Panu Höglund a chuir an leathanach seo ar fáil duit.

AN BHASCAIS

Teanga is eadh í an Bhascais nár éirigh leis na saineolaithe a cheangailt d'aon ghrúpa ar leith de theangacha. Tá sí scoite ar fad, mar sin, agus í an-éagsúil leis na teangacha eile a labhraítear ina timpeall - an Spáinnis, an Chatalóinis agus an Fhraincis, ar teangacha Rómánsacha iad, is é sin, teangacha atá bunaithe ar iarsmaí na Laidine. Ón taobh eile de, is léir gur fhág an chomharsanacht seo a sliocht ar an Bhascais féin, nó tá teacht ar a lán focal iasachta inti a ghlac sí ó na canúintí Rómánsacha, ón Laidin agus ón Araibis.

Tá an Bhascais, nó an t-Euskara mar a bheir lucht a labhartha uirthi, ó dhúchas ag corradh is leathmhilliún de dhaoiní, agus cónaí orthu i dTír na mBascach, Euskal Herria ar an dá thaobh den teorainn eadar an Fhrainc is an Spáinn. Ins an Spáinn a chónaíonns an chuid is mó de na Bascaigh, mar atá, ceathrar as achan chúigear. Ar ndóighe, chuaigh cuid mhaith de na Bascaigh eadar dhá dtír ar lorg oibre agus páighe: i Meiriceá Thuaidh is Theas a chuireadar fúthu, ach is beag duine de na himirceoirí seo atá ábalta a dteanga féin a chanstan inniu. Ón taoibh eile, d'fhág a gcultúr a rian ar chultúr na Spáinniseoirí san Oileán Úr agus sna Stáit Aontaithe féin - an cluiche udaí jai alai, is leis na Bascaigh a tháinig sé go Meiriceá.

Más fíor i gcónaí gur ceantair thuaithe iad na Gaeltachtaí in Éirinn an lae inniu, cha dtig linn an méid céadna a rádh fá dtaobh de na compail ina bhfuil an Bhascais ina príomhtheanga. Teanga chathartha í an Bhascais inniu, nó tharraing forbairt tionsclaíochta an réagúin lear maith de chainteoirí dúchais a fhad leis na bailte móra, ar nós San Sebastián, ar a dtugtar Donostia i mBascais.

Tá an Bhascais ina teanga oifigiúil réagúnda in Euskal Herria inniu. Réagún féinrialaithe is eadh é Euskal Herria lena mbaineann triúr de na ceithre chúige Bascacha ins an Spáinn: Bizkaia, Gipuzkoa agus Araba. Aonad féinrialaithe ann féin atá ins an cheathrú cúige, mar atá, Nafarroa (Navarra, Navarre). Tá an Bhascais ina teanga oifigiúil sa chompal sin comh maith, siúd is go bhfuil an Spáinnis i ndiaidh dul chun cinn mór a dhéanamh mar ghnáthurlabhra pobail ansin, fiú ag daoiní de phór na mbundúchasach. Níl aon stádas oifigiúil ag an teanga ins an trí chúige Francacha ina bhfuil sí le fáil, mar atá, Lapurdi, Nafarroa Beherea (N. Íochtarach) agus Zuberoa.

Tá Spáinnis nó Fraincis ar a thoil ag achan chainteoir dúchais maille leis an Bhascais, agus imní ar lucht athbheochana na teanga dá réir, nó is eagal leofa go bhfuil sé ró-éascaidh ag na daoiní iompó scun scan i leith phríomhtheanga an stáit, cibé cé acu Spáinnis nó Fraincis atá i gceist. Ón taobh eile de, tá cead a gcinn anois ag formhór mór na mBascach a dteanga a shaothrú is a fhorbairt mar is mian leofa, rud a séanadh orthu nuair a mhair an deachtóir Franco i gceannas ar an Spáinn.

Roinntear an teanga ina naoi bpríomhchanúint, ach amháin go dteachaigh ceann acu, Bascais Ghleann Roncal, in éag le gairid. Thairis sin, scríobhadh leabhar amháin sa bhliain 1562 i gcanúint nach bhfuil fianaise eile le fáil uirthi. Tá na canúintí éagsúil go leor le chéile, ó thaobh an fhoclóra is na foghraíochta de, agus is léir go bhfuil tionchar na teorann le brath ar an téarmaíocht nua-aoiseach. Kotxe (coche na Spáinnise) a bheirthear ar gluaisteán i mBascais na Spáinne, ach is é boatura (voiture na Fraincise) an gnáthfhocal ar an taobh eile den teorainn.

Cuireadh tús le caighdeánú na Bascaise comh fada siar leis na seascaidí, ach ar ndóighe ba chonstaic mhór i mbealach a fhorbartha í deachtóireacht Franco nach dtabharfadh aon aitheantas do na teangacha réagúnda. Mar sin, is féidir a mhaíomh nach bhfuil an caighdeánú críochnaithe go fóill. Baintear úsáid as an teanga chaighdeánta ar an teilifís is an raidió, agus is iomaí duine a dtig leis inniu aithris ínteacht a dhéanamh ar "Bhascais na teilifíse". Ar ndóighe, tá an ghlúin óg i ndiaidh scolaíocht a fháil fríd mheán na Bascaise, agus scríobh na teanga caighdeánta ar eolas acu. Bíonn na cainteoirí dúchais an-díograiseach fá dtaobh den teanga, agus iad sásta í a chraobhscaoileadh is a scabadh i measc an chuid sin de bhunadh Thír na mBascach óna dteastaíonn í a fhoghlaim.

Deir lucht na seandálaíochta nach dtáinig athrú muintire ar Thír na mBascach ón Chlochaois Phailéiliteach anall. Ar a laghad, ní féidir a chruthú gur éirigh le haon dream úr ruaigeadh a chur ar an tseanbhunadh ná a gcultúr a chur faoi chois. Ar ndóighe, chan ionann sin is a rádh go bhfuil teanga na mBascach comh seanársaidh lena n-áitreabh ina dtír: is iomaí pobal a d'athraigh teanga gan a leithleasachas a chailliúint mar phobal. Ach cibé scéal é, is léir gurb iad na Bascaigh bundúchasaigh a dtíre féin, a fhad agus is eol dúinn, agus aois mhór ag a dteanga is a gcuid traidisiún.

Bhunaigh na Rómhánaigh cathracha daingnithe i dTír na mBascach nuair a rinneadar forghabháil ar Leathinis na hIbéire - b'é Pompeiopolis (Pamplona an lae inniu, nó Iruinea as Bascais) an chéad dún den chineál seo, agus é tógtha sa bhliain 75 roimh bhreith Chríost. Ag an tíreolaí sheanGhréigeach, Strabo, a gheibhthear an chéad trácht riamh ar na Bascaigh, nó ar phobal ar a dtugann sé Ouaskonous; cha dtig a bheith lánchinnte, áfach, an iad na Bascaigh atá i gceist. Deir Strabo, fosta, gur cuid lárnach de reiligiún na nOuaskonous reithí a íobairt do na déithe. Más fíor dó, tacaíonn an méid seo le hionannas na nOuaskonous leis na Bascaigh, nó tá fianaise againn ó fhoinsí eile go rabh a leathbhreac de nós ag na Bascaigh sular ghlacadar leis an Chríostaíocht.

Dealraíonn sé nár bhuair na Rómhánaigh a gcloigne riamh le bunú cóilíneachtaí i dTír na mBascach, agus neamhshuim á déanamh acu de na cúlriasca seo. Bhíodh trádáil ar cois acu, áfach, leis na Bascaigh, nó na Vascones, mar a thugaidís ar bhunadh an réagúin; thairis sin, liostáladh fir de bhunadh an chompail seo i léigiúin na Róimhe, agus ba mhinic iad ag troid i gcogaíocha de chuid na hImpireachta uilechumhachtaí.

Nuair a thit cumhacht na Róimhe as a chéile, chúb na Bascaigh chucu i sléibhte a dtíre, agus iad ag iarraidh iad féin a chosaint ar ionsaithe na gciníocha Gearmánda - is é sin, lucht labhartha na gcanúintí Gearmánda (as ar forbraíodh teangacha Gearmánda an lae inniu, ar nós Gearmáinis, Béarla, Ollainnis agus na teangacha Lochlannacha) a bhí ag tonnadh anoir ón Áis ina slóite síoraí leis an Eoraip a fhorghabháil. B'í sin Imirce Mhór na nGearmándach a chuir deireadh leis an Róimh. B'iad an dá dhream Gearmánda ba mhó a bhí ag cur as do na Bascaigh ná na Frainc, agus iad lonnaithe áit a bhfuil stát nua-aoiseach na Fraince inniu; agus na Gotaigh Iartharacha a bhí ag iarraidh an Ibéir a ghabháil - agus a ghabh í, siúd is go dtáinig deireadh lena gcaithréim go sciobtha, nuair a d'ionsaigh na hArabaigh an tír.

Iontas na n-iontas cha dteachaigh ag aon námhaid acu seo na Bascaigh a chloí. Briseadh an cath ar dhiormaí ollmhóra na bhFranc sa bhliain 635. Go gairid i ndiaidh lár an ochtú haois d'fhéach gobharnóir Arabach na hAndalúise le sásamh a bhaint as na Bascaigh ar son ionsaí ínteacht, ach bhí fuar aige: na fórsaí a chruinnigh sé le chéile leis na Bascaigh a thabhairt chun tsíochána, ní bhfuair siad ach bogmharbhadh agus treascairt mhíthrócaireach.

Tá an chuma ar an scéal, fiú, go rabh lámh ag na Bascaigh ins na himeachtaí ba bhunábhar le h-éipic náisiúnta na Fraince. Nó nuair a bhí slua saighdiúirí de chuid Shéarlais Mhóir (Charlemagne), impire na bhFranc, ag cúlú aniar ón Ibéir i ndiaidh dófa cath a throid in éadan na nArabach, b'é an bealach a ghabhadar ná an bearnas ar a dtugtar Roncesvaux as Fraincis agus Roncesvalles as Spáinnis. Bhí na Bascaigh ag fanúint ansin le luíochán a dhéanamh roimh arm na bhFranc, agus ó tháinig siad formhothaithe ar fad orthu (gan aon trácht a dhéanamh ar an tuirse catha a d'fhág na hArabaigh ar na Frainc, ní foláir) d'éirigh le lucht an luíocháin an-íde a thabhairt d'fhórsaí an Impire. B'é seo an teip mhíleata ba mhó dár tharla do Shéarlas Mór riamh - an bhliain 778 a bhí ann - agus chuir sé go mór le searbhas an scéil nach rabh i gceist ach pobal beag de bhunadh na sléibhte. Bhí Séarlas Mór ag iarraidh impireacht na sean-Róimhe a chur ar bun athuair faoi bhratach Chríostaíocht Chaitliceach na Meánaoiseann agus an Pápa ag cuidiú leis an scéim, agus mar sin ba dóigh leis nach mba chóir do dhornán de shléibhteánaigh bhradacha bheith in ann cath a bhriseadh ar a chuid fórsaí. Le cian a thógáilt dá n-Impire chum filí a chúirte dán mór éipiciúil dó: Laoi Roland, nó Chanson de Roland, ar a ndearctar inniu mar dhán náisiúnta na Fraince. B'é an léamh a bhain lucht scríofa an dáin seo as imeachtaí Roncesvalles, áfach, nach Bascaigh ar bith a bhí ann, ach slua mór d'Arabaigh agus cabhair acu ó dhiabhail Ifrinn.

Pobal Págánta a bhí ins na Bascaigh san am seo i gcónaí. Ba mhall go leor a chuaigh siad leis an chreideamh úr, ach nuair a chuaigh - i dtús an darna mílaois d'aois an Tiarna - d'iompaigh siad ina leith comh hiomlán agus nach eol dúinn mórán inniu fán chineál reiligiúin a bhí acu roimhe sin. Dealraíonn sé, áfach, gur bandia dá gcuid a bhí i dtús báire i mBean Sí na Sléibhte atá ina carachtar tábhachtach i mbéaloideas na mBascach. Mari an t-ainm a bheir siad uirthi, rud a thaispeánanns gur fhág Muire na Críostaíochta a crot féin ar an scéalaíocht agus an traidisiún a bhaineanns leis an neach mhiotaseolaíoch seo. Síltear fosta go dtáinig an lauburu - siombail nó múnla ornáideach atá cosúil leis an svaistíce agus é coitianta go leor in ealaín na ndaoiní i dTír na mBascach - síltear go dtáinig an lauburu as seanchreideamh na mBascach, ach má shíltear féin, chan fhuil ann ach tuairimíocht: ní féidir a fháil amach inniu cén tábhacht a bhí aige i gcúrsaí an reiligiúin.

Ins an naoú haois i ndiaidh bhreith Chríost tháinig na chéad stáit Bhascacha ar an fhód, ach ní rabh fad saoil i ndán dófa. B'í Ríocht Navarra an ceann ba thábhachtaí acu, nó thart timpeall ar an bhliain 1000 bhí sí tamall beag ar an stát ba láidre de chuid na gCríostaithe san Ibéir. Bascaigh ab eadh iad formhór mór na cosmhuintire sa ríocht seo, ach is ar éigean is féidir 'stát Bascach' a thabhairt air ó thaobh theanga is chultúr na huasalaicme de: luíonn sé le céill go mb'í an Laidin teanga na gcaipéisí oifigiúla, mar ba dhual daoithi i stáit Chríostaí na Meánaoiseann, ach thairis sin cha rabh an Bhascais ina gnáthurlabhra ag scothaicme na sochaí ach oiread. Canúint Rómánsach a bhí acusan - is é sin, canúint a bhí cosúil leis an Aragóinis, agus í an-ghaolmhar leis an Spáinnis agus an Chatalóinis. Stát Spáinneach a bhí ann, mar sin, seachas stát Bascach.

Sna Meánaoiseanna tháinig uirbiú agus cathrú Thír na mBascach go mór chun cinn, agus de réir mar a bunaíodha cathracha ins an tír, cuireadh ar chumas na muintire oiread áithrid féinrialtais a bhaint amach dófa féin. Gidh go mbreathnaítí ar Thír na mBascach mar chuid de Ríocht na Caistíle ag an am, fágadh faoi bhráid na bhfueros, nó na gcomhthiolán áitiúil ins na cathracha, glacadh nó eitiú a thabhairt do reachtaíocht an Rí.

Ó ba rud é go rabh cumhacht agus forlámhas an Rí comh lag sin i dTír na mBascach, tháinig borradh faoi mhursantacht is faicseanaíocht na dtreibheanna. Nuair a scaoileadh greim Rí na Caistíle go hiomlán sa darna leath den cheathrú haois déag, d'éirigh buanchogaíocht eadar na miondreamanna, cogaíocht nach dtáinig deireadh léithi ach i gceann céad bliain, nuair a chuaigh an Rí Ferdinand agus an Bhanríon Isabel - los Reyes Católicos nó an Rí-Bheirt Chaitliceach - i gceann an Spáinn a rialú, agus iad go mór mór i bhfách le síocháin a chur ar bun aríst i dTír na mBascach. Ar ndóighe, ba chuid de seo gur baineadh cearta áithride de na fueros.

Chuidigh an borradh eacnamaíochta leis an tsíocháin a bhuanú i dTír na mBascach, nuair a d'fhionn Críostóir Columbus an tOileán Úr. Bhí scileanna loingseoireachta ag na Bascaigh riamh, agus ráchairt orthu anois le haghaidh chabhlach na Spáinne. Bunaíodh traidisiún na dugaireachta i mBilbao, agus rath ag teacht ar gheilleagar na mBascach aríst. Thoisigh na feirmeoirí Bascacha a chur arbhar Indiach a chruthaigh go seoigh ar fad in úir agus in aeráid na tíre, rud a mhaolaigh go mór ar ocras an ghnáthphobail fán tuaith. Bhí deireadh leis na gortaí ag teacht sna sálaí ar a chéile anois.

Sa bhliain 1514 tháinig deireadh go deo le Ríocht Navarra mar stát ar leith, ach ba chuma le bunús na mBascach fá sin ag an am seo. Nó bhí Bizkaia agus Gipuzkoa, an dá chúige is tábhachtaí, ag déanamh go maith cibé, agus na fueros comh cumhachtach agus a bhí riamh. Bhí an difríocht shóisialta eadar uasal agus íseal ag dul i laghad, fiú, a shaibhre is a bhí na feirmeoirí. Cha rabh an oiread sin rathúnais ar Bhascaigh na Fraince, ach ina dhiaidh sin bhí siad ar an dream ba bhisiúla i saothrú liteartha na teangan sa tseisiú agus sa tseachtú haois déag.

De réir mar a chuaidh cumhacht na Spáinne i léig, áfach, tháinig smúid ar Thír na mBascach, agus ansin phléasc cogadh amach i dtús an ochtú haois déag fá dtaobh de chomharbacht choróine na Spáinne. Thaobh na Bascaigh leis na Burbónaigh, an rítheaghlach a fuair buaidh sa deireadh, ach má fuair féin, cha rabh siad róshásta aitheantas a thabhairt do shainchearta réigiúnda na mBascach. Chorraigh an fheasbhaidh bhuíochais seo muintir Bhizkaia agus Gipuzkoa chun ceannairce sa bhliain 1717. D'agair an Rí díoltas fuilteach gránna orthu, ach ar a laghad fuaireadar ar ais na príbhléidí custam is cánach ba bhunrúta leis an éirí amach.

D'éirigh leis na Bascaigh de réir a chéile, áfach, a n-eacnamaíocht a chur fá lántseol aríst, agus iad ag glacadh le nuálacha a n-ama i gceirdeacha, i dtionscail agus i scolaíocht go réidh sásta. Bhunaigh an Cúnta Francisco Xabier María de Munibe cumann oideachais agus forbartha do Thír na mBascach sa bhliain 1764, an Cumann Ríoga Bascach do Chairde na Tíre Dúchais, le h-oideachas i dteicneolaíocht agus scileanna ceardaíochta a chur chun cinn. B'iad lucht an Chumainn seo a chuir ar bun an chéad scoil ilcheardach phríobháideach shaolta ins an Spáinn uilig - in Azkoitia i gCúige Gipuzkoa.

San am chéadna chloígh muintir na tíre go stuacanta lena gcreideamh Caitliceach ag dúdhiúltú do cibé nuaíocht i gcúrsaí spioradálta. Níor thuill an meon seo dea-thoil na n-údarás nua do Bhascaigh na Fraince nuair a chuir lucht na Réabhlóide ruaigeadh ar an Rí i bPáras. B'iomaí Bascach a chaill a chloigeann faoi lann an ghilitín, agus cuireadh d'fhiachaibh ar na Bascaigh Fraincis a fhoghlaim is a labhairt.

San naoú haois déag tháinig scoilt polaitíochta eadar Bascaigh na gcathrach agus Bascaigh na tuaithe. Thacaigh muintir na gcathrach leis an rialtas liobrálach i Maidrid; bhí gráin acu siúd ar phribhléidí na gcúigí is na réigiún, ar nós cairteacha na bhfueros i dTír na mBascach. San am chéadna d'fhabhraigh polasaithe nua an rialtais seo do bhuirgéiseacht na gcathrach Bascach fríd thionscail agus trádáil a spreagadh. Mar sin, níor chlis na cathracha Bascacha ar an rialtas nuair a chuaigh bunadh na tuaithe Bascaí chun cogaidh faoi bhrataigh na Séarlasach (Carlists) sa bhliain 1833.

Cha rabh de chomhcheangal eadar lucht leanstana an tséarlasachais ach a bhfuath do na nósanna úra a tháinig chun tosaigh leis an rialtas liobrálach, agus iad ag éileamh athréimniú an tseanreachta Chaitlicigh agus cibé seanchleachtais agus seanphribhléidí a bhí ann sular hachtaíodh an bunreacht nua. B'iad na Liobrálaigh a bheir buaidh, agus chaill na fueros aríst cuid mhór dá rabh fágtha acu go fóill de na seanchumhachtaí. D'fhan faltanas gangaideach ag Bascaigh na tuaithe ar mhuintir na gcathrach a d'fheall ar a n-oidhríocht féin frídna bheag a dhéanamh de na fueros.

D'éirigh ina chogadh eadar na Liobrálaigh is na Séarlasaigh aríst sna 1870idí, ach má d'éirigh féin, cha dteachaidh ag an darna dream toradh an chéad chogaidh a athrú. Bhí na Bascaigh scoilte an iarracht seo freisin, agus anois tháinig deireadh leis na fueros ar fad.

San am seo bhí an náisiúnachas nua-aoiseach ag toiseacht is ag faibhriú sa tír. B'é José Maria Iparraguirre (1820-1881) an chéad ealaíontóir a rinne iarracht dúil na mBascach ina ndúchas a mhúscailt. B'eisean a scríobh an téacs agus a chum an fonn d'amhrán náisiúnta na mBascach, An Crann i nGuernica - Gernikako arbola. D'fhuiling Iparraguirre géarleanúint ar son a chuid náisiúnachais ins achan chearn de Thír na mBascach, eadar an Fhrainc agus an Spáinn, agus cuireadh ruaigeadh agus díbirt air as an dá stát, go dtí gur shíothlaigh cúrsaí na polaitíochta an oiread sin agus go dtiocfadh leis na húdaráis Bhascacha é a ligean chun an bhaile leis na blianta deireanacha dá shaol a chaitheamh ansin ar a shocairshuaimhneas, agus meas an fhile náisiúnta ag a mhuintir air.

B'é Sabino Arana (1865-1903) athair an náisiúnachais Bhascaigh. D'úirt George Orwell tráth gurb ó imeall an náisiúin a thig na ceannairí náisiúnaíocha is fanaicí, agus níor thaise d'Arana é. Nó cha rabh ach drochBhascais ag mo dhuine, nó gidh gur cainteoirí dúchais a bhí ina thuistí, char chuala sé riamh a mhalairt de theanga ach an Spáinnis amháin sa bhaile, agus b'éigean dó teanga a shinsear a phiocadh suas ó theangeolaithe iasachta. Ós rud é nach rabh taighde teangeolaíochta na Bascaise fá bhláth go fóill, agus lucht an tsaineolais féin ar strae go minic ag gramadach aistíoch na teangan, níor shealbhaigh Sabino bocht an Bhascais riamh ach go lagmheasartha. Char chuir sin cúl air, áfach, óráidíocht is tuathghríosóireacht a chleachtadh sa teanga, agus é ag craobhscaoileadh soiscéala an náisiúnachais Bhascaigh fríd mheán cibé blúirín Bascaise dá rabh aige - agus ba bheag an blúirín é, a deirtear. Thairis sin, chuaigh sé a dh'útamáil le foclóir na teanga fosta, agus é ag iarraidh téarmaíocht nua a chumadh, siúd is go mb'iomaí focal dá dhéantús nach rabh ag teacht le rialacha na gnáthghramadaí ar scor ar bith. B'é Arana freisin a chum is a cheap siombailí an Bhascachais - bratach an náisiúin, nó an t-Ikurriña, agus b'eisean chomh maith a bhunaigh Páirtí Náisiúnaíoch na mBascach.

San fhíchiú haois ba chruaidh an saol a bhíodh ag an pháirtí is a lucht leanstana, agus deachtóirí na Spáinne ag iarraidh cultúr na mionlach náisiúnta a chur de dhroim an tsaoil. Sna fichidí b'é an PríomhAire Primo de Rivera a rinne forghabháil ar an chumhacht le deachtóireacht mhíleata a chur ar bun, ach níor mhair a réimeas ach sé bliana go leith. Thug Rí na Spáinne suas a choróin agus tháinig páirtithe na heite clí go mór chun cinn sna toghcháin.

Cha rabh ag éirí leis na náisiúntóirí Bascacha, áfach. Bhí blas an chléradacachais ag baint le náisiúnachas na Catalóine, rud a chinntigh féinrialtas don réigiún seo nuair a fuair na páirtithe clí an lámh in uachtar i bpolaitíocht na Spáinne; ach ós rud é go rabh coiméadachas agus dílseacht don Eaglais ar na clocha ba mhó ar phaidrín an Pháirtí Náisiúnaígh a bhí curtha ar bun ag Arana lena lá, cha rabh na Bascaigh ag réiteach leis na náisiúntóirí eile; mar sin ní bhfuaireadar aon fhéinrialtas.

Sa bhliain 1936 d'éirigh baicle d'oifigigh airm i Morocó na Spáinne amach in éadan an rialtais i Maidrid, agus iad ag áitiú go rabh lucht an rialtais ag iarraidh córas Cumannach a thabhairt isteach sa tír. Francisco Franco Bahamonde ab ainm don oifigeach a bhí i gceannas ar an cheannairc seo, ar ndóighe. Scoilt na Bascaigh aríst ar chúiseanna polaitíochta, nó thaobhaigh na ceantair thuaithe lena dtraidisiún láidir Séarlachais leis an cheannairc. Tuigeadh do pháirtí na náisiúntóirí, áfach, nach mbeadh ádh ná bláth i ndán do chúis na mBascach, dá mbéarfadh na ceannairceoirí buaidh, agus gheall an páirtí a thacaíocht do rialtas Mhaidrid. Phronn Maidrid anois an fhéinriail ar Thír na mBascach in éiric na tacaíochta, ach níor mhair an rialtas dúchais seo ach seal.

Ón taoibh eile de, áfach, ba mhillteach an scrios a rinne tacadóirí Franco, comh maith lena gcomhghuaillithe ó Ghearmáin na Naitsithe agus ó Iodáil na bhFaisisteach, i mBizkaia agus i nGipuzkoa. D'ionsaigh eitleáin troda is buamála na nGearmánach dhá chathair i dTír na mBascach - Durango agus Gernika (Guernica) - nach rabh ach sibhialtaigh ag cur fúthu iontu, gidh go dtearnadh iarraidh i ndiaidh an áir dlísteanas a sholáthrú do na hainghníomhartha seo fríd an éitheach a scaoileadh thart go rabh saighdiúirí ar garastún nó targaidí míleata eile sa dá chathair. B'í an bhuamáil seo a thug spreagadh don ealaíontóir Pablo Picasso an saothar cáiliúil udaí Guernica a phéinteáil.

Nuair a chloígh díormaí Franco freasúra na mBascach sa bhliain 1937, cha rabh an Generalísimo sásta gan díoltas a agairt ar bhunadh uilig an dá chúige Bascacha a chuir ina éadan. Fuair na slóite síoraí de shaighdiúirí Bascacha bás sna sluachampai géibhinn murar cuireadh chun báis iad díreach i ndiaidh dófa géilleadh, agus ba chuid lárnach den díoltas seo an slua-éigniú ban. Cailín ar bith dár leag saighdiúirí de chuid Franco súil uirthi d'éignigh siad í gan trua gan taise gan trócaire. Bhí geilleagar na tíre ina chonamar i ndiaidh an chogaidh, agus rinne rialtas Franco a ndicheall iarsmaí an chultúir Bhascaigh a ghlanadh ar shiúl fríd labhairt na teanga féin a thoirmeasc.

I ndiaidh an darna cogadh domhanda, áfach, cuireadh tús le gluaiseacht nua nach ndruidfeadh ó spairn lann ná ó oirbheart gaisce ag iarraidh cúis na mBascach a chosaint: an tETA, nó "IRA na mBascach". Do na focail Euskadi ta Askatasuna - "Tír na mBascach agus an tSaoirse" - a sheasaíonns an trí litir seo. D'eascair an tETA ó ghluaiseacht náisiúnaíoch na mac léinn is na n-óg a bhí gníomhach mar chuid de Pháirtí na Náisiúntóirí (PNV, nó Partido Nacional Vasco, as Spáinnis) sna caogadaí. Nuair a d'éirigh na hógánaigh mífhoighdeach le heaspa fonn troda an Pháirtí sin, chuireadar an tETA ar bun sa bhliain 1959, agus tháinig borradh faoi throid na saoirse.

I dtoiseach báire ba bheag sceimhle nó scaoll ag baint le gníomhartha an ETA i gcomparáid leis an díoltas mhíchoibhneasta a bhí de nós ag údaráis Franco a imirt ar na Bascaigh uilig. Tharraing cruálacht Franco míchliú eadarnáisiúnta ar an tír, agus an tETA féin ag dul chun brúidiúlachta de réir mar a bhí an rialtas ag gníomhú. Bhí an dlí féin ag scor as a chéile i dTír na mBascach, nó bhí an tETA ag lámhach ar dhaoiní ar bith faoi éide mhíleata, agus na póilíní is na saighdiúirí ag marbhadh Bascaigh ar an aon chúis amháin gur Bascaigh a bhí iontu.

Bhí Franco ag dul anonn sna blianta, agus é ag lorg oidhre a choinneochadh lucht éilimh an daonlathais faoi chois. Roghnaigh sé an tAimiréal Luis Carrero Blanco, ach má roghnaigh féin, bhí fuar aige. Nó nuair a chuala an tETA iomrá air seo, cha rabh aon mhoill orthu gaiste a chur roimh Charrero Blanco. Thochail siad tollán faoin bhealach mhór a thigeadh Carrero Blanco achan Domhnach le freastal ar Aifreann, agus d'fholaigh siad cnapán mór millteanach de bhuama ins an tollán. Nuair a tháinig Carrero Blanco an bealach an chéad uair eile, mhaidhm an buama faoi bhun a ghluaisteáin, agus léim an carr thar cheann eaglaise le tréan na pléisce. Fuair an tAimiréal bás ar an toirt, agus ba mhór an buille é a bhás do réimeas Franco.

Nuair a fuair Franco bás, tháinig feabhas ar chúrsaí Thír na mBascach aríst, agus an daonlathas á chur chun cinn ag an Rí nua, Juan Carlos. Pronnadh féinrialtas ar Thír na mBascach agus ar Nafarroa, ach má pronnadh, bhain sin mealladh as an fhaicsean is míleata don ETA: ba rogha leofasan Nafarroa agus an chuid eile de Thír na mBascach a bheith faoi aon fhéinrialtas amháin. Sin é an fáth - nó an tsiocair - go bhfuil an tETA ag plé le sceimhlitheoireacht i gcónaí.

Mar sin féin, is féidir a rádh nach bhfuil Bascaigh na Spáinne ag déanamh go ródhona. Go h-áithrid tá siad in éis cáil dhomhanda a bhaint amach ar chúiseanna eile seachas sceimhlitheoireacht, ó tharraing scríbhneoir mór comhaimseartha na mBascach, Bernardo Atxaga, súil an lucht litríochta air féin leis an úrscéal Obabakoak. Tá na mílte leabharthaí Bascaise ag teacht amach talcánta tréan ó na tithe foilsitheoireachta inniu, eadar bhunsaothar agus aistriúchán, agus tóir ag na Bascaigh orthu. Comhartha dóchais é gurb iad an t-aos óg an dream is díograisí fán teangaidh sa lá atá inniu ann.