Deir Seán Furlong:

(a) "Tá an saol gnoithe is tráchtála, an saol mór ar fad, ag dul chun eadarnáisiúntachta, agus an tábhacht á baint den náisiúnachas leithleach a d'fhág an Ghaeilge éigeantach."
FREAGRA: Ní hé an náisiúnachas an t-aon chúis amháin leis an Ghaeilge a choinneáil beo breabhsánta. Mar a deir Camille O'Reilly ("The Irish Language in Northern Ireland") agus Éamon Ó Ciosáin ("Buried Alive") tá na mílte 'thucaidí eile ann ag an ghlúin óg de Ghaeilgeoirí inniu chun an teanga a fhoghlaim agus a chleachtadh. Is é an tUasal Furlong nach bhfuil ag coinneáil bord ar bhord le forbairtí ár linne féin mura dtig leis sin a aithint.

(b)"Ní féidir an chuid is mó den eolas innealtóireachta, eolaíochta nó teicneolaíochta a chur ar fáil fríd mheán na Gaeilge, agus mar sin beidh lucht na teicneolaíochta ag labhairt Béarla amháin cibé scéal é".
FREAGRA:Cad fáth? Tá na náisiúin Eorpacha eile in ann sin a dhéanamh frídna dteanga féin. Ós rud é go rabh go leor leabhartha don ghnáthléitheoir fá chúrsaí eolaíochta léite agam i mo theanga dhúchais féin agus mise i mo bhrín óg, bhí mé féin sách eolach ar chúrsaí, cuir i gcás, eamhnú an núicléis nó ar chúrsaí na ceimice sula rabh an chéad fhocal Béarla riamh foghlamtha agam.

(c)"Cúpla bliain in éis an scolaíocht deich mblian a chur isteach ins an Ghaeilge dófa tá an chuid is mó de na daoiní dall ar an teanga ar fad: mar sin, chlis ar theagasc na teanga."
FREAGRA:B'fhéidir. Is fíor freisin nach mórán leasa a bhaineanns an chuid is mó de na hiarscoláirí as a bhfuil foghlamtha acu fá dtaobh den ardmhatamaitic ar scoil, cuir i gcás. An mba chóir deireadh a chur leis an mhatamaitic ar scoil, mar sin?

(d) "Char 'úirt ach 5% de na daoiní fásta eadar 20 agus 44 d'aois go mbídís ag labhairt as Gaeilge uair in aghaidh na seachtaine nó níos minicí."
FREAGRA:Mar sin féin, bulc uafásach daoiní atá ann agus iad cruinnithe le chéile in áit amháin. Ba chóir don Stát freastal ar a gcuid riachtanaisí freisin, ós rud é gur cáiníocóirí iad.

(e) "Char 'úirt ach 3% de na daoiní fásta go labhraídís í go laethúil."
FREAGRA:Mar a d'úirt mé cheana féin, is mionphobal substainteach iad sin féin, agus caithfidh an Stát éilimh na mionphobal a shásamh.

(f) "Sna Gaeltachtaí féin char 'úirt ach beirt as achan chúigear de dhaoiní fásta go labhraídís í go laethúil."
FREAGRA: Cén t-iontas é sin, agus sinn eolach ar staid na Gaeltachta fá láthair! Má táimid ag cardáil cás stáit Afracánaigh (cuir i gcás) ina bhfuil triúr as achan chúigear tar éis bás a fháil den ocras cheana, an argóint é sin leis an bheirt eile a dhiúltú fá bhiadh? Éagóir is eadh é imeallú na Gaeilge, éagóir atá le ceartú. Tá tú as do mheabhair ar fad má mholann tú leanstaint leis an éagóir ar an chúis go bhfuil an éagóir i ndiaidh an oiread sin dochair a dhéanamh cheana agus nach fiú na h-iarmharáin dheireanacha a shábháilt!

(g) "Múinteoir a bhí i nduine as achan bheirt díofa siúd a labhraíodh í go laethúil taobh amuigh de na Gaeltachtaí."
FREAGRA:So?

(h) "Caitear lear mór d'eolas agus scileanna fónta i dtraipisí a d'fhéadfaí a mhúineadh in áit na Gaeilge."
FREAGRA: Ba mhaith liom tú an lear mór seo a shainiú is a shainmhíniú dúinn. Dealraíonn sé gur tábhachtaí leat rud ar bith seachas an Ghaeilge - gurb é sin an bharúil réamhcheaptha atá agat. Agus cad fáth nach dtiocfadh an lear mór seo a theagasc fríd mheán na Gaeilge?

(i) "Is é an tuairisc a bheir fostóirí Éireannacha ins achan earnáil, beagnach, ná nach bhfuil feidhm dá laghad le scileanna Gaeilge."
FREAGRA: Seadh, ós rud é nach bhfuil an oiread sin muiníne ag na Gaeilgeoirí astu féin agus go n-éileochaidíst seirbhísí, pacáistiú agus a leathbhreac eile as Gaeilge. Do leithéidí féin agus bhur gcuid bolscaireachta is cúis leis sin.

(j)"Bheir staidéir de chuid OECD le fios go bhfuil Éire ar ceann de na náisiúin is laige ciall a bhaint as teanga scríofa, rud atá fíor fá na daoiní fásta comh maith leis na páistí."
FREAGRA: Ba mhaith liom a fháil amach cad iad na tíortha acu atá sa chruachás chéadna le hÉirinn. Ní chuirfeadh sé iontas ar bith orm a chluinstint go bhfuil na Sasanaigh chomh dona as leis na hÉireannaigh féin. Nó tá ceartlitriú an Bhéarla chomh h-éagsúil leis an fhuaimniú, gan aon trácht a dhéanamh ar an stíl scríofa i gcomparáid leis an teanga labhartha, agus go bhfuil sé creathnach deacair léamh agus scríobh an Bhéarla a fhoghlaim. Is dócha gurb é an Béarla, seachas an Ghaeilge, is cúis leis na deacrachtaí seo, agus nárbh é leigheas an ghalair ar aon nós ruaigeadh a chur ar an Ghaeilge.

(k) "Cuid mhór de mhuintir na hÉireann, chan fhuil meas ar bith acu ar an teanga, agus iad barúlach nach cuid dá ndúchas í ar chor ar bith."
FREAGRA: Agus cuid mhór de mhuintir na hÉireann, tá meas acu ar an teanga, agus iad barúlach gur cuid dá ndúchas í, fiú mura bhfuil sí go rómhaith acu.

"Tá teipthe ar theagasc na Gaeilge. (...) Níl an chuid is mó de na hógánaigh ocht mbliana déag in ann comhrádh ar bith a dhéanamh as Gaeilge. Mar sin féin, níl aon locht ar chumas ná éirim na n-ógánach céadna ins an mhatamaitic, ins an eolaíocht ná ins an Bhéarla go ródhona ar fad agus iad á gcur i gcomparáid le h-ógánaigh na dtíortha eile."
FREAGRA: Sin go díreach: cruthaíonn seo nach nglacann cuid mhór de na múinteoirí ná de na hoideachasóirí teagasc na Gaeilge dáiríre. Mura nglacaidh, is ionann sin agus a rádh nach n-éilíonn na polaiteoirí orthu a gcuid oibre a dhéanamh go fónta. Mura n-éilídh, caithfear bata is bóthar a thabhairt do na polaiteoirí agus daoiní níos fearr a thoghadh ina n-áit. Daonlathas a bheirthear air sin, más buan mo sheanchuimhne bhocht chráite. Ba chóir teagasc na Gaeilge a bheith ar comhfheabhas le teagasc na n-ábhar eile. Más fíor duit, níl sé amhlaidh mar atá sé.

"Is cuma le h-ógánach tipiciúil ocht mbliana déag an lae inniu fá thodhchaí na teanga."
FREAGRA: Is cuma ins an diabhal lena leithéid de shomachán fá chuid mhór de na rudaí a bhfuil meas orthu ag daoiní fíorfhásta. Is cuma leofa fá rud ar bith ach bualadh craicinn, toitíní draíochta agus rac-cheol. Go dtí seo, áfach, níor mhol aon duine dúinn gan aon ábhar eile seachas sex and drugs and rock'n'roll a theagasc ar scoil.

"Cibé sracadh atá sa Ghaeilge is iad cairde ionraice na teanga a choinníonns inti é. Gan a foghlaim a chur d'fhiachaibh ar aon duine bheadh na daoiní seo agus a gcuid clainne in ann i gcónaí an teanga a chleachtadh dá mb'é a dtoil é."
FREAGRA: Is iomaí duine de chlann na nGaeilgeoirí a ghní ceannairc in éadan a thuistí fríd dhroim láimhe a thabhairt don teanga. Is iomaí duine de chlann lucht na frithGhaeilge a théid chun cearmansaíochta ar a thuistí fríd an teanga a fhoghlaim go maith. Dá mb'iad a dtuistí a chinnfidís an cheist chan fhágfaí gléas na ceannairce ag an darna dream acu.
"Chan leat féin do chlann", a deir Kahlil Gibran. Ba chóir an teanga a choinneáil ar fáil d'achan scoláire, nó is féidir gur a mhalairt de rogha a dhéanfas an páiste seachas a thuistí.

"Chuala mé á rádh gur cuid luachmhar de dhúchas na nGael dornán seoraí cainte a bheith agat as Gaeilge. Is é mo dhearcadh féin nach bhfuil aon mhaith sa bhreaceolas sin. Cén chosaint atá ann le haon bhliain déag de léann éigeantach ar sheoraí suaracha cainte?"
FREAGRA: Más drochtheagasc atá ann, is é an rud atá de dhíth ná feabhas ar an teagasc, seachas an teagasc féin a fhágáilt ar lár.

"Agus tá de cheart ag na saoránaigh a sainmhíniú féin a thabhairt ar a ndúchas mar Éireannaigh."
FREAGRA: Tá. Agus caithfear léargas ínteacht a thabhairt dófa ar an Ghaeilge lena chinntiú go bhféadfaidh achan duine de na páistí a dhearcadh féin a bheith aige ar an Ghaeilge, seachas dearcadh a thuistí.

"Ansmacht agus éagóir is eadh é go gcuirtear d'fhiachaibh ar thuistí nach bhfuil meas acu ar an Ghaeilge a gcuid clainne a bheith á foghlaim in éadan a dtola féin."
FREAGRA: De réir na loighice céadna: Ansmacht agus éagóir is eadh é go gcuirtear clann na bhFaisisteach ar scoil leis an leagan daonlathach de stair na Gearmáine a fhoghlaim. Nach mb'fhearr dófa a dhul ar scoil ina múinfí (mar a chreideanns na tuistí) gur buachaill iontach laghach a bhí i Hitler agus gur bithiúnaigh chruthanta a bhí sna Giúdaigh a rabh a gcinniúint tuillte acu?

"Inniu agus amáireach b'fhearr leis an chuid is mó de na páistí agus na tuistí teanga de chuid na Mór-roinne a fhoghlaim, nó tuilleadh eolaíochta agus ríomhaireachta, nó rud ínteacht níos praiticiúla cibé."
FREAGRA: Bítear ag déanamh i bhfad barraíocht de na scileanna ríomhaireachta. Ní speisialtóirí ríomhaireachta amháin, cuir i gcás, atá ag obair sna comhlachtaí ríomhaireachta, ach lucht táirgthe an ábhair fosta a chuirtear ar taifead ar na dlúthdhioscaí léitheoireachta. An duine a cheapanns go mbeidh scileanna ríomhaireachta de dhíth ar achan darna duine feasta, tá ciapóga air. Is é bealach na forbartha inniu ná go bhfuil na ríomhairí ag éirí níos so-úsáidte ag an ghnáthdhuine, agus an gá le speisialtóirí ríomhaireachta ag dul i laghad de réir mar atá na comhéadain úsáideoireachta ag éirí níos foirfí. Thairis sin, an duine ar pronnadh a dhintiúirí ríomhaireachta deich mbliana ó shin air ní léir domh go bhfuil sé in ann ag ríomhairí an lae inniu gan a dhul in oiriúint dófa ar bhealach ar leith - fríd chúrsa sainoiliúna a dhéanamh mar shampla. Is eagal liom gur sciobtha a théid gnáthoiliúint ríomhaireachta as dáta sa lá atá inniu ann: is féidir nach fíor dófa a shíleanns gur "infheistíocht mhaith i do thodhchaí" é scileanna ríomhaireachta a tharraingt ort.
Maidir leis na teangacha iasachta, is é an rud a thug mé féin fá dtear ar cuairt in Éirinn domh ná go mba dhóchúla ar fad teanga de chuid na Mór-roinne a bheith ag Gaeilgeoir ná ag duine a bhí dall ar an Ghaeilge. Is é an t-eispéireas a rinne na céadta daoiní romham gur scil ann féin é teangacha a fhoghlaim, agus gur éascaí i bhfad an dara teanga iasachta ná an chéad cheann a fhoghlaim. Cuidiú leis na teangacha eile a phiocadh leat Gaeilge a bheith agat.

"Ar ball rinne mé fiosrúcháin anseo agus ansiúd le fáil amach cad fáth a bhfuil an Ghaeilge éigeantach. B'é an tost an freagra ba mhinicí a fuair mé."
FREAGRA: Rinne mo dhuine fiosrúchán fosta ar an liosta Gaelic-L, agus é ag déanamh spior spear de bhéasa an ghréasáin fríd an Bhéarla a bhrú anuas an scornach orainn gan oiread is a leithscéal a dhéanamh. Ach is cuma leis dáiríre na freagraí a fuair sé uainn. Dealraíonn sé nár roghnaigh sé ach an chuid sin d'fhreagraí agus de thuairimí ó Ghaeilgeoirí gníomhacha a bhí ag tacú lena chuid réasúnaíochta féin.

"Is é an t-adhmad a bhain mé as na freagraí eile ná go dtáinig siad ó dhaoiní ar mó a spéis i leas na teanga ná i leas na bpáistí..."
FREAGRA: Agus is é an t-adhmad a bhaineanns mé féin as do chuid tuairimí ná nach n-aithníonn tú toil na dtuistí thar leas na bpáistí.

"Chrom muintir na hÉireann ar an Bhéarla de réir a dtola féin leis na céadta bliain anuas."
FREAGRA: Deargbhréag. Tá a fhios ag madraí an bhaile nach mb'é a dtoil féin é. Bhí siad faoi leatrom is faoi éagóir nach bhfacthas a leithéid san Eoraip roimh theacht na gcóras ansmachta ar an fhód san fhíchiú haois. B'iad uafáis an Drochshaoil in Éirinn a thug ar Mharx, cuir i gcás, a dhul chun cearmansaíochta ar an chóras chaipitlíoch, ó bhí sé suite siúráilte go mb'é seo an blúire deireanach fianaise a bhí de dhíth lena chruthú nach mb'fhéidir cothrom na féinne a chur ar bun a fhad is a bheadh an rachmas fá réim.

Taobh eile na Seithe - Líonláithreán Sheáin féin. Molaim do Ghaeilgeoirí sochorraithe le croí lag gan gliogáil anseo!
(TÁ SEÁN AR SHIÚL - dealraíonn sé go bhfuil sé i ndiaidh a líonláithreán a bhaint den ghréasán go deo. Duine amháin cloíte againn, agus an chuid eile ag fanúint lena seal - tá lucht na Gaeilge ag troid agus le cuidiú Dé beidh an lá linn!)
Nuashonrú sa bhliain 2003: rinne mé fiosrú ar fud an Eadarlín agus b'é an toradh é ná nach dtáinig gíocs ná míocs as mo dhuine i ndiaidh na bliana 1999. An bhfuair sé bás le teann frustrachais?