Panu Höglund a chuir an leathanach seo ar fáil duit.

An Araibis

Na Teangacha Séimíteacha

Teanga Shéimíteach í an Araibis, rud a fháganns go bhfuil an dúrud gaolta aici i measc teangacha ársaidhe tábhachtacha an MheánOirthir. Is iad na teangacha Séimíteacha ná:

- an Acáidis. Tá an Acáidis ar ceann de na teangacha is sine a bhfuil eolas againn orthu. Ins an Mheasapótaim - in Iaráic an lae inniu - a labhraítí í, ach níorbh í féin an teanga is sine a bhí á saothrú ansin. Is amhlaidh go dtáinig sí i leaba na Súiméirise, an tseanteanga Mheasapótamach nach rabh aon teanga eile gaolmhar léithi, go bhfios dúinn. B'í aibítir na litreach dingchruthach - "cuneiform" mar a bheir lucht labhartha an Bhéarla uirthi - a d'úsáidtí leis na teangacha seo, eadar Acáidis agus Shúiméiris, a bhreacadh síos - nó a ghreanadh síos, le bheith beacht.

Fán bhliain 2000 roimh bhreith Chríost a thoisigh an Acáidis a thitim as a chéile, agus gach canúint ag dul a bealach féin. B'iad an Aisiris agus an Nua-Bháibileoinis an dá chanúint ba tábhachtaí acu seo, ach má bhí féin, chuaigh an chéad cheann acu in éag fán am a rugadh Críost. Ní léir go fóill cad é an gaol a bhí acu seo le dhá sheanteanga eile ar baisteadh Éablaítis agus Úgáirítis orthu: tá scríbhinní sa chéad teanga le fáil i dTeill Máirdít (Ebla) fá thrí scór ciliméadar ó dheas d'Aileapó, agus iarsmaí an darna ceann faighte amach ag lucht na seandálaíochta i Rais Seamra (Ugarit) láimh le Lataicia.

Tá muid níos eolaí ar chinniúint na dteangacha Séimíteacha IarThuaisceartacha, mar atá, an Aramais agus an Eabhrais thar aon cheann eile. Dealraíonn sé go dtéid na teangacha seo siar go dtí an Amóirítis, teanga nach bhfuil mórán fágtha daoithi thar na hainmneacha pearsanta i gcartlanna Acáideacha. Bhí an Aramais an-difriúil leis an Eabhrais cheana nuair a breacadh an dá theanga síos an chéad uair riamh; ach tá aon dlúthghaol amháin, ar a laghad, ag an Eabhrais - an Fhéinícis. Cuid de na canúintí Féiníceacha, tá siad comh cosúil leis an Eabhrais agus nach féidir a rádh cé acu den dá theanga seo atá i gceist dáiríribh.

Ó thaobh an chultúir de, is í an Eabhrais an ceann is tábhachtaí de na teangacha seo. Baineann Eabhrais an Bhíobla leis na blianta 1200-200 roimh bhreith Chríost, ach tá an teanga bheo ar fáil ina lán caipéisí ó na blianta ina dhiaidh sin freisin - go háithrid ins an Talmúd: bailiúchán de litríocht saíochta, fealsúnachta agus teagaisc atá ann. Chuaigh an Eabhrais in éag mar theanga labhartha fán am a rugadh Críost, agus an Aramais á leitheadú mar a bheadh loscadh sléibhe ann. Ar ndóighe, níor éirigh lucht léinn an Ghiúdachais riamh as a seanteanga a shaothrú ins na scríbhinní; agus san fhíchiú haois thoisigh na Siónaigh a labhairt Eabhrais lena gclainn leis an teanga a athbheochan mar ghnáthurlabhra phobail.

Maidir leis an Aramais, tá sí ar fáil i bhfoirm scríofa ón mhílaois dheireanach roimh bhreith Chríost ar aghaidh. Nuair a d'éirigh sí ina gnáth-theanga ar fud an MheánOirthir, scoilt sí ina dhá leath, an ceann iartharach - Aramais na Palaistíne, an Nabaitéis agus an Phailmíris - agus an ceann oirthearach, as ar fáisceadh na canúintí Nua-Aramaise a mhaireanns inniu féin i mbéal dreamanna beaga de Chríostaithe anseo is ansiúd ar fud an MheánOirthir.

Na teangacha atá fágtha anois, is iad na gaolta is dlúithe dá bhfuil ag an Araibis - sin le rádh, teangacha Séimíteacha an IarDheiscirt. Is é sin, más fíor gurb iad na gaolta is dlúithe iad. Nó níl lucht an tsaineolais ar aon fhocal go fóill fán chineál muintearais nó baint atá ag na teangacha Séimíteacha le chéile.

Maidir le teangacha Séimíteacha an IarDheiscirt, mar a bheirthear orthu go traidisiúnta, is iad an Araibis Thuaidh, an Araibis Theas, agus an Amairis iad. Is gá a chuimhniú gurb ionann an "Araibis" mar a thuigimid inniú é agus an Araibis Thuaidh. Teanga is eadh í an Araibis Theas nach bhfuil róchosúil leis an Araibis Thuaidh ná intuigthe ag cainteoirí na teanga eile. D'fhág an teanga seo a lorg ar an chineál Araibis Thuaidh a labhraítear ins an Ómáin agus ins an Éiméin; ach thairis sin, maireann canúintí de chuid na hAraibise Theas in áiteanna iargúlta go fóill, ar nós Oileán Soqotra. Ní gnách na canúintí seo a chur ar pár, áfach: deacair is uile mar atá an teanga acu, is í an Araibis Thuaidh a bíos á saothrú ag lucht a labhartha, an chuid acu a bhfuil scriobh nó léamh aon teanga acu.

Nuair a chuaigh daoiní de lucht labhartha na hAraibise Theas a chónaí ins an Aetóip fadó, chuir siad tús le forbairt na seanAmairise (ná tóg in ainriocht na hAramaise í, ní hionann an dá rud!) nó an teanga Ge'ez, a úsáidtear i gcónaí mar theanga naofa in Eaglais na nOrtadocsach Cóipteach san Aetóip. Thairis sin, saothraítear an Nua-Amairis mar theanga scríofa inniu, in éineacht le cupla canúint nó teanga eile a d'eascair ón tseanAmairis fosta. Is í an Tigrinis an ceann is tábhachtaí acu seo, nó is í teanga oifigiúil na hÉaraitré í.

Cuid de na saineolaithe, áfach, - an scoláire Iosraelach Roibeard Hetzron thar aon duine eile - tá siad inbharúla nach bhfuil ag an Araibis Thuaidh ach lúb bheag ghaoil leis an Araibis Theas agus na teangacha Amaracha san Aetóip: síleann an scoil seo go bhfuil an Araibis sa ghrúpa chéadna leis an Eabhrais agus an Aramais.

Trí Theanga Ghaolmhara in Aon Chorcán le Chéile

Cibé fá sin, tá lucht an tsaineolais féin ag dul in éadóchas ag iarraidh crann ceart ginealais a líniú do na teangacha Séimíteacha. Nó tá na teangacha seo i ndiaidh an-lorg a fhágáilt ar a chéile.

Mar shampla, cuid mhór den Aramais atá ar caomhnú, is Aramais le scríbhneoirí Giúdacha í a bhí go mór faoi thionchar na hEabhraise. Ansin, is í an bharúil atá ag na scoláirí taobh amuigh den domhan Ioslamach go bhfuil Araibis an Chórain breac le hiasachtaí Aramaise, toisc go bhfuil baint ag an Chóran féin le traidisiún na gCríostaithe is na nGiúdach. B'í an Aramais francbhéarla (lingua franca) an traidisiúin seo ins an MheánOirthear, agus na téarmaí ab fhearr le fáil inti chun cur síos a thabhairt ar na coincheapa reiligiúnda. (Is gá a phointeáil amach nach bhfuil na scoláirí Ioslamacha róshásta leis an teoiric seo, nó chan fhuil sé ag teacht go rómhaith leis an ráiteas sa Chóran a deir gur Córan Araibise a rinne Muid [=Dia] de, i gcruth is go dtuigfeadh sibh é.)

Thairis sin, nuair a shocraigh na sluaite móra de Ghiúdaigh síos i dtíortha Ioslamacha le theacht slán ó na géarleanúintí barbartha a bhí ar cois ag na Críostaithe, is léir gur fhág sin faoi thionchar na hAraibise iad ag forbairt na hEabhraise mar theanga léannta dófa. Agus aríst, an cineál Aramaise a labhraítear sa MheánOirthear inniu, tá sí á saothrú ag daoiní a bhfuil cónaí orthu i dtíortha Arabacha, daoiní a chaithfeas Araibis a tharraingt orthu agus iad ag caint le lucht údaráis an stáit. Fágann an Araibis a lorg ar chaint bheo na hAramaise inniu, mar sin, agus an dá theanga comh dlúth sin i dteagmháil le chéile. An tseanAramais a chleachtaíodh lucht léinn an Ghiúdachais i gcuid de na scríbhinní naofa Giúdacha, is léir gur "Aramais Ghiúdach" atá ann, Aramais a cuireadh in oiriúint do riachtanaisí téarmaíochta an Ghiúdachais - agus an Eabhrais ag soláthar na téarmaíochta, nó múnlaí a húsáide, ar a laghad.

Is é an tátal a thig a bhaint as an méid seo nach bhfuil fáil ar Araibis ar bith ach an Araibis ar imir an Eabhrais agus an Aramais a dtionchar uirthi; is é an cineál Eabhrais a chleachtaítear inniu an Eabhrais ar imir an Aramais agus an Araibis a dtionchar uirthi; an Aramais atá ann, forbraíodh faoi thionchar an dá theanga eile í fosta. Mar sin, ní féidir le haon duine a thuilleadh aon bhreithiúnas róchruinn a thabhairt ar an dóigh a rabh na teangacha seo gaolmhar le chéile sula dtáinig siad i síor-dhlúth-theagmháil le chéile.

Fréamhacha na hAraibise

Cibé fán ghaol atá ag an Araibise leis na teangacha Séimíteacha eile, tá muid sách eolach ar an Araibis féin. Rinneadh an chéad trácht ar na hArabaigh riamh in annálacha na hAisíre ocht gcéad go leith de bhliantaibh roimh bhreith Chríost, agus an Rí Salmanassar a Trí ag déanamh tagairt don chath a chuir sé ar Ghindibu, taoiseach na treibhe udaí Arbi. Is féidir, áfach, nach rabh de chiall leis an fhocal áithrid seo ar tús ach "fánaí", duine den lucht fáin a bhí ag dul thart timpeall ar fud Leithinis na hAraibe. Fánaithe a bhí ins na hArabaigh ceart go leor, go dtí gur cumadh cineál nua diallaite a chuir ar a gcumas marcaíocht a dhéanamh, in áit na seansrathrach nach dtiocfadh ach earraí a luchtú uirthi. Chuir an diallait an-dhlúthas leis an fhánaíocht, i gcruth is go dtáinig treibheacha éagsúla le chéile, rud a chuidigh leofa focail is foirmeacha a ghlacadh isteach ó chanúintí eile agus cineál caighdeán nó comhchanúint a chruthú ina measc féin. Deirtear gur beidiúnaíodh cultúr agus teanga na nArabach, agus as an bheidiúnú seo a fáisceadh an Araibis mar theanga chlasaiceach nó réamhchlasaiceach.

Tá focail agus ainmneacha Araibise le fáil in áiteanna éagsúla roimh lá Mhuhamad in inscríbhinní - cuid acu, tá siad scríofa le litreacha na hAraibise Theas; an chuid eile acu, Aramais atá iontu, díomaite de na hainmneacha pearsanta a bhaineanns leis an Araibis.

B'é an Córan a chuir bun leis an litríocht Araibise agus le caighdeán na hAraibise Clasaicí. Ar chúiseanna na diagachta féin, is gnách a shílstean go rabh an Fáidh dall ar scríbhneoireacht is aibítir ar bith. Ar a laghad, bhí páirt thábhachtach ag an ghlanmheabhraíocht i bhforbairt an Chórain. I ndiaidh bhás Mhuhamad, áfach, tháinig an-deifir ar lucht a leanstana a chuid aislingí a chur i míotar, agus mar sin, bhreac siad síos an Córan agud chuir siad in eagar é mar leabhar ceart. An aibítir a bhí in úsáid ag na hArabaigh san am sin, ba leagan iodálda den aibítir Fhéiníceach í, agus cuid de na litreacha ag éirí comh cosúil le chéile is nach rabh ins an fhocal scríofa go bunúsach ach seort crann taca don ghlanmheabhraíocht. Ó bhí páirt iontach lárnach ag an Chóran ins an reiligiún - nó is é foirceadal an Ioslaim gurb é focal Dé gan truailliú é - theastaigh ceartlitriú níos cruinne ó na Muslamaigh, agus faitíos orthu go gcuirfeadh an drochscríbhneoireacht briathar Dé as a riocht. Mar sin, cuireadh poncanna breise le litreacha áithride chun fuaimeanna éagsúla a choinneáilt scartha ó chéile. Dealraíonn sé gurb ó aibítir Shíreach na hAramaise a fuarthas na poncanna seo.

Ina dhiaidh sin féin, níor ghnách na gutaí a scríobh amach ar aon dóigh ar leith. B'é an gramadóir Abú 'l-Asbhad al Du'áilí a chuir an chéad sonrú i dtábhacht na ngutaí i gcaighdeánú na hAraibise sa tseachtú haois, ach b'é al-Hailíl ibn Achmad sa chéad aois eile a chum na comharthaí a sheasanns do na gutaí i scríbhneoireacht Araibise an lae inniu.

Caighdeánú na hAraibise

An chéad ghramadóir Araibise, al-Siobabhaithí, ní Arabach a bhí ann ach Peirseach a chaithfeadh an teanga a fhoghlaim mar theanga iasachta. Deirtear, fiú, nár bhain an fear bocht líofacht rómhaith amach ins an teanga riamh, ach mar sin féin, chruthaigh sé modheolaíocht dhian gramadóireachta a rabh an-tionchar aici ar na glúnta de thaighdeoirí teangeolaíochta ina dhiaidh. Bhaineadh sé úsáid as analach loighiciúil mar phríomhghléas gramadóireachta, agus tá sé incheaptha gur éirigh leis foirmeacha nó cleachtais ghramadaí a athbheochan sa teanga scríofa nach rabh ach a n-iarsmaí le fáil sa ghnáthchaint.

Bhí an teanga féin á teannadh is á streachailt go mór ag athruithe na sochaí Arabaí a tháinig ar lorg an Ioslaim, agus na hArabaigh ag cur catha ar lucht an "éigreidimh" sna tíortha ina dtimpeall. Nó de réir mar a bhí siad ag teacht i seilbh tailte nua a bhí go minic níos saibhre nó níos airde ó thaobh an chultúir de ná saol fáin na mBeidiúnach, b'éigean dófa focail úra a ligean isteach, agus iad ag fáil aithne ar chleachtais is áireagáin nár casadh orthu roimhe seo. Ní rabh an t-athrú seo ag taithneamh le lucht an ghlanteangachais, áfach, agus iad barúlach nach mba chóir teanga naofa an Chórain a chur as a riocht le truailliú iasachta, ó b'é briathar Dé é.

Ní rabh teanga an Chórain féin glan ar iasachtaí, muis. Rinne mé tagairt cheana féin don dóigh ar fhág Aramais Shíreach na gCríostaithe a sliocht ar Araibis an Chórain, ach is léir go dtearnadh trácht éigin ins an Chóran féin ar ábhair nó ar rudaí a rabh baint acu le saol sofaisticiúil na Peirse, agus lipéid Pheirsise á n-úsáid ag na hArabaigh féin ar na rudaí seo. Nó, tar éis an tsaoil, ní rabh aon chaill ar na hArabaigh riamh ag trádáil le hearraí só, ar nós na túise is na síoda, na ndathanna is na gcumhrán, agus tháinig na focail i mbéal na nArabach comh túisce is a chuala siad iomrá ar na rudaí a rabh na focail seo ag seasamh dófa.

Sna tíortha iasachta ba thúisce a d'fhorghabh siad, fuair na hArabaigh rompu cultúr saibhir an Heilléineachais. Ba mhór an spreagadh do na hArabaigh é léann a fhoghlaim agus Araibis a chur ar shaothair eolaíochta na scoláirí Heilléineachais. Nuair nach rabh meas an mhadaidh ag an Iarthar ar smaoiteoirí ná ar thaighdeoirí an Heilléineachais, rinne na hArabaigh a gcuid féin dá n-obair siúd. Ansin, tháinig borradh mór i saothrú téarmaíochta an léinn is na heolaíochta san Araibis, ó bhí téarmaí nua ag teastáil leis an teanga a chur in oiriúint do na smaoitíocha úra a bhí le cur in iúl inti.

Tionchar na dTeangacha Eile

Is léir go rabh an Córan an-tábhachtach mar fhoinse is mar dhíol aithrise i bhforbairt na stíle liteartha, ach thairis sin, bhí na luathghramadóirí is na haistritheoirí go mór i dtuilleamaí iarsmaí na filíochta réamhIoslamaí agus iad ag iarraidh a fháil amach cad é ba dea-Araibis ann. Bhí taoisigh Arabacha go minic i muinín scríobhaithe Síreacha nó Peirseacha, agus is féidir go rabh tionchar éigin ag a stíl siúd ar stíl na hAraibise.

Scéal ar leith é an tionchar a bhí ag an Ghréigis ar fhorbairt na hAraibise liteartha. Na chéad iarrachtaí a tugadh ar shaothair fhealsúnachta a aistriú ón Ghréigis, b'uafásach an ráiméis ab eadh iad, nó bhí lorg na bunteanga comh láidir orthu nach dtiocfadh le haon Arabach bun ná barr a dhéanamh díofa. De réir a chéile, áfach, fuair na hArabaigh blas ar obair an aistritheora. Thar aon duine eile, b'é Hunaighea ibn Íosthác, a mhair sa naoú haois, ardmháistir na ceirde, nó bhí stíl an-dúchasach ins achan líne dá dtigeadh óna pheann - nó sin é an dearcadh traidisiúnta. I ndiaidh an iomláin, tá lucht an tsaineolais den bharúil inniu go bhfuil aithne éigin Gréigise ar an úsáid chasta dheacair a bhaineanns mo dhuine as na rangabhálacha - úsáid nach bhfuil ag teacht le comhréir na hAraibise is glaine, is nádúrtha. Mar sin, is féidir glacadh leis go rabh tionchar ínteacht ag an Ghréigis ar an dóigh ar fhorbair stíl na heolaíochta, agus an dúrud de leabhartha Gréigise a haistríodh go hAraibis.

An MheánAraibis

Caithfidh muid cuimhne a choinneáilt air nár rugadh an duine go fóill a chleachtfadh caighdeán clasaiceach na hAraibise ina ghnáthchaint. San am chéadna, bhí dímheas ag na hArabaigh riamh ar an té nach gcloífeadh leis an chaighdeán ina chuid scríbhinní, ó tháinig an caighdeán anuas ó Dhia féin leis an Chóran Bheannaithe. Ina dhiaidh sin féin, tá teacht ar go leor litríochta nach bhfuil ag cloí leis an chaighdeán - "Meán-Araibis" a bheir na saineolaithe ar an chineál teanga atá ar fáil iontu - Araibis atá truaillithe ag an chanúint labhartha, nó Araibis atá curtha ó mhaith ag an fhorcheartú, is é sin, iarrachtaí an scríbhneora atá ar beagán cleachtaidh foirmeacha na gnáthchainte a sheachaint, ionas go mbreacann sé síos foirmeacha bacacha nach bhfuil le fáil sa chanúint sa teanga chaighdeánta.

Ba nós leis na Giúdaigh riamh a n-aibítir féin a chur i bhfeidhm ar achan teanga dá labhróchaidíst - mar seo an cruthaíodh an Ghiúdais, an cineál seanGhearmáinise a chleachtaíodh Giúdaigh Oirthear na hEorpa roimh uileloscadh Hitler. D'imir siad an cleas céadna ar an Araibis. Tá an chuid is mó de na téacsanna Giúdacha Araibise sách cóngarach don chaighdeán Chlasaiceach - dealraíonn sé, ar a laghad, nach dtug na scríbhneoirí Giúdacha aon iarracht riamh d'aontsiúl ar eilimintí gnáthchainte a ligean isteach sa teanga scríofa - ach san am chéadna tá cuid mhór Eabhraise, eadar fhocail agus abairtí iomlána measctha fríd an Araibis a scríobhadh siad.

Níl an Araibis Ghiúdach róchosúil le MeánAraibis na gCríostaithe. Na scéalta naomhsheanchais, na haistriúcháin Bhíoblúla agus an litríocht reiligiúnda eile a chumadh Críostaithe na dtíortha Arabacha le haghaidh a n-úsáide pearsanta féin, bíonn sí breac le truailliú ón ghnáthchaint, agus is minic nach mbacann na haistritheoirí le cur in aghaidh an tionchair ó na bunleaganacha Gréigise. Ón taoibh eile de, níl forcheartú le haithne ar na scríbhinní seo: nuair a bhí scríbhneoir Críostaí dall ar chleachtais chearta an chaighdeáin nó eadar dhá chomhairle, roghnaíodh sé riamh an leagan a bhí sa ghnáthchaint.

Maidir le príomhshruth an tsaoil Araibise, is dual do gach scríbhneoir i gcónaí canúnachas a sheachaint i scríbhinní. Tá glacadh le hamharclannaíocht sa ghnáthchaint ceart go leor, ach an chuid is mó den litríocht, tá sí glan ar an chanúnachas inniu féin. Bíonn na scríbhneoirí ag cur an mhíle strus orthu féin ag foghlaim rialacha an chaighdeáin le bheith in ann aithris a dhéanamh ar na seanmháistrí. Ar ndóighe, cuireann an tIoslam an-bhéim ar chomh tábhachtach is atá sé teanga an leabhair bheannaithe a choinneáilt beo, mar chuid den urraim atá dlíte do Dhia ón Mhuslamach chráifeach. Thairis sin, tá lucht an náisiúnachais shaolta sách naimhdeach i dtaobh an chanúnachais comh maith, nó is é a mbarúil-san go gcaithfidh na hArabaigh uilig cur le chéile agus comhar a dhéanamh i ndiúnas ar fhorlámhas an Iarthair.

Canúintí na hAraibise

Roinntear canúintí na hAraibise ina gcúig phríomhghrúpa: canúintí na Leathinise Arabaí; canúintí na Measapotaime (na hIaráice); canúintí na Liobáine is na Síre; canúintí na hÉigipte; agus na canúintí a labhraítear i dtíortha Thuaisceart na hAifrice siar ón Éigipt - al-Maghreb a bheir lucht na hAraibise ar na tíortha seo. Caithfear a chuimhniú, áfach, gur minic a bíos na difríochtaí eadar aicmí éagsúla sa tsochaí níos tábhachtaí ná na difríochtaí geografacha i gcanúineolaíocht na hAraibise. Thar aon rud eile, bíonn canúintí na mBeidiúnach sách difriúil leis an chineál Araibise a chluinfeá ó mhuintir na gcathrach sna bólaí céadna (na canúintí cónaitheacha nó na sedentary dialects mar a deir an Béarlóir). Go h-áithrid, bíonn na canúintí Beidiúnacha níos seanársaí, agus iad ag caomhnú tréithre a chuaigh in éag i gcaint na gcathrach. Tá teacht ar chathracha i ndomhan na hAraibise fosta ina bhfuil canúint Bheidiúnach á labhairt, ach bíonn míniú stairiúil ann ar a leithéid seo: am éigin fadó tháinig sluaite móra ón tuaith - nó ón fhásach - timpeall na háite le cur fúthu ansin, i gcruth is go bhfuair a gcuid cainte lámh in uachtar ar Araibis thraidisiúnta an bhaile mhóir. - Cleachtaíonn Beidiúnaigh filíocht bhéil na seanArabach i gcónaí, rud a chuidigh leofa an blas ársaidh a choinneáilt beo ar a dteanga.

Cás ar leith iad na canúintí a labhraítear i Málta agus ins an Chipir.

Nuair a d'fhorghabh na Normannaigh Málta, chuaigh an Araibis Chlasaiceach i léig san oileán, agus na Muslamaigh a bhí ina gcónaí ansin, murar maraíodh iad, cuireadh d'fhiachaibh orthu iompó chun Críostaíochta. Ós rud é go mb'ionann an Araibis Chlasaiceach agus Araibis an Chórain, ní fhéadfá í a shaothrú mar theanga chultúrtha a thuilleadh, agus tú ag iarraidh gothaí an deaChríostaí a chur ort féin. Déanta na fírinne, is iomaí Máltach nach n-aidhmíonn sa lá atá inniu ann gur canúint Araibise atá á labhairt aige: is fearr leis a áitiú air féin gur sean-Fhéinícis - teanga Shéimíteach atá níos cosúla leis an Eabhrais ná an Araibis, mar a chonaic muid thuas - a bhí ag a shinsir ar tús, agus nach rabh ag an Araibis ach tionchar láidir ar an teanga seo. Ní ghéilleann lucht na teangeolaíochta don chineál seo cainte, áfach. Is léir go rabh Féinícis ag muintir an oileáin ó thús, agus gur chuidigh an teanga ghaolmhar seo leofa a gcuid féin a dhéanamh den Araibis nuair a tháinig orthu - ach sin a rabh ann.

Ní rabh ins an Mháltais go ceann i bhfad ach canúint labhartha, agus í á forbairt ina treo féin beag beann ar dhomhan mhór na hAraibise. Fuair sí na mílte focal ar iasacht ón Iodáilis, agus nuair a tháinig an Bhreatain Mhór i seilbh an oileáin, thoisigh na focail Bhéarla a shileadh isteach.

Maidir le hAraibis na Cipre, tá sí ar tí a dhul in éag ar fad, faraoir géar: ní rabh sí á labhairt riamh ach i sráidbhaile amháin, Kormakiti, agus nuair a d'ionsaigh na Tuircigh an Chipir le tuaisceart an oileáin a ghabháil sa bhliain 1974, scabadh an chuid ba mhó de bhunadh an tsráidbhaile ar fud na leithe Gréagaí den oileán, agus iad ar a dteicheadh ó na Tuircigh.

Canúint chónaitheach ón tSír í Araibis Khormakiti go bunúsach. Ar a laghad, sin é an cineál canúintí is cosúla léithi. Inniu, áfach, tá sí breac le hiasachtaí Gréigise, agus is ar éigean a bheifeá ag súil lena mhalairt. Nó is teanga í nach mbreactar síos de ghnáth; má scríobhtar an-chorruair í, is dócha gurb iad na litreacha Gréigise a chuirtear i bhfeidhm uirthi, nó is í an Ghréigis a úsáideanns muintir Khormakiti mar theanga liteartha shibhialta.

Léim ar aghaidh anseo le foghlaim fá litríocht na hAraibise.