AN FÍCHIÚ hAOIS - FAOIN SPÉIR CAD É AN RUD A BHÍ ANN?


le Mark Rosenfelder - P.P.H. a d'aistrigh

Dá dtigeadh linn intleachtóir ó thús na fichiú haoise a thabhairt linn a fhad lenár n-aois féin ina bheo, eadar leathspéacla agus hata ard, bhuailfeadh iontas na n-iontas é in áit na mbonn.
- Cad fáth nach bhfuilimid ar fad inár gCumannaigh ná inár n-aindiachaithe?
- Ghnóthaigh an Liobrálachas [úsáidtear na focail mhóra udaí Liobrálachas, Coimeádachas agus araile mar a d'úsáidfeadh Meiriceánach iad; mar sin, tá mo dhuine ag tagairt don Liobrálachas Chlé anseo, mar a thuigtear i Meiriceá é - P.P.H.] gach aon chath dár chuir lucht a leanstana: cad chuige a bhfuil sé ag géilleadh, mar sin?
- Cárb as a dtáinig na Coimeádaigh seo uilig?
- Cá bhfuil na haerghluaisteáin agus na cathracha ar dhroim na Gealaí?

Dá mb'é G.K. Chesterton an duine a d'airdeochaimis linn ón am a chuaigh thart, is dócha go maífeadh sé gurbh aigesan a bhí an ceart ó thús báire: "Ní bheidh mórán difríochta eadar Londain ár linne agus Londain i gceann ochtó bliain", a scríobh sé sa bhliain míle naoi gcéad a ceathair. Ach ar ndóighe ba chontrálaí é Chesterton lena linn féin, agus bheadh sé comh mór fríd chéile leis an chuid eile acu, ach amháin nach ligfeadh sé air féin é.

LEITHSCÉAL UILEGHABHÁLACH

Nílim ag iarraidh ach creatlach mo chuid réasúnaíochta a thabhairt uaim. I ndiaidh an iomláin, ní tráchtas dochtúireachta é seo. Samhlaigh duit na focail "Dar liom" roimh an iomlán dearg, agus más ginearálú a bhéas ann, samhlaigh duit "Ins an chuid is mó de na cásanna bainteacha". Thiocfadh liom srianta agus teorainneacha a chur le gach aon rud mar sin, ach - dar liom, agus ins an chuid is mó de na cásanna bainteacha - ní bhéadh ann ansin ach prós leamh doléite.

SPRÉADH AIR AR FAD - NÓ DHEAMHAN SPRÉADH - an dímheas ar an fhorbairt nádúrtha

B'é an rud saorga, lámhdhéanta, pleanáilte, eolaíoch an faisiún intleachtúil i dtosach na fichiú haoise, agus spréadh ar an nádúir.

- Ba tranglam uafásach é an caipitlíochas, agus Útóipe phleanáilte le theacht ina áit. Ar a laghad, bhéadh bainistíocht eolaíochtúil ann agus saineolaithe teicnealathacha ag inse do na garbhrúpálaithe ins na monarcáin an dóigh ab fhearr lena gcuid oibre a dhéanamh.

- Ba chruinneagáin ghránna de thithe iad na cathracha agus iad fásta aníos gan aon cheannasaí lena dhiansúil a choinneáil ar a bhfaibhriú: shíltí go rabh scríobairí néata spéire le theacht ina n-áit, comh maith le páirceanna céimseatúla deaphleanáilte.

- Ba phraiseach de fhoirmeacha neamhrialta iad na teangacha nádúrtha, agus teanga rialta phleanáilte, ar nós na hEsperanto, le cur ina n-áit.

- Bhí na healaíona féin ag dul chun cearmansaíochta ar an nádúir: bhí lucht na n-ealaíon á tréigbhéailt mar bhunchuspa, ar mhaithe le teibíochtaí.

- Ní rabh aon mhaith sa chreideamh, a shíltí.

- Ná ins na cultúir neamh-Eorpacha. Mura mbídís in ann a dhul chun Eorpachais, a shíltí, b'fhearr dófa imeacht de dhroim an domhain.

- Shíltí fosta gur dul chun feabhais amháin a bhí ins an stair ó thús go deiridh. Cha rabh ins an duine roimh aois na talmhaíochta seasta ach brúid aingiallta agus é faoi chrann smola ag láimh láidir a chuid comharsanach, ag an ocras agus ag an eagla.

- Bhí teacht, fiú, ar an smaoitiú (ins an fhicsean eolaíochta amháin, ar ndóighe, ach is maith an léiriú i gcónaí an ficsean eolaíochta ar ábhair dhóchais is éadóchais a chomhaimsire) nach rabh ins an bheatha nádúrtha féin ach cineál lobhadh a bhí lena áit a ghéilleadh do mheaisíní intleachtúla.

- An daonlathas féin, an toradh ba mhilse dár fhás ar chrann an tseanliobrálachais ins an naoú haois déag, bhí sé ar a chosaint. Mar a d'inis William Shirer ina leabhar ábhalmhór fá dtaobh den darna cogadh domhanda, ba mhionlach iad lucht tacaíochta an daonlathais ins an Ghearmáin eadar an dá chogadh, agus foirmeacha éagsúla den anlathas ar na bacáin. Comh déanach leis na daicheadaí fuair C.S. Lewis riachtanach (ina leabhar Mere Christianity) gan trácht a dhéanamh ar an liobrálachas dhaonlathach ach mar cheann de na roghanna éagsúla polaitíochta a bhí inghlactha ag an Chríostaí, ar comhchéim leis an Fhaisisteachas agus leis an tsóisialachas.

Mar sin, goidé a d'éirigh dúinn eadar an dá linn?

Bhail, ar ndóighe, thit an tóin as an Chumannachas.

Fán am seo is eol dúinn go léir nach bhfuil aon mhaith ins an Chumannachas, agus is fánach duine - i Meiriceá ach go háithrid - a dtiocfadh leis a thuigbheáil goidé a thug ar na daoiní an chéad lá riamh creidiúint a thabhairt dó, mar Chumannachas. Ach ná déanaimis dearmad de na tríochaidí, agus na náisiúin chaipitlíocha uilig traochta tráite ag an chúlú mhór eacnamaíochta: ba bheag beann a bhí ag an Aontas Shóibhéideach ar an ghéarchéim san Iarthar, rud a choinnigh borradh mór faoin tionsclaíocht Shóibhéideach. Cha rabh moill ar gheilleagar na dtíortha Faisisteacha an oiread eile náire a chur ar an chaipitlíochas liobrálach. Sna caogadaí féin bhí na hanailíseoirí buartha as a meabhair ag ráta bhorrtha an Aontais Shóibhéadaigh, agus meastacháin áithride á rádh go mb'íonann é agus ráta na Státaí méadaithe faoi thrí.

Cha rabh de mheabhraíocht acu an chiall cheilte a bhaint as an scéal: ní hionann an "borradh eacnamaíochta" mar rud sa dá chóras. Cha rabh na Sóibhéadaigh leath comh hoilte céadna le bunadh an Iarthair ar a ngeilleagar a reachtáil. Nó is amhlaidh go bhfuil tíortha bochta ar beagán forbartha in ann éacht mór táirgíochta a chur i gcrích (nó i gcéill) fríd thuilleadh daoiní a earcú mar fhórsa oibre, comh maith le hoiliúint a thabhairt orthu agus iad a athlonnú sna cathracha - áit a mbeidh siad níos cóngaraí do na gléasraí tionsclaíochta - gan aon trácht a dhéanamh air gur caitheadh an bhreis táirgíochta ar ais sa tionsclaíocht le tuilleadh a tháirgiú (seachas a h-úsáid, cuir i gcás, chun earraí tomhaltóireachta a dhéanamh le haghaidh an ghnáthdhuine). B'ins an Rúis a tharla an cineál seo borradh bréige i ndiaidh na Réabhlóide; chonacthas a mhacasamhail eile ar obair i dTíogair na hÁise sna seascaidí is sna seachtóidí; agus an cleas céadna á imirt ag an tSín i láthair na huaire.

Ach is fás teoranta é seo nach dtig a shíneadh gan chríoch. Is féidir an fórsa oibre a dhúbailt ó seacht is fiche faoin chéad go dtína haon déag is dhá scór faoin chéad, mar a rinne Singapore. Ní féidir in aon chineál sochaí, áfach, níos mó ná céad faoin chéad den daonra a earcú le haghaidh táirgíochta. Nuair atá gach aon duine ag obair ar a sheacht ndicheall ins na monarcáin cheana féin, caithfear bisiúlacht na táirgíochta féin - an táirgiúlacht - a airdiú. Chruthaigh na Meiriceánaigh is na Seapánaigh thar barr ag cur le táirgiúlacht a gcuid tionsclaíochta; níor thuig na Sóibhéadaigh, áfach, éirim an scéil riamh. Nuair a bhí leibhéal nua-aoiseach na táirgiúlachta sroichte acu, chuaidh siad in eabar go doleigheasta. B'fhéidir nach bhfuil an méid seo ar eolas ag cách go fóill; thug Paul Krugman cur síos níos mionchruinne air ina alt ar an iris udaí Foreign Affairs, Mí na Samhna míle naoi gcéad ceathar déag is ceithre scór. Is fiú corrshúil a chaitheamh, fosta, i dtreo a leabhair faoin teideal The Return of Depression Economics.

TÁ A PHORT SEINNTE, ACH AN bhFUIL SÉ MARBH?

Ar na saoltaibh seo againn tá Noam Chomsky féin, agus é ag scríobh ar a iris-san, Z, sásta a aidmheáil go bhfuil an sóisialachas "neamhdhaonlathach", gur "minic dó ciolar ciot a dhéanamh de chúrsaí an riaracháin, an comhshaol a thruailliú agus amhábhair a chur amú". An t-eagrán nua de Marx for Beginners a cuireadh i gcló le déanaí, gheibh a údair riachtanach a áitiú ar na léitheoirí ar bhealach ar leith nárbh é an tAontas Sóibhéadach a bhí de dhíth ar Mharx féin.

Ní bhéinn féin comh haraiciseach sin chun deireadh súile a bhaint den tsóisialachas, ar chúiseanna éagsúla:
- Tá sé i bpáirt ag an tsóisialachas agus ag an chreideamh Chríostaí go mb'fhéidir go mbéadh maith ínteacht iontu dá mbainfí triail astu dáiríribh. Tá a gcuid den cheart ag údair "leabhar na dtoisitheoirí fá Mharx". Nó is dual do na daoiní creidiúint a thabhairt do na lipéid agus glacadh leis an Aontas Shóibhéadach mar stát sóisialach cionn is go mb'é sin an port a bhíodh á chanstan ag na bolscairí Sóibhéadacha féin. Ach bhéadh sé áiféiseach a rádh go rabh na hoibrithe i seilbh na meán táirgíochta ins an Aontas Shóibhéadach. Monaplacht stáit a bhí ann go bunúsach, agus aicme bheag de bhainisteoirí proifisiúnta i ndiancheannas uirthi.

Ní hionann an méid seo agus na sóisialaigh a mholadh. Nuair a bhí an tAontas Sóibhéadach ar a sheanléim i gcónaí, bhí cuid mhaith acu sásta glacadh leis an stát áithrid sin mar dhea-eiseamláir agus mar dhíol aithrise, agus iad ag baint a suilt is a subhachais as an dóigh ar éirigh leis na Cumannaigh olc na húinéireachta príobháidí a ruaigeadh as ceathrú cuid an domhain, mar dhea. Mura n-aidmhí na daoiní seo an cineál ciapóga a bhí orthu, is iad sin an dream ba lú ba chóir a chur i mbun cumhachta.

- Is iomaí rud a chiallaíonns an focal mór udaí "sóisialachas": rudaí nár cuireadh i ngníomh riamh, comh maith le rudaí eile ar baineadh triail rathúil astu i dtíortha caipitlíocha. Níor fíoraíodh gealltanais Mheisiasacha an tsóisialachais riamh, ach ina dhiaidh sin is uile chruthaigh sé go seoigh ar fad mar ghléas smaoiteachais acu siúd a bhí ag fáil locht ar an chaipilíochas, ag déanamh criticeoireachta ar an dóigh a dteachaidh an tóir buile ar an mhaoin shaoilta is ar an bhrabús chun dochair don tsochaí go léir; agus is tús leighis é an lochtú. (Caith súil ar In the Beginning was the Command Line le Neal Stephenson.)

- Thairis sin, is ábhar iontais é an oiread dár gcuid fothruithe is institiúidí ón líon tí go dtí na heaglaisí, ó na hollscoltacha go dtí na comhluchtaí dlítheoireachta atá cóirithe de réir phrionsabail an tsóisialachais ó thaoibh an eagrais inmheánaigh de (is é sin, tá na baill i gcomharsheilbh na maoine saolta, agus iad ag cinneadh ar a gcuid comhairlí de réir mar a éilíonns an comhleas).

- Galar ar an chóras chaipitlíoch is eadh iad na foirmeacha antoisceacha den tsóisialachas. Go bunúsach, bíonn siad ag tiomsú nirt gach aon uair dá mbíonn lucht an rachmais mhóir ag tabhairt isteach do na cathuithe a bíos orthu i dtólamh leatrom a imirt ar na bochtáin. An bhfuil sé dáiríribh comh maith sin, mar smaoitiú, aicme cheannais a ghairstin den duine is saibhre as gach cúigear agus é a fhágáilt ar a síorfhaichill ar eagla go n-éireochaidh an ceathrar eile amach lena gceart a bhaint amach le láimh láidir? An fada eile go fóill a bhéas na "margaíocha úrfhoscailte" sásta lucht na hinfheistíochta ón taoibh amuigh a ghiúmaráil fríd umhlú d'orduithe ó ghníomhaireachtaí osnáisiúnta airgeadais (ar nós rátaí úis a airdiú agus caiteachas an rialtais a ísliú le linn cúlú trádála) - orduithe atá bun os cionn ar fad leis na polasaithe a chuirtear i gcrích sna tíortha saibhre féin, - orduithe a fháganns geilleagar na dtíortha bochta féin ag meath go doleigheasta?

DÍOLTAS AN tSAOIL ORGÁNAIGH

Cuid de chlaonadh níos fairsinge is eadh é ár ndrochamhras féin i dtaobh an Chumannachais. Gearradh pionós ar an chineadh dhaonna ar son an anuabhair i dtús an chéid ins achan limistéar den tsaol, a bheag nó a mhór. Is iad na rudaí nádúrtha orgánacha a thig ar an fhód as a stuaim féin a thug an chraobh leofa agus a náirigh an meon pleanála.

- D'iompaigh sé amach go bhfuil an saormhargadh thar barr ar fad le hearraí a dháiliú. Tá an margadh níos fearr ná an phleanáil fosta ag tabhairt sainleasanna agus sainbhuanna na mílte de dhaoiní éagsúla le chéile chun comhréiteach a dhéanamh agus comhobair a chruthú eatarthu.

- Fuair na hailtirí amach athuair cén mhaitheas a bíos i gcathracha féineagraithe atá ar cómhéid agus ar comhleibhéal le riachtanaisí an ghnáthdhuine. Tháinig sé chun tsolais gur tromluí uafásach é an bloc abhalmhór árasán mar scéim tithíochta do lucht na gannchodach. Is iad na leabhartha The Death and Life of Great American Cities le Jane Jacobs agus A Pattern Language le Christopher Alexander an bunlón léitheoireachta i leith na ceiste áithride seo.

- Níl na billiúin de dhaoiní ag foghlaim Esperanto. Staonaim ó mhion-chur síos a thabhairt ar na cúiseanna anseo, ach gabhaimis leor leis mar mhíniú ná gur thiontaigh na teangacha amach a bheith níos casta agus, san am chéadna, níos fóirsteanaí do riachtanaisí an chinidh dhaonna ná mar a thuigeanns ligeadóirí agus casadóirí na "gcaighdeán" éagsúil. I measc na dteangacha saorga féin is í an teanga Klingon - nó an Tliongáinis, mar is fearr le lucht labhartha na teanga féin a thabhairt uirthi as Gaeilge - an t-aireagán is mó ráchairte ar na saoltaibh seo; teanga is eadh í a cruthaíodh d'aon ogham le bheith deacair dofhoghlamtha, mar a shílfeá.

- Tá i bhfad níos mó eolais againn inniu ná ins an bhliain 1900 - agus sinn ag trácht i bhfad níos minicí ar theorainneacha ár n-eolais. Cuireann meicníocht an chandaim srianta lena bhfuil le fáil amach fá dtaobh de struchtúr na hollchruinne fisiciúla, agus cinnteachas Leibnitz curtha ar ceal dá réir sin. Bhain Gödel go leor dár gcreideamh ins an ghlanmhatamaitic. Deir an tsíceolaíocht éabhlóideach agus an t-ábharachas cultúrtha (gan aon trácht a dhéanamh ar bhréageolaíocht na méimitice) nach bhfuil i gcuid mhaith de na creidimh is ansa linn ach an scoith a roghnaíodh go nádúrtha de réir a chéile. Áitíonn lucht an díthógálachais nach bhfuil i smaoitíocha aon tsaindream ar leith (iad féin as an áireamh, ar ndóighe) ach toradh an oiriúnaithe shóisialta, an tsíolteagaisc is na tabhairte suas.

- Is dual do shaol an duine phrimitíbhigh i bhfad níos mó urraime a fháil inniu - nó b'as-san a fáisceadh sinn, agus an chuma ar an scéal go rabh an cineadh daonna fríd an phíosa sásta gan mórán foráis nó forbairte a dhéanamh ar feadh na gcéadta míle bliain. Bhí na faiteallaithe réamhstairiúla níos folláine, níos síochánta le chéile, níos suaimhní agus níos cothroime le chéile ná lucht na talmhaíochta - an chéad sochaí ó thús ré na talmhaíochta a d'fhág a cheart ag Tadhg an mhargaidh níor forbraíodh roimh an fhichiú haois í.

Tá na cultúir neamhIartharacha athaimsithe ag an Iarthar, agus níl sé radacach a thuilleadh a shílstean go bhféadfaimist rudaí fónta a fhoghlaim uathu. Ar ndóighe is fiú a cheistiú an bhfuil an t-athaimsiú seo ag dul mórán thar an chosmaid is an múrmhaisiú, agus na daoiní ag maíomh as a gcomhairleoir feng shui nó seamánachais. Cibé scéal é, mura gcreididh tú uaim gur athrú bunúsach atá ann, caithfidh tú dul siar céad bliain agus a léamh goidé a bhí le rádh ag lucht na linne sin fá dtaobh de na cultúir eile seachas an tIarthar: bainfidh sé geit an domhain asat a fháil amach comh suite siúráilte agus a bhí siad nach rabh sárú ár sibhialtachta féin le fáil in aon áit ar dhroim an domhain.

- Chonacthas nach rabh sé leath comh furast agus a síleadh ar dtús meaisín fíor-intleachtúil a chur i dtoll a chéile. I ndiaidh do na ríomhairí buaidh a fháil ar an duine go héascaidh i gcluiche na fichille agus ins an ailgéabar chuaidh forbairt an mheaisín intleachtúil in abar go hiomlán, nó chruthaigh na ríomhairí go h-ainnis ar fad i mbun éachtaí a éiríonns leis an duine dhaonna lá ar bith, má tá ceithre bliana d'aois slánaithe aige (foghlaim na teanga nádúrtha, cuir i gcás).

- Tá an Táilliúrachas - bainistíocht "eolaíochtúil" Frederick Winston Taylor - ag cailleadh an chatha in éadan gach cineál cur chuige níos daonnachtúla. Táthar á thuigbheáilt gurb ag na hoibríonna féin is fearr atá fios a ngnoithe-san, seachas ag na bainisteoirí: is é is bunchúram don bhainisteoir gléas déanta a oibre a chur roimh an oibrí. Le tuilleadh eolais a fháil bain lán do shúl is d'inchinne as A Great Place to Work le Robert Levering, nó as saothar W. Edwards Deming. Tá cliú ar a chuid scríbhinní fá dtaobh de chúrsaí fheabhas na táirgíochta, agus é i ndiaidh dianchriticeoireacht a dhéanamh ar na stíleanna bainisteoireachta i Meiriceá comh maith.

PARADACSA AN LIOBRÁLACHAIS

Is é an freagra a gheibh intleachtóir na naoú haoise déag ná nach bhfuil an Cumannachas in ann ag an chaipitlíochas liobrálach. Ach más fíor an méid sin féin, níl ann ach an tseancheist á cur athuair, agus ar leibhéal níos duibheagánta an turas seo: Má bheir an liobrálachas buaidh ar an dá rud acu eadar chumannachas agus chaipitlíochas gan srian (laissez faire), cad fáth nach bhfuilimid uilig inár liobrálaigh? Cad fáth a bhfuil an liobrálachas ina chúis achrainn i gcónaí? Cé hiad na coimeádaigh seo ar fad cibé scéal é?

GOIDÉ AN RUD É AN LIOBRÁLACHAS S'AGAIBH?

Cad é an cineál rud é dáiríribh? Is minic do na scoláirí a gciall féin a bhaint as na focail ins na caibidlí toisigh dá gcuid scríbhinní; más é sin atá uait, deirim leat gurb iad na liobrálaigh na daoiní a chreideanns i gcothrom na seansanna seachas i gcothrom na dtorthaí.

Is é sin, ba chóir dúinn toiseacht ar rása ár saoil ón phointe chéadna, ach, san am chéadna, gan aon teorainn a chur leis na héachtaí. Dealaíonn an sainmhíniú seo sinn ó na sóisialaigh, a mb'fhearr leofa síonóil a chur ós ár gcionn, agus ó lucht na heite deise, nach maith leofa an t-urlár cothrom.

Agus súil an teangeolaí agam ar na cúrsaí seo, áfach, is dóigh liom nach bhfuil ins na sainchiallaithe éagsúla ach déantúis shaorga; ní bhíonn na focail, nó an chuid is mó acu, ach ag cur síos ar na tátail ghinearálta a bhaintear as bunchuspaí nó samplaí. Mar sin, ba rogha liom trácht ar na cúiseanna is tábhachtaí dá bhfuil á gcur chun cinn ag na liobrálaigh, agus na dreamanna comhoibre is mó a chuir ar son an liobrálachais; ach thóg sé a chuid den am leis na traidisiúin seo a bhunú.

AN "BEARTAS NUA" INA CHROÍLEACÁN: úsáid á baint as cumhacht an Rialtais le maolú ar an dochar shóisialta is seachthoradh don chaipitlíochas, an geilleagar á threorú, an deolchaire á riar ar an mheánaicme, an timthriall gnoithe á bhainistiú.

Ba leis na Poblachtánaigh agus na Forásaigh srianadh an gheilleagair agus na dlíthe frithmhonaplachais ar tús, mar chúiseanna. Bhí na Daonlathaigh sásta iad a chomhthoghadh, go h-áithrid nuair a bhí Woodrow Wilson ina Uachtarán, ach b'é Franklin Delano Roosevelt a bhunaigh, a bheag nó a mhór, sochaí de chineál úr ar na cúiseanna seo. Bhí an Rialtas le bunús na hoibre is na sochaí a leagan amach chun rath a choinneáil uirthi, agus táirgíocht na n-earraí á fágáilt faoi na saoránaigh is a gcuid gnóluchtaí.

B'é an Beartas Nua, an New Deal, ba bhunús don chomhthuiscint mhór a bhí chun toisigh ar shaol pholaitiúil Mheiriceá ó na triochaidí go dtí na hochtóidí. Cha dtug príomhshruth na bPoblachtánach a dhúshlán riamh, agus rinne Eisenhower agus Nixon fiú fairsingiú air.

GLUAISEACHT NA gCEART SIBHIALTA: Nuair a ghlac an saol mór leis an Bheartas Nua, chuaidh ceist na gceart sibhialta ina áit mar chnámh úr spairne eadar na liobrálaigh agus lucht a bhfreasúra, agus í ag tabhairt patrún don ghníomhaíocht pholaitiúil ar fad. Mar sin, thiocfadh leat an liobrálach a shainmhíniú mar dhuine a shíleanns nach bhfuil sé ceart ná cothrom aon duine a fhágáilt ar an bhlár fholamh i gcúrsaí polaitíochta agus eacnamaíochta, gan aon trácht a dhéanamh ar ionsaithe bithiúnta de chuid leithéidí Khu Klux Klan.

Aríst, ba chúis Phoblachtánach é ar dtús cearta na nGormach a chur chun cinn, ach ós rud é go mb'iad na Poblachtánaigh an páirtí a bhuaigh an cogadh do Mheiriceá, rinneadh páirtí na bunaíochta díofa, agus iad ag tabhairt droim láimhe leis an radacachas ba dual dófa mar pháirtí sa naoú haois déag, mar sin.

D'eascair gluaiseacht nua-aimseartha na gceart sibhialta ins na daicheadaí agus na déaga is dhá scór, i measc na nGormach, ar ndóighe. Cad é is siocair leis gur fán taca áithrid seo a tháinig sí ar an fhód, thar aon am eile? Is é an gnáthfhreagra go mb'é forbairt na tionsclaíochta ba chúis leis, agus na Gormaigh ag teastáil mar fhórsa oibre; ach b'ins an Deisceart a thoisigh an ghluaiseacht, seachas i gcathracha tionsclaíochta an Tuaiscirt, agus í á faibhriú ins na tithe pobail agus na teampaill, seachas na monarcáin. B'fhéidir gurb é an phríomhúdar leis ná go rabh oideachas na nGormach ag teacht i gcrann: na coláistí gorma a bunaíodh le linn na hAtógála, bhí siad ag clannú na sluaite síoraí d'acadúlaigh ghorma, ar nós eaglaisigh agus dlítheoirí. Ní bheadh leithéidí na sharecroppers ins na 1870idí ábalta cath dlí a chur, cosúil leis an chaingean sa bhliain 1954 a chuir deireadh le cinedheighilt na scoltacha.

Thairis sin, bhí na Státaí i ndiaidh cogadh a chur agus buaidh a fháil ar an Fhaisisteachas, agus b'éigean a dhul i dtuilleamaí luachanna ar nós comhleas na sochaí agus cothrom na Féinne le tacaíocht a chothú leis an chogadh nó le saighdiúirí a earcú agus a shaighdeadh chun troda in éadan mhícheart agus mhíchothrom na Naitsíoch. Nuair a bhí a gcion féin déanta ag na Gormaigh ar mhaithe leis an bhuaidh, cha rabh siad sásta pilleadh ar a sean-ghannchuid níos mó.

B'é Máirtín Liútar King Óg a bhí i gceannas ar ghluaiseacht na gceart sibhialta. Ós rud é gur chloígh sé le modhanna síochánta troda, níor thréig loinnir na h-ardmhoráltachta an ghluaiseacht riamh, rud a tharraing gnaoi mhuintir Thuaisceart na Stát ar chúis na nGormach. Ins an am chéadna bhí King in ann cuid mhaith de na Gormaigh a chur is a choinneáil ag imeacht ar son na cúise, toisc é a bheith comh maith sin ag déanamh óráidí agus comh fréamhaithe sin in úir na hEaglaise goirme. Is fiú súil a chaitheamh ar an leabhar a chum sé fá dtaobh de bhaghcat na mbusanna i Montgomery, Stride Toward Freedom. Tá sí iontach saibhir mar lón léitheoireachta, agus í ag taispeáint an oiread den chosmhuintir a h-earcaíodh le haghaidh an fheachtais. Ní bhíonn gluaiseachtaí radacacha ár linne féin in ann mórán thar an táille bhliantúil a bhréagadh ó lucht a mballraíochta - agus b'fhéidir gurb é sin is príomhchúis leis nach bhfuil aon cheann acu in ann dearcadh mhuintir Mheiriceá a athrú comh bunúsach agus a rinne King lena lá.

Ní rabh sé réamhshocraithe ar aon nós go rabh na Gormaigh le dhul ins na Daonlathaigh seachas na Poblachtánaigh, nó b'iad na Poblachtánaigh an dream ba thúisce a chuidigh le cúis an chinidh ghoirm. B'é Eisenhower a bhagair lámh láidir an Airm ar státaí an Deiscirt Dhomhain lena chur d'fhiachaibh orthu éirí as an chinedheighilt. Cuid mhaith de na Seascaidí féin b'iad an cineadh geal ins an Deisceart an chuid lárnach de lucht vótála na nDaonlathach. B'é an Cinnéideach an tUachtarán Daonlathach ba thúisce a chuaidh leis na cearta sibhialta, ach má chuaidh, cha rabh ann ach an chéad iarracht: b'é a chomharba, Johnson, a shocraigh an scéal. Ag dul i dtuilleamaí an chreidimh i gcothrom na Féinne agus i gcumhacht Stát an Bheartais Nua dófa thréig na Daonlathaigh an Deisceart Domhan ar mhaithe le Liobrálaigh an Tuaiscirt.

AN LIOBRÁLACHAS NUA-AIMSEARTHA, arb iad na cúiseanna seo a dhlúth is a inneach:
- Cúis na mban
- Cosaint an chomhshaoil
- Tús áite don leas shóisialta, thar an arm
- An chiontóireacht á teorannú fríd shrianta a chur le h-úinéireacht na ngunnaí agus fríd scéimeanna athshlánaithe a chur i bhfeidhm ar na cimí
- Leasú na rialacha fá mhaoiniú na toghchánaíochta
- Cead cainte do chách
- Cearta na bhfeileacán
- An t-ilchultúrachas

Leis na cúiseanna seo ar fad a chur chun cinn bítear ag tógáilt patrún leis an Bheartas Nua nó le gluaiseacht na gceart sibhialta. Is é an tallann is dual a theacht ar an Liobrálach ná a) na fadhbanna a fhuascailt agus b) a dhul i muinín an Stáit lena bhfuascailt.

- Is iad an dream is deireanaí ná na NuaDhaonlathaigh, daoiní ar nós Chlinton, a d'éirigh dubh dóite dóthaineach de bheith ag amharc ar an dóigh a rabh a bpáirtí féin ag cailleadh toghchán i ndiaidh a chéile, agus iad barúlach nach rabh buaidh le fáil ach tabhairt fá lár an speictrim pholaitiúil. Mar sin, is iad na Daonlathaigh atá ag caint ar chostadh na síthe anois, agus na Poblachtánaigh fágtha ag cur in aghaidh tuilleadh póilíneachta ins na sráideanna. Ar an bhealach chéadna bhain Clinton an faobhar de na cúiseanna Poblachtánacha ba mhó a thaitin leis na sluaite móra: ghlac sé chuige féin iad.

Ní hionann liom na liobrálaigh agus na forásaigh, ar féidir iad a aithne go teoiriciúil ar chomh cinnte agus atá siad go bhfuil an sean-ansmacht ar a sheanléim ar fud an tseandomhain i gcónaí, agus go praiticiúil ar na hirisí ar bheagán scaipeacháin a fhoilsíonns siad, ar an tseodra ón Tríú Domhan a chaitheanns siad agus ar na Volvos a bíos siad a thiomáint. Ar ndóighe, b'i measc na bhforásach is na ndubhréabhlóideach a chéadshíolraigh gach smaoitiú nua de chuid na liobrálach, ach b'é an rud a bhí de dhíth ar na liobrálaigh riamh córas na sochaí a leasú, nuair is é an rud a theastaíonns ó na forásaigh ná malairt chórais a chur ina áit.

IS É AN LIOBRÁLACH AN FEAR IS FEARR, A DHALTA

Le fiche bliain anuas cha dtáinig laghdú ná maolú ar na síorionsaithe ar an liobrálachas - díol iontais ar fad, ós rud é go rabh an ceart agus an bhuaidh ag lucht a leanstana an t-am ar fad.

AN RIALTAS AG STIÚRADH AN GHEILLEAGAIR: Tá cuid mhaith daoiní ag útamáil le lánsaoirseachas aingiallta - ach níor cuireadh críoch le hAcmhainn an Bhainc Fheidearálta, an FDIC ná an FDA. Tá an deargchaipitlíochas maith go leor más é an rud atá de dhíth ort ná dornán beag daoiní a fhágáil i seilbh shaibhreas an domhain is a mháthara agus an saol a lot ar fad ar an chuid eile.

Is é an caipitlíochas measartha - agus na bainc, na margaí airgeadais is sábháilteacht na dtáirgí faoi smacht an stáit, gan aon trácht a dhéanamh ar chóras an leasa shóisialta nó ar ghearradh fhorchéimnitheach na gcánach le ró-charnadh an tsaibhris in aon áit amháin a chosc - is é an caipitlíochas measartha an córas eacnamaíochta is fearr dár ceapadh riamh. B'fhearr leis na coimeádaigh an t-uaslathas. Ach is ionann náisiún bocht agus náisiún uaslathach. An chuid sin de na coimeádaigh a thuigeanns an méid seo iad féin, is cuma leofa é dáiríribh, ós rud é go bhfuil meas na scothaicme acu orthu féin cibé.

Eisceacht amháin: Nuair a dhúbail Henry Ford an tuarastal dá chuid oibríonna ar an líne chóimeála, rinne lucht gnoithe na bhFichidí ula mhagaidh de. Bhí Ford in ann, áfach, an póitéinseal tomhaltais a aithne is a mheasúnú a bheadh ins na hoibríonna dá mbeadh luach an ghluaisteáin acu. Bíonn rath ar an chaipitlíochas mheasartha cionn is gur fearr iad mar mhargadh meánaicme mhór na Stát ná uasaicme bheag na Brasaíle.

CÓRAS AN LEASA SHÓISIALTA: Bhí na Poblachtánaigh iontach mall ag foghlaim comh doirte agus atá na daoiní dá sábháilteacht shóisialta féin. Anois, in áit a bheith ag caitheamh anuas ar iarsma uafásach seo an tSóisialachais, chuaigh siad in iompairc leis na Daonlathaigh fá cé acu is mó a ghránns, cé acu is déine a chosnaíonns é.

NA CEARTA SIBHIALTA: Is beag duine inniu nach nglacfadh leis an tsochaí gan chinedheighilt; na coimeádaigh féin, tá an-bhród orthu as an chupla Gormach a d'éirigh leofa a bhréagadh chucu. Ceann den bheagán téarmaí polaitíochta is eadh é an focal mór udaí "ciníochas" a dtig le daoiní úsáid na heascaine a bhaint as beag beann ar a gcuid polaitíochta féin. Ina dhiaidh sin, bhíodh na coimeádaigh ag iarraidh achan chéim chun cinn a stopadh dá nglacadh gluaiseacht na gceart sibhialta lena lá. Tá fuath na ndaol acu i gcónaí ar an affirmative action, is é sin, an tsaintacaíocht leis na dreamanna faoi leatrom chun oideachas a phronnadh orthu, - ach má tá, fuair siad a gcuid cúiseanna le cur ina héadan ar iasacht ó na liobrálaigh féin, nó tá siad ag áitiú go bhfuil an tsaintacaíocht seo ag fabhrú do dhream amháin thar dhreamanna eile, nuair ba chirte a bheith ar nós cuma liom ar fad i dtaoibh dhath an chraicinn.

CÚIS NA mBAN: