An tIoslam - A Stair is a Chultúr

Tháinig na hArabaigh aniar aduaidh ar an tsaol mhór ar fad nuair a rinn siad ionradh ar an Afraic Thuaidh agus ar an MheánOirthear in éis dófa iompó i dtaobh a gcreidimh úir. Cha rabh ach corrthrácht orthu le fáil i bhfoinsí na staire, agus má bhí aon chur amach ag náisiúin mhóra ardchultúrtha na linne - muintir an Bhiosáintiam agus na Peirse - ar a leathbhreac de chineadh, cha rabh mórán measa acu air. Dealraíonn sé go mb'é a mbarúil ná nach rabh iontu siúd, mar Arabaigh, ach ceann eile de na dreamanna beaga saindúchais a rabh de dhamnú nó de bheannú orthu glacadh le cumhacht is le cultúr na bpobal níos mó gan tormas. Cha shamhlófaí d'aon duine go rabh na Beidiúnaigh le leath an tseandomhain a ghabháil agus a dteanga is a gcreideamh a fhairsingiú an oiread céadna.

Charbh ionann bunadh Leithinis uile na hAraibe san am sin, nó bhí difríochtaí suntasacha eadar na cearnacha éagsúla. Mar shampla bhí teanga eile ar fad, seachas an ghnáthAraibis Thuaidh, á labhairt ins an deisceart. B'í sin an Araibis Theas, agus má bhí gaol aici leis an fhíorAraibis, cha rabh sé comh dlúth agus go dtiocfaí a rádh nach rabh i gceist ach canúint eile Araibise. A mhalairt ar fad: siúd is gur teanga Sheimíteach ab eadh í an Araibis Theas, comh maith leis an teanga ó thuaidh, bhí sí ní ba chosúla leis an Amairis, arb í príomhtheanga na hAetóipe í. Na canúintí éagsúla a labhraítear inniu agus ainm na hAraibise á thabhairt orthu, baineann siad uilig leis an Araibis Thuaidh. Ní mhaireann ach iarsmaí beaga den Araibis Theas anseo agus ansiúd ins an Ómáin agus in oileáin na hÉiméine, agus is dócha nach bhfuil i gceist ach canúintí labhartha a dteachaidh caighdeán na hAraibise Thuaidh comh láidir i bhfeidhm orthu agus nach dtig mórán den tseandúchas a aithne orthu a thuilleadh.

Bhláthaigh ardsibhialtachtaí réagúnda anseo agus ansiúd ar fad na Leithinise i bhfad roimh lá Mhuhamad. Théid fréamhacha na ríochtaí Arabacha Theas siar a fhad leis an dara mílaois dheireanach roimh bhreith Chríost, agus trádáil bheo bhíogúil ar obair ansin cheana. Chuaigh an tréimhse ba bhisiúla i saol na stáitíní seo thart roimh theacht an Ioslaim, áfach. Maidir le Tuaisceart na hAraibe, bhí dhá chathairstát tábhachtacha ansin a d'fhág ballóga is iarsmaí ina ndiaidh: Péatra (a mhair faoi bhláth sna bliantaibh ó 300 r. Chr. go dtí 100 i ndiaidh bhreith Chríosta) agus Pailmíre (a tháinig i gcrann i ndiaidh Phéatra). Aramais a bhí á saothrú mar theanga scríofa chultúrtha ag bunadh na gcathairstát seo, ach más amhlaidh féin, bhí aithne na hAraibise ar an chineál seo Aramaise, dar leis na saineolaithe a rinn a staidéar ar na hinscríbhinní greanta a d'fhág muintir Phéatra agus Phailmíre ina ndiaidh: is dócha go mb'í an Araibis gnáthurlabhra an phobail sa dá chathair.

Thart ar an am a mhair Muhammad bhí dhá ollchumhacht an MheánOirthir ag comhrac le chéile fá dtaobh den Araib, agus trácht déanta agam orthu cheana féin: an Biosáintiam agus an Pheirs. B'í an Chríostaíocht reiligiún an Bhiosáintiam; maidir leis an Pheirs, ba impireacht ilnáisiúnta ilchreidimh í, siúd is go mb'é seanreiligiún na bpobal Iaránach, an Sorastrachas, an reiligiún oifigiúil. Reiligiún rúndiamhrach atá ann a chuireanns béim ar an chomhrac eadar an Mhaith (Dia, Ormuzd na NuaPheirsise, Ahura Mazda na SeanPheirsise) agus an tOlc (an Diabhal, Ahriman na NuaPheisise, Angra Mainu na SeanPheirsise), agus an meas ag lucht leanstana an chreidimh seo ar an dá phríomhfhorsa seo ins an ollchruinne ná go bhfuil siad ar comhchumhacht agus ar comhneart le chéile - rud nach n-aidmhíonn fealsúnacht na Críostaíochta, nó is é dearcadh an Chríostaí gur treise Dia ná an Diabhal: is é Dia "an fear is fearr", an Cruthaitheoir Ollchumhachtach, nuair nach bhfuil ins an Diabhal ach aingeal - searbhónta de chuid Dé - a chaill a jab. Ina dhiaidh sin, bhí go leor tionchair ag déachas seo an tSorastrachais ar a lán seicteach ins an MheánOirthear - eadar sheicteacha Ioslamacha agus seicteacha Críostaí.

Dealraíonn sé gurbh í an tsíorchogaíocht eadar an Pheirs agus an Biosáintiam a d'fhág an Pheirs comh fannlag is nach rabh sí in ann ag na díormaí Muslamacha nuair a rinn siadsan ionradh ar an Impireacht. Ar ndóighe, fad is a mhair an Biosáintiam is an Pheirs láidir cumhachtach, bhí siad ag iarraidh lucht tacaíochta a earcú as measc na nArabach. Thairis sin d'éirigh leis na Peirsigh deisceart na hAraibe a ghabháil agus buaidh a bhreith ar na hAetópaigh Chríostaí, dream eile a rabh spéis acu i mbólaí dúchais na nArabach.

Meice,

áfach, an chathair inar saolaíodh fear bunaithe an Ioslaim, - bhí Meice suite i bhfad ó na páirceanna áir, agus an cultúr dúchasach Arabach beo breabhsánta ina timpeallacht, beag beann ar lámh láidir na n-ollchumhachtaí. Bhí an chathair ag teacht i dtír ar an trádáil agus ar ghnoithe na cuairteoireachta, agus na sluaite móra d'Arabaigh ag tarraingt ar an áit ag déanamh a n-oilithreachta go dtí teampall Chába. Moghlaeir mór dubh de chloich a bhí i lár an teampaill sin: dreigít a bhí ann a thit anuas ó na spéartha ina chaor thineadh agus a d'éirigh fuar dubh ansin, agus na hArabaigh ag déanamh gur tuar ó na déithe a bhí ann.

Ba nós leis na staraithe ní ba mhoiche a shílstint gur lárionad úimléideach trádála ab eadh í Meice roimh an Ioslam, agus túis is éadaí daora á n-iompar ag camaill na gcarbhán ón chathair seo go dtí achan chearn den MheánOirthear, ach is é is barúil le saineolaithe ár lae féin go bhfuil áibhéil déanta ag na seanfhondúirí ar mhéid na trádála seo. Ina dhiaidh sin féin ba chuid tábhachtach é de ghléas beo mhuintir Mheice an trádáil. Bhíodh na carbháin ag iompar earraí beaga ó Mheice a fhad leis an tSiria agus Deisceart na hAraibe, agus achan scéal nua nó seanscéal ón tsaol mhór ar bhéal na gceannaithe is na gcinnirí camaill ag pilleadh chun an bhaile dófa. Mar sin, caithfidh sé go mbíodh tuairim ínteacht - tuairim eolach fiú - ag bunadh Mheice ar imeachtaí na dtíorthach timpeall, agus na cogaíocha eadar an Pheirs is an Biosáintiam ina n-abhar mór airneáil acu.

Bhí an Araibis (Thuaidh) féin á saothrú mar theanga filíochta, agus caighdeán teangan - cosúil le "ceart na bhfilí" in Éirinn fadó - á chur i bhfeidhm ar na dánta, siúd is go rabh na canúintí sách éagsúil le chéile. Ós cineadh fánaíochta a bhí ins na hArabaigh, agus an chuid is mó acu ag cleachtadh saol an Bheidiúnaigh ar muin camaill, bhí siad scoilte ina lán treibheann agus faltanas fola eatarthu sin go mion minic. Ina dhiaidh sin is dócha go rabh tuigbheáilt ínteacht ag teacht acu i leith a gcomhdhúchais féin a cheangail dá chéile iad is a dhealaigh ó na pobail eile iad. An té ar mian leis míniú "saolta" a thabhairt ar bhreith an Ioslaim, is dócha go gcuirfidh sé an cheist air féin cén tionchar a bhí ag a leithéid de "náisiúnachas" (más ceadmhach dúinn an focal mór seo a úsáid, agus sinn ag tagairt do thréimhse comh fada siar sin ins an stair) ar mhúnlú an Ioslaim mar shainchreideamh Arabach.

B'iad na Beidiúnaigh an chuid ba tábhachtaí de chineadh na nArabach, an chuid ba dúchasaí. B'é saol na bhfánaithe fásaigh an saol ba dual d'Arabaigh na linne udaí. Bhí tamhnacha thall agus abhus san fhásach, agus cathracha de chineál ínteacht (de chineál Mheice, mar shampla) ag eascairt ina dtimpeall, ach mar sin féin cha rabh aon scoilt mhór ná teora shoiléir le brath eadar na Beidiúnaigh is na cathróirí go fóill, nó bhí gaol agus muintearas ag lucht na treibhe céadna cuma cé acu cathróir nó fíorBheidiúnach a bhí ann. Bhí treibheachas na mBeidiúnach beo i measc na gcathróirí féin, agus nuair a tháinig an tIoslam ar an fhód, tháinig sé crosach ar fad ar sheanbhéasaíocht na mBeidiúnach. Reiligiún ardfhorbartha is eadh é an tIoslam a chuireanns béim nach beag ar chaidreamh an duine aonair le Dia, rud is deacair a chur in oiriúint do chultúr an treibheachais a éilíonns ar an duine aonair fanúint dílis dá mhuintir féin thar aon chineadh eile, fiú má iarrann dualgaisí an reiligiúin a mhalairt sin air.

Roimh an Ioslam b'iad an t-anamachas agus an ildiagacht a bhí fá réim mar reiligiún, nó mar phisreoga, i measc na nArabach. Bheiridíst urraim do dhia faoin ainm udaí "Allah" roimh an Ioslam féin, agus meas an chruthaitheora air. Dhearctaí ar an triúr bandéithe, Allat, al-'Uzza agus Manat, mar nighneacha d'Allah, agus iad á n-adhradh is á n-onórú go fairsing, níos fairsinge ná Allah féin, b'fhéidir. Thairis sin bhí dia dá gcuid féin ag achan treibh Bheidiúnach.

Bhíodh na seanArabaigh ag adhradh clocha naofa freisin - ar nós an chinn i dteampall Chába i Meice - agus toibreacha naofa, rud nach nuaíocht le haon Ghael, is dócha. Ós rud é gurb é an tobar an rud is luachmhaire ar féidir le Beidiúnach tartmhar theacht air agus é ar an dé deiridh tar éis dó turas fada a chur de san fhásach, ní díol iontais ar aon nós é a bheith in ann dearcadh ar an tobar mar rud naofa nó mar phronntanas ó fhórsaí osnádúrtha. B'fhéidir go bhfuil cúlra praiticiúil den chineál chéadna ag baint leis an dóigh a bhfuair Dia an aondiachais a ainm ó Allah thar aon dia págánta eile, ó b'é Allah dia na báistí ag na hArabaigh réamhIoslamacha. An buíochas ionraic a ghlacanns muintir an fhásaigh le Dia ar son na báistí, níl sé deacair ar aon nós é a aithne ar an Chóran:

Go dteánaidh an duine a mharana ar a chuid bídh:
nach Sinne a bhainimid an bháisteach anuas as na néaltaibh,
nach Sinne a scoiltimid an talamh,
nach Sinne a chuirimid an síol ag eascairt as
agus na fíonchaora is na glasraí ag fás as
agus an ológ is na pailmeanna dátaí
agus na garranta flúirseacha
le sibh a chothú comh maith le bhur gcuid eallaigh.

Tháinig an Chríostaíocht is an Giúdachas isteach freisin, nó bhí an Leithinis ag críochantaíocht leis an domhan Chríostaí, - leis an Bhiosáintiam ó thuaidh agus leis an Aetóip ó dheas. Thairis sin, bhí an creideamh Críostaí á leitheadú in Impireacht na Peirse fosta. Sa Leithinis féin bhí níos mó tionchair ag an Ghiúdachas, agus más fíor do lucht an taighde bhí an creideamh seo ag fáil teannta go sciobtha i measc na nArabach dúchasach féin. Díol iontais é sin ag lucht an lae inniu, agus sinn clóite cleachtaithe a shílstint go bhfuil creideamh na nGiúdach fite fuaite le dúchas eitneach na nGiúdach, nach ann ar aon nós do mhisinéireacht Ghiúdach agus nach féidir d'aon dream mór de phór neamhGhiúdach an Giúdachas a ghlacadh chucu mar chreideamh nua.

(Is gá a phointeáil amach anseo go rabh a leithéid, dar lena lán saineolaithe, ag tarlú fán am seo céadna in Oirthear na hEorpa, nó bíonn staraithe áithride ag tagairt do na Casáraigh mar chineadh a chuaigh leis an Ghiúdachas sa tréimhse stairiúil. Cineadh a bhí iontu a rabh canúint Thuirceach á canstan acu, agus iad fágtha in Oirthear na hEorpa i ndiaidh Imirce Mhór na Húnach is na dtreibheanna Gearmánda a chuir críoch le hImpireacht na Róimhe agus tús leis na Meánaoiseanna. D'imigh náisiún na gCasárach as stair na hEorpa gan tásc gan tualasc: is é is ábhar le sin, mar atáthar ag déanamh, ná gur ghlac siad leis an Ghiúdachas, i gcruth is nach mb'fhéidir a n-aithne thar Ghiúdaigh eile na hEorpa a thuilleadh. Tá siad ann atá ag déanamh gur Casáraigh ar fad a bhí i nGiúdaigh Oirthear na hEorpa ó thús. Chuir an scéal seo an oiread sin draíochta ar an údar Sheirbeach udaí Milorad Pavic agus gur chum sé úrscéal iomlán fá dtaobh de rún na gCasárach.)

Na Giúdaigh a chuir fúthu i Leithinis na hAraibe, ba lucht lorgtha dídine iad ar a dteicheadh ó fhórsaí na Róimhe, agus iad sin tar éis Iarúsailéim a ghabháil is a léirscrios nuair a bhí rítheaghlach mhuintir Flavius ag rialú na Róimhe. D'iompaigh treibheanna áithride Arabacha ina n-iomlán i leith an Ghiúdachais, agus b'uathusan agus ón chorrChríostaí a tháinig an bealach, a fuair muintir na hAraibe a gcéad léargas ar imeachtaí an Bhíobla sula dtáinig Muhamad ar an fhód.

Bhí traidisiún ar leith fáistine ag na hArabaigh, agus cineál filí fáistineacha acu - caithín an focal Araibise, agus é gaolmhar leis an fhocal Eabhraise coithén a chiallaíonns sagart - le socrú a dhéanamh i gcúrsaí dlí nó le tairngreacht a thabhairt uathu - ba nós an dá rud seo tarlú agus an fádh faoi thámhnéal, nó i dteagmháil leis na déithe nó leis na spioraidí, mar ba dóigh le lucht a éisteachta. B'as a chuid speabhraidí is rámhaillí a bhaineadh na daoiní ansin socrú na caingne nó fios na todhchaí. Thairis sin bhí smaoiteoirí aonair ann agus iad ag déanamh a marana ar an aondiagacht mar idé fealsúnachta; is dócha go rabh tionchar ínteacht ag an Ghiúdachas agus an Chríostaíocht ar a gcuid smaoiteachais. Hainíf a bheireadh na hArabaigh orthu.

Creidtear gur thart ar an bhliain 570 a rugadh an Fáidh i Meice. Bhí gaol aige le clann Quráisí, a mb'iad an treibh ba mhó a bhí i gceannas ar bhunadh Mheice, ach ina dhiaidh sin dealraíonn sé nach rabh sé féin go rómhaith as ó thaobh na maoine saolta de. Nó fuair a thuistí bás agus é féin ina thachrán go fóill. Is féidir gur chaith sé a sheal á thabhairt suas ag treibh de Bheidiúnaigh a rabh gaol nó muintearas acu le Clann Quráisí, ach b'iad a athair críonna Abdalmuttailíb agus, i ndiaidh a bháis siúd, a uncail Abú Tailíb ba mhó a d'amharcadh ina dhiaidh agus é ina pháiste. Nuair a tháinig Muhammad i gcrann, chuaigh sé a dh'obair ag baintrigh darbh ainm Caidideá, agus í ag gabháil don trádáil ar nós a fir chéile a fuair bás. Ansin de réir a chéile thug siad taithneamh dá chéile agus phós siad. Bean láidir éirimiúil a bhí i gCaidideá agus í ina crann taca ag a fear céile; is dócha go rabh cara sa chúirt aici i gcúrsaí polaitíochta Mheice freisin, agus í in ann Muhammad a chosaint ar a chuid námhad go ceann i bhfad, nuair a thoisigh a theachtaireacht reiligiúnda a tharraingt calláin agus a mhúscailt faltanais i measc mhaithe agus móruaisle Mheice.

Fear fásta socraithe a bhí i Muhammad cheana féin nuair a fuair sé an chéad taispeánadh. Ba nós leis Cnoc Hiorá in aice le Meice a thabhairt air lena mhachnamh a dhéanamh ansin, agus lá amháin chonaic sé aingeal ag teacht anuas ó na spéarthaí chuige. Baineadh scanradh is stangadh as mo dhuine, agus níor mhaolaigh air nuair a chuir an cuairteoir neamhghnách seo corrán ar Mhuhamad. Scairt sé air ina ainm agus d'ordaigh dó a dhul a chraobhscaoileadh soiscéal Dé. Is é an traidisiún go mb'é Súra a Sé Déag is Ceithre Scór - Súra na Gine - an chéad teachtaireacht a fuair Muhammad ó Dhia.

Léigh! arsan tAingeal, agus Muhammad ag stadaireacht go scanraithe: "Goidé a léifinn, agus mise gan léamh gan scríobh?" "Leigh", a d'éiligh an tAingeal aríst:

Léigh, dar Dia a chruthaigh an duine as an ghin.
Léigh, nó nach fial flaithiúil atá do Thiarna?
Rinn Sé an duine a theagasc le peann inA láimh, theagasc Sé don duine an méid nach rabh ar eolas aige siúd.

Bhrostaigh Muhamad chun an bhaile agus chuir cídeog nó blaincéad thart timpeall air féin leis an chritheagla a mhaolú. Ní bhfuair sé an chéad taispeánadh eile ach go ceann i bhfad, agus thoisigh sé a chur amhrais ins an chéad cheann féin. B'í a bhean chéile, Caidideá, a d'áitigh air gur fíorthaispeánadh ó Dhia a bhí ann, seachas aisling bhréige de chuid an diabhail nó tuar gealtachais, mar ab eagal le Muhamad.

De réir a chéile thoisigh Muhamad a chanstan is a thrácht ar na taispeántaí seo le daoiní eile seachas a mhuintir féin amháin. B'iad bochtáin Mheice ba thúisce a chuir spéis i soiscéala an Fháidhe, ó bhí ceart agus cothrom féinne ina chuid lárnach de: is minic a ionsaíonns an Córan na boic mhóra is na gróintíní, agus éagóir is féinspéis á gcur ina leith:

Spréadh ar an aithiseoir, spréadh ar an chliúmhillteoir,
agus é ag bailiú is ag cuntas airgid,
creideann sé gur cosaint ar an bhás dó an mhaoin shaolta.

Is minic a bheir an Córan le fios gur rud cineál mímhorálta ann féin é an saibhreas is an mhaoin shaolta, agus cuirtear dianoibleagáid carthanachta ar an fhíréan a bhfuil airgead thar riachtanaisí na beatha aige. Nó cha dtugann cúirt Dé aon aitheantas don airgead ná do ghaolta uaisle.

Níor thaitin a leathbhreac seo de theachtaireacht ar aon nós le maithe is móruaisle Mheice. Bhí siad den bharúil gur tuathghríosóir dainséarach a bhí ins an Fháidh seo agus é ag scabadh smaoitíocha contúirteacha i measc an daoscarshlóigh shochorraithe. Ós reiligiún indibhidiúlach é an tIoslam, ar nós na Críostaíochta féin, agus é ag cur béime ar chaidreamh an duine aonair le Dia, bhí sé ag teacht glan crosach ar mheon na seandóighe mairsteana, toisc go rabh sochaí réamhIoslamach na nArabach bunaithe ar an treibheachas. D'éiligh an tIoslam ar achan duine focal Mhuhamad - nó focal Dé, mar a tchítear don Mhuslamach é - a roghnú thar fhocal an taoisigh treibhe. Ba léir nach rabh lucht an tseantsaoil róshásta leis an chineál seo uiledhaonnachtúlachta, nó b'é an léamh a bhaineadar as an scéal ná go rabh lucht leanstana n Fháidhe ag tréigbheáilt a dtreibhe féin ar mhaith le treibh Mhuhamad, Clann Quráisí.

Sa bhliain 619 chaill Muhamad an dá chúltaca ab fhearr dá rabh aige, nuair a fuair Abú Tailíb, taoiseach a mhuintire, agus Caidideá, a chéad bhean chéile, - nuair a fuair an bheirt acu bás go gairid i ndiaidh a chéile. Abú Lahab a chuaigh i gceannas ar Chlann Quráisí anois, fear a mb'fhuath leis an Fáidh agus a chreideamh nua, an oiread sin is go bhfuair an Fáidh - nó Dia - fóirsteanach é a mhallachtú sa Chóran féin:

Scrios ar láimh Abú Lahab,
scrios ar an fhear féin!
Ní cuidiú dó an saibhreas saolta,
ní tairbhe dó ar bhailigh sé!
Dóithfear i dtinidh na mórlasrach é,
agus a bhean chéile ag tabhairt tuilleadh connaidh léithi
le rópa thart ar a muineál.

B'ansin a thoisigh Muhamad a dh'úmú a éalóidh ó Mheice. D'éirigh leis dídean a shocrú dó féin i gcathair Iaitrib, áit a rabh cónaí ar go leor Giúdaigh ann, ionas nár nuaíocht le muintir na háite é an reiligiún aondiaga. Thairis sin, bhí an chathair dubh dóite dóthanach den fhíoch bunaidh is den fhaltanas a bhí éirithe eadar an dá threibh ba mhó sa chathair. Bhí fear eadraiscíne go géar de dhíth orthu leis an tsiosma a mhaolú agus a thabhairt chun tsíochána, agus ó ba nós leis na hArabaigh a dhul i muinín fir naofa ina leithéid sin de chás, bhí fáilte mhór ag bunadh Iaitrib roimh an Fháidh.

Bhain an Fáidh Iaitrib amach sa bhliain 622. Le sin a thoisíonns cuntas na mbliantach de réir fhéilire an Ioslaim.

Tháinig cuid mhaith de lucht leanstana Mhuhamad a fhad le hIaitrib in éineacht lena bhFáidh, agus ba sciobtha a d'iompaigh a lán de mhuintir na háite féin i leith an chreidimh nua. D'fhás cumhacht phearsanta an Fháidhe le líon na bhfíréan, go dtí nach rabh ach corrdhuine fágtha ina Phágánach. Chloígh na Giúdaigh lena seanreiligiún féin, áfach, agus ba deacair le Muhamad a thuigbheáilt cad fáth nach dtoileochaidíst an tIoslam a ghlacadh chucu mar cheartleagan bunaidh dá gcreideamh féin. I dtoiseach báire cha rabh aon iarracht mheabhrach ar cois aige creideamh úr a chur ar bun: bhí sé cinnte dearfa nach rabh sé ach ag cur chun cinn an reiligiúin chéadna a bhí ag na Críostaithe agus na Giúdaigh an chéad uair, ach amháin go rabh cleasa an diabhail i ndiaidh an bunchreideamh seo a chur as a riocht an oiread sin agus nach rabh lucht leanstana an dá reiligiún seo in ann aontú le chéile a thuilleadh fá dtaobh de thréithre bunúsacha a gcomhreiligiúin ársaidh. Chreid Muhamad go hionraic go mb'é a shoiscéal féin an fhírinne a leigheasfadh an scoilt eadar Giúdach agus Críostaí. Nuair a d'iompaigh sé amach nach rabh a dhéanamh sin ann, mar Mhuhamad, agus an diabhal róláidir aige, b'éigean dó leor a ghabháil leis nach mb'eol do lucht an dá reiligiún eile a leas féin ná leas a gcreidimh.

Abair: A lucht an mhíchreidimh,
cha dtugaim onóir dá bhfuil á n-urramú agaibh
ná sibh don Té a adhraím féin.
Libhse bhur gcreideamh, liomsa mo cheann féin.

Léiríonn an sliocht seo as an Chóran an t-easaontas a d'fhás de réir a chéile eadar an Fáidh agus na Giúdaigh le linn an dlúthchaidrimh a bhí aige leofa in Iaitrib - nó i Meidíne, mar is gnách linn a thabhairt ar an áit inniu: nuair a fuair Muhamad an láim in uachtar ar an chathair, thoisigh na daoiní a ghlaoch Cathair an Fháidhe nó Maidíonat-an-Naibí uirthi.

Nuair a mhothaigh Muhamad go rabh a dhóthain cumhachta is fórsaí armtha aige le daoiní uaisle Mheice a chloí agus pionós a ghearradh orthu ar son na drochbhaile a thug siad air féin, chuir sé gairm shlógaidh ar lucht a leanstana agus d'fhógair sé cogadh in éadan Mheice. D'éirigh cath i ndiaidh catha eadar diormaí an dá chathrach, agus cuid acu iontach cruálach fuilteach. Ina dhiaidh sin féin níor chloígh Muhamad a chuid námhad ná a mhalairt. De réir a chéile tháinig manadh an chomhréitigh ag an dá thaobh, agus nuair a fuair Muhamad ceadúnas ó bhunadh Mheice oilithreacht a dhéanamh go dtí teampall Chába i Meice, níor imigh bliain go rabh lucht leanstana an Fháidhe i seilbh na cathrach sin.

Ós rud é gur scrín Phágánach a bhí i dTeampall Chába ar tús, shílfeá go dteánfadh an Fáidh, agus é comh dian dásachtach sin ar son na haondiagachta, - go dteábfadh sé cloch dhubh an teampaill a smísteadh ina smidiríní ag pilleadh go Meice dó. A mhalairt a bhí fíor, áfach, nó bhí Muhamad ina pholaiteoir chlóite chleachta cheana féin, agus é ag déanamh go gcuideochadh sé go mór lena chúis agus le cúis an chreidimh úrbhunaithe dá bhfágfadh sé Cába ina seasamh ach amháin scrín Ioslamach a ghairstin daoithi. Ar ndóighe, is féidir a mhaíomh - mar is rogha leis an Mhuslamach dhílis a shílstint, is dócha - go mb'é Dia a phronn an eagna chinn air lena chur ar a chumas cinneadh ar a leithéid seo de chomhairle fhadcheannach.

Fuair Muhamad bás sa bhliain 630 - an t-ochtú bliain i ndiaidh a Éalóidh. Ansin tháinig fuadar faoi na Muslamaigh a chuid taispeántaí a bhailiú le chéile agus a chur ar leabhar - mar sin a tháinig an Córan ar pár. Nó sin é an dearcadh atá ag na Muslamaigh agus ag an chuid is mó de na saineolaithe Iartharacha. Deir an-chorrdhuine de na taighdeoirí go mb'é Muhamad féin a chuir an Córan in eagar, ach ní thugtar aon chreidiúint fhairsing ná fhorleathan don teoiric seo. Ní chiallaíonn sin nach rabh an Córan, nó cuid de, breactha síos go fóill, ach ba tábhachtaí i bhfad í an ghlanmheabhraíocht ná na nótaí: bhí go leor de na fíréin tar éis codanna den Chóran a fhoghlaim de ghlanmheabhair, rud nach annamh sa lá atá inniu féin ann, agus reacaireacht cheolmhar an Chórain ina healaín inti féin ag na Muslamaigh - gan aon trácht a dhéanamh gur gníomh é a thaitníonns le Dia A leabhar a ghlanmheabhrú.

B'é Abú Bacr an chéad Chailíf, - an chéad Fhear Ionaid a thogh lucht leanstana an Chreidimh i gcomharbacht ar an Fháidh - , b'eisean an té, mar a deirtear, a thug an t-ordú chun an Córan a chur in eagar. B'é an scríofaí óg Zaid ibn Taibit a rinne é, ag tógáilt véarsaí de chuid an leabhair naofa "ó phíosaí paipíre, ó leaca cloiche, ó dhuilleoga pailme, ó ghiotaí seithe, ó smutáin adhmaid agus ó chuimhne daoiní". Fuair bean de bhaintreacha an Fháidhe, Hafsa, seilbh ar an eagrán chríochnaithe. Is doiléir é, áfach, goidé a tharla ina dhiaidh, nó is minic a insítear gur cuireadh an Córan in eagar aríst ar an dóigh cheannainn chéadna, ach amháin go dteachaidh lucht na heagarthóireachta i dtuilleamaí "dhuilleoga Hafsa" an uair seo, sa bhreis ar na foinsí eile a dtearn mé trácht orthu cheana.

Cibé fá dtaobh de dhuilleoga Hafsa, ba sciobtha i ndiaidh bhás an Fháidhe a cuireadh a chuid teagaisc i míotar. Má tháinig athruithe nó scoilteacha eadar dreamanna éagsúla i measc lucht leanstana a chreidimh, cha dtearn aon tseict nó saindream mórán iarrachta údaracht an Chórain a cheisniú - má rinne, cha rabhthar sásta aitheantas a thabhairt dá leathbhreac de dhrong a thuilleadh mar chuid den 'umma, nó pobal éacúiméineach an Ioslaim. Mura bhfuil na Muslamaigh ar aon fhocal fá cheartléamh an Chórain, cha ndiúltaíonn aon ghrúpa ina measc do naofacht an Chórain.

Duine acu siúd a d'éalaigh go hIaitrib/Meidíne in éineacht le Muhamad ab eadh é Abú Bacr, an chéad Chailíf. Bhí fadhbanna móra eile seachas eagarthóireacht an Scrioptúir Naofa le réitiú ag an fhear bhocht, nó nuair a d'éag an Fáidh, d'éirigh cuid mhór de na treibheanna Arabacha as an chomhghuaillíocht le lucht an Ioslaim. Dealraíonn sé gurb iomaí dream acu nach dtug mórán creidiúna don Ioslam riamh, agus iad den bharúil nach rabh i gceist ach comhréiteach nó conradh pearsanta an taoisigh le Muhamad. Chuir a lán de na ceannairceoirí seo fáithe dá gcuid féin cun tosaigh, agus iad ag tabhairt le fios go mb'iad na fáithe seo na ceartchomharbaí do Mhuhamad. Bhain an cineál seo tréigbheála stangadh feirge as Abú Bacr, agus bhrostaigh sé chun cogaidh in éadan lucht scoilte an chreidimh. D'éirigh leis iad a chloí i ndiaidh catha fuilteacha a throid leofa, agus sa deireadh thiar thall bhí an Araib go hiomlán sásta dílseacht a mhóidiú don Chailíf agus don chreideamh úr. Tharraing na cogaíocha seo súil na gcomharsan ar na hArabaigh, áfach, agus d'éirigh eadar iad agus an Pheirs is an Biosáintiam. Bhí tús curtha leis an Choncas Mhuslamach udaí a d'athraigh cuma an Oirthir ó bhonn aníos.

Nuair a bhí Úmár, comharba Abú Bacr, i mbun na Cailífeachta, chuaidh díormaí Muslamacha chun teagmhála le fórsaí an Bhiosáintiam ins an tSír, agus níor imigh ach cúpla bliain agus an cúige seo ar fad faoi fhorlámhas an Ioslaim. B'in Iarmúc sa bhliain 637 a bhuaigh fórsaí Úmáir an cath a shocraigh an scéal. Go gairid ina dhiaidh seo thoisigh na Muslamaigh ar an Pheirs a ghabháil. Cha dtáinig críoch le caithréim na Muslamach roimh an bhliain 656, nó b'ansin a phléasc an chéad chogadh cathartha amach eadar na Muslamaigh féin.

Níor stop na cogaíocha cathartha ann concas, áfach, nó sa deireadh thiar thall ghabh siad an Pheirs go léir, agus murar chloígh siad an Biosáintiam go hiomlán an turas seo, ba bheag a bhí de dhíobháil le sin a dhéanamh. Ba mhór an t-ábhar ríméid do na Muslamaigh é, ar ndóighe, gur éirigh leofa réasúnta éascaidh a theacht i gceannas ar cheann de ríochtaí móra na linne a rabh cliú agus cáil ar a hardchultúr. Ní tógtha orthu é go mba dóigh leofa go rabh údaracht agus fírinneacht an Ioslaim cruthaithe go hiomlán leis an rath a bhí ar arm na Muslamach.

Nuair a dúnmharaíodh an tríú Cailíf, Útmán, sa bhliain 656, tháinig scoilt is easaontas eadar na Muslamaigh fá dtaobh dá chomharba cheart, agus chuir siad cogadh ar a chéile leis an cheist seo a fhuascailt. B'iad Ailí agus Mú'áibhia an bheirt a bhí ag iompairc ar a chéile fán Chailífeacht, agus an tríú páirtí á gcruinniú thart ar Áiseá, baintreach an Fháidhe. An dá cheann urraidh a bhí ag stiúrú fórsaí Áiseá, mar atá, Talha agus az-Zúbaighir, fuair siad bás an tsaighdiúra ó láimh Ailí, agus b'éigean d'Áiseá scarúint de bheith ag cur a ladair i gcúrsaí polaitíochta. Ansin chuir Mú'áibhia agus Ailí cogadh ar a chéile, ach ó ba rud é nach rabh ag éirí le haon duine acu thar an duine eile, thoiligh siad socrú an chogaidh a fhágáilt faoi lucht na headraiscíne tar éis Chath Siffin sa bhliain 657.

Dealraíonn sé go mb'é fairsingiú tobann an Ioslaim ab údar le cogadh seo na gcarad, nó nuair a rinne na fórsaí Muslamacha a n-ascnamh go cearnaí ciana an domhain, fágadh an sean-chroílár ar leataobh, iargúlta cúlriascmhar is uile mar a bhí sé suite i bhfarradh is na críocha úrghaibhte. B'ins an tSír agus ins an Éigipt a bhí bunús na muintire is na maoine saolta fán am seo, agus Meidíne is Meice i bhfad i gcéin ó na lárionaid seo, timpeallaithe ag gaineamh an fhásaigh. Ba léir go rabh sainleas thamhnacha na hAraibe ag teacht crosach ar shainleas dhomhan mhórchathartha na Síre, agus b'é Mú'áibhia a sheas do leas na Síre sa chaismirt seo.

Lean ort