Litir chuig cailín Éireannach: An raibh a leithéid de chogadh san Fhionlainn riamh?

Ó, bhí, cinnte. Thiar sa bhliain míle naoi gcéad a hocht ndéag, bhí an Fhionlainn díreach tar éis neamhspleáchas a fhógairt, nó nuair a phléasc an réabhlóid amach sa Rúis, thapaigh ár lucht rialtais an deis le slán a fhágáil ag na Rúisigh. Ansin, áfach. d'éirigh ina chogadh dhearg eadrainn faoin eagar polaitíochta a bhí le dul ar an stát nua. Tá súil agam nach miste dom an scéal ar fad a ríomh is a reic óna thús i leith.

An Fhionlainn: cuid de Rúis an Impire

Go dtí go gairid roimhe sin, bhí an Fhionlainn ina cuid den Rúis Impiriúil, agus dáiríre, bhí an-urraim ag na Fionlannaigh don tSár - is é sin, d'Impire na Rúise. (San am sin, níorbh é an gnás é "Sár" a thabhairt air san Fhionlainn - "Impire" a bhí ann, nó "an tImpire agus an tArd-Diúc". Bhí sé ina Impire ar an Rúis, agus ina Ard-Diúc ar an bhFhionlainn.) Faoi chasadh an chéid, áfach, thosaigh lucht na Sóitne Duibhe sa Rúis ag éileamh go gcuirfí an córas riaracháin céanna, na dlíthe céanna agus an teanga oifigiúil chéanna i bhfeidhm ar an tír ar fad. Ní miste a rá, dála an scéil, gur focal Rúisise é "sóitne", nó "sotnya". Mé féin a chuir litriú na Gaeilge air anseo. Ciallaíonn sé, go bunúsach, díorma saighdiúirí a bhfuil 100 fear ann - thiocfadh linn "An Céad Dubh" a thabhairt air freisin. Ach sin é an t-ainm a bhí ar an bpáirtí acu. Thiocfadh leat a rá gur páirtí cineál Faisisteach a bhí ann, nó réamh-Fhaisisteach b'fhéidir - bhí siad go tréan in aghaidh aon chineál cearta a ghéilleadh do na mion-náisiúntachtaí nó na mionteangacha sa Rúis, agus iad freisin go mór mór in aghaidh na nGiúdach - b'ábhar áthais dóibh nuair a bhítí ag marú Giúdaigh sa Rúis. Dream thar a bheith gránna a bhí sa tSóitne Dhubh, mar sin, ach ós rud é go raibh siad ag fógairt a ndílseachta don tSár, níor mhiste leis an Sár úsáid nó leas éigin a bhaint astu uaireanta. B'fhéidir go raibh siad cosúil le hOrd na bhFear Buí i gCúige Uladh fosta - na hOráistigh. An dóigh ar chuir siad béim ar an dílseacht don Impire, tá sé cosúil leis na hOráistigh, dháiríre.

Boibriocov ag smachtú na bhFionlannach

Ós rud é gur fear sochomhairleach a bhí san Impire Nioclás a Dó (is é sin, ní fear láidir a bhí ann, bhí sé sásta aird a thabhairt ar thuairimí na daoine ba dáighe tola i measc lucht a chúirte), thug sé cluais mhór éisteachta d'éilimh na Sóitne Duibhe agus na bhfrithghníomhach eile. Bhronn an tImpire cumhachtaí an deachtóra ar Niocolaigh Boibriocov, ginearál frithghníomhach a chuir sé i gceannas ar an bhFionlainn mar Ghobharnóir Ginearálta, nó fear ionaid nó leasrí. (Sílim gurbh é an "Tiarna Leifteanant" a bhí mar theideal ar an gcineál sin fear ionaid in Éirinn, nuair a bhí Éire faoi svae na Breataine Móire go fóill.) Chrom Boibriocov ar an obair agus é ag iarraidh an Rúisis a chur chun cinn mar theanga oifigiúil agus Rúisigh a chur in áit na bhFionlannach mar státseirbhísigh.

Na Fionlannaigh ag éirí trodach, dúnmharaítear Boibriocov

Ní mó ná sásta a bhí na Fionlannaigh leis an gcineál polasaithe seo, ar ndóigh. Cuireadh go tréan in aghaidh Bhoibriocov, agus sa deireadh thiar thall, scaoil sceimhlitheoir aonair darbh ainm Eugen Schauman é i staighre Áras an tSeanaid in Heilsincí.

Domhnach na Fola sa Rúis

Sa bhliain 1905, áfach, phléasc "réamhléiriú feistithe na réabhlóide" amach sa Rúis. B'é Domhnach Fola Chathair Pheadair ba chúis leis. I gCathair Pheadair, arbh í príomhchathair na Rúise í ag an am sin, chuaigh slua d'oibrithe bochta ar mórshiúl, agus an sagart Ortadocsach Gapon i gceannas orthu. Fear saonta macánta a bhí i nGapon agus é suite siúráilte gur fear dea-thola a bhí san Impire a thabharfadh aird ar éilimh an lucht oibre. Mar sin, dhruid lucht an mhórshiúil le Pálás Geimhridh an Impire agus iad ag impí ar Nioclás a hAon leasuithe polaitiúla a chur i bhfeidhm le saol an lucht oibre a thabhairt chun feabhais. Is é an freagra a fuair siad, áfach, ná gur chriathraigh saighdiúirí an Impire an slua le piléir, agus fuair na céadta de dhaoine bás. (Tháinig Gapon slán as, áfach. Sílim nach bhfuair sé féin bás ach le linn na dtrioblóidí nuair a tháinig an fhíor-réabhlóid agus an cogadh cathartha go dtí an Rúis sa bhliain 1917. Go bhfios dom, bhí Gapon - nach mór an íoróine é - ag comhoibriú le rúnseirbhís an tSáir ag sceitheadh ar na réabhlóidithe, agus gur chuir na réabhlóidithe chun báis é, sa deireadh thiar thall, ar an gcúis áirithe seo.)

Réamhléiriú na Réabhlóide - Bliain na Stailce Móire

Chuir Domhnach seo na Fola fearg ar náisiún na Rúise ar fad, agus tháinig an cheannairc seo a fhad leis an bhFionlainn féin. Phléasc trioblóidí réabhlóideacha amach ar fud na Rúise, agus na scológa bochta ag dul chun cearmansaíochta ar na tiarnaí talaimh. San Fhionlainn, áfach, is gnách tagairt d'imeachtaí na bliana 1905 mar "bhliain na Stailce Móire", nó sin é an dóigh a ndeachaigh trioblóidí na Rúise i bhfeidhm ar an tír seo: chuaigh gach aon mhac máthar a raibh obair éigin idir lámhaibh aige, chuaigh sé ar stailc.

Torthaí na bliana 1905

I ndiaidh an "réamhléirithe fheistithe" sa Rúis agus na Stailce Móire san Fhionlainn, b'éigin don tSár agus do na frithghníomhaigh toiliú le leasuithe áirithe polaitiúla sa tír. Fuair an Rúis bunreacht agus cineál pairlimint - an chéad Dúma. ("Dúma" a thugtar ar phairlimint na Rúise inniu féin.) Agus maidir leis an bhFionlainn, fuair muid ar ais cuid mhaith dár gcumhachtaí. Is é sin, an cineál rialtas dúchais nó "home rule" a bhí againn go dtí gur tháinig Boibriocov, fuair muid ar ais na cumhachtaí a bhain leis sin. (Dála an scéil: "An Rialtas Dúchais" a thugtar ar an "home rule" i nGaeilge!)

Réimeas Franz Albert Seyn

Mar sin féin, níor mhair sé mórán, nó siúd is go bhfuair muid réitithe de Bhoibriocov, tháinig fear mór glan-Rúiseachais ina áit go luath ina dhiaidh sin, mar atá, Franz Albert Seyn. Siúd is go bhfuil blas na Gearmáinise ar an ainm sin, bhí Seyn go mór mór i bhfách leis an Rúiseachas. Is éard gur duine de thiarnaí talaimh na hEastóine agus na Laitvia a bhí ann. Fág is gur de phór Gearmánach do na tiarnaí talaimh seo, bhí siad an-chlaonta leis an Impire agus le hImpireacht na Rúise, ós rud é go raibh an-eagla orthu roimh gach cineál idéanna agus smaointí polaitiúla a bhí ag bagairt ar an ardchéimíocht a bhí acu i mbólaí a ndúchais. Is léir go raibh siad go tréan in aghaidh na Sóisialaithe agus na radacach eile; ach thairis sin, níor mhaith leo aon chineál scarúnachas nó náisiúnachas réigiúnda in áiteanna cosúil leis an Eastóin, an Laitvia nó an Fhionlainn. B'é an tImpire a chinntigh dóibh a gcuid tailte agus an cheannasaíocht a bhí acu ar na scológa; agus sin é an fáth go raibh siad umhal urramach don Impire, níos urramaí fós ná na Rúisigh dhúchasacha féin.

Na hÓglaigh Ghearmánacha

Ar ndóigh, b'é ba toradh don fhorbairt seo ná gur fhás náisiúnachas radacach, antoisceach san Fhionlainn. B'í Gluaiseacht na nÓglach Gearmánach an iarracht ba cháiliúla. Nuair a phléasc an Chéad Chogadh Mór amach san Eoraip sa bhliain 1914, chuaigh an Rúis chun cogaidh in aghaidh na Gearmáine. Ansin, chinn cuid de na náisiúntóirí radacacha ar liostáil in arm na Gearmáine le troid a chur ar an Impireacht agus le hoiliúint mhíleata a tharraingt orthu, i gcruth is go bhféadfaidís ruaigeadh a chur ar na saighdiúirí Rúiseacha a bhí ar garastún san Fhionlainn, an lá is faide anonn, nuair a bheadh an Fhionlainn ag troid na Rúise le neamhspleáchas a bhaint amach.

Óglaigh na mBarraí Iarainn

Ar ndóigh, as peirspictíocht na Rúise, ní raibh iontu ach tréigtheoirí agus fealltóirí, agus rinne na húdaráis Rúiseacha gach iarracht leis na daoine seo, nó na daoine a d'eagraigh a n-éalú as an bhFionlainn, a cheapadh agus a chaitheamh i dtóin phríosúin, agus ceart go leor sin é an bealach a chuaigh roinnt acu. Thugtaí "kalterijääkärit" nó "Óglaigh na mbarraí iarainn" (na barraí iarainn sna fuinneoga sa phríosún atá i gceist) ar na príosúnaigh seo. "Jääkärit" a thugtaí ar na hÓglaigh féin: tagann sé as an bhfocal Gearmáinise "Jäger" a chiallaíonn "sealgaire", ach is é an t-ainm a thugtar ar chineálacha áirithe saighdiúirí freisin. Na Fionlannaigh a chuaigh san oiliúint seo, chuaigh siad ar fiannas i reisimint airm a dtugtaí "Jägerregiment" uirthi, sin é an fáth gur baisteadh an t- ainm seo orthu.

Réabhlóid na Bliana 1917

I Mí Feabhra na bliana 1917, chuir na daonlathaigh Rúiseacha ruaigeadh ar an tSár agus d'fhógair siad poblacht na Rúise. Bhí muintir na Rúise ar fad tuirseach traochta den chogadh leis an nGearmáin a bhí ag dul go hiomlán ina n-aghaidh, agus iad den tuairim gurbh é an tImpire ba mhó a rinne praiseach den chogadh. Anois, theastaigh uathu éisteacht den chogadh ar an toirt, nó bhí siad barúlach nach raibh acmhainn na cogaíochta sa tír a thuilleadh.

Níorbh iad Léinín agus a chuid Boilséiveach (is é sin, na Cumannaigh, mar a thugtaí orthu ní ba déanaí) a bhí i gceannas ar an tír go fóill. B'é an grúpa ba tábhachtaí i bpolaitíocht na Rúise san am sin ná na Réabhlóidithe Shóisialacha. Cé go raibh ainm chomh cogúil orthu, páirtí measartha, daonsóisialach a bhí iontu go bunúsach, fán am seo - díreach cosúil leis na daonsóisialaigh sa Ghearmáin, na "Sozialdemokraten" - agus iad ag cur níos mó béime ar an riachtanas a bhí ann le hathroinnt a dhéanamh ar na tailte chun a gceart a thabhairt do na scológa is do na tionóntaí, seachas ar an "bprólatáireacht thionsclaíoch" a bhí ar an gcloch ba mhó ar phaidrín Léinín agus na mBoilséavach eile. (San am sin, ní raibh mórán "prólatáireachta" den chineál sin ar fáil sa Rúis cibé scéal é, ós rud é gur tír thalmhaíochta a bhí ann go prionsabalta - ní raibh mórán monarchana ná tionsclaíochta ann, agus mar sin, ní raibh "prólatáirigh" ann ach oiread, mar a thuig Léinín an focal mór millteanach sin. Bhí Léinín agus lucht a thacaíochta an-tugtha do theoiricí na Sóisialach Eorpach, ar nós Mharx féin, ach ba ghluaiseacht ní ba dúchasaí iad na Réabhlóidithe Sóisialta.)

Ceireinscí i bPonc

An fear a chuaigh i gceannas ar an tír i ndiaidh Réabhlóid Mhí Feabhra, Aileacsandar Ceireinscí a bhí air. (Nó "Kerensky", más fearr leat an litriú Béarla - ach ós rud é go bhfuil a n-aibítir féin ag na Rúisigh leis an teanga seo acu a scríobh, níl an litriú Béarla níos fearr ar aon nós ná slí ná an litriú Gaeilge seo.) Fuair Ceireinscí é féin i ndubhfhaopach ar fad. Ó thaobh amháin, ní ligfeadh Sasana agus an Fhrainc dó éirí as an gcogadh in aghaidh na Gearmáine. Caithfidh tú cuimhne a choinneáil air nach raibh an chéad chogadh domhanda in aon chóngar do bheith críochnaithe go fóill - 1917 an bhliain a bhí ann, agus siúd is go raibh na Gearmánaigh féin sách tuirseach den chogadh faoin taca seo, ní raibh bua beirthe orthu ag a gcuid naimhde go fóill. Mar sin, bhí an- drogall ar na Francaigh is na Sasanaigh i gcónaí ligean don Rúis éirí as an gcogadh. Ón taobh eile de, d'éiligh cosmhuintir na Rúise go n-éistfí den chogadh, agus sin chomh lom láithreach agus ab fhéidir. Nuair nach ndearna Ceireinscí é, chuaigh na sluaite móra chun radacachais. D'aithin Léinín agus na Boilséivigh a bhfaill agus thosaigh siad ag éileamh síochána. Sa deireadh thiar, d'éirigh leo an chumhacht a thapú.

An Fhionlainn ag fógairt neamhspleáchais

Ní raibh mórán muiníne ag na Fionlannaigh riamh as Ceireinscí, siúd is nach raibh aon mhoill ar a rialtas siúd sean-Rialtas Dúchais a thabhairt ar ais don Fhionlainn: tugadh bata agus bóthar d'Fhranz Albert Seyn agus tháinig Míocháil Aileacsandroivits Stachóivits ina áit - nó "Mikhail Alexandrovitch Stakhovitch" de réir an litrithe Bhéarla, is dóigh liom. Tiarna talún agus fear de na huaisle a bhí i Stachóivits, ach ba fear leathanaigeanta é a raibh meas aige ar na Fionlannaigh. Tríd an bpíosa, bhí polaiteoirí agus smaointeoirí liobrálacha na Rúise san am iontach cairdiúil i leith na Fionlainne, nó bhí siad den tuairim gurbh í an Fhionlainn an chuid ab fhorásaí, an chuid ba mhó cur chun cinn í san Impireacht, agus is dócha go raibh luiteamas agus dáimh lenár dtír ag Stachóivits féin. B'eigin dó glacadh leis go raibh an obair seo do-dhéanta fiú ag a leithéid-sean, agus d'fhág sé an tír le teacht an Fhómhair den bhliain 1917.

Ba chuimhin le Mamó stumpa amhráin ón tréimhse seo:

Kerenski se leipoo
suuren taikinan.
Suolaksi hän aikoo
pienen Suomen maan.
Oi, oi, Kerenski,
turha on sun toivosi,
vapaana on Suomen maa
jo Ryssän vallasta."

("Is mór an taos é atá Ceireinscí a bhácáil. Tá tír na Fionlainne ag teastáil uaidh mar shalann. Ó, ó, a Cheireinscí, is baoth an dóchas duit é. Tá an Fhionlainn saor ó bhráca na Rúise cheana féin.")

Taispeánann an méid seo duit, ar a laghad, go raibh fonn an neamhspleáchais ag borradh ar fud na Fionlainne, agus dá fheabhas iad na fir a chuirfeadh Ceireinscí chugainn mar Ghobharnóirí Ginearálta, níor leor iad: an tsaoirse a bhí de dhíth orainn, seachas rialtas dúchais.

D'iompaigh an scéal amach níos casta, áfach, mar a fhoghlaimeoidh tú go luath.

AR LEAN