SEANFHOCAIL GHAEILGE

Aifreann an Domhnaigh ná lig uait,
más fliuch fuar a bhéas an mhaidin
ar eagla nach mairfeá Dé Luain
is gurb í an uaigh do leaba.
(Maigh Eo)

An áit a n-ólfaidh an t-uan an bainne, beidh sé ag tabhairt iarraidh air. (Tír Chonaill)

An áit nach mbíonn beag ní bhíonn mór. (Bearna/Forbacha)
Cf. Pennissä markan alku. ["Sa phingin atá tús an mhairg."] (Fionlainnis)

An bhó a bhíonns beo, gheibheann sí an fuarán. (Maigh Eo)

An fata beag leis an bhfata mór, nuair nach mbíonn aon anlann agat. (Maigh Eo)

An rud a fhaightear go dona, imíonn sé go dona. (Baile an Chláir/Mionlach)

An rud a tchí leanbh, ghní leanbh (Tír Chonaill)
(Nó: Rud a tchí leanbh, ghní leanbh, agus rud a chluin leanbh, is é a deir leanbh. Tír Chonaill)
Cf. Das Leben der Erwachsenen ist ein Buch, in dem die Kinder lesen ["Leabhar is ea é saol na ndaoine fásta, agus na leanaí á léamh."](Gearmáinis). (Níl mé cinnte an seanfhocal Gearmáinise é seo, áfach.)

An té a bhíos amuigh, fuaraíonn a chuid. (Bearna/Forbacha)
[=An té atá i bhfad amuigh, fuarann a chuid air. (Árainn Mhór)]
Cf. Osa pannaan makaavalle, vaan ei kylän juoksijalle. ["Cuirtear a chuid féin i leataobh don té atá ina luí, ach ní don té atá amuigh ag bothántaíocht."] (Fionlainnis)

An té a bhuailfeadh mo mhadadh, bhuailfeadh sé mé féin. (Tír Chonaill)
cf. Love me, love my dog. ["Más maith leat grá a thabhairt dom, tabhair grá do mo mhadadh freisin."](Béarla)

An té a bhuailtear sa gcloigeann, bíonn faitíos air. (Maigh Eo)

An té a gheobhas ainm éirí go luath thig leis luí go ham dinnéir. (Tír Chonaill)

An té atá bréagach, tá sé bradach. (Tír Chonaill)

An té atá thuas óltar deoch air, an té atá thíos buailtear cois air. (Bearna/Forbacha)

An té nach bhfuil ciall aige, bheirfidh [= bhéarfaidh, tabharfaidh] an saol ciall dó. (Árainn Mhór)

An té nach gcuireann an tEarrach ní bhaineann an Fómhar. (Bearna/Forbacha)

An té nach n-iompróidh a chóta lá fliuch, ní bheidh sé aige drochlá. (Maigh Eo)

As a ceann a bhlitear an bhó. (Bearna/Forbacha)
Cf.Tyvestä puuhun noustaan. ["Ón mbun aníos is gnách dreapadh suas ar an gcrann."](Fionlainnis)

As an mbeagán a thagann an mórán. (Bearna/Forbacha)
Cf. Pennissä markan alku. ["Sa phingin atá tús an mhairg."] (Fionlainnis)

Báisteach ó Dhia chugainn gan é a bheith fliuch, agus cuid an lae amáraigh go gcuire sé anocht. (Maigh Eo)

Ba mhinic a bhris béal duine a shrón. (Maigh Eo)

Bean táilliúra agus bean tincéara, sin beirt nár réitigh riamh le chéile. (Maigh Eo)

Bíonn adharca fada ar na buaibh thar lear. (Bearna/Forbacha)
Cf. Fjarlægðin gerir fjöllin blá [og mennina mikla]. ["Is é an fad a dhéanann na sléibhte gorm - agus a dhéanann na fir mór."] (Íoslainnis)
Ruoho on vihreämpää aidan takana. ["Bíonn an féar níos glaise taobh thiar den chlaí."](Fionlainnis)

Bíonn blas ar an mbeagán. (Maigh Eo)

Bíonn cluasa ar na claíocha. (Tír Chonaill)
cf. Seinillä on korvat. ["Tá cluasa ag na ballaí."](Fionlainnis)
Walls have ears. ["Tá cluasa ag na ballaí."](Béarla)

Bíonn leacacha na dtithe móra sleamhain. (Oileán Chléire)
Cf. Huipulla tuulee. ["Bíonn an ghaoth ag séideadh go géar thuas ar an mullach."] (Fionlainnis)

Briseann an dúchas trí shúile an chait. (Maigh Eo; Tír Chonaill)

Castar na daoine ar a chéile ach ní chastar na cnoic (Árainn Mhór; ...is na sléibhe Rann na Feirste)
Cf. Ympäri käydään, yhteen tullaan. ["Téitear timpeall, castar le chéile."] (Fionlainnis)

Ceannaigh seanrud is bí gan aon rud. (Conamara; Árainn Mhór)

Céard a dhéanfadh mac an chait ach luch a mharú. (Maigh Eo)

Ceo ar abhainn ceo an tsonais. (Bearna/Forbacha)

Ceo ar chnoc ceo an donais. (Bearna/Forbacha)

Cíos do thiarna nó bia do leanbh. (Tír Chonaill)

Cuir síoda ar ghabhar agus is gabhar i gcónaí é. (Tír Chonaill)

Dá dhonacht é an bothán is fearr é ná an seachrán. (Maigh Eo)

Dá fheabhas teach Dé, is fearr bothán a bheith agat féin. (Maigh Eo)
cf. Ei Luoja laiskoja ruoki. ["Ní bheathaíonn Dia lucht na leisce."](Fionlainnis)

Dá mbeadh sé tirim go Samhain bheadh corraí ar dhuine éigin. (Tír Chonaill)

Deartháir don tsac an mhála.

(Tír Chonaill)

D'iarr mé cead ar mo mhamaí
agus d'iarr mé cead ar mo dheadaí
agus is é mo léan géar nár fhan mé sa mbaile an lá sin.
(Maigh Eo)

Éist le fuaim na habhann agus gheobhaidh tú breac. (Maogh Eo)

Faigheann na ba bás is bíonn an féar ag fás. (Maigh Eo)
cf. Ennen kurki kuolee kuin suo sulaa. ["Gheobhaidh an t-éan bás sula n-imí an sioc den phortach."] (Fionlainnis)
Medan gräset växer dör kon. ["Gheobhaidh an bhó bás sula bhfása an féar."] (Sualainnis)

Fásann níos mó i ngort ná mar a chuirtear ann. (Tír Chonaill)

Fiacla do charad agus claíomh do námhad an dá rud is measa ar bith.[COLM Ó CEALLAIGH]

Gach aon mar a oiltear agus an fhuiseog sa mhónaidh. (Tír Chonaill)

Ghníonn ríthe úra dlíthe úra. (Tír Chonaill)

I dtosach na hócáide is ea is fusa a leigheas. (Bearna/Forbacha)

I ndeireadh na coda troideann na coileáin. (Maigh Eo)

I ndiaidh na mionna is fearr na mná. (Tír Chonaill)

Is ar mhaithe leis féin a dhéanann an cat crónán. (Maigh Eo)

Is beag rud is buaine ná an duine. (Bearna/Forbacha; Rann na Feirste)

Is binn béal ina thost. (Maigh Eo; Árainn Mhór)
cf. Puhuminen on hopeaa, vaikeneminen kultaa. ["Airgead geal atá sa chaint, ór atá sa tost."] (Fionlainnis)

Is deacair an giorria a chur as an tor ina bhfuil sé. (Tír Chonaill)

Is deacair ceann críonna a chur ar ghuailne óga. (Maigh Eo)

Is deacair olann a bhaint den ghabhar. (Tír Chonaill)

Is deartháir don bhloncán an crompán. (Maigh Eo)

Is éard a dúirt an cat: is mairg a d'íosfadh ábhar an tsolais. (Maigh Eo)

Is fada an bealach mór nach bhfuil casadh ann. (Árainn Mhór)

Is fada romhainn é is gairid inár ndiaidh é. (Árainn Mhór)

Is fearr éan sa lámh ná dó ar an gcraobh. (Maigh Eo)
cf. Parempi pyy pivossa kuin kaksi (nó kymmenen) oksalla. (Fionlainnis)

Is fearr an t-ádh ná éirí go moch. (Maigh Eo)
a shéanadh sin: Aamuhetki kullan kallis. ["Tá uair na maidine chomh daor leis an ór."](Fionlainnis)
séanadh eile: Morgenstund' hat Gold im Mund. ["Tá ór sa bhéal ag uair na maidine."](Gearmáinis)

Is fearr an troid ná an t-uaigneas. (Bearna/Forbacha)
cf. Fuss is better than loneliness. (Béarla na hÉireann)

Is fearr beagán cúnta ná mórán truaighe. (Maigh Eo)

Is fearr beagán den ghaol ná mórán den charthanas. (Maigh Eo)

Is fearr bean ná spré. (Maigh Eo)

Is fearr bia ná ciall. (Maigh Eo)

Is fearr marcaíocht ar ghabhar ná coisíocht dá fheabhas. (Tír Chonaill)

Is fearr suaimhneas ar shop ná bólacht ar chnocán. (Bearna/Forbacha)

Is fearr suí i mbun ruda ná suí ina áit.(Bearna/Forbacha)

Is fearr uaigneas maith ná droch-chomhluadar. (Maigh Eo)

Is féidir le hairgead a lán díobhála a dhéanamh. (Maigh Eo)

Is fusa tuitim ná éirí. (Maigh Eo)

Is gaire cathair Dé ná an doras. (Maigh Eo)

Is gaire do mhnaoi leithscéal ná a haprún. (Maigh Eo)

Is geal leis an fhiach dhubh a ghearrcach féin. (Tír Chonaill)

Is í an dias is troime is ísle a chromas a ceann. (Bearna/Forbacha)

Is leithne an dúchas ná an oiliúint. (Tír Chonaill)

Is maith an bádóir an té a bhíos ar an talamh. (Bearna/Forbacha)
[= Is maith an t-iománaí an té a bhíonns ar an gclaí. (Maigh Eo)]
Cf. Kyllä maalla on viisaita, kun merellä vahinko sattuu. ["Beidh na saoithe ar fáil go flúirseach ar an talamh, má tharlaíonn timpiste amuigh san fharraige mhór."] (Fionlainnis)

Is maith an duine a iompraíonn a charr féin. (Bearna/Forbacha)

Is maith an scáthán súil carad. (Maigh Eo)
Cf. Glöggt er gests augað. ["Is géar an tsúil atá ag an gcuairteoir."] (Íoslainnis)

Is maith an scéalaí an aimsir. (Maigh Eo)

Is minic a bhí bromachán gioblach ina chapaillín chumasach. (Maigh Eo)
Cf. Alku aina hankalaa, lopussa kiitos seisoo. ["Bíonn gach tús deacair, agus an moladh ag fanacht leat sa deireadh."] (Fionlainnis)
Harjoitus tekee mestarin. ["Is é an cleachtadh a dhéanann an máistir."](Fionlainnis)

Is minic a bhaineas duine slat a sciúras é féin. (Tír Chonaill).

Is minic a bhí an t-ádh ar an bhfear a bhí ólta. (Maigh Eo).
Cf. Juopon tuuria. ["Dearg-ádh an druncaera."] (Fionlainnis; teilgean cainte)

Is minic a bhris béal duine a shrón. (Maigh Eo)

Is minic bocht cabach. (Bearna/Forbacha)

Is minic bréag ar aonach. (Bearna/Forbacha)

Is minic ciúin ciontach. (Bearna/Forbacha)
Cf. Hiljaisuus on myöntymisen merkki. ["Comhartha admhála é an tost."](Fionlainnis)

Is olc an crann nach bhfaighfeá oiread duilliúir agna bhun [= ag a bhun] agus a dhóighfeadh é. (Tír Chonaill)

Is olc an chú nach fiú fead a ligean uirthi. (Maigh Eo)
[= Is olc an cú nach dtig fead a dhéanamh air. (Tír Chonaill)

Is treise dúchas ná oiliúint. (Maigh Eo)

Má ghoireann an chuach ar chrann gan duilliúr, díol do bhó is ceannaigh arbhar. (Maigh Eo)

Mar a ghní an cú mór, ghní an coileán. (Tír Chonaill)

Más cam díreach an ród é, is é an bóthar mór an t-aicearra. (Maigh Eo)

Más fada an lá tig an oíche. (Árainn Mhór)
Cf. Ei niin pitkää päivää, ettei yötä perässä. ["Níl teacht ar lá chomh fada is nach dtiocfadh oíche sna sálaí."] (Fionlainnis)

Más mian leat aithne a chur ar do chairde, dearmaid rud eicínt. (Maigh Eo)

Má tá tú láidir bí Críostúil. (Árainn Mhór)

Muna bhfuil agat ach boc gabhair, bí i lár an mhargaidh. (Tír Chonaill)
[= Mura mbí agat ach pocaide gabhair, bíodh sé i lár an aonaigh agat. (Maigh Eo)]

Muna raibh rud de do chuid féin agat, déan do ghoradh leis an ngréin.[COLM Ó CEALLAIGH]

Mura bhfeileann an caipín duit, ná caith é. (Maigh Eo)

Mura n-íosfaidh tú anois é ní íosfaidh tú arís é. (Árainn Mhór)

Ná caith amach an t-uisce salach nó go raibh an t-uisce glan istigh. (Maigh Eo)

Ná díol do chearc lá fliuch. (Maigh Eo)

Na héisc bheaga a bheathaíos na héisc mhóra. (Tír Chonaill)

Ná santaigh an chaora fhómhair ná an cailín Domhnaigh. (Maigh Eo)

Ní bhíonn ceann seanchríonna ar ghuailnibh óga. (Tír Chonaill)

Ní bhíonn saoi gan locht. (Tír Chonaill)

Ní breáthacht a chuirfeas an pota ag fiuchadh. (Maigh Eo)

Ní cheapann béal druidte cuileoga ar bith. (Árainn Mhór)

Ní chuimhnítear ar arán a itear.(Maigh Eo)
Cf. Gleymt er sem gleypt er. ["Déantar dearmad den rud a shlogtar síos."] (Íoslainnis)

Ní dhéanann béal dúchais aighneas. (Tír Chonaill)

Ní dhéanfadh an béal gan bia. (Maigh Eo)

Ní dhéanfaidh an chaint an obair. (Maigh Eo)

Ní éadach a dhéanann an duine. (Maigh Eo)
a shéanadh sin: Vaatteet miehen tekevät. ["Is é an t-éadach a dhéanann an fear."] (Fionlainnis)

Ní féidir leis an muileann meilt leis an uisce a chuaigh thart. [COLM Ó CEALLAIGH]

Ní fhaghann sinn bás faoi dhó. (Maigh Eo)

Ní fhulaingtear bás faoi dhó. (Maigh Eo)

Ní hiad na muca ciúine a itheas an triosc. (Tír Chonaill)

Ní hí an bhean is áille is troime ciall. (Maigh Eo)

Ní hionann dul go baile mór agus a fhágáil. (Tír Chonaill)
[= Ní hionann dhul sa mbaile mór agus é a fhágáil. (Maigh Eo)]

Níl aon tinteán mar do thinteán féin. (Tír Chonaill)

Ní lia tír ná gnás. (Maigh Eo)
Cf. Maassa maan tavalla. (Fionlainnis)
Niin monta mieltä kuin miestäkin. ["Ní lia intinn ná fear."] (Fionlainnis)
Do in Rome as the Romans do. ["Sa Róimh duit, déan an rud a dhéanann muintir na Róimhe."] (Béarla)
Fremde Länder, fremde Sitten. ["Tíortha coimhthíocha, nósanna coimhthíocha."] (Gearmáinis)

Ní tháinig riamh an mheidhir mhór nach dtáinig ina diaidh an brón. (Tír Chonaill)
Cf. Itku pitkästä ilosta. (Fionlainnis)

Ní théann cuileog sa mbéal atá dúnta. (Maigh Eo)

Ní thigeann caonach ar chloch reatha. (Maigh Eo)
Cf. Vierivä kivi ei sammaloidu. ("Ní thagann caonach ar an gcloch atá ag dul timpeall."] (Fionlainnis)
Sjaldan er gras vaxið um oft hrærðan stein. ["Is annamh a bhíonn an féar ag fás timpeall na cloiche a aistrítear go minic."](Íoslainnis)

Ní thigeann ciall roimh aois. (Maigh Eo)
Cf. Nuoruus ja hulluus, vanhuus ja viisaus. ["Ní buile go hóige, ní críonnacht go seanaois."](Fionlainnis)

Ní thuigeann an sáthach an seang, agus má thuigeann, chan in am. (Tír Chonaill)

Níl gar sa mbuaireamh ach éirí suas air. (Maigh Eo)

Níl luibh ná leigheas in aghaidh an bháis. (Bearna/Forbacha)

Níor dhóigh an seanchat é féin riamh. (Maigh Eo)

Níor dhruid Dia bearna riamh nár fhoscail Sé ceann eile. (Maigh Eo)

Nuair a bhíonn an cat amuigh, bíonn na luchóga ag damhsa. (Maigh Eo)
Cf. Kun kissa on poissa, hiiret hyppivät pöydällä. ["Nuair a bhíonn an cat amuigh, bíonn na luchóga ag léim ar an mbord."](Fionlainnis)

Nuair a fhágtar an chú, ní fhaightear an giorria. (Maigh Eo)

Nuair is crua don chailligh, caithfidh sí rith. (Maigh Eo)

Ritheann uisce domhain go ciúin. (Maigh Eo)
Cf. Stille Wasser sind tief. ["Bíonn an t-uisce ciúin domhain."] (Gearmáinis)
Stillest vann har dypest grunn. (Ioruais, bokmål)

Rud ar bith leis an ocras a bhodhrú, a dúirt an damhán alla agus é ag ithe na míoltóige.[COLM Ó CEALLAIGH"]

Rud nach mbaineann duit, ná bain dó. (Árainn Mhór)

Scallfaidh uisce fuar falsóir. (Tír Chonaill)

Scuab úr, scuabfaidh sí glan. (Tír Chonaill)

Seachain fear an achrainn. (Maigh Eo)

Síleann fear na buile gurb é féin fear na céille. (Maigh Eo)

Strócfaidh an chúnglach agus mairfidh an fhairsingeach. (Tír Chonaill)

Tig iompar le foghlaim. (Tír Chonaill)