Pill ar ais

Óna dhéagaí i leith bhí Léarmontov ag scríobh filíocht faoi anáil an Tiarna Byron, mar ba dual do Rúisigh óga na linne agus uaillmhian scríbhneoireachta acu. Nuair a fuair Púiscín bás, baineadh geit as Léarmontov, agus scríobh sé dán a rabh blas na ceannairce air, agus é ag mallachtaigh lucht na cúirte impiriúla as an dóigh ar cheadaigh siad do "stráinséir" file náisiúnta na tíre a mharbhadh. Chuir an dán corraí feirge ar an tSár féin, agus cuireadh dlí an chogaidh ar Léarmontov: caitheadh amach as gardaí an pháláis é, agus díbríodh go dtí na Sléibhte Cugasacha é.

Níor chaith sé ach bliain ansin, nó fuair sé pardún go luath agus glacadh leis aríst ina oifigeach ar ghardaí an pháláis. An tréimhse a chaith sé ar ionnarba, áfach, chuaigh sí go mór i bhfeidhm air, agus é ag athbheochan a sheanghráidh don cheantar sin ina lán saothar dá chuid. D'éirigh leis dánta a fhoilsiú ar na hirisí, agus sa bhliain 1840 cuireadh a úrscéal Geroy nashego vremeni ("Laoch ár Linne") i gcló an chéad uair.

Chan aon ribín réidh a bhí i Léarmontov mar dhuine. Bhí sé cineál searbhasach, agus greann dóite aige nach dtaithníodh le cách. Thairis sin, cha rabh sé ábalta buanchaidreamh ná pósadh a chur ar bun le haon mhnaoi: bhíodh sé ag cliseadh glan air a chúrsaí gráidh a ionramháil. An chuid ba mhó den am, bhíodh sé ag cur an choimeadar ar ainnirí aon oíche, agus cha ndruideadh sé ó mhnaoi chéile a chomharsanaigh ná a chara féin. B'í an tsíorspallaíocht seo ba thrúig bháis dó sa deireadh thiar thall, ní nach ionadh.

Nó nuair a díbríodh athuair go dtí an Chugais é, d'éirigh iompairc eadar é agus seanchara leis a fuair sé roimhe in áit a ionnarbaidh - iompairc fá chailín, ar ndóighe. Comhrac aonair ba thoradh don choimhlint seo, agus b'é an fear eile ba sciobtha a scaoil a urchar. Fuair Léarmontov bás ar áit na mbonn - i bPiaitiogorsc, ar an chúigiú lá déag de Mhí Iúil sa bhliain 1841.

D'fhág Léarmontov lear mór filíochta ina dhiaidh; ar mhí-ámharaí an tsaoil caomhnaíodh eadar na chéad iarrachtaí ciotacha agus na dánta móra tábhachtacha, ionas go bhfuil cosúlacht an-éagsúil ar dhiolaimí a fhilíochta ó thaobh cáilíocht is caighdeán an tsaothair de. Is iad na dánta ón Chugais na héachtaí is mó: Mtsyri (nó Mtsaoirí, más fearr leat) ach go háithrid, atá ainmnithe as sliabh sa Ghúirg (an tSeoirsia).

Maidir leis an phrós, tá réalachas brúidiúil ag baint leis: scríobh Léarmontov cúpla iarracht ar dtús a chuaigh de a chríochnú, go dtí gur éirigh an t-éacht mór leis le Laoch ár Linne, ar deacair a rádh faoi cé acu úrscéal atá ann nó diolaim gearrscéalta agus an phríomhphearsa i bpáirt le chéile acu.

Cibé scéal é gheibhthear léargas domhain ar mheon Rúis na linne sa laoch seo - Peitseoirín - agus é dóthanach den tsaol mharbhánta i ndiaidh treascairt Lucht Mhí na Nollag - an teip mhór a chuir d'fhiachaibh ar leithéidí Léarmontov súil a bhaint de leasú na tìre. Frithlaoch atá i gceist le Peitseoirín dáiríribh seachas fíorlaoch: oifigeach airm atá ann ar nós Léarmontov féin, ábhar an dea-dhuine nach gceadaíonn saol marbh na Rúise dó a dhea-dhaonnacht a chur in iúl ná a thabhairt i gcrann mar ba dual dó. Bheir an t-úrscéal cur síos ar a chuid eachtraí míleata is gráidh, agus sléibhte bagracha na Cugaise mar chúlra dófa; fiú mura maith linn Peitseoirín mar dhuine, is deacair dúinn gan a ligean don radharcra seo draíocht a chur orainn, agus an dóigh a gcuireann an scríbhneoir os ár gcoinne é.

Gógoil

Ní Rúiseach ach Úcráineach a bhí i Niocoláigh Vasaileivits Gógoil (Nikolay Vasilyevitch Gogol', 1809-1852), ach b'as Rúisis a scríobh sé a chuid leabhar, agus blas na hÚcráine ar go leor acu. Fear íogair goillsteanach a bhí ann, agus ceangal róláidir aige dá mháthair, bean shimplí chráifeach a líon cloigeann a mic le nóisin leathchraiceáilte reiligiúnda. Bhí Gógoil iontach uaillmhianach i gcúrsaí litríochta, agus claonadh chun naircisíochta, nó féinghrádh saofa, go láidir ann.

Nuair nach rabh Gógoil ach naoi mbliana déag d'aois, chuaigh sé go Cathair Naomh Peadair le héirí ina scríbhneoir mhór chliúiteach. Cha rabh rath ná ráchairt ar a chéad iarracht, an dán ídileach Hans Küchelgarten, nó cha dtearn lucht na léirmheastóireachta ach seitgháirí faoi. Chuir sin tallann feirge ar mo dhuine, agus chinn sé ar an Rúis neamhthuigseanach seo a thréigbheáilt. Gheall sé nach dteánfadh sé stad ná cónaí go dtiocfadh sé a fhad le Meiriceá féin, ach nuair a tháinig an cruth ar an tairne cha dtearn sé ach seachtain a chaitheamh thall sa Ghearmáin. Ag pilleadh chun an bhaile dó chrom sé láithreach ar ais ar litríocht a chumadh, agus é ag obair ina státseirbhíseach. Sa bhliain 1831, agus é gan ach dhá bhliain is fiche d'aois, d'fhoilsigh sé diolaim gearrscéalta a bhí suite ins an Úcráin, Airneál Feirme in aice le Diocáinca. Ar a lorg sin tháinig diolaim eile, Míorgórod. B'ag an am seo a foilsíodh Néivscí Proispéact fosta - an chéad bhailiúchán de scéalta fán tsaol i gCathair Naomh Peadair (ainmnithe as an tsráid is mó agus is cáiliúla sa chathair). Is gá a rádh nach rabh mórán measa ag an Úcráineach seo ar Chathair Naomh Peadair. Na scéalta a scríobh sé fúithi ba lán taibhseoireachta, iomardais agus osnádúrthachta iad, toisc go rabh an scríbhneoir suite dearfa gur cathair shaorga a bhí ann a dtarlóchadh rud ar bith inti.

Sa bhliain 1834 rinneadh ollamh le stair de Ghógail in Ollscoil Chathair Naomh Peadair, agus é gan aon dintiúirí nó cáilíochtaí fá choinne na hoibre seo. Chaith sé cúpla mí ag iarraidh léachtanna a thabhairt, ach theip an tasc glan air. Dealraíonn sé áfach nach turraing rómhór a bhí ann dó, nuair a tuigeadh dó nárbh é seo a jab.

Ag an am seo a scríobh sé a phríomhdhráma, Revizor (An Cigire). Aoir shearbhasach a bhí ann ar mhaorlathas na Rúise, agus í ag tabhairt cur síos ar an eagla a thigeadh ar lucht na n-oifigí rialtais san iargúltacht nuair a chluinidíst iomrá ar chigire an rialtais chucu, agus iad go driopásach ag iarraidh a gcuid míchleachtas féin a cheilt ar shúil an chuairteora gan choinne. Rinn iriseoirí na Rúise "oifigiúla" ionsaí ar an tsaothar, agus mar ba dual dófa thug an lucht litríochta is liobrálachais ardmholadh dó. An callán a tharraing an dráma, áfach, is féidir gur ghoill sé ar Ghógoil, nó dhá mhí i ndiaidh chéadléiriú an Chigire d'imigh Gógoil leis ón Rúis agus chuir faoi sa Róimh.

B'ins na blianta sin a chum Gógoil an gearrscéal ba cháiliúla leis, nó An Cóta Mór, comh maith leis an úrscéal Anamanna na Marbh. Is é is ábhar don úrscéal ná an camghnó atá ar siúl ag an amhantraí Tsitsiocov, agus é ag ceannacht "anamanna na marbh" ó na tiarnai talaimh. Is ionann iad sin agus na seirfigh atá tar éis bás a fháil i ndiaidh an daonáirimh dheireanaigh, - agus ós rud é go mbíonn maoin na dtiarnaí talaimh á gcuntas de réir líon na n-"anamanna" (líon na seirfeach), bíonn siad sách sásta úinéireacht na ndaor marbh a dhíol le Tsitsiocov, nó ar an chaoi sin seachónfaidh siad an cháin a ghearrfaí orthu ar son na marbhán go dtí an chéad daonáireamh eile.

Fearadh fíorchaoin fáilte roimh an úrscéal seo, ach tháinig meath ar rath an scríbhneora ina dhiaidh sin. Bhí sé ag iarraidh tuilleadh a chur le scéal Tsitsiocov: más aoir a bhí sa chéad chuid de, bhí Gógoil meáite ar scéal folláin a chumadh anois fán dóigh ar himghlanadh Tsitsiocov sa phurgadóir agus é ag fáil biseach a pheacaí. Cha rabh Gógoil ábalta an scéal seo a scríobh, áfach. Mar is gnáth, ba spéisiúla is ba mhó inspioráide an t-olc ná an mhaith. Sa deireadh thiar thall d'éirigh Gógoil as an iarracht seo ar fad le cromadh ar sheanmhóiríocht mhorálta neamhfhicseanúil, agus b'é ba thoradh dó ná an leabhar ar ar bhaist sé "Sliochtanna as mo Chomhfhreagras leis na Cairde", siúd is nach rabh mórán de fhíor-litreacha chuig a chuid carad le fáil ansin.

Chuir an leabhar seo iontas agus fearg ar na léitheoirí, nó d'éirigh leis an scríbhneoir an dá phríomhdhream i saol intleachtúil na Rúise a shuaitheadh chun feirge - na Slavaifíligh, agus iad ag cur béime ar an eilimint oirthearach agus lárnacht an chreidimh Ortadocsaigh i gcultúr na Rúise, agus ar an taoibh eile lucht an Iartharachais, agus iad ag iarraidh an Rúis a thabhairt i dtreo na hEorpa - siúd is nach mbíodh an dá dhream seo ag réitiú go rómhaith le chéile ariamh, d'éirigh leofa theacht ar an chomhaontú le chéile an turas seo nach rabh maith dá laghad i leabhar úr Ghógoil. Bhí na leasaitheoirí sóisialta radacacha ag cur i leith an údair gur bhain sé úsáid as an Chríostaíocht le lucht an ollrachmais a chosaint; na Slavaifíligh aríst, bhí siadsan inbharúla go rabh Gógoil ag léiriú féinspéis agus anuabhar diabhalta faoi chlúdach thanaí an chreidimh Chríostaí.

Chuir na léirmheasanna seo leis an chol a bhí glactha ag Gógoil leis féin, agus é ag dul i muinín mhistéireacha an chreidimh fá dhéin sóláis agus faoisimh. Ach bhí an ceart ag lucht a cháinte, nó cha rabh mórán céille aige riamh do thaobh dhearfach an reiligiúin - bhí eagla is faitíos air roimh Ifreann, ach má bhí féin, char chuidigh sin leis fuascailt ná aspalóid a fháil ó na peacaí a bhí ag crá a choinsiasa. Cha dteánfadh sé ach pionós a ghlacadh air féin agus é á chéasadh féin leis an bhreithiúnas aithrí a ghearradh sé air féin. B'é an síor-dhiantréanas agus an féinphianadh a thug a bhás sa deireadh thiar thall. D'éag sé ar an aonú lá fichead de Mhí Fheabhra sa bhliain 1852.

Is é is tipiciúil do stíl Ghógoil ná an roscadh file, an t-ilfhoclachas a bhfuil blas na teanga labhartha air, agus greann ropánta anchúinseach ag baint leis. Scigphioctúirí amach is amach is eadh iad a chuid pearsan; fiú ag tabhairt cur síos ar imeachtaí laochais nó catha dó - ins an scéal rómánsúil stairiúil fá Chosacaigh na hÚcráine, Taras Bulba, ach go h-áithrid, - cha dtig leis gan ábhar gáirí a tharraingt air agus é ag cur síos ar mhiontréathra na ndaoiní, ar nós croiméil (!) abhalmhóra na gCosacach.

Siúd is nach rabh mórán measa ag Gógoil riamh ar ghluaiseacht neamhspleáchais na hÚcráine is na hÚcráinise, - agus é ar aon tuairim le lucht leanstana an náisiúnachais Rúisigh nach teanga inti féin ach canúint de chuid na Rúisise a bhí ann mar Úcráinis, - tá sé iontach furasta tionchar an bhéaloideasa Úcráinigh a aithint ar a chuid saothar, ach más amhlaidh féin, is léir nach rabh sé díomhaoin ach oiread i leith litríocht chomhaimseartha na hEorpa, agus é ag baint a úsáide féin aisti mar spreagadh is mar réamhshampla. Ag cur san áireamh cé chomh mí-apaí a bhí sé mar dhuine - nó cha dtáinig sé i gcrann choíche i gcúrsaí collaíochta, cuir i gcás, agus é róthugtha dá mháthair, - cuireann sé iontas ar lucht léite a chuid scríbhinní a fheabhas is a d'éirigh leis mar scríbhneoir.

Béilinscí - Athair na Léirmheastóirí

Nuair a bhí Gógoil ag scríobh leis, bhí traidisiún náisiúnta na léirmheastóireachta á bhunú is á mhúnlú ag fear darbh ainm Víosáirión Gríogóireivits Béilinscí (Vissarion Grigoryevitch Belinsky, 1811-1848). Chaith sé cúpla bliain ag foghlaim léann ollscoile, ach nuair a d'éirigh sé róchineálta leis na radacaigh, ruaigeadh as an ollscoil é; ach gan a dhath meirge chuaigh sé i mbun féinteagaisc go dtí go rabh oideachas ilchineálta dá dhéantús féin air, nó léigheadh sé na mollta leabhar agus é á gcardáil le mic léinn a rabh aithne aige orthu. D'éirigh leis post iriseoireachta a bhaint amach, agus é ag tarraingt súil na n-óg air féin lena chuid léirmheasanna, ionas gur baisteadh an leasainm "Víosáirión Fíochmhar" air. Ag an am seo bhí sé ag craobhscaoileadh idéalachas an rómánsúlachais, ach níor chloígh sé leis ach tamalt: de réir a chéile d'fhorbair a smaointeachas i dtreo an réalachais, go dtí go dtug sé fíorthaithneamh do Ghógoil.

Chuaigh sé frína lán céimeanna forbartha ag déanamh a mharana ar cheisteanna litríochta is polaitíochta, agus é fiú an-gheallmhar ar chóras an tSáir tráth; nuair a fuair sé jab sa bhliain 1839 mar léirmheastóir liteartha ar an iris udaí Otetchestvennye zapiski ("Nótaí ón Tír Dhúchais"), bhí sé an-ghnoitheach ag dul i ngleic le fealsúnacht Hegel, a rabh ráite aige go bhfuil gach rud dá bhfuil ann bunaithe ar an réasún; b'é an tátal a bhain Béilinscí as seo ná go rabh córas cumhachta an tSáir bunaithe ar an réasún chomh maith. Ba ghéar gasta, áfach, a lean sé air ag tarraingt tuairimí nua air, nó á dtógáilt go loighiciúil ar na seanbharúlacha: sa deireadh thiar thall d'iompaigh sé i leith an radacachais aríst, agus é ag éileamh ar scríbhneoirí na Rúise litríocht fhíorEorpach a chruthú: b'é Gógoil an réalt eolais a chuir sé os a gcoinne mar shampla den chineál sin scríbhneoireachta.

Réalt eolais ab eadh é Béilinscí féin do litríocht na Rúise lena linn agus i ndiaidh a bháis róluaith; ach ní chun leasa amháin a chuaigh an tionchar seo don litríocht, b'fhéidir. Nó ba fealsamh agus smaoiteoir é thar aon rud eile; d'fhág sin iontach dall é ar cheisteanna aeistéitiúla teangan, agus a shliocht sin ar a chuid scríbhinní féin: siúd is nach rabh de theangacha aige ach a urlabhra dhúchais féin comh maith le conamar beag Fraincise - rud nach mb'fhollasach ar aon nós ag an am, eadarnáisiúnta is mar a bhí aicmí uaisle na Rúise ó thaobh teangan se - rinne sé cosair easair ar fad de chruinneas comhréire agus áilleacht stíle na teangan, agus é chomh díograiseach sin ag smaointiú ar a chuid fealsúnachta is go mba chuma leis goidé mar a chuirfeadh sé i bhfoclaibh í. Leathchaint amscaí chiotach is eadh í a chuid Rúisise, nach dtiocfadh a shamhailt le scríbhneoir ar bith eile ar comhthábhacht leis.

Ar ndóighe, bhí sé den bharúil fosta go mba chóir don scríbhneoir seasamh a ghlacadh i gcúrsaí na sochaí. Réalachas criticiúil a bhí uaidh, réalachas a cháinfeadh éagóir an tsaoil agus a chuirfeadh a leigheas chun cinn. B'é seo an caighdeán a chuireadh sé i bhfeidhm ar cibé cineál litríochta, fiú ar scríbhneoirí na laethe roimh a linn féin. Caighdeán la linne féin a bhí ann, agus is é an príomhlocht ar a chuid léirmheastóireachta nach dtigeadh leis aon chineál eile de fheabhas a aithint ar shaothar liteartha ach an cineál a bhí faiseanta lena linn féin - chan fhéadfadh sé breith a thabhairt ar shaothair an tsean-ama de réir choinníollacha a linne siadsan. Duine díofa siúd a bhí i mBéilinscí a rabh tuiscint sách simplí acu ar chiall an téarma udaí "forásach", agus é ag creidbheáil go daingean go rabh a leithéid de rud ann agus "forás" neamhdhébhríoch.

Dostaighéavscaí

Deich mbliana i ndiaidh Bhéilinscí rugadh fear i Moscó a chuirfeadh cosúlacht úr ar fad ar litríocht an "réalachais" sa Rúis - Feodor Míocháileoivits Dostaighéavscaí (Fyodor Mikhailovitch Dostoyevsky, 1821-1881). B'ó chríocha na hÚcráine do mhuintir Dhostaighéavscaí, agus cuma Polainnise ar an tsloinneadh "Dostaighéavscaí" féin; cibé fá sin, Rúiseach go smior a bhí i nDostaighéavscaí lá a shaoil. I ndiaidh an bhunscoil a chríochnú dó chuaigh sé chuig scoil innealtóireachta i gCathair Naomh Peadair, ach ba bheag a spéis ina rabh á staidéar aige, nó chaitheadh sé bunús a chuid ama ag léamh litríochta. Tar éis na scoile seo b'éigean dó cúpla bliain a chaitheamh sna saighdiúirí. Agus an tseirbhís sin curtha de, chrom sé ar an scríbhneoireacht agus chríochnaigh a chéadsaothar, an t-úrscéal Bednye lyudi ("Daoiní bochta"). Le cuidiú Bhéilinscí, agus eisean faoi dhraíocht go hiomlán ag an úrscéal, foilsíodh an leabhar mar chuid de "bholg an tsoláthair" litríochta a chuir an file Niocoláigh Néacrásov i gcló sa bhliain 1846. Bhí na ciorcail liteartha ag dul as a meabhair le teann ríméid is gliondair, agus an scríbhneoir óg féin ag éirí uaibhreach sotalach fiú i leith lucht a thacaíochta.

Radacach sóisialta a bhí i nDostaighéavscaí ag an am seo, murab ionann is níos moille ina shaol, agus é ag glacadh páirt in airneáil ghrúpa de shóisialaigh óga a d'ainmnítí as a gceann urraidh - lucht Phéatraiséavscaí. Sa bhliain 1899 fuair rúnseirbhís an tSáir, Ochrána, amach fá seo, agus gabhadh mo dhuine comh maith leis an chuid eile acu. Gearradh ocht mbliana pianseirbhíse air, ach nuair a bhí sé in am breithiúnas na cúirte a fhógairt do na príosúnaigh, buaileadh bob barbartha orthu: hinsíosh dófa ar dtús go rabhadar le cur chun báis, agus ullmhúcháin ar siúl ina dtimpeall lena scaoileadh. Nuair a bhí an chéad chupla duine acu de na cuaillí, agus na raidhfilí á n-aidhmeáil, bhí gach mac máthar de na cimí suite dearfa go mb'é an bás é. Go tobann, áfach, tugadh comhartha do bhuíon an bháis na raidhfilí a ísliú aríst, agus ansin léigheadh na fíor-bhreithiúnais amach do na príosúnaigh: bhí sé de thrócaire ins an tSár, a chualadar, pardún a thabhairt dófa, ionas nárbh é an bás a bhí i ndán dófa ach díbirt go dtí an tSibéir, áit a rabh Dostaighéavscaí, mar sin leis an chéad naoi mbliana eile a chaitheamh.

Is follasach gur bhain an bású bréige an-gheit scanraidh as na cimí. Ní thearn an scríbhneoir féin dearmad de riamh, agus thrácht sé air cúpla uair ina chuid leabhar, go háithrid san úrscéal An tAmadánIdiot.

Na blianta 1850-1854 bhí Dostaighéavscaí ag cur isteach a thréimhse i bpríosún na cathrach udaí Omsc, agus é ag teacht ar athrú intinne i gcúrsaí polaitíochta. Thréog sé an sóisialachas agus na smaoitíocha forásacha radacacha, agus é ag glacadh chuige creideamh na ndaoiní, mar ab fhacthas dó é - is é sin, an tOrtadocsachas coimeádach. Sa bhliain 1854 d'fhág sé an príosún leis an chuid eile dá théarma a chur de sna saighdiúirí. De réir a chéile, chrom sé ar an scríbhneoireacht arís, agus sa bhliain 1857 phós sé an chéad uair - cleamhnas nach rabh mórán ratha air riamh, áfach. Thoisigh sé ar Zapiski iz myortvogo doma ("Cuimhní Cinn ó Theach na Marbh") a scríobh, an leabhar inar inis sé fán tsaol sa tSibéir; agus sa bhliain 1859 phill sé chun an bhaile go dtí Cathair Naomh Peadair.

Bhunaigh Dostaighéavscaí agus a dheartháir, Míocháil, an iris udaí Vremya ("An tAm") sa bhliain 1861, agus b'ar an iris seo a cuireadh Teach na Marbh i gcló an chéad uair riamh, comh maith leis an úrscéal bheag Unizhennye i oskorblyonnoye ("Faoi Leatrom is faoi Tharcaisne"). Sa chéad chúpla bliain eile chuaigh Dostaighéavscaí go dtí Iarthar na hEorpa agus é ag tabhairt cur síos ar a bhfaca sé ansin i sraith altanna inar chaith sé anuas ar chultúr an Iarthair; b'ansin a ghlac sé seasamh deifnideach in éadan lucht an Iartharachais sa Rúis, agus é ag tacú leis na Slavaifíligh.

Cha rabh ag éirí go rómhaith leis ó thaobh an airgid de sna chéad bhlianta eile, áfach, nó chuir an chinsireacht cosc le Vremya tar éis an chiall chontráilte a bhaint as alt áithrid fá chúrsaí na Polainne nach rabh ag teacht crosach ar an pholasaí oifigiúil ar aon nós. Cuireadh an mhíthuiscint seo ina ceart, agus cead ag Dostaighéavscaí an iris a athbhunú faoi ainm nua (Epoxa nó "An Tréimhse"); ach más amhlaidh féin, tharraing an callán seo deacrachtaí airgeadais ina dhiaidh a chuir maoiniú na hirise frí chéile ar fad, gan aon trácht a dhéanamh ar chúrsaí pearsanta airgid an údair. B'iomaí bliain a chaith an scríbhneoir ar a sheachnadh ó na creidiúnaithe, agus é chomh báite i bhfiacha. Mar bharr ar an chlampar, chuaigh Dostaighéavscaí i bhfostó i gcumann mí-ámharach gráidh le hApóilináiria Suslova, bean óg chruálach uaibhreach shotalach mhíthrócaireach a rinn tuilleadh dochair dá chúrsaí airgid, nó b'ise a mhúscail a dhúil nimhe sa chearrbhachas. Sna blianta seo fuair a dheartháir agus a bhean chéile bás, agus sa deireadh thiar thall b'éigean dó a aidmheáil leis féin go rabh ag cinnt air an iris a choinneáil ag imeacht. D'éirigh sé as a foilsiú sa bhliain 1864.

I ndiaidh an chruacháis seo uilig, d'éirigh le mo dhuine gabháil dá chuid scríbhneoireachta. Dealraíonn sé gur spreag an saol éidearfa éagobhsaí neamhchinnte seo i mbun pinn é, nó chuaigh aige an leabhar is speisialta dár scríobh sé a chríochnú, mar atá, Zapiski iz podpol'ya ("Cuimhní Cinn ón Áitreabh faoi Thalamh").

De réir a chéile thoisigh cuma ínteacht a theacht ar shaol an scríbhneora aríst. B'fhéidir nach bhfuair sé biseach iomlán riamh ón scéal ghealtach gráidh le hApóilináiria, ach mar sin féin bhí an dearg-ádh air leis an darna bean chéile.

Nó ghlac Dostaighéavscaí de dhualgas air sa bhliain 1866 úrscéal nua a scríobh le cuid dá fhiacha a ghlanadh, agus ó nár h-áiríodh ar fhearaibh riailbhéasacha na Rúise riamh é, d'fhostaigh sé rúnaí a rabh luathscríbhinn ar a toil aici mar chuidiú. D'éirigh leis an leabhar úr - Igrok nó "An Cearrbhach" - a chríochnú roimh an spriocdháta, agus ó bhí a leithéid de chúnamh sa mhnaoi óig dó, chinn sé ar an dea-chomhairle í a phósadh. Chruthaigh Anna Gríogóiréabhna Snítcíona (Anna Grigoryevna Snitkina) ina cúntóir den chéad scoith ag a fear, agus eisean ag dul i ngleic leis na húrscéaltaibh ábhalmhóra téagartha anois a bhí lena bhuanchliú a thabhú dó.

Bhí an chéad cheann acu, Prestuplenie i nakazanie ("An Choir is an Pionós") scríofa aige cheana féin, déanta na fírinne, nó b'ins na bliantaibh 1865-1866 a chum sé é. Níor foilsíodh ach i gceann cúpla bliain eile é, áfach; agus b'éigean don bheirt acu, an t-údar is a bhean úrphósta, a dhul ar an choigríoch ar a dteitheadh ó na creidiúnaithe. De réir a chéile, áfach agus a bhean ag cabhrú go foighdeach leis, chríochnaigh sé na húrscéalta seo - Idiot ("An tAmadán", 1868-9), Beasy ("Na Diabhail" - nó The Possessed as Béarla) - theip air Brat'ya Karamazovy ("Na deartháracha Caramazov") a chríochnú. Thuill na leabharthaí seo an oiread sin airgid dó agus go rabh sé in ann pilleadh chun an bhaile aríst agus deich mbliana deireanacha a shaoil a chaitheamh ina shuí go sócúlach.

Fuair Feodor Dostaighéavscaí bás in Eanáir na bliana 1881, in aois naoi mbliana déag is dhá scór dó. Ba dhuine paradacsúil é ar go leor bealtaí, agus tréathra ilchineálacha a aigne ag iompairc is ag teacht salach ar a chéile go minic. Thoisigh sé ar a cheird ina radacach dó agus luí aige fiú leis an Iartharachas; ag teannadh le deireadh a shaoil dó bhí sé ina fhrithghníomhach dhian dhásachtach ag caitheamh anuas ar na Giúdaigh.

Tá blas láidir an éadóchais le haithint ar leabharthaí deireanacha an scríbhneora, agus is léir gur fhág an scéal gráidh le hApóilináiria a rian ar an dearcadh a bíos aige i leith na mban ins na húrscéaltaibh móra: is iomaí bean dhiabhalta chruálach ar fáil iontu. I gcomparáid leofa siúd, tá Teach na Marbh ar ceann de na leabharthaí is dea-dhóchasaí dár scríobh sé riamh, dá dhuairce an teideal. Airdiú croí agus meanman don léitheoir a léamh. San am chéadna, thig leis a aithne cá rabh triall an údair sna bliantaibh a bhí le theacht,

An phearsa is croílár do na himeachtaí i dTeach na Marbh, is duine de lucht an oideachais é, agus dímheas ag na gnáthdhaoiní air. Is é an t-aisfhreagra a bheir sé air seo ná go n-aidmhíonn sé gur loic a aicme féin ar an ísealaicme, agus é ag brath air go gcaithfidh sé breithiúnas aithrí a dhéanamh frí chreideamh agus luacanna na scolóige - muzhik - a ghlacadh chuige féin. Sin é an cineál forbairt a bhí i ndán don údar féin agus é ag pilleadh ón ionnarba.

Gointsearóv - an scríbhneoir a chruthaigh Oblómov

Bhí Íobhán Aileacsándroivits Gointsearóv (Ivan Aleksandrovitch Gontcharov, 1812-91) naoi mbliana ní ba sine ná Dostaighéavscaí, ach tháinig an chéad saothar liteartha amach uaidh fán am chéadna, ag druidim le deireadh na míle ocht gcéad daicheadaí. Scríbhneoir aon tsaothair é ar nós Ghríoboighéadov, ó thaobh stair na litríochta de, siúd is gurb iomaí scríbhinn a d'fhoilsigh sé lena linn féin, agus gnaoi na léitheoirí comhaimseartha orthu. Mar shampla, i dtús na gcaogaidí chuir sé astar fada farraige de, agus cuntas air sin le fáil sa leabhar "An Frigéad Pallada". B'é an t-úrscéal udaí Oblomov an t-aon saothar amháin a d'fhan i gcuimhne na ndaoiní go dtínár lá féin.

Siombail do mheon náisiúnta na Rúise is eadh é Oblomov, dar lena lán: fear uasal mórchroíoch, ach amháin nach bhfuil de ghustal ann a bhfuil de mhaitheasa ar an chroí mhór seo a chur i gcrích, fear fial flaithiúil nach bhfuil in ann aon chuspóir intadhaill inshroichte a chur roimhe féin. Caitheann sé na laetha sa leaba nó faoi fhallaing sheomra agus é ag aislingeacht fá chailín darbh ainm Olga. Tá cara aige, Stolz, fear leathGhearmánach mar a thaispeánanns an sloinneadh, agus eisean ag iarraidh Oblomov a spreagadh chun gnímh, rud nach n-éiríonn leis: níl rud ar bith ar obair sa leabhar, dáiríribh, ach an fhorbairt is an sleamhnú dostoptha i dtreo na mórthubaiste dosheachanta sa deireadh.

Tuirgéineav

Maidir le Íobhán Seirgéigheivits Tuirgéineav (Ivan Sergeyevitch Turgenyev, 1818-1883), ba mhac é do bhanoidhre shaibhir agus í pósta ar fhear ní b'óige ná ise. Ba thíoránta an bhean í máthair Thuirgéineav, agus í ag tabhairt íde bhocht chruálach dá cuid seirfeach, rud a chuaigh go goimhiúil i bhfeidhm ar a mac. Ag teacht i gcrann dó thug an fear óg aghaidh ar an ollscoil, i Moscó ar dtús agus ansin i gCathair Naomh Peadair, áit a rabh áiméar aige cuideachta a choinneáil do Phúiscín féin cúpla uair. D'fhoilsigh sé véarsaíocht ar an iris udaí Sovremennik ("An Comhaimsearach") a bhí bunaithe ag Púiscín. Tar éis a bhunchéim a bhaint amach sa bhaile dó chaith an scríbhneoir trí bliana i mBeirlín ag éirí eolach ar smaoiteachas an Iarthair, rud a d'fhág é báúil le cultúr na Gearmáine go lá a bháis.

Ba chuma leis achan rud ach amháin an litríocht, agus é ag tabhairt droim láimhe lena rabh de sheansanna aige ar jab maith ins an státseirbhís. Le bheith in ann saol an Bhóihéimigh liteartha a chaitheamh bhí sé i dtuilleamaí a mháthara ar fad, agus nuair a d'éirigh eatarthu sa bhliain 1845, b'éigean don mhac na chéad bhlianta eile a chur de ar an bhlár fholamh , go dtí gur thit an oidhríocht leis an scríbhneoir nuair a fuair a mháthair bás.

Ar aghaidh