Seo litir ó chailín chuig a haintín.  Gabhann sí buíochas léi as airgead a fuair sí uaithi dá breithlá.  Cuir Béarla ar an litir seo.

For a reminder of the future tense of the irregular verbs visit










http://www.daltai.com

and surf to the relevant section or click on this hotlink

http://www.daltai.com/grammar/irreg.htm


21 Gort an Chornáin,
Dún Pádraig,
Contae an Dúin

an Luan an 3ú lá de Lúnasa 2002

A Aintín Eilís a chara,

Beatha agus sláinte!  Go raibh míle maith agat as an bhronntanas iontach a chuir tú chugam ar na mallaibh.  Tá tú iontach flaithiúil!  Bhí breithlá ar dóigh agam agus bhí mé an-sásta an t-airgead sin a fháil uait agus ó m’Uncail Eamonn.

Rachaidh mé go dtí coirmcheol Dé Sathairn seo chugainn agus is cinnte go gcaithfidh mé cuid den airgead ansin.  Beidh an gabhar á róstadh sa phríomhchathair mar beidh an grúpa U2 ag seinm ansin.  Mar is eol duit, tá an-dúil agam in U2 agus ina gcuid ceoil.  Chonaic mé iad cheanna féin anuraidh i mBaile Shláine i gContae na Mí agus bhí siad ar fheabhas ar fad!

Gheobhaidh mé an bus go Béal Feirste go measartha luath maidin Dé Sathairn le mo chara Sorcha.  Feicfidh mé í ar leath i ndiaidh a seacht a chlog ag an bhus-stad le cuidiú Dé.  Tiocfaidh muid isteach i Sráid Ghleann na nGall thart fána hocht a chlog.  Íosfaidh muid greim bricfeasta sa bhialann ansin sa stáisiún agus ólfaidh mé féin cupán caife (ní maith le Sorcha tae ná caife).

Is dócha go ndéarfaidh Sorcha “Déan deifir!” liom mar bíonn sí i gcónaí ag iarraidh a bheith luath.  Tabharfaidh mé cuairt ar an leithreas ar dtús báire, áfach, mar beidh an turas go Baile Átha Cliath measartha fada (mar is eol duit).  Déanfaidh mo mhamaí ceapairí dom oíche Dé hAoine ach, sula bhfágfaidh an bus lár na cathrach, béarfaidh mé ar mhála de bhrioscáin phrátaí agus ar bharra seacláide le hithe le linn an turais.

Rachaidh muid go Bóthar Lansdún chomh luath agus a bhainfidh muid Baile Átha Cliath amach.  Ceannóidh mé t-léine nó léine allais leis an airgead a fuair mé do mo bhreithlá.  Is cinnte go mbainfidh mé sult ar dóigh as an lá.  Ceolfaidh mé gach amhrán go hard agus cuirfidh mé náire ar Shorcha le mo chuid amaidí!

Cluinfidh tú scéal uaim roimh i bhfad le cuidiú Dé agus inseoidh mé duit faoin cheolchoirm.

Do neacht ionúin,

Póilín.
Ar ais chuig an phriomhleathanach
Daltai na Gaeilge