Rúisis, Cuid a Ceathair

Pill ar ais

Soloiveov, ar lean

Fuair Soloiveov an chéad spreagadh dá fhealsúnacht ó na Slavaifíligh, ach de réir a chéile d'éirigh sé drochamhrasach ina dtaoibh siúd. Tuigeadh dó nach rabh ina gcuid smaoiteachais ach duilleog fíge lena ndúchas impiriúlach, éadulangach, náisiúnaíoch, seoibhineach a cheilt. Ansin thréig sé iad agus chuaidh a spallaíocht leis an Eaglais Chaitliceach, agus é ag brionglóidigh fá olleaglais athaontaithe na gCríostaithe ina mbeadh an Caitliceach, an tOrtadocsach agus an Protastúnach ag géilleadh an oiread chéadna dá chéile.

Chan misticeoir creidimh amháin a bhí ann, mar Sholoiveov. Nó nuair a bhí éadoimhne agus fímínteacht na Slavaifíleach tuigthe aige, d'iompaigh sé go fíochmhar ina n-éadan. Chuir sé cath i ndiaidh catha orthu agus ar an tseoibhineachas náisiúnta a léirigh an Sár agus an Rialtas faoina dtionchar. Thabhaigh sé ardmheas ó na ciorcail liobrálacha go deo lena chuid scríbhinní conspóidíochta. Fuair sé locht ar na liobrálaigh freisin, áfach, agus iad comh doirte sin don ábharachas. Mar a chonaic muid, ba idéalaí go smior é Soloiveov, agus é ag tabhairt creidiúint neamhscéipteach ar fad don tsaol eile mar áit choincréiteach.

Thuirsigh Soloiveov é féin go héag lena chuid aislingíochta, agus thug sé aghaidh ar an áit choincréiteach sin eile in Iúil na bliana 1900. D'fhág sé an-chumha ina dhiaidh, nó ba duine dodhearmadta é ar go leor bealtaí, lán paradacsaí agus codarsnachtaí. Fear reiligiúnda ab eadh é agus féith an ghrinn chiniciúil ann; fear diantréanach ab eadh é agus féith an gheilt ghnéis ann; fear cóir cothrom lán trócaire ab eadh é a bhí in ann a chéile conspóide a léirscrios go cruálach lena chuid Rúisise mionchruinne ardstílithe gan a chloigeann a bhuaireamh le cothrom na Féinne. Má bhí urraim is ómós ag na daoiní dó, caithfidh sé go rabh scáth eagla orthu roimhe comh maith. Fórsa nádúrtha i gclí dhaonna a bhí ann, mar Sholoiveov; is deacair a shamhailt go dtiocfadh lena leathbhreac a theacht ar an fhód in aon tír eile. Ón taoibh eile de, ní mór Soloiveov a áireamh ar phlúr fear na Rúise mar scríbhneoir is mar chonspóidí.

Antón Tséachóv

Chan fhuil fágtha de na Clasaicigh, anois, ach Antón Pavloivits Tséachov (1860-1904). Saolaíodh i dTaganróg é i nDeisceart na Rúise (nó ins an Úcráin, le bheith beacht), agus fuair sé oideachas meánscoile, siúd is nach rabh a athair ina shuí go seascair ar aon nós. Déanta na fírinne, ón chéad lá a thoisigh an scríbhneoir a shaothrú go maith ar a chuid saothar, b'éigean dósan an biadh a choinneáil lena mhuintir, seachas a mhalairt. Chrom sé ar a chuid sceitseanna greannmhara a fhoilsiú agus é ag staidéar míocháine go fóill in Ollscoil Mhoscó. B'iad na hirisí magaidh a d'fhoilsíodh saothair leis ins an am sin. Nuair a cuireadh an chéad bhailiúchán acu i gcló, tarraingíodh súil na mboc mór i saol na litríochta i leith mo dhuine, agus fuair sé gnáthspás dó féin ar leathanaigh an nuachtáin choimeádaigh udaí Novoye Vremya ("An Aois Nua"). B'ansin a tháinig cuid mhór dá ghearrscéalta amach an chéad uair.

Ins na 1880idí a chrom Tséachov ar dhrámadóireacht: stáitsíodh an chéad leagan dá dhráma Íobhánov i Moscó ins an bhliain 1887. Bhí an t-údar an-mhíshásta leis an léiriú, áfach, gan aon trácht a dhéanamh ar an iliomad locht a fuair sé ar a théacs féin fán am seo. Bhí sé le bail nua a chur ar an dráma uair i ndiaidh uaire, go dtí nár fágadh mórán den chéad déanamh le haithne ar an "Íobhánov" a cuireadh i gcló in eagrán dheifnideach a chuid saothar.

Cupla bliain ina dhiaidh sin thug Tséachov aghaidh ar Oileán Sachailín i gCian-Oirthear na Rúise, ag críochantacht leis an tSeapáin. Bhreac sé ar pár nótaí taistil a foilsíodh mar leabhar ins an bhliain 1891. Ós rud é gur coilíneacht bhraighdeanais is dhaorbhroide a bhí i Sachailín ins an am, agus Tséachov ina dhochtúir oilte leighis, ní díol iontais é go dtug sé tuairisc mhionchruinn ar thoscaí slandála an tsaoil ansin, agus an oiread sin saineolais mar thaca lena chuid tuairimí is gur spreagadh na húdaráis féin chun feabhas ínteacht a chur ar chás na bpríosúnach.

I dtús na nóchaidí a cheannaigh Tséachov eastát i Meilíochovo, píosa maith ó dheas de Mhoscó, agus chuir faoi ansin in éineacht lena mhuintir. Thoisigh a chréachta a luí go trom air ag druidim le deireadh na nóchaidí, agus b'éigean dó bogadh go hIálta i ndeisceart na hÚcráine. Fán am chéadna fuair sé aithne ar Chonstaintín Stainioslavscaí, an t-amharclannaí mór a bhí le traidisiún aisteoireachta dá chuid féin a bhunú ins an Rúis. Bhí an fear seo i gceannas ar Amharclann Ealaíonta Mhoscó, agus é in ann Tséachov a shásamh mar gheall ar léiriú a chuid drámaí. Nuair a rinne an compántas praiseach de Íobhánov Tséachov, bhí an scríbhneoir ar tí an leabhar a thabhairt nach gcumfadh sé aon dráma eile feasta, ach d'éirigh le Stainioslavscaí malairt chomhairle a chur ar mo dhuine. Bhí toradh maith ar an chomhobair seo, nó bhreac Tséachov síos dráma i ndiaidh dráma, agus na drámaí seo ag imeacht go seoigh ar fad faoi stiúrthóireacht eolach uaillmhianach Stainioslavscaí: bhí na breathnadóirí ag plodú isteach ina slóite síoraí, agus ainm an scríbhneora i mbéal gach aon duine acu. B'é Chayka/An Faoileán (1898) an chéad cheann de na drámaí a stáitsigh amharclann Stainioslavscaí; ina dhiaidh sin tháinig Dyadya Vanya/An tUncail Vainia (1900), Tri sestry/Triúr Deirféarach (1901), agus Vishnyovyi sad/Gairdín na Silíní (1904).

Nuair a chuir Tséachov a chroí isteach i gcúrsaí na hamharclainne seo, d'athraigh a dhearcadh polaitíochta faoi thionchar a foirne: chuaidh sé leis na radacaigh, agus é ag tabhairt droim láimhe le cuid dá sheanchairde a rabh tuairimí coimeádacha acu. Mar shampla, frithghníomhach agus coimeádach impiriúlach a bhí i Subhóirín, an chéad mhórfhoilsitheoir a chuir i gcló saothar leis an údar, agus ní shamhlófá a mhalairt de mhanadh le searbhónta díleas an tSáir. D'éirigh buanchointinn eadar eisean agus Tséachov fá scéal Dreyfus a bhí ina chnámh spairne eadar na liobrálaigh is na coimeádaigh ar fud na hEorpa ins am am seo. Giúdach a bhí i nDreyfus a bhí ina oifigeach in Arm na Fraince: bhí sé caite i dtóin phríosúin, agus spíodóireacht curtha ina leith go héagórach, ar chúiseanna ciníochais amháin. Rinne intleachtóirí na hEorpa ar fad siombail de Dhreyfus i dtús na fichiú haoise, agus iad ag cur catha ar an fhrithGhiúdachas; ceist ardtráthúil a bhí ann sa Rúis féin.

Ins an bhliain 1901 phós Tséachov aisteoir mná de chuid Stainioslavscaí, bean de phór na Gearmáine: Olga Leonardovna Knipper. Tá an chuma ar an scéal go rabh sé iontach doirte daoithi. Ar mhí-ámharaí an tsaoil chuaigh galar a scamhán chun donais air, ionas nach rabh sé in ann Ialta a fhágáilt a thuilleadh; ón taoibh eile de, níor theastaigh uaidh cur isteach ar obair aisteoireachta a mhná, agus í ag déanamh páirteanna i ndrámaí de chuid a fir chéile i Moscó. Mar sin, b'éigean dófa an chuid ba mhó dá saol pósta a chaitheamh scartha ó chéile.

Ins an bhliain 1904 chuaigh Tséachov go Badenweiler ins an Ghearmáin ar lorg bisigh, agus é comh cráite ag an chréachta agus nach rabh sé in inmhe mórán eile a threabhadh leis. Shíothlaigh sé go sciobtha i ndiaidh dó ceann a scríbe a bhaint amach.

Is é is ábhar don chuid is apaí de scéalta mo dhuine ná comh dona is a thig leis na daoiní a chéile a thuigbheáil, agus é ag cur an téama seo in iúl ar bhealach chiúin thruamhéileach gan aon challán a tharraingt chuige, i gcruth is go bhfágtar faoin léitheoir féin méid na traigéide a oibriú amach ar a leontaí féin mar chonclúid as na leideanna a bheirthear dó in imeachtaí an scéil. Níl mórán pearsantachta ag a chuid pearsana, áfach, agus is é seo an chuid is coscartha den traigéid: siúd is nach bhfuil na daoiní comh h-éagsúil le chéile is a bíos siad ar an fhíor-shaol taobh amuigh de dhomhan samhlaitheach na litríochta, cha dtig leofa adhmad a dhéanamh de smaoitíocha a chéile ná cruachás a chéile a aithne.

B'é Tséachov an clasaiceach deireannach, mar a h-úradh nuair a fuair sé bás, ach ar ndóighe, níorbh eisean an scríbhneoir deireannach ins an teanga, a mhalairt ar fad. Nó siúd is go mb'éigean do litríocht na Rúise streachailt léithi fríd achan chineál cruatan, eadar réabhlóid agus an scoilt pholaitiúil is na faltanais ina diaidh, eadar champaí géibhinn na Sibíre agus champaí géibhinn na Naitsithe a rinne ionradh ar an Rúis Shóibhéadaigh sa bhliain 1941, gan aon tagairt a dhéanamh do n ainriail a chuir an tsochaí ó rath le teacht an chaipitleachais i ndéagaí is ceaithre scór na fíchiú haoise - char chaith bunadh na Rúise an peann uathu. Déanta na fírinne, má bhí cuma áithrid polaiteora ar an scríbhneoir ins an Rúis riamh, ba tréimhse í an fhichiú haois inar gaireadh "malairt Rialtais" de, mar scríbhneoir. Agus nuair nach rabh aon ruspa ag an rialtas ansmachtúil leis an darna rogha seo, chan ionadh é gurb iomaí scríbhneoir a cuireadh chun báis, a caitheadh i dtóin phríosúin nó a cuireadh an loch amach.

Fin de Siecle - Casadh an Chéid

Cuid lárnach is eadh iad de stáitse Tséachov na hintleachtóirí agus iad i gcónaí ag cur ceisteanna orthu féin fá dtaobh den bhail a thiocfas ar an Rúis i gceann tríocha nó caoga bliain. Sin é an manadh ar a dtugtar fin de siècle as Fraincis - meon chasadh an chéid, meon na bliana 1900: deireadh ré is eadh é deireadh na haoise. Siúd is go rabh go leor éagóra is cruatan ag baint leis an naoú haois déag féin, ba tréimhse dhea-dhóchasach í ar go leor bealtaí, agus cuma úr ag teacht ar an tsochaí ins an Rúis comh maith leis an Eoraip ar fad. Cuireadh an seirfeachas (krepostnoye pravo nó "dlí an chaisleáin") ar ceal ins an Rúis, mar shamplam agus má theann an Sár a ghreim ar an tír, bhíthear suaimhneach, nó bhí sé feicthe cheana féin go mba dual dó tuilleadh scóid a thabhairt i gceann tamaill bhig eile. Dhá chéim ar aghaidh, aon chéin ar gcúl - sin aon chéim ar aghaidh, glan.

Ins an am chéadna, áfach, ba léir go rabh míshástacht agus éagóir ag cothú faltanais is binbe i measc na ndreamanna faoi leatrom, agus an t-amhras ag teacht ar go leor de na daoiní eile féin fá dtaobh d'ábaltacht an stáit Impiriúil an buama áithrid seo a chur ó urchóid roimh a phléascadh. Scríobh Soloiveov féin fá dtaobh den "Phan-Mhongólachas", agus é ag tagairt do chaithréim olltubaisteach an dorchadais intinne, do léirscrios na sibhialtachta is na sofaisticiúlachta faoi ionsaí na brúidiúlachta loime; fuarthas an smaoitiú céadna i bhfealsúnacht Niocoláigh Fiódorov ("Fealsúnacht na Comhchúise"/Filozofiya obshchego dela, 1906-1913).

Ar ndóighe, bhí go leor den eagla seo spreagtha ag an tSóisialachas agus é ag éirí faisiúnta ins an Rúis; forbraíodh go leor seicteacha aistíocha sóisialacha a rabh smaoitíocha Útóipeacha den chineál is míréasúnta á gcur chun cinn acu, comh maith le moltaí sách praiticiúla ó am go ham, ach níor dual dá gcuid naimhde an dá chuid a aithne thar a chéile. Ar eagla go rachfadh tuar faoi na tairngreachtaí ba duairce fá dtaobh de thodhchaí na Rúise, d'fhás gluaiseachtaí ní ba mheasartha freisin agus iad ag cur rompu an tsochaí a leasú is a athnuachan ar bhealach shíochánta Chríostúil, ar nós lucht leanstana Tholstóigh. Rinneadh iarrachtaí fosta an Sóisialachas a phósadh leis an Chríostaíocht, ionas nach bhféadfaí diúltú dó a thuilleadh ar chúiseanna reiligiúnda. Níor thoiligh lucht ceannais an pháirtí Dhaonsóisialaigh leis na hiarrachtaí seo, áfach, agus iad ar dhóigh dháigh dhogmatúil chatagóireach in éadan an reiligiúin mar reiligiún - mar is eol dúinn, b'iad Boilséivicigh Léinín a fuair an lámh in uachtar ar an pháirtí seo sa deireadh thiar thall, agus tá a fhios againn a ndearcadh siúd ar chúrsaí an chreidimh agus ar pháirt an chreidimh ins an tsaol phoiblí.

Caithfear a rádh gur mór millteanach an truaighe é gurb é an cineál seo sóisialachais - an cineál righin frithreiligiúnda - a bhain an chraobh. Nó dá n-éiríodh leis na gluaiseachtaí sóisialacha reiligiúnda a dhul i bhfeidhm ar an tsochaí Rúisigh go forleathan, is dócha go seachnóchthaí an léirscrios agus an t-éirleach a rinne Léinín agus Stailín leis an tsiabhrán a bhí orthu "naimhde aicmeacha" a aithne anseo agus ansiúd ar chúiseanna na teoirice amháin. Ba mhór an t-áiméar é an sóisialachas Críostaí nár tapaíodh riamh.

Aindréigh Béalaoi

Cibé scéal é, bhí an t-aer féin trom torrach le smaoiteachas úr agus le héiginnteacht i leith na todhchaí "i gcomhrac an dá aois", mar a chuir an file nua-aimseartha Aindréigh Béalaoi/Andrey Belyi i bhfoclaibh é. Bhí Béalaoi - nó Boiríos Bugaighéav/Boris Bugayev, lena cheartainm a thabhairt air - ar duine acu siúd ba mhó a chuidigh le litríocht na Rúise a thabhairt chun nua-aoiseachais - lucht an tSiombaileachais. Mhair Béalaoi ón bhliain 1880 go 1935, agus b'éigean dó deireadh a shaoil a chaitheamh ar deoraíocht tar éis do na Boilséivicigh an chumhacht a fhorghabháil. Is é Peterburg (Cathair Naomh Peadair) an t-úrscéal is cáiliúla le Béalaoi, agus é gan ach trí bliana déag is fiche d'aois nuair a chum sé é. Tá imeachtaí an úrscéil suite ins an bhliain 1905, nuair a bhain na Rúisigh an chéad triail as an réabhlóid. Is iad an Seanadóir Aibléúchov agus a mhac an dá mhol a gcastar fearsaid an úrscéil eatarthu: an tseanRúis agus an saol nua ag teacht i gcrann, an tseanbhunaíocht agus glúin na ceannairce. Tá gach ábhar diospóireachta agus conspóide dá rabh eadar chamánaibh le fáil ins an imeartas eadar an bheirt seo; ach ina dhiaidh sin féin, chan aon duine acu sin atá ag déanamh na príomhpháirte, ach an chathair féin - Cathair Naomh Peadair, iar-phríomhchathair na Rúise eadar an Fhionlainn agus an Eastóin i dtóin Mhurascaill na Fionlainne.

I dtús an úrscéil bheir Béalaoi uaidh óráid mholta na cathrach: scigaithris ar reitric ardnósach an tírghráidh oifigiúil atá i gceist leis an chuid is mó daoithi, agus cuma na stadaireachta uirthi, i gcruth is go mbeadh ag cliseadh ar an óráidí cloí leis an ghnáthloighic ina ráiteas. Ag druidim le deireadh na hóráide seo, áfach, cuireann sé caol air, agus mar sin éiríonn leis na focail cháiliúla seo a rádh linn:

Mura bhfuil Cathair Naomh Peadair ina príomhchathair, níl sí ann ar scor ar bith. Níl ach a chuma uirthi.

Dealraíonn sé go rabh mo dhuine lom dáiríribh fá dtaobh den tsliocht áithride seo ar a laghad ar bith, nó níl sé as cosán ar aon nós cineál Uiliséas a aithne ins an tsaothar seo, Uiliséas agus é suite i gCathair Naomh Peadair. Tá druagántacht ag roinnt le sráideanna na cathrach agus lena dinnseanchas, díreach mar a bhíodh ag an Úcráineach Gógoil agus é ag cumadh gearrscéalta ina lá féin fán tsaol ins an chathair shaorga thuaisceartach seo ina bhféadfadh na rudaí ab éadóchúla a thitim amach, dar leis.

Téamaí tábhachtacha iad i bPeterburg an comhrac eadar an tIarthar is an tOirthear, eadar an dá haois, eadar an tsean agus an nua, an réaltacht is an fhantaisíocht; agus d'fhéadfá a rádh go bhfuil na téamaí seo uilig ag dul frí shaothar iomlán mo dhuine. Fear géarchéime agus críochantaíochta a bhí ann mar Bhéalaoi, agus é meabhrach ann riamh go rabh sé ag mairstint frí thréimhse mhór na n-athruithe is na n-aistrithe thar aon rud eile.

Rinne Béalaoi iarrachtaí áithride fosta teoiricí an tsiombaileachais a bhreacadh ar pár, ach níl mórán ráchairte ar na scríbhinní seo i measc lucht an tsaineolais féin inniu, ó bhí an fear féin ní ba mhó ná a chuid fealsúnachta: cha rabh a chuid saothar i gcónaí ag cloí leis na hidéanna a bhí sé a chraobhscaoileadh mar phatrún do na scríbhneoirí. Le léargas cuimsitheach a fháil ar fhorbairt an nua-aoiseachais is an tsiombaileachais ins an Rúis is mó i bhfad is fiú súil a chaitheamh ar a chéad shaothar thrialach thurgnamhach, mar atá, na "siansaí próis", a rabh na habairtí uimhrithe iontu agus iad faoi inneall ina gcineál ceathrúna. Bhí Béalaoi ag iarraidh an rithim a thabhairt isteach ins an phrós, nuair ba mhinicí do na scríbhneoirí nua-aimseartha a bheith ag féacháilt leis an rím agus an rithim a ruaigeadh as an fhilíocht líriciúil féin. Thairis sin, ar ndóighe, chum sé sraith ínteacht úrscéalta, agus blas na dírbheathaisnéise ar go leor acu; scríobh sé lear maith dánta fós, ach is iad "Peterburg" agus a chuid scríbhinní glan-dírbheathaisnéisiúla a thabhaigh a bhuanchliú dó. Bhí aithne air ag a chuid carad mar fhear mór rince, nó shantaíodh sé an chríochnaitheacht agus an tsnastacht a shamhlaíodh sé leis an damhsa, agus theastaigh uaidh an áilleacht ghlan seo a athchruthú ina chuid scríbhinní. Ina dhiaidh sin, cuirtear ina leith i gcónaí gur fháisc sé an teanga as a riocht ina chuid dánta ach go h-áithrid; agus tá cineál scáfaireacht dhoiléir le h-aithne ar atmaisféar "Pheterburg", nó uaireanta cuireann sé sonrú comh mionchruinn i rudaí nithiúla, ar nós an troscáin, agus gur dóigh leis an léitheoir gach cupard nó caibinéad cáipéisí a bheith ar barr lasrach.

Búinín

Is é an tátal a bhain mé as ar léigh mé i dtaoibh Bhéalaoi ná gur aeistéiticeoir amach is amach a bhí ann nach mbuairfeadh a chloigeann mórán thar an riachtanas le cúrsaí polaitíochta. A mhalairt ar fad a bhí fíor fá dtaobh d'Íobhán Ailéisighéibhits Búinín (Ivan Alexeyevitch Bunin, 1870-1953).

Aonarán a bhí i mBúinín nár bhain le haon scoil scríbhneoireachta ar leith, siúd is gur éirigh leis an-ghradam a bhaint amach mar dhuine acu seo a chuir bun leis an nua-aoiseachas i litríocht na Rúisise. Bhí pór uasal ann, ach níorbh ionann sin agus é a bheith ina shuí go sócúil ó thaoibh na maoine saolta de, nó bhí a mhuintir i ndiaidh a gcuid a chur amú go héadromchroíoch, agus Búinín féin i dtuilleamaí dhéirc a dhearthára le h-oideachas a fháil. Tá sé follasach go gcothaíonn a leathbhreac de chruachás a shainchineál féin de dhuine, agus níor thaise do Bhúinín é: ar nós na n-uasal bocht uilig bhí seisean barúlach go rabh níos mó de shó an tsaoil dlíte dó ná an beagán a fuair sé (nó an beagán a gheobhadh sé - b'fhéidir nach mbíonn sásamh a leithéide le fáil ar an tsaol seo, agus é ag éileamh tuilleadh cuma cá mhéad a gheibheanns sé). Ó ba rud é, áfach, go rabh greim an fhir bháite aige ar an t-aon oidhríocht amháin a bhí aige óna chuid sinsear - meon frithdhaonlathach an tseantiarna, dímheas ar an daoscarshlua, odi profanum vulgus et arceo mar a d'úirt duine de sheanscríbhneoirí na Róimhe ("is fuath liom iad an daoscarshlua, agus mise ar mo dhícheall á sheachaint") - cha rabh sé in ann taobhú le haon dream liobrálach, leasaitheach ná forásach. Dealraíonn sé, fiú, go mba dóigh leis nach rabh ins na h-iarrachtaí chun cás na mbocht a fheabhsú ach na bligeaird sráide gan léann gan Bhéarla...is é sin, gan léann gan Fhraincis, ós ins an Rúis atáimid...is é sin, dealraíonn sé nach rabh ins na hiarrachtaí chun an tsochaí a leasú ar mhaithe leis na bochtáin, dar le mo dhuine, ach na bligeaird sráide ag síneadh a méara santacha i ndiaidh a rabh dlíte ag a mhórgacht uasal féin ón tsaol.

Ina óige dó chaith Búinín seal ina leabharlannaí, seal ina státseirbhíseach agus seal ina iriseoir, gan trácht a dhéanamh ar na jabanna eile. Ní rabh an chéad scór bliain slán aige nuair a cuireadh saothar leis i gcló an chéad uair riamh. B'é adhradh na nádúra ba chroí dá chuid véarsaí, agus é tugtha do theanga agus do stíl an bhéaloideasa, rud is deacair a shamhlú le duine comh huaslathach, comh scothaicmiúil le Búinín. Thairis sin, áfach, ba ghnách dó ábhair mheitifisiciúla, eiseacha, onteolaíocha a chardáil - nó bhí saoldearcadh pandiach aige, is é sin, chomhionannaigh sé Dia leis an ollchruinne, agus aithne an Taochais Shínigh ar a smaoiteachas.

Ba aistritheoir tábhachtach é Búinín freisin, nó b'eisean a chuir Rúisis ar Hiawatha an Mheiriceánaigh Longfellow, comh maith le go leor filíocht Bhéarla eile, gan aon trácht a dhéanamh ar rí-éigeas na Polainne Adam Mickiewicz agus cupla file eile ón tír chéadna.

Caithfear a rádh, áfach, go mb'iad a chuid gearrscéalta a chinntigh a chliú dó. Chaith sé i leataoibh coinbhinsiúin na scéalaíochta agus é ag ligean scóid leis an chomhcheangal smaoitíoch in áit na himeachtaí a ríomh ó thús deiridh mar a thit siad amach: chuirfeadh an modh scríbhneoireachta seo Marcel Proust i gcuimhne duit, ach amháin gur tharraing Búinín air é i bhfad roimh Phroust.

Lena cheart a thabhairt do Bhúinín, cha rabh sé bodhar go hiomlán ar an daonnachtúlacht ná ar nóisiún an chomhbhráithreachais dhaonna, a mhalairt ar fad. Fealsúnacht chomhionannais is eadh é an Taochas a rabh an oiread sin tionchair aige ar mo dhuine, agus é ag cur béim ar leith ar comh cosúil agus atá na neacha beo le chéile ó thaobh a gcomhdhúchais de. Ach nuair a phléasc trioblóidí na réabhlóide amach ins an Rúis sa bhliain 1917, tháinig samhnas agus tarraingt orla, taghd agus tallann feirge ar mo dhuine lena rabh ag titim amach ina thimpeall. Dealraíonn sé nach rabh sé ródhoirte don fhíor-réabhlóid dhaonlathach in earrach na bliana corraí udaí, is é sin, Réabhlóid na Féile Bríde, a chuir Aileacsandar Ceireinscí agus a Rialtas sealadach i gceannas ar an tír. Ach nuair a ruaig Léinín Ceireinscí i Mí na Samhna, bhí an domhan is a mháthair curtha ó rath go deo, dar le Búinín. Tá a chuid barúlacha i leith na mBoilséiviceach le fáil ins an chín lae a choinníodh sé le linn na Réabhlóide, Okayannye dni ("Na Laetha Mallaithe"), agus taispeánann teideal na dialainne féin an oiread binbe agus a d'éirigh leis a fháscadh isteach ins an leabhar sách beag seo.

Bhí an-pháirt ag an anghrádh i scéalta próis Bhúinín, go h-áithrid ins an úrscéal leath-dhírbheathaisnéisiúil Zhizn' Arsenyeva ("Saol Airséineav") a thabhaigh Duais Nobel do mo dhuine. Is minic a chuireanns sé an grádh collaí is an bás i gcomparáid le chéile mar fhórsaí eilimintiúla, nó a bheir sé cur síos ar ragús collaí an fhir óig mar mheafar ar an chíocras a bíos ar dhaoiní óga saol dá gcuid féin a bhaint amach is a chur ar bun dófa.

Dian daingean is mar a bhí mo dhuine in éadan an Chumannachais, ba Rúiseach é Búinín, agus é ag géilliúint do thnúthán an dúchais ag druidim le deireadh a shaoil dó, ionas gur thoisigh sé a chaint ar cuairt a thabhairt ar an Rúis Shóibhéadach. Char chuir sé beart leis an bhriathar choíche, áfach: b'é an cogadh eadar an Ghearmáin agus an tAontas Sóibhéadach a stop é go bunúsach.

Meiréizcovscaí agus Gippius

Scríbhneoirí tábhachtacha lena linn féin ab eadh iad Dmitrí Seirgéigheivits Meiréizcovscaí (Dmitriy Sergeyevitch Merezhkovsky, 1866-1941) agus Zíonaíoda Niocoláigheavna Gippius (Zinaida Nikolayevna Gippius, 1869-1945) a mba lánúin phósta iad. Ba chriticeoir, file, scríbhneoir próis agus drámadóir é Meiréizcovscaí a bhain cliú is cáil eadarnáisiúnta amach go h-áithrid le prós is le drámaí fá dtaobh d'imeachtaí agus pearsana stairiúla. Bhí sé tugtha do rúndiamhróireacht reiligiúnda ar nós Soloiveov. Siúd is gur ceannródaí siombaileachais agus nua-aoiseachais a bhí ann i litríocht na Rúise, chuir sé barraíocht béime, b'fhéidir, ar sholéiteacht is ar shothuigtheacht na siombailí is na gcomharthaí, ionas nach féidir le léitheoir cleachta ár lae féin mórán suilt ardealaíonta a bhaint as a chuid saothar. Tá sé rófhurast ag léitheoir na hardlitríochta, agus é ró-nua-aoiseach, ródhoiléir ins an am chéadna ag léitheoir na litríochta réadúla. Is iad na h-úrscéalta móra stairiúla an chuid is tábhachtaí, nó is inléite, de shaothar Mheiréizcovscaí inniu: an tríológ udaí Críost agus Ainchríost a foilsíodh thart fá chasadh an chéid: Smert' bogov - Iulian Otspustnik ("Bás na nDéithe - Iúilian Séantach"), nó scéal Iúiliain Shéantaigh, an Impire Rómhánaigh a tháinig i gcumhacht i ndiaidh Chonstaintín Mhóir, an chéad Impire Chriostaí, agus a rinne iarracht éirí as an Chríostaíocht agus an tseanPhágántacht a thabhairt isteach athuair mar chreideamh oifigiúil na Róimhe; Vosskresshie bogi - Leonardo da Vinci ("Aiséirí na nDéithe - Leonardo da Vinci") agus Antixrist - Petr i Aleksey ("Ainchríost - Piotr agus Aileicséigh"), comh maith leis an dá úrscéal a d'fhoilsigh sé níos déanaí, i mbliantaibh an chéad chogadh domhanda: Aleksandr Pervyi ("An tImpire Alastair a hAon") agus Chetyrnadtsatyi dekabrya (An Ceathrú Lá Déag de Mhí na Nollag") - bhí sé ag cardáil éirí amach na nDeiceaibristithe nó Lucht Mhí na Nollag.

Dealraíonn sé nár scríobh an t-údar seo aon rud fónta i ndiaidh dó teitheadh ón réabhlóid, ach oiread lena mhnaoi. Ar nós Bhúinín bhí an dís seo comh lán nimhe i dtaoibh na réabhlóide is na mBoilséiveach agus gur cuireadh a gcuid scríbhinní ó mhaith. Maidir le líricí Gippius, bhí siad ag cur thar maoil le paisiún reiligiúnda agus leis an draíocht a chuir eadar Dhia agus an diabhal ar an údar. Bhí an cineál seo "nuachríostúlachais" ag baint le faisiún na Rúise i dtús na fichiú haoise, ach is deacair a rádh an iomaí duine a gheobhadh aon bhlas ar dhánta an fhile inniu. Is iad na dialanna agus na litreacha is mó is fiú dúinn a léamh inniu, dá bhfuil scríofa ag Gippius.

Ar aghaidh