Stair na Rúise as Gaeilge, Cuid a hAon

Panu Petteri Höglund a chuir ar fáil

Na Lochlannaigh

Is é an scéal is túisce a chreidtear taobh amuigh den Rúis féin go mb'iad na Lochlannaigh ba luaithe a chuir tús leis an stát Rúiseach. Níl na saineolaithe Rúiseacha comh tapaidh céadna á aidmheáilt, ach ar a laghad ar bith tá go leor leideanna le fáil ins na foinsí staire a bheir a leithéid sin le fios.

Is í an fhoinse is tábhachtaí dá bhfuil ann ar luathstair na Rúise ná an leabhar ar a dtugtar Croinic Neastóir go minic, siúd is gurb é Povest' Vremennyx Let an teideal Rúisise: ciallaíonn sé "Scéal na nImeachtaí Saolta", nó "Scéal na mBlianta Caite" - cibé is fearr leat. Deir an chroinic seo go bhfuair na Rúisigh - nó na treibheanna a bhí ag cur fúthu i dtailte na Rúise fadó - go bhfuair siad amach as a stuaim féin nach rabh acmhainn a rialaithe féin iontu, agus gach treibh ag éirí amach i gcónaí in éadan an chuid eile acu. Ó bhí taithí agus aithne ínteacht ag na treibheanna seo ar na Lochlannaigh, thug siad cuireadh isteach dófa: "Tá an tír s'againne as pabhar saibhir, ach níl ord ná síocháin ann. Taraigí anseo go gcuirfidh sibh rialtas ceart i bhfeidhm orainn." Agus ar ndóighe, bhí na hUigingigh comh cairdiúil carthannach is go dtáinig siad a rialú na Rúiseach bocht. - Is follasach nach bhfuil i leagan seo na Croinice ach bolscaireacht. Is dealraitheach go dteachaidh dream amháin de na Rúisigh i gcomhar agus i gcomhghuaillíocht leis na Lochlannaigh agus gur chrom siad ar an tír a rialú in éineacht.

Clann Rúiric

Deir an Chroinic gur gaireadh rí nó ruire de chineál éigin den taoiseach Lochlannach darbh ainm Rúiric - Hraerekur in Íoslainnis an lae inniu, Rörek as Sualainnis - agus go dteachaidh sé i gceannas ar an chathair udaí Novgorod. Fán taca chéadna - ins an naoú haois - ghabh beirt taoiseach eile Cíév in Úcráin an lae inniu le húsáid na bunáite a bhaint aisti agus iad ag ionsaí Chonstantanópal.

Chuir Rúiric bun le rítheaghlach a ainmnítear as féin - na Rurikovichy nó Clann Rúiric. Fuair Rúiric bás ins an bhliain 879, ach má fuair féin, chrom a mhuintir ar obair an chogaidh ar áit na mbonn le tuilleadh tailte a ghabháil don tír a bhí bunaithe ag mo dhuine. Bhí luí ar leith ag Oiléag (Helgi as Íoslainnis, Helge i Sualainnis an lae inniu) le cogaíocht, agus d'éirigh leis bás an dá thaoiseach a thabhairt a bhí i seilbh Chíév. Rinne sé a phríomhchathair féin de Chíév agus d'fhág sé mac Rúiric, Íogóir (Ingvar i dteanga na Lochlannach) ag rialú Novgorod le cleachtadh a fháil ar ghnoithe an taoisigh.

B'iad na hUigingigh seo a bhaist a hainm ar an Rúis. "Rús" a bheir Croinic Neastóir ar an treibh ar leith de Lochlannaigh a hiarradh isteach leis na Rúisigh a rialú, agus deirtear go gcaithfidh sé go bhfuil baint ag an ainm seo le Roslagen, ceantar i dtuaisceart na Sualainne. Thairis sin, bheirtear Ruotsi ar thír na Sualainne i dteanga na Fionlainne, agus tá go leor tuairimíochta á dhéanamh thart timpeall ar an dóigh a mbaineann an focal áithrid seo leis an dá cheann eile.

Níor thréig meon saighdiúireachta, fánaíochta agus creachadóireachta na nUigingeach clann Rúiric go róghasta. Le lámh láidir an ionsaitheora bhain Íogóir amach ceadúnas trádála ón Bhiosáintiam, ionas gur chuir dornán trádálaithe Rúiseacha fúthu i gConstantanópal sa bhliain 911.

Íogóir

An bhliain dár gcionn fuair Oiléag bás, agus Íogóir ag teacht i seilbh a chéimíochta. Chuir sé cogadh i ndiaidh cogaidh ar na treibheanna ina thimpeallacht, agus é ag sealbhú tailte úra don Rúis ins an deisceart, eadar deilte na Danóibe agus deilte Dniepr, chois na Farraige Duibhe. Ag druidim le deireadh a shaoil dó chuir sé cogadh ar na Biosáintigh in athuair le conradh ní b'fhearr trádála a fháil: an seanchonradh a bhí i bhfeidhm ón bhliain 911 i leith, chuir sé diansrianta le líon na dtrádálaithe a rabh cead isteach acu i gConstantanópal, ach bhí cead trádála gan srian ag teastáil ó Íogóir.

Ins an bhliain 945 chuaigh Íogóir a ghearradh cánach ar na Dreibhleánaigh - treibh Shlavach a bhí iontu a bhí cloíte ag Íogóir i dtús a chaithréime. Chuaigh na Dreibhleánaigh i gcearmansaíocht ar mo dhuine agus d'éirigh leofa a mharbhadh. Tharla gur ag bailiú cánach a bhí sé ar uair a bháis, rinne Olga, a bhaintreach, a dicheall le córas sibhialta cánachais a chur ar bun, in áit an nóis a bhí ag na Lochlannaigh an obair a dhéanamh le lámh láidir mhíleata.

Sviatoslav

Bhí suim ag Olga ins an chreideamh Chríostaí fosta. Bhí an reiligiún seo ag teacht isteach ón Bhiosáintiam fán am sin, agus bhí Olga barúlach go gcuideochadh an creideamh léithi síocháin a choinneáil ar fud na ríochta agus cultúr léinn a chur ar bun inti. Ní rabh a mac, Sviatoslav, ar aon tuairim léithi, áfach. Bhí seisean an-tugtha don tseanghnáthamh Phágánta, agus é ag roghnú an chlaímh thar an pheann. Thar aon rud eile, b'eisean a chloígh is a scrios ríocht na gCasárach: dealraíonn sé gur treibh Thuirceach a bhí ins na Casáraigh, ach más amhlaidh féin, chuaigh siad leis an Ghiúdachas. Tá an teoiric ann gurb ó na Casáraigh a shíolraigh na slóite de Ghiúdaigh a chuir fúthu ar fud Oirthear na hEorpa go dtí gur thacht Hitler ins na seomraí gáis iad.

Fuair Sviatoslav bás ins an bhliain 972, agus ní rabh aois rómhór bainte amach go fóill. ós rud é nár thréig sé ceard na cogaíochta choíche, chuaigh sé a chur troda ar na Peitsineigigh. Cine d'fhánaithe a bhí iontu seo agus iad i gcomhghuaillíocht leis na Casáraigh, tráth den tsaol: nuair a fuair siad an fhaill, mharaigh siad Sviatoslav, a sean-namhaid, gan trua gan trócaire.

Clann Sviatoslav

I ndiaidh a bháis-sean, scoilteadh a ríocht, nó bhí triúr mac aige, agus thug gach duine acu a phíosa féin leis. Oiléag, Iaropolc agus Vlaidimior a bhí ar an triúr seo, agus ní rabh siad i bhfad ag déanamh réidh chun cogaidh in aghaidh a chéile. Ar tús, mharaigh Iaropolc Oiléag, ach níor fágadh i bhfad ina bheo é féin ina dhiaidh sin, agus Vlaidimior ag coinneáil súil air le leas a bhaint as an chéad áiméar a gheobhadh sé le bás a imirt air.

Vlaidimior

Nuair a bhí an bheirt eile ag déanamh créafóige, chuaigh Vlaidimior i gceannas ar Chíév. Taoiseach mór cogaidh a bhí ann, ar nós a mhuintire roimh a lá féin. Chuir sé cath ar na Liotuánaigh agus na Polannaigh a rabh a dtailte ag críochantacht lena thír féin, agus rinne sé an-ghabháltas ar a gcuid siúd. Sa deireadh, áfach, chinn sé ar iompó a dhéanamh i leith an leagain Oirthearaigh den chreideamh Chríostaí, nó fuair sé nach mba mhiste dó a dhul i gcomhghuaillíocht le Constantanópal. Bhí an Chríostaíocht ag seadó ina chúirt féin cheana, agus daoiní de lucht leanstana an chreidimh nua le fáil i measc uaisle a ríochta, gan aon trácht a dhéanamh ar an pharóiste Chríostaí a bhí eagraithe ag an eaglais i gCíév le fada an lá le misinéireacht a dhéanamh agus le freastal ar a n-anamanna siúd a bhí ag adhradh Mac Dé cheana féin. Dealraíonn sé go rabh Vlaidimior sách eolach ar nósanna na Críostaíochta ó thús a shaoil, siúd is gur bhain sé féin le lucht na seanPhágántachta.

Mar sin, phós Vlaidimior Áine, an banphrionsa Polannach, agus chuaigh tonn bhaiste air. Thug sé dianorduithe do mhuintir na ríochta go léir an reiligiún úr a ghlacadh. Tháinig easpag nua sna sálaí ag Áine, agus chrom sé ar an mhisinéireacht go tréan tréamanta. Níor imigh mórán blianta go rabh Críostaíocht an Oirthir ina príomhreiligiún ar fud na tíre. Nuair a d'éag Vlaidimior, phronn an Eaglais Ortadocsach naomhainmniú air in éiric an éachta a bhí déanta aige ag cur chun cinn an chreidimh i measc a chuid géillsineach.

Clann Vlaidimior

Ins an bhliain 1015 a fuair sé bás, agus cibé fá dtaobh den Chríostaíocht, ní rabh mórán Críostúlachta ag roinnt leis an dóigh ar shocraigh a chlann mhac féin ceist na comharbachta eatarthu. B'é Sviatopolc, an mac ba sine acu, ba túisce a tháinig ins an ríchathaoir, ach má tháinig féin, cha rabh an deartháir eile, Iaroslav, agus é i gceannas an airm - cha rabh Iaroslav sásta an chumhacht a fhágáilt ag Sviatopolc gan cath a chur ar a shon féin. Chuaigh Sviatopolc i dtuilleamaí Bholeslaw, Rí na Polainne, le cuidiú a fháil in aghaidh Iaroslav, a d'fhan i gceannas Novgorod an chuid ba mhó den am, agus cogadh ar cois eadar lucht a leanstana féin agus cuid a dhearthára.

Ghlac na géillsinigh col le Sviatopolc mar gheall den tíorántacht a bhí sé a imirt orthu le teann na heagla a bhí air roimh Iaroslav. Mar shampla, shaighid sé na feallmharfóirí i mBoiríos agus i nGléab, beirt fhear cráifeach ar gaireadh mairtírigh náisiúnta díofa ina dhiaidh sin. Bhí comhghuaillithe Sviatopolc - na ceithearnaigh Pheitsineigeacha a fuair sé ar iasacht ó rí na bPolannach - bhí siad ag caitheamh le bunadh na háite mar a bheifeá ag samhlú le harm forghabhála: ag creachadh rompu is ag loitiméireacht ar fud na háite, ag éigniú ban is ag gadaíocht. I ndeireadh báire, tháinig arm Lochlannach Iaroslav isteach ó Novgorod le Cíév a ghabháil agus le Sviatopolc a mharbhadh, sa bhliain 1019. Sviatopolc Mallaithe an t-aon ainm a bheirtí ar mo dhuine i ndiaidh a bháis.

Iaroslav na n-ilbhuanna

Nuair a bhí an tsíocháin ar bun ins an ríocht aríst - siúd is go rabh trioblóidí áithride ag Iaroslav go fóill le deartháir eile darbh ainm Mstíoslav - shocraigh an rí nua síos le atógáil is forbairt a dhéanamh ar a thír. Dealraíonn sé gur fear cuibheasach léannta a bhí ann, agus léamh na teanga Slaivise aige, rud nach rabh comh coitianta sin ins an am.

Ní rabh an Rúisis á scríobh go fóill, mar Rúisis. Nuair a chaighdeánaigh Naomh Ciril agus Naomh Méatóidí, an bheirt mhisinéirí Gréagacha - nuair a chaighdeánaigh siad an teanga scríofa le haghaidh na Slavach, níor aithin siad eadar na teangacha éagsúla ina measc siúd: bhí siad sásta an tSlaivis scríofa a bhunú ar an chanúint ba chóngaraí don Ghréig, agus í níos cosúla leis an Bhulgáiris, an Mhaiceadóinis agus an tSeirbis ná leis an Rúisis. Cibé scéal é, mhair na Rúisigh féin i bhfad thar an riachtanas ag saothrú na teanga seo mar aonmheán liteartha.

B'i dtréimhse Iaroslav a tháinig an chéad bhorradh ar an litríocht ins an teanga léannta ins an Rúis. Chuir Iaroslav ar bun scoltacha ins na cathracha, agus é ag cuidiú leis an Eaglais tithe adhartha a thógáil agus ealaín na naomhdhathadóireachta a chur chun cinn. Is cuid thábhachtach iad de chultúr na heaglaise Oirthearaí na dealbha beannaithe ins an lá atá inniu féin ann. - Thairis sin, d'fhéach Iaroslav chuige gur cuireadh tús le códú agus caighdeánú na ndlíthe ina ríocht. Bhí an-chaidreamh taidhleoireachta ag Iaroslav le tíortha móra an Iarthair, agus phós daoiní clainne dá chuid prionsaí agus banphrionsaí ón Fhrainc, ón Ghearmáin, ón Pholainn agus ón Ungáir. Níor shéan Iaroslav seanadh a ríochta leis na Lochlannaigh ach an oiread. Mar sin, bhí cliú agus cáil ar mo dhuine agus ar a thír ar fud na hEorpa. Ins an am sin, cha rabh an Rúis chun deiridh ar na tíortha eile ins an Ilchríoch, agus an chuma ar na cúrsaí go rabhthas ag toiseacht a dhearcadh uirthi mar thír den ghnáthchineál.

Bás Iaroslav agus meath Chíév

Ar mhí-ámharaí an tsaoil, b'é an seanscéal ins an Rúis aríst é i ndiaidh bhás an phrionsa éirimiúil seo: thit a chlann agus lucht a ghaoil amach le chéile, agus an tír ag dul i laige ag na mionchogaíocha is na trioblóidí éagsúla. D'éirigh prionsachtaí eile na Rúise níos tábhachtaí ná Cíév: Vlaidimior-Súzdal thar aon cheann eile. Ins an bhliain 1136 chuir muintir Novgorod ruaigeadh ar an phrionsa a chuir Cíév chucu le dhul i gceannas na cathrach. Ansin, chrom muintir Novgorod ar iad féin a rialú mar chineál poblachta, agus fágadh Cíév ag titim le fánaidh. Nuair a d'fhorghabh na Mongólaigh Cíév le léirscrios iomlán a dhéanamh uirthi, cha rabh fágtha den chathair cheana féin ach scáil i mbuidéal. Ins an darna leath den dóú haois déag, bhí a gradam agus a céim bainte daoithi ag Aindréigh Bogailiúbscaí, prionsa Vlaidimior-Súzdal, a chuir a chumhacht féin i gcion ar an chathair in éis dó gach a chreachadh dá rabh le fáil de rudaí luachmhara san áit.

De na mionphrionsachtaí a tháinig ar an fhód nuair a bhí port Chíév seinnte, b'iad Novgorod agus Súzdal an dá cheann ba tábhachtaí, agus iad suite i dTuaisceart na Rúise, murab ionann agus Cíév.

Novgorod na Saoirse

Áit trádála a bhí i Novgorod thar aon rud eile, agus í á stiúradh is á rialú ag comhthionól na bhfear saor, veitse. B'iad na mórthrádálaithe agus na huaisle, comh maith leis na heaglaisigh, ba mhó a rabh cumhacht acu ar an veitse, ach is féidir a rádh gur beag áit eile ins an Rúis ins an am sin ina rabh a leithéid féin de dhaonlathas le fáil. Bhí géillsine ag go leor cathracha eile do Novgorod, ar nós Pscóv, Staraighea Russa agus Veilicie Lúicí, agus an córas céadna rialtais ag feidhmiú iontu, bunaithe ar an veitse.

Bhí an-bhród ar mhuintir Novgorod as a ndaonlathas, agus iad ag tagairt dá gcathair mar a bheadh duine ann: Gospodin Gosudar' Velikii Novgorod - An tUasal Novgorod, an Tiarna Mór.

Tá Novgorod suite níos faide thuaidh ná Cíév, aqgus mar sin, ba dual do mhuintir Novgorod súil a choinneáil ar chríocha an tuaiscirt ar lorg seansanna trádála. Ins an tríú haois déag, mar sin, bhí an Fhionlainn agus an Cháiréil ina gcnámha spairne eadar an tSualainn agus Novgorod, agus gach taobh ag cur chun cinn a leagan féin den Chríostaíocht i measc na dtreibheanna Fionlannacha le dílseacht agus cuidiú a thabhú uathu in éadan na námhad. D'éirigh ina chogadh eadar na Sualannaigh agus na Novgoradaigh sa bhliain 1240. Thug na Sualannaigh iarracht ar inbhear na habhainne udaí Néava a ghabháil, ach chloígh Prionsa Novgorod, Aileacsandr (Alastair), lucht an ionraidh, agus baisteadh "Ailéacsandr Néavscaí", nó Alastair na habhainne Néava, mar leasainm air.

B'iomaí cogadh a phléasc amach ina dhiaidh sin féin eadar an tSualainn agus na Rúisigh, ach fá dheireadh chuaigh acu a theacht ar chineál comghghéilliúint agus an Fhionlainn is an Chairéil a roinnt eatarthu i Síocháin Schlüsselburg ins an bhliain 1323.

Má ba mhall ba mhithid, nó, ar tús, bhí an tsíorchogaíocht in éis praiseach a dhéanamh ar fud na Cairéile, agus, thairis sin, namhaid i bhfad ní ba mhó ná an tSualainn ag éirí bagrach ar na Rúisigh - bunadh Novgorod ins an áireamh - ins an Oirthear. B'é sin stát na Mongólach is na dTatárach.

Na Mongólaigh

Tháinig an chéad ionradh Mongólach ar Dheisceart na Rúise sa bhliain 1223 faoi cheannas an Chan mhórchliúitigh féin Géingís. Ós rud é gurb ins an Deisceart a rinne Géingís a chuid racáin, níorbh eagal do Novgorod é; an chéad taoiseach eile - Batú - a chuaigh i gceannas ar arm a Chan féin, thug sé aghaidh ar na prionsachtaí tuaisceartacha, mar Vlaidimior-Súzdal agus Novgorod.

Ba mhillteanach an namhaid iad na Mongólaigh is na Tatáraigh, agus iad ag scuabadh rompu anoir gan oiread agus ballóg a fhágáilt ina seasamh ina ndiaidh. B'iomaí cathair Rúiseach a scrios is a chreach siad gan taise, gan trua, gan trócaire - Cíév, Vlaidimior agus Súzdal ina measc - ach d'éirigh leis an Phrionsa Alastair thuasluaite a dhul i gcomhchainteanna leis na Mongólaigh. Shábháil sé é féin agus a ríocht fríd cháin bhliantúil a ghealladh do na danair seo.

Chuir na Mongólaigh cúirt an Chan - an tOrda Órga - ar bun i nDeisceart na Rúise, in áit ar bhaist siad "Saraigh" uirthi. ("Campa míleata" is brí leis an fhocal "orda". Is as a thig horde an Bhéarla, comh maith leis an ainm a bheir bunadh na Pacastáine inniu ar phríomhtheanga a dtíre - "Urdu".)

B'é ba toradh dó seo ná gur fágadh an chuid ba mhó den Rúis faoi fhorlámhas na Mongólach ar bhealach díreach nó indíreach. Ba chuid de ríocht na Mongólach iad oirthear agus deisceart na Rúise. Na prionsachtaí beaga ins an Iarthar, bhí gobharnóir nó fear ionaid de chuid na Mongólach ins achan cheann acu, agus aitheantas tugtha acu do Chan na Mongólach mar Ard-Rí. Ins an tuaisceart a bhí tailte Novgorod, agus iad saor ó dhíormaí Tatáracha, ach bhí lucht a rialtais ag íoc cánach leis na Mongólach.

Moscó

Bhí stát nua ag faibhriú, áfach, i measc na mionphrionsachtaí: Moscó. Cha rabh i Moscó ar tús ach cineál taobhchathair nó cóilíneacht de chuid Vlaidimior-Súzdal. B'é Iúirí Dolgarúicí (nó "Seoirse Lámhfhada") a thóg an chéad chaisleán ins an áit seo, agus de réir a chéile, rinneadh prionsacht daoithi, mar Mhoscó. (As an abhainn - Moskva-reka - atá ag sní fríthi a hainmníodh an chathir. Creidtear go dtáinig ainm na habhainne as ceann de na teangacha Fionnúgracha a labhraítear nó a labhraítí thall is abhus ins an Rúis, agus gaol ag an ainm Moskva leis na tamhain Fhionnúgracha a chiallaíonns "dubh" agus "uisce" - musta agus vesi na Fionlainnise. Thiocfadh a rádh, mar sin, gur "Dubhlinn" is ciall le hainm na cathrach ó thús.)

D'éirigh le hÍobhán Cailíotá - nó "Seán an Sparáin"! - ins an bhliain 1328 ceadúnas a mhealladh ón Chan prionsacht Tvéir in aice le tailte Mhoscó a fhorghabháil. Mar a thaispeánanns a leasainm, fear inseifte tíosach a bhí in Íobhán, agus sparán mór aige: chaith sé a ailp ag ceannacht tailte úra ón Chan ins an bhreis ar a bhfuair sé nuair a chloígh sé Tvéir.

B'éigean do Novgorod géilleadh do bhrú na Sualannach is ná Liotuánach, fosta: de réir a chéile, chaill sí a seanghradam, agus Moscó ag fás is ag forbairt.

Faoi Bhráca na Mongólach

Ba mhór an t-éirleach é an tréimhse a chaith na Mongólaigh ag rialú na Rúise. Nuair a tháinig siad a mharbhadh is a chreachadh rompu, bhánaigh siad limistéir mhóra den tír go hiomlán, agus nuair a chuir siad ar bun cumhacht eagraithe, níor bhuair siad a gcloigne le gnaoi na ndaoiní a chothú ná a tharraingt orthu féin. Mar sin, d'éalaigh na slóite síoraí de Rúisigh rompu go Novgorod le theacht slán ar a bhforlámhas. De réir mar a chuaigh nósanna cruálacha míthrócaireacha i bhfeidhm ar an phobal, d'éirigh na Rúisigh as an tsibhialtacht go hiomlán, ó bhí troid laethúil na beatha ag éileamh gach a rabh de ghustal iontu. Bhí na prionsaí Rúiseacha ag tógáil uisce faoi thalamh in éadan a chéile, agus na Mongólaigh á saigheadadh fá chéile lena ngaisneas a bhaint as achan chineál easaontais nó faltanais eadar na Rúisigh.

Iarsmaí an Mhongólachais

D'fhág na Mongólaigh a rian féin ar chultúr na Rúise ar a lán bealtaí. Scar siad an tír leis an Iarthar, agus an Áise ag éirí níos tábhachtaí mar chéile trádála agus iomlaoide. Thairis sin, b'iad na Mongólaigh a thug isteach pionós an bháis ins an Rúis, nó ní rabh sé á chleachtadh ag na Rúisigh fad is a d'fhan seandlíthe na Slavach beo ina measc. B'ó na Mongólaigh a d'fhoghlaim na Rúisigh an dóigh le príosúnaigh a chéasadh, fosta.

Dmitrí Donscóigh

Ins an cheathrú haois déag, áfach, d'éirigh le prionsa Mhoscó, Dmitrí, na Rúisigh a chruinniú in éadan na dTatárach. Bhí scoilt ag teacht ar na Mongólaigh, agus Orda nua bunaithe ag cuid acu le dhul in iomaíocht leis an Orda Órga - an tOrda Geal. Chuaigh fórsaí Dmitrí chun teagmhála leis na Tatáraigh i gCúiliocovo in aice leis an abhainn udaí Don, agus b'iad na Rúisigh a bhuaigh an cath cáiliúil seo i Mí Mheán Fómhair den bhliain 1380. Ina dhiaidh sin, chuaigh ag an Orda an ceann is fearr a fháil ar na Rúisigh aríst, ach bhí sé foghlamtha acu anois nach dochloíte a bhí na Mongólaigh, agus go rabh sé indéanta ruaigeadh a chur orthu as an tír. Gaireadh laoch náisiúnta de Dmitrí - Dmitrí Donscóigh, nó Dmitrí ó Don.

Tochtamaois agus Vasailí

Cha rabh na Tatáraigh sochloíte ach an oiread, áfach. Nó tháinig Can úr i gceannas orthu uilig - Tochtamaois, a bhí i mbun an Orda Ghil ar tús. Rinne Tochtamaois creach agus ródach ar Mhoscó le díoltas a agairt ar Dmitrí Donscóigh, ach níorbh é sin an deireadh le troid na Rúiseach, nó thionóil Vasailí, mac Dmitrí Donscóigh, na Rúisigh ó chúigí is ó phrionsachtaí éagsúla ina gcomhghuaillíocht mhór mhillteanach le cath a chur ar na Tatáraigh agus ar an namhaid úr a bhí ag druidim isteach aniar - monarcacht dhúbailte na Polainne is na Liotuáine. Bhí réalt Novgorod ag dul faoi fán am seo, agus Moscó ag déanamh forghabhála ar cheantair iar-Novgorodacha ó thuaidh, rud a d'fhág dídean ag Vasailí le dhul ar a theitheadh ó na Tatáraigh nuair a tháinig siadsan a rith damhsa ar fud Mhoscó.

Tarraing ort an darna cuid anseo