Fáilte romhat...


...go Stórchiste na Gaeilge. Is é an rud atá ann ná diolaim d'fhocail Ghaeilge a fuair mé i bhfoinsí éagsúla, éagsúil ó thaobh an ábhair agus na canúna de. Char bhac mé ach le scríbhneoirí Gaeltachta agus an teanga ó dhúchas acu, nó b'é Aindrias Ó Baoill an t-aon eisceacht amháin a rinne mé, cionn is gur tearc an duine a d'aithneochadh thar fhear na Gaeltachta é.
Cha dtearn mé iarracht ar bith ceantair ná compail taobh istigh de chúige amháin a shainiú thar a chéile. Mar shampla, caitear le Gaeilge Lár Thír Chonaill agus Gaeilge Rann na Feirste mar nach mbeadh i gceist ach canúint amháin.
Ag roghnú na bhfocal domh fá choinne an chruinneagáin seo b'éigean domh muinín a bheith agam as m'iomas is mo chuimhne ar laethe mo nuafhoghlaimeoireachta lena fháil amach cé acu sainfhocal canúnach nó leagan coitianta leitheadach de chuid an bhunfhoclóra a bhí i gceist i gcás ar leith. Is rómhaith is eol domh nach bhfuil na daoiní ag teacht le chéile ar chúrsaí an chanúnachais is an chaighdeáin. Rinn mé mo dhicheall áfach le focail mhaithe Gaeilge a chur in aice láimhe dófa siúd a bhfuil feabhas is éagsúlacht go géar de dhíth ar a gcuid Gaeilge, eadar dhaltaí scoile, scríbhneoirí is iriseoirí.
Voces Ultoniae - Gaeilge Uladh

Voces Mumoniae - Gaeilge na Mumhan

Voces Conachtiae - Gaeilge Chonnacht