Panu Höglund a chuir an leathanach seo ar fáil duit.

AN tSÍNIS

TEANGA NA MÍLAOISEANN LE hAGHAIDH CHULTÚR NA MÍLAOISEANN

Cha rabh ann i dtús báire ach anord, agus ceo gan fhoirm ar foluain thart. B'as an cheo a tháinig, ar bhealtaí éagsúla, na corpáin a chuir tús le neamh agus talamh, le fireann agus baineann. Chuir neart Neimhe an Talamh ag iompar clainne, agus rugadh mac cóir maitheasach gan smál dófa. B'eisean an chéad duine riamh, agus Pan Gu ab ainm dó.
SAN WU LI JI

Aibítir Aistíoch - Teanga Thuiníoch

Is dócha gurb iad na litreacha an rud is túisce a rithfeas linn ar chluinsbheáilt ainm na teanga seo dúinn. Tá an tSínis Chlasaiceach ina teanga bheo le trí mhíle bliain anuas, siúd is nach bhfuil sí ina teanga oifigiúil ins an tSín a thuilleadh, nó tá teanga scríofa an lae inniu bunaithe ar an chaint chomhaimseartha, a bheag nó a mhór.

Teanga thuiníoch is eadh í an tSínis: ciallaíonn sin go bhfuil gach siolla ins an teanga le fuaimniú faoi thiúin ar leith, agus teacht ar na mílte péire focal (péirí íosmhéideacha mar a deir lucht an teangeolais) nach bhfuil de dhifríocht eadar an dá fhocal iontu ach an cineál tiúin atá leofa. Mar sin, tá an pháirt chéadna á déanamh ag an tiúin agus atá ag na consain is na gutaí - thig linn trácht ar thuinéimí nó eilimintí tuiníocha ins na focail, agus iad cosúil ina n-úsáid leis na fóinéimí nó na heilimintí fuaime. Tá ceithre thuinéim éagsúla ins an tSínis, nó ins an chanúint oifigiúil; tá fáil ar chórais i bhfad níos casta ins na canúintí eile, áfach.

Teanga aonsiollach is eadh í an tSínis comh maith. B'fhéidir go bhfuil an dá rud - an aonsiollacht agus an tonacht - ag cur le chéile, nó ós rud é go bhfuil dianteorainneacha ann le líon na bhfuaimeanna in aon fhocal amháin, tá gá le cleas breise a chuirfeadh tuilleadh leis an líon seo: is iad na tiúineanna fuascailt na faidhbe.

Tá a fhios ag go leor daoiní an tSínis a bheith ina teanga thuiníoch, ach is gá a phointeáil amach nach í an t-aon tenga amháin den chineál seo. Teangacha tuiníocha is eadh iad na mílte teanga ar fud na hÁise agus na hAfraice, gan aon trácht a dhéanamh ar theangacha na mbundúchasach i Meiriceá; b'fhéidir gurb í an Eoraip - comh maith leis an Mheán-Oirthear, an India agus cósta thuaidh na hAfraice - an t-aon limistéar mór amháin ar domhan nach bhfuil saibhir i dteangacha tuiníocha, agus cineál iomraill nó seachmaill fágtha ar ár súile (nó ar ár gcluasa!) i dtaoibh na dteangacha toisc sinn a bheith inár gcónaí i dtimpeallacht theangeolaíoch atá comh h-eisceachtúil sin.

Gaolta na Sínise

Tá lúb ínteacht ghaoil ag an tSínis le go leor teangacha ins na tíortha atá ag críochantacht leis an tSín, an Tibéitis ina measc - déanta na fírinne, baineann an tSínis agus an Tibéitis le fíleam nó mórghrúpa teangacha atá ainmnithe astu, mar atá, na teangacha Síne-Thibéiteacha. Teangacha tuiníocha aontsiollacha gan iarmhíreanna díochlaonaidh is eadh iad bunús na dteangacha seo, cosúil leis an tSínis, agus an chosúlacht ar an scéal nach bhfaigheann lucht a labhartha an tSínis leath comh h-aistíoch deacair dofhoghlamtha leis na dteangacha Eorpacha. Scéal eile ar fad, áfach, gur doiligh leofa córas scríbhneoireachta na teangan; ach ní taise do na Sínigh féin é, dáiríribh.

Seantraidisiún

Tá an tSínis á scríobh ón chúigiú haois déag roimh bhreith Chríost anuas, ach má tá, cha dtéid an tSínis Chlasaiceach ach amháin (!) dhá mhíle is ceithre chéad bliain siar ins an stair. Dealraíonn sé gur le linn an fhealsaimh udaí Mengzi (372-289 r.Chr.) a cuireadh an dlaíóg mhullaigh ar chaighdeán na seanteanga.

Bhí stíl na teanga Clasaicí comair gearr gonta, agus na scríbhneoirí ag déanamh a ndichill riamh le fiche focal a chur in aon fhocal amháin. Is é is iarmhairt dó seo ná go bhfuair an chéad ghlúin eile deacair, fiú, mórán adhmaid a dhéanamh de shaothar na seanúdar, agus ciall na leideanna is na dtagairtí ina gcuid téacsanna ligthe i ndearmad, cuid mhór, ag na daoiní cheana féin. Mar sin, ní rabh na seanúdair féin i bhfad ag iompar na bhfód, agus na leabharlanna á líonadh cheana de leabhartha tráchtaireachta le míniú a thabhairt ar a gcuid saothar; agus nuair a bhí an coimhthéacs caillte, fágadh cead a gcinn is a bpinn acu siúd a rabh nóisiúin dá gcuid féin i dtaoibh an bhealaigh chirt leis na smaoiteoirí adhartha urramaithe a thuigbheáilt.

Cnámha Oraclacha

Tá teacht, áfach, ar leagan i bhfad níos sine de chóras litrithe na Sínise ná an teanga Chlasaiceach, mar atá, na litreacha greanta ar na cnámha oraclacha - cnámha a mbítí ag baint úsáide astu, fadó, le geasróga a leagan. Bhí na chéad litreacha Sínise seo i bhfad ní ba dealbhaí, ní ba chosúla le fíorphioctúirí, ná litreacha an lae atá inniu, agus ós rud é gur ar na h-orthaí cnáimhe seo a ghreantaí iad, gach seans go gcreidtí go rabh draíocht is druagántacht ag baint leofa, mar litreacha. (Bhí pisreoga ag na hÉigiptigh fosta i leith a gcuid iairiglifí; mar shampla, ba mhinic dófa iairiglif na nathrach a tharraingt le sraith de sciana a rabh an phéist scanrúil roiste as a chéile leofa, ar eagla go mbainfeadh sí greim as an léitheoir!) De réir mar a bhíodh na daoiní ag breacadh na bpioctúirí seo ar pár agus ag baint a gcorthaí pearsanta féin astu, d'imigh cuma na deilbhe díofa, agus iad ag dul chun teibíochta mar shiombailí. Thairis sin, d'éirigh sé coitianta eilimintí de chuid na haibítre seo a cheangailt dá chéile ina gcomharthaí comhshuite. An chuid is mó acu seo, tá siad comhdhéanta as leath amháin atá ag tagairt do chiall na litreach, agus leath eile agus í ag tabhairt leide d'fhuaimniú na litreach. Mar sin, nuair a cheanglaítear dá chéile an comhartha a fhuaimnítear mar gong agus an comhartha a sheasaíonns d'uisce, is é is brí don chomhartha chomhshuite ná abhainn - jiang as Sínis; nó tá sé cineál cosúil ins an fhuaimniú le gong. Dá mbeimist leis an chóras céadna a chur in oiriúint don Ghaeilge, is dócha go mbeimis le Muire a scríobh le leathshiombail a chiallaíonns "maighdean" (= eilimint na brí) agus le leathshiombail eile a chiallaíonns "muir, farraige" (= leide don fhuaimniú).

Dofhoghlamtha ag na Sínigh féin?

Ós rud é go seasaíonn gach litir d'fhocal nó do shiolla, seachas d'aon fhuaim amháin, tá na mílte litreacha ins an tSínis, agus na Sínigh ag briseadh a gcroíthe á bhfoghlaim. Nuair a chuaigh Linda Jakobson, an scríbhneoir agus an nuachtánaí Fionlannach a bhfuil Sínis aici - nuair a chuaigh sí chun na tíre sin an chéad uair le feabhas a chur ar a cuid Sínise, ba mhinic a fágadh faoi iontas í agus í ag iarraidh ar chairde Síneacha dá cuid cabhrú léithi le focal úrfhoghlamtha a litriú i gceart. Nó b'é an rud a tháinig chun solais ná nach rabh cuid mhór de lucht an léinn féin in ann a dteanga dhúchais a scríobh: bhí siad ábalta í a léamh, ach mhothaigh siad iad féin creathnach éiginnte nuair a tháinig orthu na siombailí cearta a aimsiú ar a gconlán féin.

Ós rud é go bhfuil sé comh deacair, ní mór an cheist a chur, nach mb'fhearr litriú fuaime a chumadh don tSínis. Tá fadhbanna áithride ag baint le córas na dtiúineann, ach má tá féin, is iomaí teanga thuiníoch eile a scríobhtar le litreacha fuaime cheana féin, agus comharthaí beaga eadardhealaitheacha á gcur leofa chun an tiúin cheart a chur in iúl. Tá a leithéid de chóras á úsáid ag na Vítneamaigh, mar shampla. Teanga thuiníoch is eadh í an Vítnimis a ghlac na céadta iasachtaí ón tSínis chuici, agus na siombailí Síneacha á n-úsáid lena litriú roimh theacht na nIartharach. Nuair a cheap na hÍosánaigh aibítir nua don teanga, áfach, ní rabh mórán moille ar bhunadh Vítneam ruaigeadh a chur ar litreacha na Sínise, nó ba mhór an cuidiú iad na litreacha úrcheaptha leis an léitheoireacht a chur chun cinn i measc na cosmhuintire. Tá lucht labhartha na Vítnimise ar fad iompaithe chun na litreacha Iartharacha a úsáid inniu, siúd is go bhfoghlaimítear an leagan Vítneamach den chóras Shíneach ins na hollscoltacha i gcónaí, mar eochair do léann an Oirthir.

Is iad na fáthanna is gnách a lua le seasmhacht na siombailí Síneacha ina dtír dhúchais féin - i ndiaidh, agus in éadan, an dúrud d'iarrachtaí a tugadh le scríbhneoireacht na teanga a "Rómhánú", mar a bheirthear air - ná an t-ilchanúnachas agus tábhacht na peannadóireachta mar ealaín i gcultúr na Síne.

Mandairínis agus canúintí eile

Tá an tSínis scoilte ina seacht bpríomhchanúint, mar atá, an Mhandairínis, an chanúint Gan i Jiangxi, an chanúint Xiang i Hunan, na canúintí Hakka (agus iad le cluinsbheáilt anseo agus ansiúd in oirdheisceart na tíre, siúd is gurb i nGuangdong agus i nGuangxi is mó a labhraítear iad; tá a gcultúr féin ag lucht labhartha Hakka, agus é creathnach éagsúil leis an ghnáthbhéascna Shíneach, rud atá ag cur go maith leis an difríocht ábhalmhór theangeolaíoch eadar a gcanúint agus an tSínis chaighdeánta), na canúintí Wu (i Zhejiang agus i Shanghai; foirm de chuid na canúna seo is eadh é an leagan Chiang Kai-shek d'ainm is de shloinneadh an chinnire polaitíochta a chuireadh cath ar na Cumannaigh thiar ins na fichidí agus na tríochaidí, nó Jiang Jieshi a bhí air de réir an chaighdeáin), na canúintí Min (i dTaiwan agus ins an oileán mhór eile a chois an chósta theas, Hainan), agus an Chantóinis (Yue) a labhraítear i gCantón agus i Hong Cong; tá sí iontach coitianta i measc na Síneach a chuaidh eadar dhá dtír go Meiriceá is go tíortha eile Iartharacha, níos coitianta b'fhéidir ná an Mhandairínis féin. Lucht labhartha Mandairínise is eadh iad an chuid is mó de na Sínigh, beirt as gach triúr nó triúr as gach ceathrar ins an tSín féin. Ach más amhlaidh féin, chan ionann sin agus a rádh go mbeadh na canúintí eile ag éirí reaite nó gann. Áirítear an Hakka, mar shampla, ar an darna ceann is lú acu, ach tá sí ag an oiread céadna de dhaoiní agus an Pholainnis, cuir i gcás - thart ar dhá scór milliún. Mar sin, caithfear a bheith cúramach i leith céard is "canúint bheag" ann in imthoscaí na tíre is daonmhaire ar domhan.

Siúd is go bhfuil na canúintí comh héagsúil le chéile agus an Fhraincis is an Spáinnis ó thaobh an fhuaimniú de, thig na litreacha céadna a chur i bhfeidhm orthu uilig, díreach cosúil leis an chaoi a n-úsáidtear na huimhreacha céadna ins na teangacha uilig. Ós rud é nach bhfuil iarmhíreanna díochlaonta ins an tSínis (siúd is go n-áitíonn cuid mhaith de na saineolaithe gur féidir tús a bhforbartha a aithne i gcaint na ndaoiní inniu), agus achan fheidhm ghramadaí á cur in iúl le fobhriathra agus le focail chúnta eile, cha dtig ach na difríochtaí comhréire chun solais ins na scríbhinní, agus níl siad comh mór sin agus go gcuirfidíst isteach ar an ghnáth-thuigbheáilt barraíocht.

An tSínis Chlasaiceach

Teanga scríofa amháin a bhí ins an tSínis Chlasaiceach, agus comhréir dá cuid féin aici atá comh difriúil le comhréir na gcanúintí le bheith osréagúnda go hiomlán - ón taoibh eile de, tá sí creathnach doiligh le foghlaim ag an ghnáthdhuine fosta. Faoi thionchar an náisiúnachais Iartharaigh a rinne siombail náisiúnta de chaint na ndaoiní, áfach, chrom na Sínigh ar a dteanga labhartha féin a fhorbairt is a fheabhsú mar mheán cultúrtha nó liteartha ag druidim le deireadh don naoú haois déag. B'í teanga labhartha na cúirte, guanhua, a thug an chéad phatrún don litríocht ins an teanga labhartha. Francbhéarla (sin é an téarma Gaeilge ar lingua franca nó teanga comhchumarsáide) a bhí ann a labhraíodh daoiní ó cheantair éagsúla le chéile i gcúirt an Impire, agus é bunaithe ar chanúint Beijing, ach ós rud é gur daoiní uaisle ardoideachais a bhí i lucht na cúirte, is léir gur fágadh rian den tSínis Chlasaiceach ar an teanga seo. Sin é an tuige, dála an scéil, gur bhaist na hIartharaigh Mandairínis ar an teanga seo, nó "mandairíní" a bheiridíst ar státseirbhísigh na Síne. De réir a chéile rinneadh an t-ainm seo a ghinearálú ar chanúintí Thuaisceart na Síne ar fad.

Baihua

Bhí úsáid ínteacht á baint as caint na ndaoiní, nó baihua, ins an litríocht comh fada siar leis an tseisiú haois déag, ar a laghad. Glacadh léithi mar guoyu, nó teanga náisiúnta, ins na meáin chumarsáide i dtús na bhfichidí, ach má glacadh, chuaidh a forbairt in abar le linn na gcogaíocha is na dtrioblóidí ins na daicheadaí. Thit sé ar chrann na Síne Cumannaí an dlaíóg mhullaigh a chur ar nua-aoisiú na teangan guoyu; putonghua nó "teanga choitianta" a bheirthear uirthi ins an tSín inniu, ach is rogha le muintir Taiwan agus Singapore an téarma guoyu a úsáid i gcónaí.

Tá an Mhandairínis á saothrú ins na tíortha seo, mar sin, siúd is go bhfuil canúintí eile i bhfad níos láidre i mbéal an phobail iontu, an Chantóinis i Singapore agus an chanúint Min i dTaiwan, áit a bhfuil go leor teangacha neamh-Shíneacha á gcanstan i gcónaí ag bundúchasaigh an oileáin, agus gaol acu leis na teangacha Malae-Pholainéiseacha (ar nós Indinéisis is Malaeis, cuir i gcás). Maidir le Hong Cong, agus í in éis pilleadh ar an tSín le déanaí, is í an Chantóinis an phríomhchanúint ansin, ach tá an Hakka le cluinstint ins an chathair fosta.

Ar ndóighe, nuair a tháinig muintir an Iarthair i dteagmháil leis na Sínigh an chéad uair, agus iad ag iarraidh foghlaim na teangan aistí seo a dhéanamh níos fusa dófa féin, cuireadh an aibítir Iartharach i bhfeidhm ar an tSínis comh maith. Nuair a chuir na hÍosánaigh an chéad mhisiún ar bun ins an tSín ag teannadh anonn ins an tseisiú haois déag, chrom an fear a bhí i gceannas orthu, an tIodálach Matteo Ricci, - chrom sé ar thraslitriú dá chuid féin a sholáthar don tSínis. Tháinig iarrachtaí úra ins na scórthaí ina dhiaidh, áfach. B'é córas T.J. Wade agus H.A. Giles an ceann ba mhó a d'úsáidtí ins an Iarthar lenár linn féin, agus é le h-aithne ar na h-uaschamóga ar lorg ch, p, k agus t le h-análú fuaime a chur in iúl: Teng Hsiao-p'ing, Chiang Ch'ing. Ar na saoltaibh seo, áfach, tá an córas pinyin, traslitriú a cheap na Sínigh féin i ndeireadh na gcaogaidí, ag cur ruaigeadh ar chóras Wade agus Giles ar fud an domhain. Is í an tsainúsáid a bhaintear as q agus x is éagasc do pinyin: Deng Xiaoping, Jiang Qing.

Agus sinn ag tarraingt orainn litríocht na Síne is na Sínise, is dócha gurb ar an fhilíocht a chuala an léitheoir iomrá thar aon rud eile. Má ritheann, níl an mícheart aige; nó is iad na dánta an chuid is suntasaí de litríocht na Sínise Clasaicí.

Tá ár n-eolas ar litríocht na tréimhse is sine sách teoranta, nó dódh leabharlanna na príomhchathrach cúpla uair ins an tríú haois roimh bhreith Chríost - rinne an tImpire Qin Shihuangdi - an fear a chéadcheap an teideal huang di nó "impire" frí dhá fhocal a chiallaíonns "rí" a chur le chéile - rinn an tImpire seo iarracht d'aon tsiúl stair na Síne a thoiseacht as an nua, agus é ag féacháilt leis an nasc lena dtáinig roimhe a scaoileadh ar an nós seo; agus an callán is na cogaíocha cathartha a tharraing an tImpire lena radacachas air, chuir siad deireadh ar an léirscrios. Is iomaí saothar ó thús na staire Síní nach maireann ach ins na tagairtí griogacha a ghní scríbhneoirí níos deireanaí dó.

Le linn Rítheaghlach Zhou (1066 r.Chr? go 221 r.Chr.), an rítheaghlach a tháinig roimh Qin Shihuangdi, a cuireadh tús le litríocht Chlasaiceach na Síne. Nó b'i dtréimhse Zhou a cumadh an Chúigear Chlasaiceach, Wu Jing, ach má cumadh féin, char pronnadh a ngradam clasaiceach go deifnideach orthu ach le linn rítheaghlach Han, nuair a d'éirigh sé coitianta an chúigear seo a chur in eagar mar ábhar teagaisc do scoltacha traenála na státseirbhíseach. Siúd is nárbh é Kongfuzi féin a chum iad, cibé a deir an seanchas traidisiúnta, breathnaítear orthu i gcónaí mar leabhartha canónacha an Khongfuziachais, agus a shliocht sin ar an litríocht tráchtaireachta agus mhíniúcháin a tháinig ar lorg na gcúig leabhar seo: ba dual do lucht na míniúchán léamh nó teagasc Kongfuziachais a aithne ar achan abairt.

Is iad an Chúigear Chlasaiceach ná:

1. Leabhar na gCaochlaíocha nó Yi Jing, a thairgeanns meascra d'fhealsúnacht is d'asarlaíocht. Is minic do lucht na nua-asarlaíochta ins an Iarthar inniu a dhul i muinín Leabhar na gCaochlaíocha - nó I-Ching mar is rogha leofa teideal an tsaothair seo a litriú, ach is é an leabhar céadna é.

2.Leabhar na Staire nó Shu Jing, cineál "foras feasa ar an tSín", an chéad leabhar staraíochta ins an teanga - nó an ceann is sine dá bhfuil againn.

3. Leabhar na nAmhrán nó Shi Jing, diolaim na seanfhilíochta.

4. Leabhar na nGnás nó Li Ji, a bheir cur síos ar dheasghnáthaí na Síne ins an tseanam.

5. An tEarrach is an Fómhar nó Chun Qiu. Annálacha staire atá i gceist leis an cheann seo.

Is í Leabhar na nAmhrán an ceann is tábhachtaí acu mar litríocht. Dealraíonn sé gur amhráin tíre atá i gceist, ach áirítear an diolaim ar na clasaicigh Khongfuziachais, ós rud é go dtearn an fealsamh Kongfuzi féin an dúrud tagairtí daoithi ina chuid scríbhinní, ionas go bhfuil sé éirithe ina sheanchas air gurb é féin a thiomsaigh is a chuir in eagar an duanaire seo; ba chóir gan chreidiúint a thabhairt don chineál seo ráflaíochta. Insítear freisin go mb'iad na státseirbhísigh a chuaidh fá dhéin amhránaíocht tíre le súil a fháil ar mheon is ar intinn na cosmhuintire, agus an scéal seo i bhfad níos inchreidte. Cibé fá sin, cuireadh eagar na Sínise Clasaicí ar na hamhráin tíre ins an díolaim, ach má cuireadh, tá aithne na stíle tíre orthu i gcónaí.

Siúd is gurb iad na hamhráin tíre an chuid is bunúsaí de Leabhar na nAmhrán, tá teacht ansin fosta ar amhráin óil is ragairne de chuid na mionuasal, comh maith le filíocht bolscaireachta ag móradh an rítheaghlaigh agus a chuid buanna ins an chath agus ins an cúirt.

"Amhráin" a bheirthear ar na dánta seo, ach rinneadh dearmad den cheol a bhí ag dul leofa ar dtús, siúd is go bhfuil cuma na hamhránaíochta ar an fhilíocht seo i gcónaí ó thaobh na meadrachta is na rithime de.

Chan fhuil an fiúntas céadna ag baint le Leabhar na gCaochlaíocha, tugtha is uile mar atá lucht na nua-phisreogachta daoithi; nó ar a laghad ar bith is é ar an leabhar áithride seo is fearr is féidir léargas a fháil ar an dóigh ar samhlaíodh leagan amach na hollchruinne do bhunadh na Síne anallód. Tá an foirceadal fá dtaobh den déscarúint uileghabhálach eadar Yin agus Yang, cuir i gcás, ag dul siar a fhad leis an leabhar seo. Bheir teideal an leabhair, Leabhar na gCaochlaíocha, le fios go rabh tuigse dhinimiciúil ar an ollchruinne ag an té a chum: is áit í an ollchruinne ina bhfuil gach rud á shíorathrú agus ag déanamh eadarghníomhaíochta lena thimpeallacht.

Maidir le Shu Jing, Leabhar na Staire, cumadh eadar an t-ochtú agus an tríú haois roimh bhreith Chríost í, ach ins na céadta bliain a tháinig ina dhiaidh sin d'fhuiling sí go mór i lámhaibh na bhfalsaitheoirí a mba nós leofa a gcuid féin a chur leis an leabhar. Is saothar teagascúil í Shu Jing a bhfuil go leor ábhar oifigiúil, ar nós óráidí de chuid an rí agus doiciméid, intiagus an leabhar ag taispeáint an léimh chirt de réir Khongfuzi ar na téacsanna seo is ar na himeachtaí a spreag iad.

Chan fhuil mórán fiúntais liteartha ag roinnt leis an dá chlasaiceach eile den chúigear, nó níl i Li Ji, Leabhar na nGnás, ach catalóg is lámhleabhar na ndeasghnáthaí cúirte, agus maidir le Leabhar an Earraigh is an Fhómhair, is cur síos iontach leadránach é i bhfoirm chroinice ar an tréimhse i stair na Síne a hainmníodh as teideal an leabhair seo: na ríthe beaga i gcúigí éagsúla ag cur cogaidh ar a chéile in éagmhais aon údaráis lárnaigh os a gcionn.

Shílfeá go mbeadh na seanfhealsúna Síneacha i ndiaidh an dúrud leabhartha a chumadh fána gcuid smaoiteachais, ach ní mar a síltear a bítear. Is é Luyu, nó "Na Comhráite", an saothar a thabhaigh a chliú do Khongfuzi (551-479 r. Chr.), agus is díolaim é nár chuir lucht leanstana an fhealsaimh le chéile ach tuilleadh is céad bliain i ndiaidh bhás a máistir, agus is saothar cuibheasach doléite é a bhfuil blas na seanársaíochta air. Rinne Mengzi (372-289 r.Chr.) agus Xunzi (298-238) forbairt agus tráchtaireacht ar shaothar Khongfuzi ina gcuid scríbhinní féin, agus iad ag scríobh i bhfad níos soléite ná an seanmháistir.

Is iomaí scéilín agus comhrádh a d'aithris Mengzi ina shaothar, rud a chuidíonns go mór le lucht a léite; tá Xunzi níos cosúla le scríbhneoir aistí, agus é ag cloí go loighiciúil le haon ábhar amháin in aon phíosa amháin.

Mar sin, is tábhachtaí iad lucht leanstana Khongfuzi ná an fealsamh féin ó thaobh na litríochta de. Scríobh Mozi aon chaibidil déag ar thrí scór d'fhealsúnacht, agus trí cinn déag is dhá scór acu fágtha againn ina dhiaidh. Bhíodh Mozi ag fógairt foirceadal daonlathach síochánta ins an cheathrú haois roimh bhreith Chríost, agus é in ann pobal mór de lucht leanstana a thiomsú ina thimpeall lena linn: bhunaigh sé cineál reiligiúin, ach i ndiaidh chupla céad bliain i mbarr a mhaitheasa chuaidh an Moziachas in éag go sciobtha ar fad. Níltear cinnte an ainm a bhí i "Mozi" ar scor ar bith, nó ciallaíonn an focal féin, mo, "brandáilte", rud a thug ar shaineolaithe áithride a thuairimiú gur sclábhaí a bhí ann agus brandáil na daoirse air: chuirfeadh sin go maith le teagasc daonlathach an mháistir seo.

Níor fhág Mozi a shliocht ar litríocht na Síne: b'iad Mengzi agus Zhuangzi ba mhó a mhúnlaigh an phróslitríocht mhoch ins an teanga. Is cosúil gurb é Laozi agus an díolaim udaí Daodejing (Tao te ching de réir Wade agus Giles) a áirítear ar an chuid is aithnidiúla de thraidisiún an Taochais i measc lucht a leanstana ins na tíortha Iartharacha, ach ins an tSín féin tá i bhfad níos mó tábhachta ag roinnt le díolaim Zhuangzi. Saothar saibhir is eadh é an díolaim seo, lán scéilíní, aoirscéalta, miotaseolaíocht agus scéalta grinn: tá sí ar ceann de na leabhartha is fearr i luathlitríocht na Síne.

Níorbh é an Kongfuziachas an t-aon fhealsúnacht amháin de chuid na luathShíne. Rinneadh tagairt cheana féin don Mhoziachas, siúd is nár mhair sé ach tamall beag dhá chéad bliain (cha rabh ann ach tamall, dáiríribh, i bhfarradh is a bhfuil de stair ag cultúr na Síne!) ach bhí an sruth udaí eile smaoiteachais ann a dtugtar fa jia air. "Dlíthiúlachas" an gnáthaistriúchán ins na teangthacha Iartharacha, ach b'fhearr "reachtachas" nó "achtachas" a thabhairt air. Nó nuair a thráchtanns bunadh an Iarthair ar an "dlithiúlacht", creideann siad go bhfuil an pobal go hiomlánn i dteideal chothrom na Féinne os comhair an dlí agus nach bhfuil sé ceadaithe aon duine a chaitheamh i dtóin phríosúin ach a choir a bheith cruthaithe ins an chúirt, agus áiméar aige a chás féin a léiriú don bhreitheamh roimh an bhreith. Chan ionann seo agus fa jia na Síne, ina gcuirtear an phríomhbhéim ar umhlaíocht is urraim na cosmhuintire don rí, don ríocht agus don reacht. Creideann lucht an fa jia go bhfuil nádúir an duine mallaithe mailíseach, agus dlíthe diana daingne peannaideacha de dhíth le spraic agus brathladh a choinneáil ar an tuatach. Ar ndóighe, tá blas láidir an Mhaiciaivéilleachais ar an iomlán, agus shílfeá ar dtús nach rabh ins an chineál seo "fealsúnachta" ach siocair shuarach bhréagléannta don anlaith is don deachtóir lena thoil a imirt ar an bhochtán is ar an íochtarán go gránna grusach le láimh láidir an airm is na mbaillí. Tá taobh eile ar an tseith seo, áfach, is é sin, an t-éileamh chun na dlíthe a chódú de réir córais loighiciúil, i gcruth is go mb'fhéidir leis an ghnáthdhuine an chóir a choinneáil agus an t-olc a sheachaint - go dtiocfadh a bheith i muinín an dlí. Thairis sin, bhí lucht an fa jia barúlach nach mbeadh de dhíth pionóis a ghearradh ar na ciontóirí go rómhinic dá mbeadh na dlíthe sách dian leis na coirpigh incheaptha a imeaglú ón choir roimh ré. Cuireadh an bhéim chéadna ar luach cheart an deashaothair agus déine an phionóis: dá rachfaí thar fóir leis na pionóis d'aonturas, níor chóir aon cheacharthacht a chleachtadh i dtaobh lucht na suáilcí ná na n-oibríonna fónta ach an oiread. Mar sin, cuireadh de dhualgas ar an rí mhaith a dháighe is a dhéine a chothromú frína ndúthracht a chúitiú go fial flaithiúil leis na géilsinigh dhílse.

B'é Hanfeizi an príomhshaothar litríochta (agus é ainmnithe as an té a chum é, mar ba ghnách ins an am sin) a d'eascair ón fa jia, agus é ag tairgsint go leor scéilíní teagascúla le smaoiteachas seo na péindlíthiúlachta a chur ar a shúile don léitheoir. Deirtear gur stadaire a bhí i Hanfeizi féin, agus é náirithe os comhair an tsaoil mhóir ag an chiothram teangan seo: duine mí-ádhúil a bhí ann gan aon agó, nó b'é deireadh an scéil gur chuir sé lámh ina bhás féin. b'fhéidir gur le teann fonn sásaimh a bhaint as an tsaol, mar chineál fantaisíocht díoltais, a chum sé a chuid scríbhinní fán dianrialtas anlathach mar phatrún aithrise.

Díolaim thábhachtach eile próis is eadh é Lüshi chunqiu nó Earrach is Fómhar an Uasail Lü: b'é fear a heagair, Lü Buwei, a d'fhág a shloinneadh ar an diolaim nuair a foilsíodh ins an bhliain 240 roimh bhreith Chríost í an chéad uair riamh. Cur síos atá ann ar scoltacha éagsúla fealsúnachta ins an tSín, agus go leor seanchais is béaloideasa measctha fríthi. Díol suime atá ann thar an chuid is mó de luathphrós na Sínise, a deir lucht taighde na sean-nósanna.

Rinneadh tagairt cheana do Leabhar na nAmhrán, ach tá teacht ar luathdhiolaim amhránaíochta nó filíochta eile agus í ar a lán bealtaí bunoscionn le Leabhar na nAmhrán. I dTuaisceart na Síne a cumadh filíocht Leabhar na nAmhrán; aneas a tháinig an ceann eile seo. Filíocht "dílseoireachta" a bhí ins an chuid pholaitiúil de Leabhar na nAmhrán; an ceann eile seo, áfach, is minic dó caitheamh anuas ar lobhadas agus ar éagóir lucht an rialtais. Tá cineál éadóchas nó duarcántacht rómánsúil ag roinnt le filíocht an darna ceann seo, agus í go mion minic ag trácht ar scabadh na sochaí is ar an ainriail, ar na cogaíocha a bheith ag streachailt is ag réabadh an tsaoil shibhialta as a chéile. Thairis sin, tá blas de reiligiún seamanach, deamhandhíbearthach an Deiscirt le haithne go forleathan ar na hamhráin seo. Chu ci nó Amhráin Chu is teideal don bhailiúchán seo. Ceann de na Cúigí Cathacha ins an Deisceart ab eadh é Chu: bhí ríthe beaga na gcúigí seo ag cur cogaidh ar a chéile ón bhliain 400 r. Chr. anuas, agus a shliocht sin ar na hamhráin seo, nó cumadh eadar an bhliain 300 agus an bhliain 200 r. Chr. iad, agus an chogaíocht ag fágáilt drochbhail bhocht ar an cheantar is a mhuintir.

Nuair a chuir rítheaglach Han clabhsúr ar na cathanna seo fán bhliain 200 r. Chr., tháinig ordú agus eagar úr ar an litríocht féin, agus na gnéithe difriúla scríbhneoireachta ag fás as a chéile. Mar a chonaic muid cheana, ba diolaimí agus boilg sholáthair iad na chéad saothair thábhachtacha i stair na Sínise, nár aithin thar a chéile an staraíocht, an scéilín béaloideasa agus an scéal úrchumtha.

B'iad Sima Tan agus Sima Qian, athair agus a mhac, a chuir tús nua leis an staraíocht ins an tSín fán am seo leis an mhórshaothar udaí Shi Ji, "Nótaí Staraíochta", ar chuir Sima Qian deireadh air fán bhliain 85 r. Chr. Tá cúig rannóg i Shi Ji agus a ghné litríochta féin ag baint le gach ceann acu...