Panu Höglund a chuir an leathanach seo ar fáil duit.

Gorta mór na Fionlainne
(1867-1868)

I dtús na naoú h-aoise déag bhí talmhaíocht na Fionlainne bunaithe ar na feirmeoirí beaga neamhspleácha, agus na rainseoirí móra gann go leor inár dtír. Ní rabh mórán prólatáireachta tuaithe ann ach oiread roimh an aois udaí, ach ag druidim le meán na haoise tháinig borradh mór faoin aicme gan talamh, ar nós na h-oibríonna feirme - na spailpíní. B'iad an dream ba mhó a bhí thíos leis an ghorta mhór - b'fhéidir nach rabh áit cheart aimsithe acu sa tsochaí go fóill, agus iad ag dul ar fán inti.

Iarmhairt charnaithe ab eadh é gorta na Fionlainne tar éis roinnt blianta gan bharra maithe arbhair. B'é sioc na hoíche i ndeireadh an tsamhraidh ba ghnáthchúis le meath an arbhair. Thoisigh na drochnéalta a bhailiú os cionn na tíre chomh fada siar agus sa bhliain 1856, nó b'ansin a mheath an chéad fhómhar. Ó shin i leith cha dteachaidh bliain thart nár mheath na barra i dtaobh ínteacht den tír, agus an mhortlaíocht ag dul in airde anseo is ansiúd de réir mar a theip ar an fhómhar. D'fhoghlaim na daoiní - go h-áithrid na daoiní saibhre nach mb'eagal dófa cibé bás a fháil le h-ocras - breathnú ar a leithéid mar a bheadh an gnáthrud ann. Sa bhliain 1862, mar shampla, theip na barraí i dtuaisceart na Fionlainne; trí bliana ina dhiaidh sin b'é an t-oirthear a bhí thíos; agus b'é seal an iarthair é an bhliain dár gcionn. Nuair a scaoileadh a gceann le diabhail Ifrinn sa bhliain 1867, agus an t-arbhar ag dul chun ganntanais ar fud na tíre, ba bheag a taibhsíodh do na húdaráis go rabh an gorta seo ní ba dháiríre ná a rabh tar éis tarlú cheana féin.

Rinne mé trácht ar fhás sciobtha na prolatáireachta tuaithe - na h-aicme gan talamh. Ó ba rud é nach rabh spleotán dá gcuid féin acu, ní rabh de shlí bheatha acu ach a dhul i dtuilleamaí na bhfeirmeoirí ag iarraidh fostóidh: mura gcuireadh aon fheirmeoir aimsir orthu, an mbeadh de rogha acu ach a dhul le gadaíocht nó le déircínteacht?

Le linn na ngortaí beaga áitiúla b'iomaí feirmeoir a chuir a sheilbh faoi mhorgáiste le síol an chéad chur eile a cheannacht. Nuair nach dtáinig aon fheabhas ar na barra san athbhliain, chuaigh an feirmeoir i bhfiacha ní ba dhoimhne fós. Ba mhinic ab éigean do na feirmeoirí féin arán tacair as eadarshnamh na giúise - pettu - a ithe, gan aon trácht a dhéanamh ar na bochtáin. Ní rabhadar uilig in ann, áfach, a gcuid pettu a bhácáil mar ba cheart, nó caithfear na haigéid tannacha a bhaint de ar bhealach ar leith sular féidir é a ithe gan dochar na bputóg a tholgadh as.

Tig cuid den mhilleán a chur ar Johan Vilhelm Snellman, a mb'é Seanadóir an Airgeadais san Fhionlainn ag an am é. Bhí sé ag iarraidh leasú airgeadra a chur i gcrích inár dtír mar chuid dá pholasaí tuilleadh neamhspleáchais a bhaint amach don Fhionlainn. Go dtí sin bhí luach ár n-airgeadra (markka nó marg na Fionlainne) ag brath ar luach an rúbail Rúisigh (b'í an Rúis máthairthír chóilíneach na Fionlainne ag an am). B'í iarracht Snellman an marg a athrú ó chaighdeán an rúbail go caighdeán an airgid ghil, ach tháinig díbhoilsciú as an athrú seo: chuaigh luach an mharkka in airde, ionas go bhfuair na feirmeoirí deacair a bhfiacha a ghlanadh leis an airgead ab éigean dófa a thuilleamh ní ba daoire. Gheibhidís praghasanna ní b'ísle as a gcuid táirgí, agus an morgáiste ag fanacht chomh hard agus a bhí sé ó thús. Ní rabh an darna suí sa bhuaile acu ach bata is bóthar a thabhairt dá gcuid oibríonna agus cibé airnéis a bhí acu a dhíol le h-airgead a fháil chun an morgáiste a íoc.

Sa bhliain 1867 theip na barra ins achan chearn den tír, amach ó na cóstaí agus ón Laplainn. Ní rabh gar ann farasbarr arbhair na mbólaí rathúla seo a dháileadh ar na ceantracha ba mhó a bhí thíos leis an mheath, nó ní rabh an oiread d'arbhar breise ann agus a bhí de dhíth.

Ba mhall go leor a tháinig a thuigbheáil seo ag na h-uachtaráin. Bhí drogall ar Shnellman féin barraíocht airgid a chailliúint ar iomportáil arbha, rud a chuirfeadh a leasú airgeadra i nguais, dar leis. Nuair a dheonaigh sé arbhar a cheannacht ar airgead iasachta, bhí sé ródhéanach. Bhí arbhar gann ar fud na hEorpa fán am seo; thairis sin tháinig an geimhreadh go luath sa bhliain míle ocht gcéad a seacht is trí scór, agus an fharraige reoite ag cur cúil ar na longa arbha.

Ní rabh fonn ar na h-uachtaráin deolchaire a roinnt saor in aisce ar lucht an ocrais. Dar le Snellman, mar shampla, d'fhág deolchaire rófhiail na luathsheascadaí falsacht ar an chosmhuintir, agus iad ag déanamh go bhfaighfidís a gcuid ón tSár gan saothrú ar a son. "Go dtite a bhfuil lofa", a deireadh Snellman - agus ba tubaisteach truamhéileach an dóigh a dtáinig na focla seo isteach.

Ó fhómhar na bliana míle ocht gcéad a seacht is trí scór amach thoisigh lucht an ocrais a theitheadh óna mbólaí dúchais, agus na bealtaí móra dubh leofa. Bhí siad ag déanamh a mbealaigh ina sluaite síoraí chuig deisceart na tíre a tháinig cuibheasach slán as meath na mbarr, agus na galair ag teacht in éineacht leofa: an dinnireacht, bolgach Dé agus an fiabhras breac. Rinneadh iarrachtaí an t-éaló seo a chosc agus na daoiní a chur abhaile arís, ach ní rabh gar ann: bhí siad ró-líonmhar, agus an chuid acu a cuireadh ar ais, mura bhfuair siad bás le linn a n-iompair thugadar a n-aghaidh ar na ceantracha ní ba shaibhre athuair. B'éigean seift ínteacht eile a cheapadh.

Ní rabh ag éirí leis na tithe oibre ach oiread. Fosclaíodh cuid mhaith acu i gCúige na hOstrabóitne lena chur ar chumas na mbochtán a gcuid anraithe a shaothrú mar pháighe. Bhíodh na daoiní róstiúgtha ag an ocras, áfach, le h-obair ar bith a chríochnú, agus iad ní ba líonmhaire ná mar a samhlaíodh do lucht an rialtais ó thús. Phlodaigh na bochtáin isteach sna tithe seo go dtí go mba gheall le sluachampaí géibhinn iad, agus na galair ag rith damhsa iontu. In Earrach na bliana dár gcionn (míle ocht gcéad a h-ocht is trí scór) thug gobharnóir an chúige ordú éirí as na bochtáin a choinneáil ins na tithe seo - ina áit sin rinneadh cisteanacha poiblí díofa le h-anraith a dháileadh saor in aisce feasta.

In Aibreán agus i mBealtaine na bliana sin a phléasc figiúirí na n-éag in airde. Sháraigh an mhortlaíocht líon na nuabheireatas faoi chúig le linn an dá mhí seo. Caithfear a rádh, áfach, go dteachaidh an bhuaic seo thart go gasta. Le theacht an fhómhair bhí líon na mbásanna ag titim arís, agus na galair féin ag trá tar éis a gcuid féin a thabhairt leofa. Thug an fómhar barra maithe arbha, agus cuid de na cómhranna a bhí déanta ag na bochtáin mar íocaíocht as an deolchaire, fágadh i leataoibh gan úsáid iad!

I ndiaidh teip na dtithe oibre chuaigh na h-údaráis i muinín scéim ní b'fhearr, is é sin, na hoibreacha eigeandála, mar a bheirtí orthu, ar nós tógáil an bhóthair iarainn ó Riihimäki go Cathair Naomh Peadair, príomhchathair na Rúise. Rinneadh iarrachtaí bochtáin a bhréagadh chun an chineál seo oibre, seachas a gcur ar ais abhaile ina n-ainneoin féin. Ní hionann sin, áfach, agus a cheadú dófa cur fúthu i ndeisceart na tíre mar a mbíodh na hoibreacha seo ar siúl: b'éigean dófa a dteaghlaigh a fhágáil sa bhaile, agus comhlacht an bhóthair iarainn ag coinneáil siar cuide den tuarastal lena gcothú siúd.

Cha rabh an rath céadna ar scéim an chaonaigh Íoslannaigh, áfach. is iomaí cineál caonaigh atá ag fás ar fud na Fionlainne, agus nuair a bhuail an gorta an tír, tháinig siabhrán ceart ar na húdaráis fá dtaobh dá úsáid mar bhiadh tacair do na bochtáin. Cuireadh feachtas mór bolscaireachta ar obair leis an chaonach a thairscint do lucht an ocrais, ach má cuireadh féin, ní rabh ann ach méadú ar aon tubaiste. Bhí cuid den fhógraíocht oifigiúil ag áitiú nach rabh de dhíth ach an caonach a ní as uisce, ach ba dainséarach an ráiteas é; nó tá an caonach comh saibhir in aigéid agus nach dtig a ithe ach an t-aigéad ar fad a neodrú le substaint alcaileach ar nós sóide, potaise nó luaith na beithe. Mar sin, ba thrúig bháis an caonach seo do chuid de lucht a ite, nuair a thoisigh siad a chur fola istigh sna putógaí; agus chuir a leithéidí de bhásanna drochamhras ar na bochtáin i leith na n-uachtarán, agus iad ag sílstean go rabhthas ag áitiú orthu nimh a marfa a shlogadh leis an stát a shaoradh ó chúram a mbeathaithe.

Ina dhiaidh sin is uile, ba leasc liom gorta na Fionlainne a chur i gcomparáid le Drochshaol na hÉireann. Sa tír seo againne cha rabh i gceist ach buille aonair a chuaigh thart sách sciobtha. Is deacair a rádh cá mhéad daoiní a fuair bás, nó is doiligh an gorta mór féin agus na miontubaistí roimhe a aithne go sásúil thar a chéile. Is dócha nach bréag domh líon na dtaismeach a mheasúnú mar dhaichead míle duine. Siúd is go mb'iad lucht labhartha na Fionlainnise ba mhó a bhí thíos leis, níorbh eagal don teanga é sa deireadh thiar thall. Déanta na fírinne, b'i ndiaidh an ghorta a rinne an Fhionlainnis an dul chun cinn ba mhó go dtí sin mar theanga ardchultúrtha litríochta.

Mar shampla, cibé locht is féidir a fháil ar Snellman ar son a dtearn sé (nó ar fhág sé gan déanamh ba chirte a rádh) le linn an ghorta, áirítear é ar duine de na daoiní ba mhó a thacaigh le forbairt na Fionlainnise mar mheán litríochta is oideachais sa naoú haois déag. (B'í an tSualainnis teanga an ardchultúir san Fhionlainn roimhe sin, agus an tír ina cúige de chuid na Sualainne go dtí go dtáinig na fórsaí Rúiseacha á forghabháil i dtús na naoú haoise déag. Mhair an tSualainnis ina príomhtheanga liteartha ina dhiaidh sin féin, áfach, agus má thug na húdaráis Rúiseacha cúpla uair thart fá chasadh an chéid faoina dteanga féin a chur i gcion ar an Fhionlainn mar mheán riaracháin is oifigiúlachais, cha dtainig rath ná toradh ar na hiarrachtaí choíche.) Chuaigh Snellman go príobháideach i bhfianaise an tSáir lena áitiú air go mb'fhearr dó cuidiú leis an Fhionlainnis in éadan na Sualainnise le dílseacht na cosmhuintire a bhaint amach.