An Pholainnis

Tá an Pholainnis á labhairt ag dhá scór milliún de dhaoiní, a bheag nó a mhór, ins an Pholainn féin agus na tíortha atá ag críochantaíocht léithi: an Liotuáin thar aon cheann eile, ach is féidir a theacht ar chainteoirí i bpoblachtaí eile in iarthar an Aontais Shóivéidigh nach maireann, ar nós na hÚcráine is na Bílearúise. Thairis sin, tá na mílte de Pholannaigh ag cur fúthu i dtíortha móra an Iarthair - an Ghearmáin, an Fhrainc, Ceanada, na Stáit Aontaithe - in éis imirce a dhéanamh ar chúiseanna polaitíochta nó eacnamaíochta, go h-áithrid ins na blianta roimh scrios an tSóibhéadachais in Oirthear na hEorpa. Is fiú cuimhne a choinneáil air, áfach, go rabh an Pholainn riamh ar ceann de na réigiúin is mó eisimirce ar domhan, rud a fháganns go rabh pobal mór Polannach ins na Stáit Aontaithe, mar shampla, fiú roimh an Darna Cogadh Domhanda. Tig a rádh gurb í an Pholainnis an darna teanga Shlavach is tábhachtaí ó thaobh an chultúir de, más í an Rúisis an ceann is tábhachtaí acu.

An abairt is sine dár breacadh síos sa teanga riamh, b'ins an tríú haois déag a tháinig sí ar pár. Baineann an chéad téacs iomlán Polainnise leis an cheathrú haois déag, agus b'ins an tseisiú haois déag a faibhríodh an caighdeán scríofa. B'iad canúintí na Mór-Pholainne (Wielkopolska) - an réigiún ina bhfuil an mhórchathair udaí Poznań suite, comh maith leis an chéad phríomhchathair, Gniezno - agus teanga na Mion-Pholainne (Małopolska) thart ar Chracó (Kraków) ba mhó a mhúnlaigh an Pholainnis liteartha. Ós rud é go bhfuair an Pholainn an creideamh Críostaí ón tSeic, ba mhinic do na luathscríbhneoirí sa tír aithris ínteacht a dhéanamh ar an tSeicis, agus dornán d'fhocail lárnacha tugtha isteach ón teanga sin dá réir. Murab ionann agus cás na Seicise - nó chuaidh an teanga áithrid seo i léig mar theanga scríofa go ceann i bhfad i ríocht Ghearmánaithe na hOstaire, agus cha dtáinig biseach uirthi roimh athbheochan na naoú haoise déag - níor éirigh na Polannaigh as a dteangaidh féin a shaothrú ins an litríocht, fiú nuair a rinne na comharsana forghabháil ar an tír. Maireann sí go beo breabhsánta i gcónaí, cibé athrú a tháinig uirthi ó shin i leith.

Nuair a bhí an tSeanPholainn ina stát neamhspleách, b'iad an Laidin agus ina diaidh an Fhraincis na teangacha ba mhó tionchair uirthi. I ndeireadh na hochtú haoise déag, áfach, rinne an Rúis, an Phrúis agus an Ostair an tír a chríochdheighilt le chéile. B'í an Ghearmáinis an phríomhtheangaidh ins an Phrúis agus an Ostair, agus an Rúisis, ar ndóighe, chun tosaigh ar na teangacha eile ins an Rúis. D'fhág an éagsúlacht tionchair seo a sliocht ar an Pholainnis, ní nach ionadh, ar an stór focal go h-áithrid. Tá go leor focail Ghearmáinise le fáil i bPolainnis ár linne féin, siúd is go bhfuil meas na leathchainte ag na Polannaigh ar chuid mhór acu.

Den chuid is mó áfach cha rabh aon doicheall mór ar na Polannaigh roimh fhocail iasachta a ghlacadh chucu. Ón Fhraincis a tháinig kordon sanitarny (< "cordon sanitaire") "crios slándála" agus racja stanu (< "raison d'état") leas an stáit; tá glactha go hiomlán le farba (< "Farbe"; péint is brí leis an fhocal sa Pholainnis anois, dath a chiallaíonn sé sa Ghearmáinis); agus przywilej an focal Polainnise le "pribhléid" a aistriú - is as an Laidin dó ó thús, mar aon leis an fhocal Gaeilge (< "privilegium"). Maidir leis an Rúisis, is féidir gur ábhar gáirí é fiú an oiread d'eascainí is d'fhocail gháirsiúla a tháinig isteach an bealach sin! Is gnách leis na Polannaigh eascainí Rúisise - le foirmeacha is iarmhíreanna díchlaonta Rúisise fiú - a tharraingt orthu féin má thig fearg orthu, cuma cé acu atá an chuid eile den teanga acu nó nach bhfuil.

Úsáideann na Polannaigh an aibítir Laidineach lena dteangaidh a bhreacadh síos. Is éadócha go dtearnadh iarracht riamh litreacha na Rúisise a chur i bhfeidhm ar an teanga, amach ó ráleabharthaí agus ó théacsleabharthaí fá choinne foghlaimeoirí Rúiseacha. Is iad na tréithre is suntasaí a dhealaíonns an Pholainnis ó na teangacha Slavacha eile ná:

- caolú láidir na gconsan déadach roimh ghutaí áithride (Po. dzieci "na páistí", Rú. дети/deti)

- na gutaí srónacha (an t-o srónach, cosúil le on na Fraincise, a litrítear mar "a" agus straithín faoi, agus an t-e srónach, cosúil le in na Fraincise, a litrítear mar "e" leis an straithín)

- an bhéim ar an darna siolla is deireanaí (ar an chéad siolla atá sí ins an tSeicis; i bhfocail Rúisise áfach is féidir leis an bhéim a bheith ar shiolla ar bith beagnach, agus í ag athrú de réir fhoirm dhíochlaonta nó réimnithe an fhocail)

- na foirmeacha firinscneacha pearsanta san uimhir iolra (is ainmfhocail fhirinscneacha iad chomik = "hamstar" agus chemik = "ceimiceoir"; ach nuair a chuirtear san uimhir iolra iad, ní hionann an díochlaonadh dófa: chomiki = "hamstair", ach chemicy = "ceimiceoirí", ar an t-aon ábhar amháin gur duine é an ceimiceoir, agus an focal féin ag baint leis an fhirinscne.)

Murab ionann agus an tSeicis, cha dtugann an Pholainnis aitheantas don difríocht eadar na gutaí fada is na cinn gairide a thuilleadh, siúd is go maireann lorg amháin den difríocht seo, mar atá, an seanleagan fada den o, agus é á litriú ina ó: fuaimnítear cosúil leis an ghnáth-u é inniu, ach is iomaí canúint tuaithe ina bhfuil an t-ó éagsúil leis an dá ghuta - eadar o agus u - i gcónaí.

Is gnách a rádh gurbh ins an tseisiú haois déag a tháinig litríocht na Polainnise i gcrann an chéad uair riamh. B'é Mikołaj Rej ó Nagłowice an chéad scríbhneoir tábhachtach. Ag cur san áireamh dúinn go bhfuil an Pholainn ag iomaíocht le hÉirinn fá chraoibh na tíre is mó Caitliceachais ins an Eoraip, is díol iontais é gur Protastúnach ab eadh é Rej. Rud sothuigthe áfach gur iomainn eaglasta a bhí á scríobh aige thar aon rud eile, ach thairis sin chum sé go leor agallaimh bheirte ag cardáil éagsúlacht mhór ábhair, eadar chreideamh, pholaitíocht chomhaimseartha agus mhoráltacht. Thar aon rud eile theastaigh uaidh a chuid léitheoirí a mhúineadh is a theagasc: scríbhneoir oideachasúil a bhí ann, agus b'fhéidir go mb'é sin ba dual do dhuine de lucht Athbheochana an Léinn, nó an Renaissance.

Bhain Jan Kochanowski leis an aois chéadna, siúd is go mb'óige é ná Rej. Is iad na dánta méala - na feartlaoithe nó na Treny a thiomnaigh an file dá nighin bhig bhaoidigh Urszula nó Orszulka a fuair bás ina tachrán, - is iad na feartlaoithe seo an chuid is cliúúla agus is buaine de shaothar Kochanowski, agus iad á léamh ag Polannaigh ár linne féin, dothuigthe seanfhaisiúnta is uilig mar atá an teanga iontu. Bhí tábhacht ar leith fosta leis an naomhsheanchas le Piotr Skarga ins na céadta a bhí le theacht, nó b'iomaí páiste Polannach a d'fhoghlaim léamh a theangan dúchais ó bheathaisnéisí na naomh, nó Żywoty Świętych, leis an Íosánach Skarga.

Tháinig ré an Bharócachais sa chéad aois eile le filí ar nós Mikołaj Sęp-Szarzyński. Fuair Szarzyński bás go hóg, ach má fuair féin, chuir diolaim iarbháis a chuid filíochta borradh faoi fhorbairt an Bharócachais ins an Pholainn. B'é a dheartháir Jakub a chuir in eagar is a d'fhoilsigh na dánta. Bhí Szarzyński ar an fhile ba sciliúla ó thaobh na teangan de lena linn, agus é in ann an amscaíocht agus an chiotaíl a sheachaint a ba dual do na chéad fhilí Polainnise nuair a bhí siad ag iarraidh meadracht na véarsaíochta Laidine a chur i bhfeidhm ar an teanga. Mar a tharla i gcás na Gearmáinise, b'ar chrann na bhfilí Barócachais a thit sé rialacha foirmiúla a leagan amach d'ealaín na filíochta ina dteanga féin. Ar lorg Szarzynski tháinig filí eile ar nós Jan MorsztynWacław Potocki.

B'í an tréith ba suntasaí i mBarócachas na Polainne thar na tíortha eile - agus ba lú a mbeadh súil agat leis - ná an Sarmátachas. Bhí an sruth smaointeachais seo bunaithe ar an idé gur muintir anoir a bhí ins na Polannaigh agus iad ag eascairt as pobal finscéalach Oirthearach na Sarmátach. Cha rabh ann ach miotas bréagstairiúil, ar ndóighe, ach tá sé greannmhar go leor an Sarmátachas a chur i gcomparáid leis an tsíoráitiú a bíos ar cois ag Polannaigh ár lae féin fán chineál Iartharaigh mhóra a bhíodh iontu riamh anall, mar dhea. Ní deacair míniú a thabhairt ar an tSarmátachas, áfach. Nuair a bhí an Barócachas fá réim ins an Pholainn, ba tír ilteangach í agus canúintí na Bílearúisise agus na hÚcráinise á labhairt inti comh maith leis an Pholainnis, gan aon trácht a dhéanamh ar an Liotuáinis, ar an Ghiúdais agus ar an Tatáiris. Luíonn sé le réasún go rabh miotais agus gléasanna smaointeachais de dhíth ar an tír leis an mheascra seo a choinneáil le chéile. Ní rabh an Caitliceachas ná an tIartharachas ró-inúsáidte, agus an oiread sin d'Ortadocsaigh Oirthearacha, Giúdaigh agus Muslamaigh ina gcónaí taobh istigh de chríocha na ríochta. Mar sin, b'fhearr tagairt do "chomhdhúchas Oirthearach" na Slavach, na dTatárach is na nGiúdach. Inniu tá na críocha thoir caillte le fada an lá anuas ag an Pholainn, agus an tromlach mór de mhuintir na tíre i muinín na Polainnise agus an Chaitliceachais ó dhúchas. Níl gá a thuilleadh leis an Oirthearachas, mar sin.

Chuaigh an Barócachas in éag i ndeireadh na seachtú haoise déag. B'iad na ríthe Sacsónacha a rialaigh an tír go lár na chéad aoise eile, agus iad, mar is gnách a mhaíomh, iontach patuar i leith chultúr dúchasach na Polainne. Níor thoisigh borradh mór na litríochta athuair ach i dtréimhse Stanisław August Poniatowski, a chaith conablach de thrian deireanach na hochtú haoise déag ina rí ar an Pholainn. Ní bhíonn mórán measa ag náisiúntóirí Polannacha ar mo dhuine, a mb'é rí deireanach na tíre é roimh chailleadh an neamhspleáchais: fuair sé an ríchathaoir a bhaint amach le cuidiú agus le tacaíocht Bhanimpire na Rúise, Caitríona Mhór, a bhuí leis an tseal a chaith sé ina leannán leapa ag an ráitsigh chéadna. Ina dhiaidh sin, ba mhór an t-urraí ealaíon agus léinn é Poniatowski, agus é ag iarraidh filí éirimiúla a earcú is a chruinniú ina thimpeall. Is dócha go mb'é Julian Ursyn Niemcewicz an duine ba tábhachtaí acu, fear a thuill a chliú ar an chóiméide Powrót posła ("Pilleadh an Toscaire") a chum sé faoi choimirce Phoniatowski. Nuair a rinne na cumhachtaí móra an Pholainn a chríochdheighilt eatarthu, ghlac Niemcewicz páirt ins an troid in aghaidh na gcríochdheighilteoirí i saol na polaitíochta agus ar mhachaire an áir, go dtí go mb'éigean dó a dhul eadar dhá dtír le theacht slán ó údaráis an tSáir. Chaith sé tamall fada ar deoraíocht i New Jersey ins na Stáit Aontaithe, ach ansin fuair sé pardún agus phill chun an bhaile le deireadh a shaoil a chur isteach ina státseirbhíseach de chuid Ríocht Chomhdháileach na Polainne - Królestwo KongresoweKongresówka mar a bheir na Polannaigh uirthi. B'é sin an stáitín féinrialaitheach a bhí cruthaithe ag Comhdháil Vín, an chomhdháil a tháinig le chéile i ndiaidh chogaíocha Napoleon le bail ínteacht a chur ar mhapa na hEorpa aríst. Nuairt a chuir Niemcewicz faoi ins an tír athuair i ndiaidh bhlianta na himirce i Meiriceá, chuaigh sé i gCumann Chairde an Léinn, eagraíocht a rabh de rún aici leas na bPolannach a chur chun cinn ar an bhealach shíochánta fríd oideachas a scabadh i measc na cosmhuintire. Is féidir a rádh mar sin go rabh Niemcewicz ar duine acu sin a chuir tús leis an phosaitíbheachas Pholannach.

Tá sainbhrí leis an fhocal udaí "posaitíbheachas" nó Pozytywizm i gcomhthéacs na Polainne, mar atá, obair dhearfach fhoighdeach (nó "obair orgánach" mar a deirtí freisin) a dhéanamh le cultúr na tíre dúchais agus caighdeán maireachtála a muintire a fhorbairt is a fheabhsú seachas bheith ag síoriarraidh na rialtóirí iasachta, na Rúisigh, na Prúisigh is na hOstaraigh, a chur ó chumhacht. Bhí sé feicthe an oiread sin uaireanta, a d'áiteochadh lucht leanstana na hidé-eolaíochta seo, nach rabh ag éirí leis an réabhlóideachas ná leis an cheannairceoireacht, agus go rabh go leor indéanta taobh istigh de shrianta an dlí le meabhraíocht náisiúnta a airdiú i measc na ngnáthdhaoiní. Cha rabh mórán tionchair ag an phosaitíbheachas ar an chuid is fearr de litríocht na Polainne, áfach, roimh an darna leath den naoú haois déag. Tháinig ceannairc i ndiaidh na ceannairce, agus na Rúisigh ag cur na réabhlóideach faoi chois, chun báis nó an loch amach dá réir sin. Ba dual don fhile éirí díograiseach fán chúis náisiúnta, a chion a dhéanamh ag troid ar a son agus blianta deireanacha a shaoil a chaitheamh ar an choigríoch ag cumadh filíocht rómánsúil fá thír a dhúchais nach bhfeicfeadh sé choíche aríst. Filí den chineál seo a bhí ins na rómánsúlaigh mhóra Adam Mickiewicz, Juliusz Słowacki agus Cyprian Kamil Norwid.

B'é Adam Mickiewicz an té ba mhó cliú acu lena lá féin. Chum se go leor dánta gairide, ach is í an éipic mhór, nó an t-úrscéal véarsaíochta, Pan Tadeusz ("An tUasal Tadeusz"), a phríomhshaothar - maille leis an dráma rannaíochta udaí Dziady ("Oíche Shamhna"). File conspóideach a bhí i Mickiewicz ins na blianta Sóivéideacha féin, nó nuair a stáitsíodh Dziady sa bhliain 1968, chuir na himeachtaí a tháinig as seo tús le scliúchais agus feachtas in éadan an lucht rialtais. Is é an Tobchumadh Mór, nó Wielka Improwizacja, an chuid lárnach ins an dráma seo: óráid atá ann ina léiríonn an phríomhphearsa a amhras i leith Dé nach bhfuil sásta na Polannaigh a chosaint ar an éagóir faoi bhráid iasachta. Críochnaíonn an tobchumadh leis na focail Ní tusa Rí na nDúl, ach - a Sár! Anois, nuair a labhair an t-aisteoir na focail deireanacha seo i léiriú na bliana 1968, chaith sé súil lán seachbhrí i dtreo Ambasadóir an Aontais Shóivéidigh i measc an lucht féachana. Ar ndóighe, rinne seisean a ghearán leis na cinsirí fán "stáitsiú fhrithShóivéadach", agus iad sásta, mar ba dual dá gceird, an dráma a stopadh. Níor ghabh na Polannaigh leor le sin, áfach, agus mhair an tír ar bharr lasrach go ceann tamall maith ama agus na mic léinn, ach go háithrid, ag agóidíocht in aghaidh na cinsireachta.

Cur síos idéalaithe rómánsúil atá i bPan Tadeusz ar shaol na n-uasal ins an tseanPholainn, agus má tá blas an náisiúnachais air, is é an náisiúnachas é a bhí ann le linn a ré órga, nuair ba ghluaiseacht fhorásach é. Bhí tuigse an chomharsanaigh ag an scribhneoir do chás na Rúiseach féin, siúd is gur naimhde agus lucht ionraidh is forghabhála a bhí iontu don Pholannach.

Bhí Juliusz Słowacki níos bisiúla ná Mickiewicz, ach ón taoibh eile de níor éirigh leis an cliú céadna a bhaint amach. Scriobh sé drámaí véarsaíochta, arb é Kordian an ceann is cáiliúla acu. - Maidir le Cyprian Kamil Norwid, ba ghinias é nach bhfuair a cheart ach i ndiaidh a bháis, nuair a cuireadh diolaim a chuid filíochta, Vade-mecum, i gcló.

Tháinig an posaitíbheachas i leaba na réabhlóide is na ceannairce ansin, agus b'iad Bolesław Prus, Eliza Orzeszkowa, Maria Konopnicka agus Henryk Sienkiewicz ainmneacha móra na linne. Chaith Orzeszkowa bunús a saoil i nGrodno, cathair leathPholannach, leathBhílearúiseach ag breacadh altanna fá shaol an cheantair neamhfhorbartha iargúlta chúlriascmhair seo fá choinne irisí de chuid Vársá. Saothar próis fá ábhair shóisialta, ar nós fuascailt na mban nó na nGiúdach, a bhí ins an chuid ba mhó dár scríobh sí. Is é an t-úrscéal Nad Niemnem ("Cois Niemen" - abhainn is eadh í Niemen; Memel a bheir na Gearmánaigh uirthi, agus Nemunas an leagan Liotuáinise) a nascanns le chéile cur síos beoga ar shaol na dubhthuaithe in Oirthear na Polainne agus dúthracht pholaitiúil an údair a bhí ag iarraidh soiscéal an chomhaontais náisiúnta a chraobhscaoileadh. Áirítear Konopnicka, údar mná eile, ar fhilí móra na teanga fosta, ach má áirítear féin, níl sí ar aon leibhéal feabhais le hOrzeszkowa. Bhí saol ag Konopnicka a chuirfeadh i gcuimhne Aurore Dudevant (George Sand) duit: thréig sí a fear nuair a bhí an pósadh ag cliseadh ar an bheirt acu, agus chrom sí ar a cuid a shaothrú ar a conlán féin. Fágann a díograis i gcúrsaí fhuascailt na mban is an náisiúnachais blas na teagascúlachta ar a cuid scéalta is dánta, áfach: níl siad, b'fhéidir, i measc na roghan is fearr de litríocht na linne.

B'é Henryk Sienkiewicz (1846-1916) an chéad scríbhneoir Polainnise a bhain amach duais Nobel ins an litríocht. Iriseoir a bhí ann ó thús a chaith cúpla bliain i Meiriceá ag obair ina chomhfhreagraí do nuachtán i Vársá. Thug sé taithneamh do dhaonlathas na Stát Aontaithe agus d'fhoilsigh sé diolaim de "litreacha ó Mheiriceá" ina dtug sé tuairisc ar shochaí agus ar chultúr na Stát Aontaithe mar dhea-eiseamláir is mar phatrún le tógáil. Gearrscéalta a scríobhadh sé i dtús a réime mar scríbhneoir ficseanúil, agus é ar a dhicheall luachanna an phosaitíbheachais a chur chun cinn iontu. B'iad na húrscéalta stairiúla eachtrúla a rinne údar cáiliúil mór-ráchairte eadarnáisiúnta de mo dhuine, áfach. Theastaigh uaidh misneach a chur ina mhuintir fríd scéalta laochais a inse dófa fá chaithréim na laetha a bhí. Ar ámharaí an tsaoil sháraigh an scéalaí an náisiúntóir, i gcruth is go dteachaidh aige scéalta beoga suimiúla a chumadh a choinníonns léitheoir an lae inniu féin á léamh go dtí an leathanach deireannach. B'í an Tríológ - an trí úrscéal fá chogaíocha na seachtú haoise déag - a foilsíodh sna 1880idí an chéad iarracht ar an ghné seo den litríocht aige: Ogniem i mieczem ("Le tinidh is le claíomh"), Potop ("An Díle") agus Pan Wolodyjowski ("An tUasal Wolodyjowski").

Dealraíonn sé áfach nach bhfuair an saol mór amuigh aithne ar mo dhuine sula dtáinig an t-úrscéal Quo vadis? ("Cá bhfuil do thriall?" as Laidin) amach an chéad uair. Bhí an leabhar ceaptha le buaidh na Críostaíochta ar an Phágántacht in impireacht na Róimhe a cheiliúradh, ach déanta na fírinne b'é an cur síos mionchruinn suimiúil ar shochaí Phágánta na linne ba mhó a chuaigh i gcion ar na léitheoirí, pearsa láidir Phetronius Arbiter thar aon rud eile, gan aon trácht a dhéanamh ar an chuntas iontach inchreidte intadhaill ar uisce faoi thalamh na n-uasal Rómhánach agus an tíoránach Nero ina Impire. Is beag léitheoir nach n-aithníonn taithí an scríbhneora ar an ghnáthshaol faoi chóras ansmachta - córas an tSáir, ansmacht an Impire Rúisigh, ins an chás áithrid seo. D'fhoilsigh Sienkiewicz úrscéal fán troid eadar na Polannaigh agus ridirí an Oird Teotanaigh sna Meánaoiseanna fosta - Krzyżacy, nó Ridirí na Croise. Inniu féin tá meas air mar scéalaí, siúd is nach dtearnadh dearmad de locht a fháil ar a shaoldearcadh a bhfuil barraíocht de bhlas na Críostaíochta sóntaí éadoimhne le brath air, dar le muintir aindiaga ár linne féin.

Thart ar chasadh an chéid tháinig glúin úr scríbhneoirí - an Pholainn Óg - ar an fhód agus iad ag cur ceannairce ar luachanna an phosaitíbheachais. Siombaileachas a bhí mar rosc catha acu, ag filí ar nós Bolesław Leśmian,Leopold Staff nó Kazimierz Przerwa Tetmajer.

Ins an Úcráin a rugadh Leśmian; in éis staidéar a dhéanamh ar an dlí dó chuaigh sé leis an amharclannaíocht i Vársá. D'fhoilsigh sé an chéad díolaim filíochta sa bhliain 1912 agus d'imigh sé ó Vársá aríst go dtí Oirthear na Polainne leis an chuid ba bhisiúla dá shaol chruthaitheach a chaitheamh ansin, agus é ag gabháil do cheird an nótaire phoiblí le biadh agus beatha a choinneáil leis. Éagsúlacht foirme, comh maith le príomhthéamaí ar nós éagobhsaíocht na cruinne is an comhrac eadar an saol nithiúil is an spiorad - sin iad na tréithre is dual dá chuid saothar.

Bhí fad saoil i ndán do Leopold Staff nuair a rugadh ins an bhliain 1878 é, nó siúd is gur thoisigh sé a scríobh i dtréimhse na Polainne Óige, mhair sé i gceann pinn go lá a bháis, beagnach, a tháinig sa bhliain 1957. Chuaigh sé chun ceannairce is chun cearmansaíochta ar an Pholainn Óig le teann chlasaiceachas a chuid filíochta nach rabh ag teacht leis an dream eile sin. Bhí meas na mífholláine ag Staff ar an ábhar a bhí á chumadh ag an Pholainn Óig. Bhí saoldearcadh eicléicteach dá chuid féin aige, nó mar a deir Julian Krzyżanowski: "Nuair a tháinig an liriceoir óg seo amach leis an chéad díolaim filíochta gan chliú ar bith a bheith bainte amach aige roimhe sin ar na hirisí, bhí port nua misniúil á cheol aige, agus é in ann a léiriú go mb'acmhainn dó a dhearcadh féin a bheith aige ar an tsaol agus amhras a chur i ngnáthmhanaí a linne." Bhí an tionchar ag go leor foinsí éagsúla ar smaointeachas Staff, ó Naomh Proinsias ó Aisisí go dtí Friedrich Nietzsche. Ó bhí Staff in ann athrú agus forbairt le himeacht na mbliantach, chuaigh aige theacht aniar aduaidh ar a chuid léitheoirí leis na díolaimí filíochta ba deireanaí féin.

B'é Stanisław Wyśpiański (1869-1907) an drámadóir ba tábhachtaí thart ar chasadh an chéid. I gCracó, cathair chultúrtha na Polainne, a tháinig sé ar an fhód agus a chaith sé an chuid ba mhó dá shaol. Amharclannaí uilíoch uileghabhálach a bhí ann, agus é eolach ar ghléasadh stáitse agus ar stiúrthóireacht comh maith leis an scríbhneoireacht stáitse féin. Bhí cliú ínteacht air mar gheall ar a shaothar portráidíochta, tarraingteoireachta, tírphioctúraíochta agus dearthóireachta sular chrom sé ar an amharclannaíocht. Mar sin, is féidir a rádh go rabh lámh dheas aige cuma cé acu an peann nó bruis an phéintéara a bhí aige. Ós rud é go rabh tuigse aige ar an taobh radharcach den amharclannaíocht comh maith leis an taoibh théacsúil, ní díol iontais ar aon nós é go n-áirítear é ar duine de na hamharclannaithe is úire, is bunúla i stair na healaíne seo ins an Pholainn.

Níor thréig Wyśpiański an tírghrádh ba dual do lucht an Rómánsúlachais, agus dearctar air féin mar nua-Rómánsúlach. Ina dhiaidh sin níor ghlac sé leis an chineál tírghráúlachta a bhí thuas ins an amharclannaíocht roimh a lá féin gan cámas a fháil uirthi. Bhí sé báúil le slua-radharcraí ollmhóra, fiú poimpéiseacha, le stangadh a bhaint as a lucht féachana; thairis sin, áfach, théadh sé i muinín teicnící saothraithe ceoil, pantaimíme agus aisteoireachta. Chleacht sé stáitse na n-iltaobh is na n-ilchleas le samhailchruinne inti féin a dhéanamh den dráma. Thig linn a thionchar a aithne ar iarrachtaí na n-amharclannaithe comhaimseartha Polannacha, ar nós Tadeusz Kantor nach bhfuair bás ach cúpla bliain ó shin, chun uilíochais agus chun aislinge uileghabhálaí amharclannaíochta: an stiúrthóir ina auteur nó ina ealaíontóir neamhspleách ag glacadh freagrachta as achan ghné den dráma, eadar théacs, ghleas stáitse agus stiúrthóireacht, ins an am chéadna.

Is é Wesele - "An Bhainis" - an dráma is cáiliúla dár scríobh Wyśpiański, agus cliú eadarnáisiúnta air toisc go dtearn an stiúrthóir cliúiteach Andrzej Wajda é a scannánú cuid mhaith blianta ó shin. Is é is ábhar dó ná pósadh an fhir uasail idéalaigh le cailín simplí ón tuaith: tá an buachaill faoi dhraíocht ag speabhraoidí náisiúnachais i leith na cosmhuintire, i gcruth is go roghnaíonn girseach acu sin mar bhean chéile. (Bheadh sé sách simplí athchóiriú Éireannach a dhéanamh den dráma seo ina mbeadh Gaeilgeoir ó Bhaile Átha Cliath ag pósadh cailín Gaeltachta mar gheall ar chúis na teanga amháin!) Bhí Wyśpiański ag déanamh criticeoireachta ar dhaoiní a ligfeadh don idéalachas náisiúnaíoch an oiread greama a fháil ar a n-aigne agus go ndallfaí a súile ar an réaltacht. Díol suime é b'fhéidir gur éirigh le Wyśpiański an dearcadh seo - ar féidir é a chur i gcomparáid, fiú, le dearcadh sheáin Uí Chathasaigh i leith an náisiúnachais armtha Éireannaigh i The Shadow of a Gunman - a cheangal de dhúthracht náisiúnaíoch dá chuid is dá dhéantas féin. Náisiúnaíoch criticiúil, féinchriticiúil fiú, a bhí ann mar sin - duine a bhí in ann locht a fháil ar lucht an tírghráidh gan an tírghrádh féin a chaitheamh i dtraipisí.

An bheirt mhórscríbhneoirí próis aríst, Władysław Reymont agus Stefan Zeromski, chomhcheangail siad siombaileachas agus nua-aoiseachas a linne agus cur síos réadúil, fiú nádúraíoch, ar an réaltacht ina gcuid úrscéalta agus gearrscéalta. Thuill a chuid úrscéalta, Chłopi ("Na Fir Thuaithe") ach go h-áithrid, Duais Nobel do Reymont, ach ina dhiaidh sin dealraíonn sé nach mórán léitheoireachta a ghnítear ar a shaothar inniu.

Bhain an Pholainn amach an neamhspleáchas aríst i ndiaidh an Chéad Chogaidh Dhomhanda, ach má chuir sé rímhéad ar na scríbhneoirí comh maith le duine, tháinig mealladh, frustrachas agus tuaradh tubaiste ina leaba go sciobtha, nuair a d'iompaigh an stát nua amach a bheith róchlaonta chun braiteoireachta is guagaíola polaitiúla, gan trácht ar bith a dhéanamh ar an tuathghríosóireacht ná ar an fhrithGhiúdachas.

B'é Julian Tuwim an file ba tíriúla san am seo. Giúdach a bhí ann, rud a thabhaigh dímheas na gciorcal radacach náisiúnaíoch dó, agus iad ar a seacht ndicheall ag iarraidh a chruthú nach rabh saothar an fhile seo, "éirimiúil is uile mar atá sé, ag teacht le dúchas na Polainne". Ba chóir dófa gan a gcuid cainte a chur amú, nó is léir do dhuine ar bith gur deacair a theacht ar a mhacasamhail ar a thíriúlacht mar liriceoir. Bhí sé i gceannas ar an bhaicke filí udaí Skamander, inar chruinnigh filí pobail dá chineál féin, agus iad ag díriú ar an ghnáthléitheoir lena ngreann sothuigthe agus ag seachaint is ag lochtú geáitsíocht na bhfilí turgnamhacha urghardacha.

Bhí suim ag Tuwim ins an chuid is lú "filiúntachta" de ghnáthchaint na ndaoiní, nó chuir sé le chéile fiú "foclóir an phótaire Pholannaigh", agus scríobhadh sé aistí beaga fá na focail bharrúla a dtigeadh sé trasna orthu ag na daoiní simplí, ar nós an chineál leathchaint a bhíodh ag na ceardaithe agus iad ag plé cúrsaí a gcuid oibre, caint a bhí breac le hiasachtaí Gearmáinise. Is dócha go mb'é an cruatán a d'fhuiling sé mar Ghiúdach a chuir ag tacú le seasamh na Sóivéadach é le linn an chogaidh. Nó tá sé dealraitheach gur bhain sé sult as na náisiúntóirí frithGhiúdacha Polannacha a bheith faoi smacht na Rúiseach. I ndiaidh bhunú na Polainne Sóisialaí phill sé chun an bhaile, agus fíorchaoin fáilte á fearadh ag údaráis an stáit úir roimhe. Cibé fá sin, áfach, char bhreac sé líne filíochta ar pár i ndiaidh an chogaidh. D'fhoilsigh sé dán mór amháin go fóill nár chuir sé ruball riamh leis, mar atá, Kwiaty polskie ("Bláthanna Polannacha") a chum sé ar deoraíocht i mblianta an chogaidh. Fuair Tuwim bás ins an bhliain 1953: cha rabh sé daite dó radharc a fháil ar choscairt na ré iarStailíní choíche.

File de chineál eile ab eadh é Józef Czechowicz, nó b'eisean an file ba mhó de chuid lucht an urghardachais is na dturgnamh. Chuaigh sé le filíocht an chéad uair agus é ina chónaí ar an dubhiargúltacht i Lublin; ba nós leis ansin cur síos a thabhairt ar thírdhreach an chúige faoi fhoirmeacha nua-aoiseacha. De réir a chéile áfach chrom sé ar an tubaisteachas, nó ar an Chatastróifeachas: is é sin, thoisigh sé a thuar deireadh an domhain ina chuid dánta. Tháinig an tuar faoin táirngreacht nuair a d'ionsaigh na Gearmánaigh an Pholainn i bhfómhar na bliana 1939, agus bhí Czechowicz ar duine acu siúd ba thúisce a fuair bás sa darna cogadh domhanda.

Baineann Witkacy, nó Stanisław Ignacy Witkiewicz, leis an tréimhse eadarchogaidh comh maith. Páiste iontach seanchríonna a bhí ann, nó bheir sé ar pheann an scríbhneora agus ar bhruis an phéintéara ina bhuachaill bheag dó; caithfear a rádh, áfach, go rabh an ealaíon ina dhúchas, ó ba mhac le h-ealaíontóir é. Bhain sé amach bun a mhéide go gairid roimh an Chéad Chogadh Domhanda, rud a chiallaigh gur preasáladh isteach in Arm na Rúise é nuair a d'éirigh ina chogadh eadar an tír sin agus an Ghearmáin. Chonaic sé Murchadh sna saighdiúirí dó, go h-áithrid nuair a phléasc cogadh uafásach na gcarad amach ins an Rúis i ndiaidh réabhlóidí na bliana 1917. Nuair a fuair sé réidh leis an arm, agus an Pholainn i ndiaidh an neamhspleáchas a bhaint amach, phill sé chun an bhaile le bunús a rabh fágtha dá shaol a chaitheamh i Zakopane i Sléibhte Tatra murar tharla dó bheith ar cuairt i Vársá.

Ar dtús b'í an phéintéireacht an ealaíon ba mhó a chleachtaíodh sé, agus toil is taithneamh tugtha aige d'eisprisiúnachas na Gearmáine. Bóihéimeach den déanamh Fhrancach a bhí ann, agus é ag tástáil drugaí ar nós lucht an tSeascaideachais daichead bliain níos moille: mar sin, faoi thionchar na ndrugaí ba nós dó dathanna láidire a úsáid a chuireanns i gcuimhne "sícidéileachas" na Seascaidí. Bhí an blas céadna le h-aithne ar a chuid scríbhinní comh maith. scríobhadh sé drámaí agus úrscéalta fealsúnta, agus é ag craobhscaoileadh soiscéala na h-ealaíne glaine mar gheall ar an ealaín féin - l'art pour l'art. Ní féidir a rádh, áfach, gur éirigh leis fanúint glan ó theachtaireacht shoch-chriticiúil ina ealaín nó ó cheangaltais pholaitiúla ina shaol. Thar aon rud eile, dealraíonn sé gur chuir breith agus fás na gcóras ansmachta i nGearmáin na Naitsíoch agus i Rúis an Stailíneachais scáth eagla air, agus é ag iarraidh friotal filiúnta a lorg don eagla seo ina chuid drámaí, go h-áithrid i nGyubal Wahazar.

Cur síos tarcaisniúil is eadh é an dráma seo ar mheigleamáine - siabhrán ollchumhachta - agus ar pharanóia - siabhrán géarleanúna - an deachtóra Gyubal Wahazar agus é sách cosúil le Hitler agus Stailín, go h-áithrid ina chuid iarrachtaí "an duine nua" a chruthú. Ina úrscéalta Pożegnanie jesieni ("Slán leis an Fhómhar") agus Nienasycenie ("Easpa sástachta") thig faitíos Witkacy roimh an todhchaí chun tsolais i bhfad níos soiléire fós: ins na leabharthaí seo tarraingíonn sé pioctúir den Eoraip ar an dé deiridh, ag scor as a chéile le teann na lofachta is na mímhoráltachta. San am chéadna, tá díormaí na réabhlóide ag teannadh léithi anoir, agus iad meáite an cógas udaí Murti-Bing a thabhairt do na hEorpaigh ina ndeoin nó ina n-ainneoin. Cógas is eadh é a leigheasfas an indibhidiúlacht agus a dheánfas géillsineach umhal den duine fá choinne chóras ollsmachta an ama atá le theacht.

Chuir Witkacy lámh ina bhás féin ar an tseachtú lá déag de Mhí Mheán Fómhair 1939, nuair a rinne na fórsaí Sóibhéadacha - lucht an Mhurti-Bing, dar leis - ionradh ar an Pholainn de réir an chonartha rúnda eadar an dá dheachtóir. Is iomaí Polannach a d'aithin bás na filíochta féin i mbás an fhile spéisiúil seo. Tá sé curtha i reilig i Zakopane.

Ba duine de thaismigh an chogaidh é Bruno Schulz freisin. Giúdach a bhí ann, rud nár thuar fad saoil d'aon duine ar thairseach an darna cogadh mór. Chaith sé an chuid ba mhó dá shaol i nDrohobycz in Oirthear na Polainne, cathair bheag a bhaineanns leis an Úcráin inniu. Ar nós Witkacy b'ealaíontóir ilchineálta é Schulz, agus ar dtús sháraigh cliú an phéintéara Schulz cáil an scríbhneora Schulz. Níor fhoilsigh sé ach dhá dhiolaim gearrscéalta, ach thuill an bheirt sin áit dó i dtáin litríocht na Polainne. B'eisean an chéad duine riamh a chuir modhanna inste leithéidí Franz Kafka i bhfeidhm ar an Pholainnis. Sna gearrscéalta seo ghní sé iarracht beocht nua a thabhairt do shaol leamh seasc na cathrach bige fríd an fhantaisíocht a ligean isteach an cúldoras. Fuair Schulz bás i ngeiteo Drohobycz, nó bhí sé ag iarraidh an t-anam a thabhairt leis fríd na Náitsíthe a ghiúmaráil lena scileanna péintéireachta. D'éirigh iompairc eadar beirt bhithiúnach de chuid SS fána chuid pioctúirí, agus scaoil duine acu Schulz leis an chaismirt a réitiú: páiste ag briseadh bréagáin a rabh saint ag páiste eile ann.

Thoisigh Witold Gombrowicz ar a réim scríbhneoireachta sna bliantaibh eadarchogaidh comh maith, siúd is gur chum sé an chuid ab fhearr dá shaothar ar deoraíocht i ndiaidh an chogaidh. Dlítheoir agus eacnamaí a bhí ann ó thaobh an oideachais de, ach nuair a tháinig an cruth ar an tairne chuaigh sé leis an scríbhneoireacht. Bhain sé amach a chéad chliú leis an úrscéal udaí Ferdydurke, scéal míréasúnta fá dtaobh d'fhear a chaithfeas a dhul ar scoil aríst agus é tríocha bliain d'aois, cionn is nach bhfuil sé pósta go fóill. (Is féidir tagairt cheilte a aithne air seo do homaighnéasachas Ghombrowicz.) Cuid thábhachtach is eadh é de dhomhan Ferdydurke an tsúil a chaitheanns Gombrowicz ar róil shóisialta an duine, ar an ghnúis bréige, ar an mhasc a chuireanns an duine air féin leis na daoiní eile, agus stór úr focal dá chuid féin cruthaithe ag an údar le cur síos ar na cúrsaí seo.

Go gairid roimh an darna cogadh domhanda, thug Gombrowicz aghaidh ar an Airgintín le seal a chaitheamh ansin, ach nuair a phléasc an cogadh amach ins an Eoraip, cha rabh de roghain ag mo dhuine ach seadó a dhéanamh i mBuenos Aires. B'ansin a scríobh sé na h-úrscéalta udaí Trans-Atlantyk ("An Tras-Atlantach") agus Pornografia ("Pornagrafaíocht"). Cur síos tarcaisniúil is eadh é Trans-Atlantyk ar shaol na n-inimirceánach Polannach ins an Airgintín; maidir le Pornografia, chan pornagrafaíocht atá i gceist leis ach cineál fabhalscéal atá suite i bPolainn an darna cogadh domhanda, i saol na gluaiseachta frithbheartaíochta a bhí ag troid na nGearmánach. Ní rabh d'uain ag Gombrowicz aithne a fháil ar an tsaol seo riamh, agus go bunúsach, níl ins an tsaol sin ag Gombrowicz ach gléas stáitse le scéal a inse atá suite i dtimpeallacht na rúnchumannaíochta. - Scríobh sé cúpla leabhar eile fós, thar aon cheann eile an trí imleabhar de chín lae a bhreac sé síos san Airgintín. Chaith sé cúpla bliain deireanacha a shaoil i bPáras, áit ar shíothlóigh sé sa bhliain 1969.

Maidir leis an litríocht sa Pholainn féin, b'éigean daoithi mairstint frí ghéarchéim an chogaidh nach rabh ag fabhrú ach d'fhilíocht ócáidiúil bolscaireachta leis an náisiún a spreagadh cun troda in éadan na nGearmánach (agus na Sóibhéadach, go dtí gur briseadh síocháin an bheirt deachtóirí sa bhliain 1941). Ní mhaireann ach duine amháin d'fhilí an chogaidh ar bhéal an náisiúin inniu, b'fhéidir: "Jan Bugaj", nó Krzysztof Kamil Baczyński, fear óg a fuair bás le linn an chogaidh. A ionraiceas agus a chumas chun féinchriticiúlachta le linn na troda cosanta féin a thuill an cliú iarbháis dó. Toisíonn Baczyński ar dhán dá chuid leis na focail seo a leanas: Nikt z nas nie jest bez winy... - "níl aon duine againn saor ó chiontacht..." Is salach an gnoithe é an cogadh, an treallchogaíocht ach go h-áithrid, agus tuigeann Baczyński go bhfuil fadhbanna moráltachta ag baint leis an chogadh "chóir", fiú: nó cogadh atá ann in éis an tsaoil, agus is rud deacair é ó thaobh na moráltachta de bheith bródúil as gaisce cogaidh.

I ndiaidh an chogaidh tháinig córas an Chumannachais Shóivéadaigh, agus é ag iarraidh a chur d'fhiachaibh ar na scríbhneoirí tuairisc a thabhairt ar thógáil na "Nua-Pholainne" - zbudujemy nową Polskę, "cuirfidh muid ar bun Polainn úr ar fad", mar a chantaí in amhrán de chuid na linne. Níor mhair an tréimhse seo ach cúpla bliain, ar ámharaí an tsaoil; nó char éirigh leis na Cumannaigh a gcóras féin a chur i bhfeidhm ar an tír ach i ndiaidh choraíocht dhá nó trí bliana a chur díofa. Bhí d'uain ag scríbhneoirí tábhachtacha, ar nós Tadeusz Borowski, saothair láidire ionraice fá dtaiobh de chruatan an chogaidh a fhoilsiú. Dearctar inniu ar an ghearrscéal udaí le Borowski, Proszę państwa do gazu ("Isteach ins an ghás nimhe, a dhaoiní uaisle, mura miste"), mar cheann de na scéalta is coscarthaí dár scríobhadh riamh ins an Pholainn fá shaol na gcampaí géibhinn. Chuir Borowski lámh ina bhás féin i dtús na gcaogaidí, agus é ag tuigbheáilt nach mbeadh ins an "Nua-Pholainn" ach córas ansmachta cosúil le Gearmáin na Naitsithe féin. Dá streachlóchadh sé leis go ceann cúpla bliain eile, tchífeadh sé an maolú a bhí le theacht ar dhéine an chórais le bás Stailín.

Siúd is gur thoisigh Czesław Miłosz a scríobh roimh an chogadh, baineann an chuid is tábhachtaí dá shaothar leis an tréimhse iarchogaidh. Gaol dá chuid ab eadh é Oscar Venceslas de Lubicz-Miłosz, an file ón Liotuáin a chum a chuid saothar as Fraincis. Rugadh Czesław Miłosz féin ins an Liotuáin, go dlúth in aice leis an teorainn, agus an dá theanga ó dhúchas aige. Nuair a chuaidh na díormaí Polannacha isteach ar limistéar na Liotuáine go gairid in éis don dá stát a neamhspleáchas a bhaint amach mar thoradh ar an chéad chogadh domhanda, agus an compal thart ar Vilnius, nó Wilno, á ghabháil ó na Liotuánaigh, thit seanfhód mhuintir Miłosz leis an Pholainn comh maith, rud a d'fhág an buachaill óg ina scríbhneoir Polainnise. Ina dhiaidh sin féin, char ghlac sé riamh leis an náisiúnachas Pholannach, a mhalairt ar fad: ba dhual dó, ar nós a mhuintire féin, bheith cineál drochamhrasach ina leith. Bhí dáimh ínteacht aige ó thús leis na Liotuánaigh, agus nuair a thug sé cuairt ar a dhuine mhuinteartha, Oscar Venceslas, i bPáras sna tríochaidí, cha dtearn an teagmháil seo ach tuilleadh a chur lena dhearcadh scéiptiúil ar an "Pholannachas", nó bhí an t-"Uncail" Oscar féin go láidir in éadan na Polainne agus i bhfách leis an Liotuáin. Déanta na fírinne, siúd is nach rabh aige ach salacharaíl éigin Liotuáinise, bhí Oscar sásta cúl a thabhairt leis an Pholainn ar mhaithe leis an Liotuáin, agus é ag féidhmiú ina chonsal oinigh dá thír "roghdhúchais" i bPáras. Mar sin, threisigh a thionchar leis an dearcadh chairdiúil a bhí ag Czesław Miłosz i leith mhionlaigh eitneacha Phoblacht na Polainne: na Liotuánaigh, na Bílearúisigh, na hÚcráinigh is na Giúdaigh. Thuill an manadh ilchultúrtha seo trioblóidí leis na h-údaráis dó, áfach, nuair a chaochlaigh atmaisféar polaitíochta na tíre i dtreo deachtóireachta agus seoibhineachais náisiúnta faoi réim lucht Sanacja, nó na nginearál a ghlac chucu an chumhacht in éis don Mharascal Piłsudski bás a fháil. Ba bheag meas a bhí ag Piłsudski féin ar nós imeachta an daonlathais, ach san am chéadna bhí ciall éigin aige do riachtanaisí na tíre ilnáisiúnta, rud a rabh na ginearáil ní ba lú eagna chinn dall ar fad air.

Chaith Miłosz blianta an chogaidh ar a theitheadh ó údaráis na bhforghabhálaithe Gearmánacha is Sóibhéadacha agus ag cumadh ábhar bolscaireachta do na hirisí rúnda Polainnise. Nuair a tháinig na Cumannaigh i gcumhacht i ndiaidh an chogaidh, fuair Miłosz jab mar attaché cultúrtha, agus an chuma ar an scéal gur iarracht a bhí ann ag lucht an rialtais file míchompordach a choinneáil ar shiúl agus na hathruithe polaitíochta á gcur i bhfeidhm ar an Pholainn a bhí ag fágáilt na tíre ina deachtóireacht Shóibhéidithe. Sa bhliain 1951 áfach thréig Miłosz an Pholainn nua, agus d'éirigh leis dídean polaitíochta a fháil sa Fhrainc. B'ansin a scríobh sé an dá úrscéal, Dolina Issy ("Gleann Issa"), ar cur síos liriciúil é ar a cheantar dúchais; agus Zdobycie władzy ("Gabháil na Cumhachta") a bheir tuairisc neamhbhalbh ar an chaoi a dtearn na Cumannaigh droichead de mhuintir eile na tíre agus iad ag dul i gceann na Polainne ar lorg an chogaidh. Scríobh Miłosz cúpla díolaim aistí, Rodzinna Europa ("Eoraip mo dhúchais"), ina ríomhann sé stair chultúrtha na Liotuáine agus na Polainne comh maith lena stair phearsanta féin; agus Zniewolony umysł ("Eagna faoi Dhaorsmacht"), a mb'é a thuairisc dhuairc ar bhás na saoirse in Oirthear na hEorpa i dtréimhse an Stailíneachais.

I ndiaidh dó deich mbliana a chur de ins an Fhrainc fuair sé post i Meiriceá mar ollamh le litríocht na dtíortha Slavacha in Ollscoil Berkeley. B'ansin a chrom sé ar an chumadóireacht líriciúil aríst, agus thuill a chuid dánta Duais Nobel dó sa bhliain 1980.

Ins an Pholainn féin b'éigean do na filí bolscaireacht a chleachtadh ag moladh is ag móramh an chórais Shóibhéidigh, go dtí go dtáinig an choscairt i ndiaidh bhás Stailín. Sa litríocht b'é a chéadchomhartha an "Dán do Dhaoiní Fásta" nó Poemat dla doroslych le hAdam Ważyk:

Tháinig siad a rádh
nach dtig aon phian i méar dhóite
agus an Sóisialachas i réim.
Chuir siad méar i dtinidh,
mhothaigh siad an phian,
thit siad in umar an éadóchais.

Bhí sé ceadaithe a rádh aríst go mothaítear pian i méar dhóite, agus an Sóisialachas féin i réim. B'é Zbigniew Herbert an chéad fhile tábhachtach a bhain leas as an choscairt seo. Bhí sé i ndiaidh staidéar a dhéanamh ar an dlí agus an fhealsúnacht, agus é ag cumadh dánta san am chéadna. Cha rabh sé ach sé bliana déag d'aois nuair a thoisigh an cogadh, ach níor chuir sin aon chúl ar a chuid staidéir, nó d'fhreastail sé ar ollscoil rúnda le linn a bheith ag troid i ngluaiseacht na treallchogaíochta, Armia Krajowa ("Arm an Dúchais"). D'fhan sé ina thost na chéad bhlianta in éis an chogaidh, ó ba léir dó nach dtiocfadh leis cloí le haeistéitic oifigiúil an réalachais Shóisialaigh, nach dtabharfadh aitheantas ach do scéalta "tairbheacha" a mbeadh "laoch dearfach" iontu. Nuair a bhí Stailín go cluthar compordach ag iompar na bhfód, áfach, d'éirigh le Herbert a chéad diolaim filíochta a fhoilsiú. Ba sciobtha a bhain sé amach cliú eadarnáisiúnta ina dhiaidh sin, ionas go bhfuair sé áiméar seal a chaitheamh ar an choigríoch le caoinchead ó na húdaráis. B'ins na seachtóidí, áfach, a tháinig an diolaim is tábhachtaí amach uaidh - Pan Cogito, ina bhfuair lucht a léite an chéad aithne ar an Uasal Cogito ("smaoiním" is brí leis an fhocal Laidine udaí "cogito"), "alter ego" nó seachphearsa an fhile, agus é á streachailt eadar dhá thinidh Bhealtaine: an tIarthar agus an Pholainn, an réaltacht agus domhnán imdhruidte na leabhar is an ardchultúir.