a dúirt Pádraigín. Cé go raibh linn snámha os a chomhair, bhí sí go mór in amhras faoin lóistín seo. Bhí trí réalta os cionn an dorais agus bhí gach rud réasúnta glan agus néata, ceart go leor, ach ní fhaca sí cúirteanna leadóige ar bith agus……cá raibh an cladach? San fhorhalla chonaic sí an fáilteoir ina suí taobh thiar den chuntar. "Maith go leor a Phádraigín," a dúirt daidí, "tá Spáinnis agat, nach bhfuil?" "Níl mé ábalta a dhaidí!" a d’fhreagair Pádraigín agus a haghaidh ag tiontú dearg mar ba ghnách. Bhí sí ró-thuirseach chun argóint leis, áfach. Bhí an crann curtha arís, faraor.
FICHE A NAOI
go cúthalach – shyly
threoraigh sí go dtí a seomra iad – she directed them to their room
leapacha – plural of leaba
briste – broken
má – if
i dtús báire – in the first place, to begin with
fágtha – left
ina luí – lying
FICHE A NAOI
"Ah… buenos días… soy… em…" a thosaigh Pádraigín go cúthalach. Buíochas le Dia, áfach, bhí Béarla measartha maith ag an fháilteoir agus, nuair a chláraigh siad, threoraigh sí go dtí a seomra iad. Ach a leithéid de sheomra! Bhí folúsghlantóir i lár an urláir, ní raibh braillíní ar bith ar na leapacha, bhí an troscán salach, bhí an clograidió briste, ní raibh crochadáin ar bith sa vardrús agus ní raibh Pádraigín ábalta teilifíseán ar bith a fheiceáil ach oiread. Ach má bhí an seomra codlata olc, bhí an seomra folctha níos measa. I dtús báire, ní raibh tuáillí ar bith ann, ní raibh cuirtín ar bith ann don chithfholcadán agus ní raibh páipéar leithris ar bith fágtha ann. Bhí an folcadán salach, bhí gallúnach ina luí sa bháisín, bhí an t-urlár fliuch agus bhí taos fiacla ar an scáthán. Iontach!
TRÍOCHA
le gearán a dhéanamh – (in order) to make a complaint
níor éirigh leis – he did not succeed
theip air – he failed
a bhí cearr leis an seomra – which was wrong with the room
d’iarr sí seomra níos fearr ar an fháilteoir – she asked the receptionist for a better room
go ndearna sí – that she made
mícheart – incorrect, wrong
ghabh Pádraigín buíochas léi – Pádraigín thanked her
sa deireadh thiar thall – at long last
tús ceart a chur leis na laethanta saoire – to start the holidays properly
TRÍOCHA
Thóg daidí an teileafón le gearán a dhéanamh. Níor éirigh leis. Theip air mar ní raibh Spáinnis ar bith aige agus níor thuig an fáilteoir a chuid Béarla. Scríobh mamaí gach rud a bhí cearr leis an seomra síos ar leathanach agus chuaigh Pádraigín síos le gearán a dhéanamh. D’iarr sí seomra níos fearr ar an fháilteoir. Dúirt an bhean go ndearna sí meancóg agus gur chuir sí go dtí an seomra mícheart iad i dtús báire. Ghabh Pádraigín buíochas léi agus d’fhill sí go dtí an teaghlach l’eochair nua do sheomra nua. Sa deireadh thiar thall bhain an teaghlach a sheomra ceart amach. Thiocfadh leo tús ceart a chur leis na laethanta saoire anois.
TRÍOCHA A hAON
chomh donn le cnó – as brown as a nut
rinne sí bolg le grian – she sunbathed
sula ndeachaigh sí – before she went
ag deireadh an lae – at the end of the day
go dtí gur phléasc an liathróid – until the ball burst
TRÍOCHA A hAON
Bhí Pádraigín chomh donn le cnó i ndiaidh seachtaine mar rinne sí bolg le grian gach lá ar an trá le hÚna. Cheannaigh sí bicíní nua sula ndeachaigh sí ar laethanta saoire agus bhí sí cinnte ionlach gréine a úsáid agus spéaclaí gréine a chaitheamh. Luigh sí i gcónaí ar thuáille mór dorcha a fuair sí san óstán ach níor thaitin sé léi nuair a bhí sé gaofar mar chuaigh an gaineamh gach áit. Idir an t-ionlach gréine agus an gaineamh bhí Pádraigín cosúil le taoschnó ag deireadh an lae. Bhí liathróid trá ag Pól agus d’imir siad peil agus eitpheil go minic go dtí gur phléasc an liathróid nuair a thit sé ar charraig ghéar. Thosaigh Pól ag caoineadh, mar sin de, cheannaigh Pádraigín uachtar reoite dó.
TRÍOCHA A DÓ
chun scairt a chur ar Eoin – (in order) to call Eoin
ní raibh ach nóta míle peseta ag Pádraigín – Pádraigín only had a thousand peseta note
bhí boinn de dhíth uirthi – she needed coins
fuair sí amach – she found out
ag léamh leathanach ón Idirghréasán – reading pages from the Internet
chuir sí ríomhphost chuig Eoin – she sent an e-mail to Eoin
níl caill ar an óstán – the hotel’s not bad
TRÍOCHA A DÓ
D’iarr Pádraigín a fón póca ar a mamaí chun scairt a chur ar Eoin. "Tá sé i bhfad ró-dhaor," a dúirt mamaí, "bain úsáid as an táillefón nó cuir cárta poist chuige." Ní raibh ach nóta míle peseta ag Pádraigín, bhí boinn de dhíth uirthi. D’iarr sí briseadh ar an fháilteoir san óstán. Fuair sí amach an cód d’Éirinn agus dhiailigh sí an uimhir, ach ní raibh duine ar bith ann. Chonaic Pádraigín go raibh cúpla ríomhaire san fhorhalla. Bhí daoine ina suí os a gcomhair ag léamh leathanach ón Idirghréasán. Nuair a bhí ríomhaire saor ann shuigh sí síos agus chuir sí ríomhphost chuig Eoin:
"Tá an aimsir ar fheabhas. Níl caill ar an óstán. Cronaím thú go mór. Chuir mé scairt chugat cúpla bomaite ó shin ach ní raibh tú ann. Cuir ríomhphost chugam. Le grá, Pádraigín."
TRÍOCHA A TRÍ
an lá dár gcionn – the following day
le dul chuig an trá – (in order) to go to the beach
le bronntanais a cheannach – (in order) to buy presents
ná mar a bhí siad in Éirinn – than they were in Ireland
chomh maith leis na bronntanais – as well as the presents
ionlach iarbhearrtha – aftershave (lotion)
fáinne eochracha – key ring
déanta as cadás – made of cotton
ar na gaobhair – nearby
saor in aisce – free (of charge)
TRÍOCHA A TRÍ
An lá dár gcionn bhí sé i bhfad ró-the le dul chuig an trá. Chuaigh daidí amach leis féin go measartha luath agus fuair sé gluaisteán ar cíos. Chuaigh an teaghlach go dtí lárionad siopadóireachta sa bhaile mhór le bronntanais a cheannach. Bhí rudaí áirithe níos saoire sa Spáinn ná mar a bhí siad in Éirinn. Chomh maith leis na bronntanais, cheannaigh daidí ceamara nua, uisce beatha Albanach agus ionlach iarbhearrtha dó féin. Cheannaigh mamaí peann galánta, mála láimhe agus cumhrán di féin. Chonaic Pádraigín crios leathair deas i siopa cuimhneacháin agus cheannaigh sí é d’Eoin. Chuir fear an tsiopa ainm Eoin ar an chrios. Fuair Pól T-léine agus fáinne eochracha, agus cheannaigh Úna bríste nua déanta as cadás. Nuair a chríochnaigh an teaghlach a gcuid siopadóireachta chaith siad tamall in iarsmalann a bhí ar na gaobhair. Ní raibh sí iontach suimiúil, ach ar a laghad bhí sí deas fionnuar……agus saor in aisce.
TRÍOCHA A CEATHAIR
fá choinne béile – for a meal
níl rogha iontach maith ann – there’s not a very good choice
nár ith tú riamh – that you never ate before
ar mhaithe leis an chraic – just for the crack
máthair shúigh – squid
má tá cead agam – if I am allowed
dá bhfeicfeá – if you saw
fána coinne – for her
thiocfadh leat bheith cinnte de sin – you could be sure of that
TRÍOCHA A CEATHAIR
An tráthnóna sin chuaigh an teaghlach ar fad amach fá choinne béile i mbialann measartha costasach ar an chósta. Bhí siad uilig gléasta suas ina gcuid éadaí is fearr. Idir ionlach iarbhearrtha agus cumhrán, bhí Pól ag gearán faoin bholadh sa charr. Rinne Pól gearán arís nuair a chonaic sé an biachlár. "Níl rogha iontach maith ann!" a dúirt sé. "Cá bhfuil na sceallóga agus na hispíní?" "Tá tú sa Spáinn a amadáin!" a d’fhreagair Pádraigín. "Roghnaigh rud éigin Spáinneach nár ith tú riamh……ar mhaithe leis an chraic……sailéad nó béile le rís ann." Roghnaigh Pádraigín féin rud nár ith sí riamh go cinnte……máthair shúigh! "Ar mhaith leat gloine fíona a Phádraigín?" a d’fhiafraigh mamaí. "Ba mhaith, má tá cead agam," a d’fhreagair a hiníon. Dá bhfeicfeá an gloine beag bídeach fíona a dhoirt mamaí amach fána coinne! Ní bheadh tinneas cinn ar bith ar Phádraigín an mhaidin dár gcionn, thiocfadh leat bheith cinnte de sin.
TRÍOCHA A CÚIG
cén fáth – why
a bhí á gcaitheamh – which were being smoked
mhothaigh sí a cuid éadaigh – she smelt her clothes
bhí boladh millteanach toite uathu – there was a terrible smell of smoke from them
ní raibh sí cleachtaithe leis sin – she was not used to that
níor chaith mamaí ná daidí tobac – neither mummy nor daddy smoked
bhí……ólta aici – she had drunk……
líon sí a scamhóga – she filled her lungs
aer glan na farraige – the clean sea air
ní raibh sí ag dúil leis sin – she was not looking forward to that
TRÍOCHA A CÚIG
Ní raibh a fhios ag Pádraigín cén fáth, ach bhí sí masmasach an mhaidin dár gcionn ceart go leor. An mháthair shúigh? An fíon b’fhéidir? An boladh ón ionlach iarbhearrtha agus cumhrán sa charr? Nó b’fhéidir an toit uilig ó na toitíní agus todóga a bhí á gcaitheamh sa bhialann. Mhothaigh sí a cuid éadaigh agus bhí boladh millteanach toite uathu ceart go leor. Ní raibh sí cleachtaithe leis sin mar níor chaith mamaí ná daidí tobac ar chor ar bith. Bhí sí ceart go leor arís nuair a bhí gloine mór de shú oráiste ólta aici ó sheirbhís seomraí. Chuaigh sí amach ar an bhalcóin agus líon sí a scamhóga le haer glan na farraige. Bheadh siad ag dul abhaile arís i gceann cúpla lá agus ní raibh sí ag dúil leis sin. Ach, ar a laghad, d’fheicfeadh sí Eoin arís. Thabharfadh sí a chrios dó agus ansin déarfadh sí "Ar chronaigh tú mé a thaisce?"
TRÍOCHA A SÉ
rinne sí dearmad – she forgot
fan nóiméad – wait a minute
mar sin – so, therefore
tá deifir orm – I am in a hurry
go fadálach – slowly
ar mire – furious
réidh le pléascadh – ready to explode
drochscéal – bad news
TRÍOCHA A SÉ
An ríomhphost! Rinne sí dearmad glan. Bhí cithfholcadh aici agus chuir sí uirthi a cuid éadaigh go gasta. Faoin am seo bhí gach duine eile ina suí agus ag smaoineamh faoi bhricfeasta agus an trá. "Fan nóiméad a Phádraigín," a dúirt Úna, "tiocfaidh mé leat." "Déan deifir mar sin," a d’fhreagair Pádraigín, "tá deifir orm." Bhí cithfholcadh ag Úna, áfach, agus thriomaigh sí í féin go fadálach. Chuir sí uirthi a cuid éadaigh chomh fadálach céanna. Bhí Pádraigín ar mire. Nuair a bhain siad na ríomhairí amach san fhorhalla bhí Pádraigín réidh le pléascadh. Sheiceáil sí a cuid ríomhphost. Bhí teachtaireacht amháin ann fána coinne. Ach ríomhphost ó Eilís a bhí ann, ní ó Eoin. Léigh Pádraigín an teachtaireacht go cúramach agus léim a croí ina béal nuair a chonaic sí na focail a tháinig ar an scáileán:
"Tá drochscéal agam duit faoi Eoin."
Rinneadh iarracht oiread agus is féidir den "Minimum Core Vocabulary List (Foundation Tier) – GCSE" a úsáid sna leathanaigh seo, sa dóigh is go dtiocfadh le daltaí an foclóir sin a fhoghlaim giota ar ghiota agus ar dhóigh measartha pléisiúrtha. Tá thart fá leathchuid den fhoclóir sin le fáil sna sé scéal seo agus, le cuidiú Dé, beidh an fuílleach in imleabhar a dó.
Scríobhadh na scéalta beaga seo fá choinne úsáid i rang de chailíní, mo leithscéal má tá na hábhair nó na téamaí claonta dá bharr.
Aithnítear go bhfuil rudaí sa téacs seo nach bhfuil ag teacht céad faoin gcéad le húsáid cheart na Gaeilge, m.s. úsáid na haimsire caite in ionad na haimsire gnáthchaite in áiteanna, ach déantar an méid seo le rudaí a dhéanamh níos simplí agus níos sothuigthe d’fhoghlaimeoirí.
Tá gach scéal roinnte i sé chuid. Is féidir athchoimriú nó scrúdú a dhéanamh i ndiaidh gach leathdhosaen mar sin.
Más ag úsáid cuid ar bith den téacs seo atá tú gabh i dteagmháil, le do thoil, leis an údar (
oheireamhoin@hotmail.com) le cead (in aisce) a fháil. Má tá moladh ar bith agat chun feabhas a chur ar an leabhar seo, bheadh fearadh na fáilte roimh a leithéid fosta.Is ó shuíomh Jim Fitzpatrick (
www.jimfitzpatrick.ie) a fuair mé an pictiúr ar an chlúdach. Tá sé in úsáid lena chead caoin.Barra Ó hEireamhóin, Béal Feirste, Lúnasa MM