LITRÍOCHTLITRÍOCHTLITRÍOCHTLITRÍOCHTLITRÍOCHTLITRÍOCHT

RÉAMHNÓTA

Cuireadh an t-ábhar seo ar fáil an chéad uair as Béarla ar líonleathanaigh Rialtas na hÉireann. Mo bhuíochas le Líonmháistir Láithreán an Rialtais ar son an cheadúnais a tugadh domh an méid seo a aistriú agus a athfhoilsiú anseo.

This material comes from the Irish Government's Home Page. I sincerely thank the Webmaster of the Irish Government Website for being allowed to translate and reproduce this material.

Diese Materialien wurden zuerst auf den Netzseiten der Regierung der Republik Irland veröffentlicht, wo die englischen Originaltexte zu finden sind.

Detta material härstammar från den irländska regeringens nättillhåll, där de engelska originaltexterna finns.

Tämä aineisto on peräisin Irlannin hallituksen kotisivuilta, mistä englanninkieliset alkutekstit löytyvät.

The English originals can be viewed at the Website of the Government of Ireland

As Fionlainnis - Suomeksi - Auf Finnisch - På finska - In Finnish
As Sualainnis - På svenska - Auf Schwedisch - Ruotsiksi - In Swedish
As Gearmáinis - Auf Deutsch - På tyska - Saksaksi - In German

An Ré Thosaigh

Cuireadh bun le Ré Órga an Léinn is na Críostaíochta in Éirinn sa tséú céad d'aois an Tiarna, agus mhair sí go dtí an naoú céad. Ba mhór an diolaim de scríbhinní i nGaeilge na tréimhse udaí a fágadh againn, is é sin, san tSeanGhaeilge. An seort ábhair atá ann is filíocht é eadar liriciúil is reiligiúnda, chomh maith le scéaltaí móra próis, seanmóiríocht, ábhar staire is dlí, agus gluaiseanna léannta a cuireadh le téacsanna Bíobla nó le hábhar léitheoireachta Laidine mar threoir don léitheoir ar beagán taithí.

Is í seo an litríocht is sine dá bhfuil ann in aon ghnáthurlabhra pobail san Eoraip taobh ó thuaidh de na hAlpanna. Na daoiní a chum na scríbhinní seo, bhí siad tar éis oideachas a thabhairt orthu féin i scoltacha manachúla na tréimhse udaí. Bíodh is go bhfuil blas pearsanta príobháideach le haithne go soiléir ar a gcuid filíochta, níl scoláirí an lae inniu go hiomlán ar aon tuairim cé acu iad féin a chum is a cheap an méid eile nó ar bhreac siad ar pár an méid a chuala siad á insint mar thraidisiún béil.

Tá a lán de na mórscéaltaí - an eipic "Táin Bó Cuailnge" go h-áithrid - in ainm a bheith ag tabhairt tualaisce ar shochaí na ré réamhChríostaí, ach b'iad na scríbhneoirí manachúla a sholáthair dul na hinsinte, agus is féidir gurb as a bhfantaisíocht féin a d'fháisceadar a lán de na mionsonraí. Tá sé cruthaithe fosta go bhfuil anál na heaglaise ar na téacsanna dlí is sine féin. Ní féidir a bhréagnú go bhfuil traidisiún seanársaí réamhChríostaí caomhnaithe iontu; ní féidir a chinntiú go fóill ach an oiread, céard is traidisiún agus céard is nuáil ann sa litríocht is moiche.

Bhí a hanál féin ag litríocht na Gaeilge ar an scríbhneoireacht Eorpach. Creidtear gurb as foinsí Éireannacha a fuarthas téama an ghráidh tragóidigh i scéal Thriostáin agus Iosóilde - foinsí ar nós na scéaltach fá dtaobh de Dheirdre is Naoise, nó Líadán is Cuirithir, nó Diarmuid is Gráinne.

Thairis sin ba mhór an draíocht a chuir na scéaltaí iomraimh - ar nós Iomramh Mhaoile Dhúin agus Navigatio Brendani, a céadchumadh as Laidin - ar intinn na hEorpa sna Meánaoiseanna.

Ré na MeánGhaeilge

Is minic a mhaítear nach dtearn litríocht na Gaeilge ach a ghabháil chun marbhántachta sna bliantaibh a bhíodh na Lochlannaigh ag ionsaí na hÉireann nó ag cur fúthu ansin. An MheánGhaeilge a bheirthear ar an chineál teanga a bhíodh á scríobh sa tréimhse udaí.

Más fíor féin nach bhfuil úire ná beocht na scríbhneoireachta SeanGhaeilge ag roinnt leis an MheánGhaeilge, ba téagartha úimléideach an méid sin litríochta fosta a tháinig ar an tsaol le linn ré na MeánGhaeilge. Is fiú Saltair na Rann a ainmniú: céad go leith de ranna atá ann agus ábhair Bhíobla á gcardáil iontu. Creidtear go mb'é Airbertach Mac Cosse Dobráin a chum iad sa bhliain naoi gcéad a hocht is ceithre scór, siúd is go bhfuil tuairim eile ag cuid de na saineolaithe. Thairis sin tá na dánta staire le Flann Mainistreach (1000-1056 d'aois an Tiarna) ann, chomh maith leis an Dinnshenchas: is diolaim é sin de scéalta is dánta fá dtaobh d'áiteanna iomráiteacha cliúúla.

Rinneadh leaganacha MeánGhaeilge d'eipicí Laidine fosta, ar nós Scéal Aeinéis le Veirgilias agus Cogadh na gCarad le Lucánas. Baineann an aoir chumhachtach fá dtaobh de na manaigh is na fir léinn, Aislinge Meic Con Glinne, leis an tréimhse seo freisin.

Ré na NuaGhaeilge Moiche

Ar lorg na n-athruithe sóisialta polaitíochta ar chuir na hAnglaNormannaigh bun leofa nuair a ghabh siad Éire sa bhliain míle céad a naoi is trí scór thoisigh Ré na NuaGaeilge Clasaici, nó na NuaGhaeilge Moiche. Mhair sí a fhad leis an tseachtú haois déag, agus is teanga liteartha chaighdeánaithe cuíosach nua-aoiseach í Gaeilge na tréimhse seo.

B'iad na cúirteanna filíochta ba mhó a shaothraíodh an caighdeán seo, agus aicme na bhfilí gairmiúla ag coinneáil na scoltacha saolta filíochta seo ar cois. Páirt úimléideach iad na dánta leis na filí proifisiúnta dá bhfuil fágtha inár seilbh de litríocht na tréimhse seo.

Ba dánta adhmholta dá bpátrúin uaisle cuid mhaith dár chum siad, ach is fiú trácht a dhéanamh, leis, ar an lear mhór atá ann den fhilíocht reiligiúnda nó pearsanta. Daoiní ar na filí ba cháiliúla sa tréimhse seo ab eadh iad seo a leanas: Donnchadh Mór Ó Dálaigh (1175-1244), Muireachadh Albanach Ó Dálaigh(1180-1250), Gofraidh Fionn Ó Dálaigh(1320-87) - b'eisean an file ab fhearr dár chleacht an cheird, dar lena dtáinig d'fhilí ina dhiaidh - Tadhg Dall Ó hUiginn(1550-91); Eochaidh Ó hEodhusa(1567-1617), agus duine acusan a bhain le cúlgharda an traidisiún, is é sin Fear Flatha Ó Gnímh (1602-1640).Thig an tátal a tharraingt as an liosta an-ghairid seo féin gur le hoidhreacht a théadh an ghairm ó fhile go file den chuid ba mhó.

Bhí litríocht na Fiannaíochta go mór faoi bhláth i Ré na NuaGhaeilge Moiche. Eachtraí de chuid Fhinn Mhic Chumhaill agus na bhFiann is ábhar do na scéalta seo. Taoiseach finscéalach ab eadh é Fionn, agus é ina rí ar na diormaí móra de shaighdiúirí a dtugtar na "Fianna" orthu.

Is féidir tagairt d'Fhionn a fháil i gcorrthéacs a bhaineanns leis an ochtú nó leis an naoú haois, ach is é Agallamh na Seanórach an chéad phléadh fairsing dá dteántar ar na Fianna sa litríocht. Is cnuasach mór de scéalta próis é an tAgallamh seo agus a lán véarsaíochta inste nó liriciúla le fáil inti chomh maith.

Is é comhchúlra na scéaltach seo an cur i gcás gur mhair an Págánach Oisín, nó comhshaighdiúir dá chuid darb ainm Caoilte, a fhad agus go dteachaidh sé i dteagmháil le Naomh Pádraig le cuideachta a dhéanamh dó ar a astar misinéireachta ar fud na hÉireann; ins achan áit dá dtugann siad cuairt uirthi cuireann Oisín nó Caoilte síos ar na heachtraí a bhain d'Fhionn agus a chuid Fiann ansin.

Mar is dual dá lán saothar traidisiúnta liteartha is féidir tionchar an Dinnsenchais a mhothachtáil ar an Agallamh. Leantar d'fhilíocht nuaidh a chumadh fá dtaobh de théamaí Fiannaíochta a fhad leis an ochtú haois déag. Sa bhliain míle seacht gcéad a deich is dhá scór mar shampla b'é an file Cláiríneach Micheál Coimín a chum "Laoi Oisín ar Thír na nÓg". Tháinig cáil agus iomrá eadarnáisiúnta ar an ghné seo filíochta ón bhliain 1760 amach nuair a d'fhoilsigh Séamus Mac Phearsain (1736-96) a chuid "aistriúchán", mar dhea, ar na scéalta seo. Bhí aithne mhaith aige ar thraidisiún béil Ghaeilge na hAlban, tharla go mb'as Gaeltacht na nGarbhchríocha Albanacha dó féin. Ní rabh a chuid saothar ach breacbhunaithe ar an traidisiún sin áfach.

Cuireadh lear mór litríochta inste nó reiligiúnda ó theangthacha iasachta - Béarla agus Fraincis go háithrid - in atheagar Gaeilge le linn Ré na NuaGhaeilge Moiche. Chleachtadh eadar fhilí gairmiúla agus dhaoiní de na móruaisle féin filíocht gráidh cúirte a scríobh: ina measc-san daoiní mar Ghearóid Mac Gearailt, tríú hIarla Deasmhumhan (+1598); Mánas Ó Donaill, Iarla Thír Chonaill(+1563) agus Sior Piaras Féiritéir (+1563) a mb'as Corca Dhuibhne dó.

An Ré IarChlasaiceach

Tháinig críoch ghiorraisc thobann le Ré na NuaGhaeilge Moiche nuair a treascradh an seanréim Gaelach ins an tseachtú haois déag. Is cuid thábhachtach de litríocht na headarthréimhse seo iad na saothair liteartha a breacadh síos chun oidhreacht na sibhialtachta Gaelaí a fháil ar pár is a bhuanú fá choinne na nglúntach a bhí le theacht, ar nós na mórshíntéise udaí "Annála Ríoghachta Éireann" a cumadh sna bliantaibh ó míle sé chéad a dó déag is fiche go dtí míle sé chéad a sé déag is fiche faoi stiúradh Mhíchíl Uí Chléirigh (1575-1645) nó stair scéaltach Sheathrúin Chéitinn, is é sin, "Forus Feasa ar Éirinn", a críochnaíodh thart timpeall ar an bhliain míle sé dhéag a ceathair déag is fiche.

Chaitheadh na staraithe gairmiúla anuas ar an Chéitinneach (a mhair ón bhliain míle cúig chéad a deich is trí scór go dtí an bhliain míle sé chéad a cúig is dhá scór) agus iad barúlach nach rabh ann ach gliocsálaí, ach bhí stíl shármhaith thaitneamhach próis aige, agus mhair gnaoi na ndaoiní ar a chuid saothar go dtí le gairid.

Ó thaobh na véarsaíochta de, b'iad tréathra na tréimhse seo ná go dteachaidh coimirce na bhfilí i léig, agus go dtáinig córas úr méadraíochta i réim - is é sin, méadraíocht na n-amhrán, a bhí bunaithe ar chomhaireamh na bhfocal faoi bhéim gutha, seachas an seanchóras rannaíochta (an dán díreach) a choinníodh cuntas ar na siollaí. Nuair a tháinig an t-amhrán ar an fhód, b'fhoirm lánfhorbartha é cheana, agus a cuid patrún cruinn aige. Is ar éigean is féidir a bharúil, cibé a deirtí níos moiche, gur meán níos simplí iad le freastal ar dhaoiní níos lú oideachas.

Bhí Seathrún Céitinn, Pádraigín Haicéad (1600-54), a mba shagart Doiminiceánach é agus baint láidir aige le polaitíocht a linne féin, agus Dáibhí Ó Bruadair (1625-98) a rinn a lán iarrachtaí gan rath theacht i dtír ar a chuid filíochta ar nós file proifisiúnta na sean-amanta - bhí an triúr seo ar na filí ba thábhachtaí san am. Tá searbhas géar le brath ar an chur síos a bheireanns Ó Bruadair ar chaochló na sochaí Gaelaí ina bhfuil scríofa aige. Tá meas duine ar na filí is mó de chuid na canónach liteartha ar Aogán Ó Rathaille (1670-1728), agus bhí sé ar na filí deireanacha a fuair tuarastal agus coimirce ar son a gcuid dánta, ach is deacair a mhaíochtáil go dteachaidh sin thar an ghnáthcharthanacht.

Cibé meas a bhí ag lucht a chosanta ar ar chum Aogán, is éadócha go rabh an gradam is an mhaoin acu leis an oiread sin a thabhairt dó ar son a chuid saothar agus a ba dual d'fhilí gairmiúla ré na NuaGhaeilge Moiche gan cheistniú ar bith.

An tOchtú is an Naoú hAois Déag

Gidh gur cuireadh deireadh iomlán le coimirce na n-uasal do litríocht na Gaeilge, chloígh a lán cléireach, feirmeoirí, ceardaithe, agus máistirí scoile le saothrú litríocht na Gaeilge. Rinn na daoiní seo a gcroídhicheall le traidisiún cóipeála is caomhnaithe na lámhscríbhinní a choinneáil beo breabhsánta, agus bhídís ag cumadh véarsaíocht fá dtaobh d'ábhair thoipiciúla nó pearsanta, seanmhóireacht agus litríocht chráifeach, agus tháinig fiú oiread áithrid de phrós ficseanúil uathu. Ina measc is fiú na hainmneacha seo leanas a lua: Seán Ó Neachtain (1655-1728), Tadhg a mhac (timpeall ar an bhliain 1680 - timpeall ar an bhliain 1750), Eoghan Ó Caoimh (1656-1726), Seán Ó Murchú (1700-62), agus Mícheál Óg Ó Longáin(1766-1837) a bhí ar duine de na daoiní ba bhisiúla acu uilig.

Scríobhaithe dúthrachtacha sóbráilte a bhí iontu agus iad ag obair go stobarnáilte gan stad gan staonadh, agus cibé fuinneamh a bhí iontu chaithidís é i mbun a gcuid oibre ar son litríocht na Gaeilge.

In aigne na ndaoiní áfach is lú cuimhne iad ná na carachtair ní ba ragairní a rabh níos mó éirime acu go hiondúil. Is dóigh lena lán gurb iad seo a sheasaíonns don tréimhse uilig. Is fiú trácht a dhéanamh orthu seo: Peadar Ó Doirnín (1704-68); Aindrias Mac Craith (1708-95); Donnchadh Ruadh Mac Con Mara (1715-1810); Eoghan Ruadh Ó Súilleabháin (1748-84); agus, thar aon duine eile, an múinteoir matamaitice Brian Merriman (1747-1805). B'eisean a chum Cúirt an Mheon Oíche a dhúisigh níos mó spéise i measc aistritheoirí léannta ná aon saothar litríochta eile as Gaeilge.

Is minic a chuirtear i leith Mherriman nó Raftery - is é sin, Antaine Ó Reachtabhra (ón bhliain 1784 go dtí an bhliain 1835 a mhair seisean) - gurbh iontu a hionchollaíodh "deireadh an traidisiúin". Is dócha gurb ionann anseo coincheap an "traidisiúin" agus ábhair a ba ghnás a chardáil i bprós na Gaeilge, nó stíleanna áithride véarsaíochta a ba dual do dhánta Gaeilge ó dheireadh ré na NuaGhaeilge Moiche amach. Níl na cúrsaí chomh simplí sin áfach. Pé scor is scabadh a tháinig ar lucht na Gaeilge sa naoú haois déag, ní i dtoibinne a d'éirigh siad as saothrú liteartha na teangan. D'fhan Mícheál Óg Ó Longáin, mar shampla, i mbun pinn go dteachaidh an t-adhmad air sa bhliain seacht ndéag is fíche ar ocht gcéad déag. Diomaite deisean is fiú gan dearmad a dhéanamh ar Sheán Ó Coileán (1754-1817), file a rabh blas saoithíneachta air agus arb é "Machnamh an Duine Dhoilíosaigh" an dán is iomráití dá chuid; Dáibhí de Barra (1757/8-1851), a mba scríbhneoir is scríobhaí bisiúil é; Pádraig Phiarais Cundún (1777-1857) a chloígh leis an Ghaeilge ina chuid scríbhneoireachta is comhfhreagrais fiú tar éis dó ghabháil ar imirce go Meiriceá sa bhliain 1826 i dteannta a mhuintire, agus an chuma ar an scéal nár fhoghlaim sé Béarla ariamh; Amhlaoibh Ó Súilleabháin (1780-1837) arb í a Chín Lae an sampla is sine dá maireann inár seilbh de ghné liteartha na dialainne; Tomás Ruadh Ó Súilleabháin (1785-1848) a chuir in iúl tacaíocht dhaingean le Dónall Ó Conaill ina chuid filíochta; Art Mac Bionaid (1793-1879) a rabh ardchliú air ar son a chuid scríobhaíochta is eolais ar litríocht na Gaeilge, agus é ag obair ina fhear buailte cloch; Aodh Mac Dónaill (1802-67) nár chum dánta amháin ach tráchtas (Fealsúnacht) ar chúrsaí na nádúra fosta; Nioclás Ó Cearnaigh (1829-74) a mba scríbhneoir dúthrachtach é agus a chnuasaigh chuige féin carn deas lámhscríbhinní gidh gur fhág sé iontas ar lucht a fhaire óir chuir sé a lán saothar dá chuid féin i leith scríbhneoirí a bhain le glúntaibh a tháinig roimhe. Is féidir a rádh fiú gur cuid den traidisiún nár briseadh ariamh é Mícheál Ó Guithín (mac le Peig Sayers) (1904-1974)freisin, a mb'as Ciarraí Thiar dó.

Ní le traidisiún na filíochta ardealaíonta a bhain Raftery, áfach, chomh mór agus a bhain sé le filíocht agus béaloideas an ghnáthphobail - traidisiún nach dtáinig deireadh leis ariamh, gan dabht. Cibé scéal é, d'fhan sé faoi bhláth chomh déanach sin san ochtú is sa naoú haois déag agus gur mhuscail sé spéis lucht na hathbheochana. B'í an díolaim Songs ascribed to Raftery(Amhráin a luadh le Raftery) a d'fhoilsigh Dubhghlas de hÍde sa bhliain 1903 a thabhaigh a chliú dó. Bhí na daoiní seo leanas ar na filí ba shuntasaí dár bhain le traidisiún an bhéaloideasa: Diarmuid Ó Súilleabháin(1760-1847); Máire Bhuí Ní Laoghaire (1770-1830); Seán Ó Duinnlé(a fuair bás sa bhliain 1897); Mícheál Ó Ruiséal (a d'éag sa bhliain 1928). Ní mór Caoineadh Airt Uí Laoghaire a ainmniú sa chomhthéacs seo freisin. Is caoineadh é a chum Eibhlín Dhubh Ní Chónaill (1748-1800) dá fear céile Art Ó Laoghaire a dúnmharaíodh sa bhliain 1773. Mhair an sárshampla seo de ghné liteartha an chaointe chomh déanach sin agus gur bhreac lucht taifeadta an bhéaloideasa ar pár é sa naoú haois déag. Ní féidir a chinntiú ar ndóighe cé chomh cruinn a caomhnaíodh é i gcuimhne na ndaoiní.

Ré na hAthbheochana

De réir mar a tháinig borradh faoi athbheochan na litríochta is na léitheoireachta Gaeilge, chuaigh glún úr scríbhneoirí i mbun pinn agus litríocht chomhaimseartha na hEorpa ag dul i gcion orthu. Gidh nach rabh sárbhuaidh samhlaíochta ag Peadar Ó Laoghaire (1839-1920), b'eisean ba mhó a stiúraigh forbairt na nua-litríochta Gaeilge. B'iad Pádraig Ó Conaire (1882-1928) agus Pádraig Mac Piarais (1879-1916) a chuir bun le gearrscéalaíocht nua-aimseartha na Gaeilge, agus sháraigh an gearrscéal na gnéithe liteartha eile ar fad. Na scríbhneoirí seo a chuaidh leis an ghearrscéalaíocht: Liam Ó Flaithearta (1897-1984) a scríobh as Béarla chomh maith; Seosamh Mac Grianna (1901-90); Máirtín Ó Cadhain (1907-70); Donncha Ó Ceileachair (1918-60); Seán Mac Mathúna (a rugadh sa bhliain 1936) agus Pádraic Breathnach (a rugadh sa bhliain 1942).

Cha dtearnadh an saothrú céadna ar ghort an úrséil nua-aimseartha. Scríobh Peadar Ó Laoghaire úrscéal tuaithe, "Séadna", agus úrscéal stairiúil, "Niamh"; b'fhearr a d'éirigh an chéad cheann leis. Scríobh Séamus Ó Grianna (1891-1969) a bhaist an t-ainm cleite "Máire" air féin úrscéalta rómánsúla a rabh gnaoi lucht léite na Gaeilge orthu. Thairis sin is fiú na hainmneacha seo leanas a lua: Seosamh Mac Grianna; Máirtín Ó Cadhain a scríobh Cré na Cille; Pádraig Ua Maoileoin (a rugadh sa bhliain 1913); Eoghan Ó Tuairisc (1919-82); Dónall Mac Amhlaigh (1926-89); Breandán Ó hEithir (1930-90); Diarmuid Ó Súilleabháin (1932-85); Pádraig Standún (a rugadh sa bhliain 1944); Alan Titley (a rugadh sa bhliain 1947); Pádraig Ó Cíobháin (r. 1951), Ciarán Ó Coigligh(r.1952) agus Séamus Mac Annaidh (r.1964).

Cha dtearnadh neamart sna drámaí ach an oiread: is fiú na hainmneacha seo a lua: Dubhghlas de hÍde (1860-1949), Mícheál Mac Liammóir (1899-1978), Máiréad Ní Ghráda (1899-1971), Séamas Ó Néill (1910-1981), Eoghan Ó Tuairisc, Breandán Ó Beacháin (1923-64), Seán Ó Tuama (r.1926), agus Criostóir Ó Floinn (r.1927).

Bhí caomhnú an traidisiúin bhéil ar na clocha ba mhó ar phaidrín Ghluaiseacht na Gaeilge, agus is rud intuigthe é go rabh ardmheas acu ar an tseort scéalaíochta is eachtraíochta a mhair go fóill ag lucht na Gaeilge go deireanach inár n-aois féin. Dá thoradh sin breacadh na mílte scéalta is samplaí eile den bhéaloideas ar pár lena gcur i dtaiscidh in aircíovlainn na Roinne Béaloideasa ag Coláiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath. Cuireadh cuid mhór den ábhar seo in eagar agus é foilsithe.

This page hosted by GeoCities.

Tá an leathanach seo á thógáilt go fóill. Foighid oraibh, a chairde!

This Page is still being constructed. Have patience, will you?

Diese Seite wird noch gebaut. Geduld, meine Lieben.

Denna sida byggs ännu. Ta det med jämnmod!

Tätä sivua vielä rakennetaan. Ottakaa siis rauhallisesti!

Ar ais go dtí an Clár Cinn anseo.Back/Zurück/Tillbaka/Takaisin