Panu Höglund a chuir an leathanach seo ar fáil duit.

Artturi Leinonen

Áirítear Artturi Leinonen (1888-1963) ar fhir mhóra na luathiriseoireachta ins an Fhionlainn. B'é an t-éacht ba mhó dá dtearn sé lá a shaoil ná cur in aghaidh, agus buaidh a fháil ar, lucht Lapua, gluaiseacht antoisceach na heite deise, i bhfód a ndúchais féin, i nDeisceart na hOstrabóitne. I mbreis ar a chuid iriseoireachta agus polaiteoireachta ba scríbhneoir sách bisiúil é freisin, siúd is nach mórán a léitear é inniu.

B'éan corr é Art óg i saol na tuaithe ins an Ostrobóitne. Mac súdaire a bhí ann a chuaidh go h-óg le Gluaiseacht na gClubanna Óige: gluaiseacht a bhí ann a chuir roimpi meabhraíocht náisiúnta na n-ógánach tuaithe a spreagadh is a chothú. Chuaidh sé a dh'fhoghlaim léinn i scoil traenála na mbunmhúinteoirí i Jyväskylä - nó b'é sin an t-aon chineál oiliúint acadúil a bhí ar fáil do chlainn na cosmhuintire ins an am. Chaith sé a sheal féin ina mhúinteoir ceart go leor, ach má chaith, ba iriseoir é thar aon rud eile. Bhí sé ag cur troda ar son saoirse na Fionlainne freisin, agus é ag glacadh páirt i ngluaiseacht Fhianóglaigh na Gearmáine.

Paradacsa a bhí ann b'fhéidir gur chuidigh Leinonen ar dtús le gluaiseacht phobail in aghaidh an Chumannachais a chur ag imeacht - an ghluaiseacht chéadna a rabh sé le troid a chur uirthi ina dhiaidh sin. Ba duine acu siúd é a chuir an chéad ghairm scoile ar mhuintir na hOstrabóitne a theacht le chéile i Lapua chun a marana a dhéanamh ar an dóigh ab fhearr le cur i gcoinne na gCumannach. B'ón chruinniú áithrid seo a d'eascair Gluaiseacht Lapua an chéad lá riamh. Nuair a thogh lucht an chruinnithe toscaireacht le h-achainí in éadan an Chumannachais a thabhairt chuig an phairlimint in Heilsincí, b'é Leinonen a chuir siad i gceannas ar an toscaireacht seo - agus b'eisean a bhí ina chathaoirleach freisin ar an chéad dhá chruinniú a chóirigh an ghluaiseacht. Theastaigh ó Leinonen béim a chur ar an daonlathas ins an troid in aghaidh na gCumannach, ach má theastaigh, ní rabh lucht Lapua, an chuid ba mhó acu, ar aon bharúil leis air sin. Gaireadh cathaoirleach ar an eagraíocht Suomen Lukko - "Glas na Fionlainne" - de Leinonen, ach má gaireadh féin, cha rabh aon toradh air sin. Nó bhunaigh an cruinniú an Glas leis an Chumannachas a throid ar dhóigh dhaonlathach, ach nuair a chuaigh an chuid ba mhó - nó an chuid ab airde guth - leis an fhaisisteachas, nó, ar a laghad, leis an antoisceachas fhrithdhaonlathach, fágadh an Glas ar an bhlár fholamh, comh maith lena chathaoirleach.

Níorbh é Leinonen an t-aon cheannaire mór pobail amháin a chuir in aghaidh Ghluaiseacht Lapua nuair a tháinig cuma an fhrithdhaonlathais ar an ghluaiseacht, ach b'é ba thúisce a thoisigh a dh'áitiú ar lucht leanstana Aontas na Tuaithe (páirtí na bhfeirmeoirí) an ghluaiseacht a thréigbheáil, agus an páirtí eadar dhá chomhairle ag an am fán chineál seasamh ab fhearr a ghlacadh i leith lucht Lapua. De réir a chéile a thug ceannairí cúigiúla an Aontais droim láimhe le lucht Lapua, agus Leinonen ag stiúradh na forbartha seo go furchaidh faichilleach, fríd argóintí a sholáthar ón chúlra dófa siúd i measc lucht leanstana a pháirtí a bhí ag éirí drochamhrasach i dtaoibh lucht Lapua.

B'é an nuachtán udaí Ilkka - ainmnithe as Jaakko Ilkka, laoch tírghráúil na nOstrabóitneach - an gléas ba chumhachtaí a bhí ag Leinonen le cath a chur ar Ghluaiseacht Lapua, nuair a tháinig an scoilt eadar é agus iad siúd. Ar dtús cha rabh Leinonen róchriticiúil i leith an dreama sin. Fiú nuair a chrom an ghluaiseacht ar dhaoiní a rabh iomrá an Chumannachais nó na heite clí orthu a ionsaí agus a fhuadach, (b'é an nós acu ná go dtugaidís an fuilstineach go dtí teorainn an Aontais Shóibhéadaigh, áit ab fhearr leis ná a thír dhúchais féin, dar leis na fuadaitheoirí, agus ós rud é gur Muilu ba sloinneadh do na deartháracha udaí a chuir tús leis an chleachtas seo, cruthaíodh an focal muilutus, nó "Muilu-áil", ins an Fhionlainnis mar théarma air), bhí mo dhuine ag déanamh a bheag de; ach de réir a chéile d'éirigh sé as a bheith tuigseach, agus é ag tarraingt malairt dearcaidh air. Tá siad ann a deir gur cleas oirbheartaíochta a bhí i gceist le seo. Nuair a bhí cuid mhór de bhunadh na hOstrobóitne ar aon bharúil leis an ghluaiseacht, ní thiocfadh le mo dhuine locht a fháil orthu gos ard: b'éigean dó lucht a léite a bhlandar ar bhealach a leasa de réir a chéile. Ar ndóighe, má bhí cairde dá chuid sa ghluaiseacht i dtoiseach báire, tháinig scoilt agus scarúint eadar é agus iad siúd anois, agus chuir lucht Lapua a ainm ar an leabhar dubh sa deireadh thiar thall, ó bhí meas an fhealltóra is an tréigtheora acu air.

Ó bhí sracadh, misneach is cumhacht cloíte na gluaiseachta sin i Leinonen, siúd is go rabh sí comh láidir sin ina chúige féin, caithfear a aidmheáil go rabh seisean ar duine acu siúd ba mhó a chuidigh le forbairt an Fhaisisteachais a stopadh ins an Fhionlainn sna tríochaidí.

Mar a h-úradh cheana, ghlac Leinonen páirt i ngluaiseacht Fhianóglaigh na Gearmáine - bhí sé ag earcú fir óga le dhul go dtí an Ghearmáin le druileáil saighdiúireachta a fháil le haghaidh cogadh saoirse in éadan na Rúiseach - cogadh a chonaic seisean agus a leithéidí chucu in achomaireacht. (Déanta na fírinne, ní tháinig an cogadh sin riamh - nuair a phill na hóglaigh seo abhaile, b'éigean dófa cogadh a chur ar a gcomhdhúchasaigh féin - na Gardaí Dearga.) Ó bhí an Rúis is an Ghearmáin in adharca a chéile agus an Chéad Chogadh Domhanda ar obair ag an am sin, nuair a beireadh ar Leinonen, ghearr údaráis na Rúise téarma príosúnachta ar mo dhuine, agus chaith sé roinnt bhlianta i mbraighdeánas - bhí sé ar duine acu siúd ar a dtugtaí kalterijääkäri, nó "Fianóglaigh an phríosúin", ós rud é gur cimíodh iad ar son a gcuid oibre ag agairt daoiní le dhul ins na hóglaigh. Ag pilleadh chun an bhaile dó shíl sé ar dtús go mb'iad na Fianóglaigh a muintir féin, agus bhí sé ar duine acu siúd ar theastaigh uathu buaidh na nGardaí Bána a choinneáilt i bhfeidhm fríd fhorlámhas na mBán ar an tsochaí go léir a chaomhnú. Caithfidh sé gur athraigh a dhearcadh ar na cúrsaí seo de réir a chéile, áfach. B'é an t-arm agus cosaint na tíre dúchais an chloch ba mhó ar a phaidrín, ach murab ionann agus go leor daoiní den chineál seo, bhí léargas aige ar goidé a bhí le cosaint. Bhí intinn shaor aige, agus go gairid roimh an darna cogadh domhanda scríobh sé dráma faoin teideal Vieraalla tähdellä ("Ar Phláinéad Eile"), inar chardáil sé ceisteanna moráltachta an chogaidh: chuir sé síos ar mháthair chríonna a sháigheanns ionstealladh nimhe i ndeasóig a garmhic nuabheirthe leis an láimh a pharailísiú, i gcruth is nach dtiocfadh leis an bhuachaill urchar a scaoileadh le haon duine agus é fásta suas. Díol suntais é gur scríobh fear le dearcadh comh míleata a leithéid de dhráma.

Nó rinne Leinonen a dhicheall leis na daoiní a spreagadh i mbun raidhfilí. Scríobhadh sé altanna ar iris na bhfórsaí cosanta áitiúla ag fógairt idé-eolaíocht mhíleata na "Fionlainne Báine" is ag scansáil ar na Cumannaigh is ar lucht na heite clí cionn is iad a bheith comh diúltach i leith cúrsaí na cosanta. Thairis sin, áfach, scríobh sé leabhartha: drámaí, úrscéalta stairiúla agus úrscéal fá chúrsaí comhaimseartha inar lean sé leis ag lochtú lucht Lapua. Ag druidim le deireadh na dtríochaidí bhí droim láimhe tugtha aige do sheanfhaltanas Chogadh na gCarad, agus é ar a chroídhicheall ag iarraidh muintir a chúige féin a bhlandar chun glacadh le comhrialtas Aontas na Tuaithe agus an Pháirtí Dhaonsóisialaigh.

Chaith sé na daicheadaí is na caogaidí i mbun iriseoireachta thar aon rud eile, go dtí gur scoir sé de phost eagarthóir Ilkka sa bhliain 1958. Thacaigh sé Urho Kekkonen i dtoghcháin na hUachtaránachta sa bhliain 1956, agus é ag teacht crosach ar go leor feidhmeannaigh de chuid an pháirtí san Ostrabóitne, nó bhí siad den bharúil go rabh Kekkonen róbhog leis na Cumannaigh agus na Sóibhéadaigh.

Fuair sé bás ar a bhealach 'na bhaile ó chóisir cheiliúrtha na bhFianóglach sa bhliain 1963. Is féidir a rádh go rabh sásamh a mianta bainte aige as an tsaol, nó bhí an daonlathas láidir, ach san am chéadna bhí meas ar na Fianóglaigh is ar shaothar a shaoil i gcónaí. Ní fhaca sé riamh an dóigh ar éirigh radacaigh na Seascaidí criticiúil nó fiú tarcaisniúil i leith gach rud a bhí in aice a chroí. An té nár chaill creideamh a chéad óige, thiocfadh leis a bheith den bharúil gurb é seo an duais a fuair sé ó Dhia mar gheall ar an éacht a rinne sé ag cosaint muintir a thíre ar bhagairt an Fhaisisteachais.

Míniúcháin don léitheoir Fhionlannach/Selitys suomalaiselle lukijalle

Tämä sivu on Artturi Leinosen lyhyt elämäkerta ja johdatus hänen elämäntyöhönsä. Sivu on laadittu Irlannissa puhutulla iirin kielellä.