Fadhbanna Sheáin

Duine de lucht ár gcomhaimsire é Seán Ó Rudaí agus go leor fadhbanna á chrádh. Iarracht is eadh é an leathanach seo cuidiú leis na foghlaimeoirí fadhbanna sóisialta ár linne féin a chardáil frí mheán na Gaeilge.

Tá Seán dífhostaithe. Tá sé as obair. Tugadh bata agus bóthar dó i ndiaidh cúpla bliain mhaith oibre i monarcha na háite - nó ins an mhonarcán mar is rogha le bunadh na háite a rádh. Fágadh iomarcach é, mar a deir lucht an tsofhriotail. Ach is cuma cad é an t-ainm a bheirthear air, nó is é an cruatan céadna é. Chan fhuil a dhath le déanamh aige a thuilleadh ach a dhul a fhad le h-oifig na deolchaire ar lorg an bheagán a bhfuil sé ina theideal. Is iomaí duine a shílfeadh gur méanar dó nach gcaithfidh é féin a thuirsiú níos mó. Ach is é a athrach atá fíor, nó níl a shaol inmhaíte air, ná geall leis.

Nó nuair a thig an cruth ar an tairne, níl Seán falsa ná leisciúil. Cha rabh eagla air ariamh roimh obair mhaith fhónta. Tá dhá láimh oilte sciliúla aige. Ina ghlas-stocach dó cha dteachaidh lá thart nach dtáinig toradh ínteacht ar an tsíorghiotamáil oibre a bhíodh i dtólamh eadar lámhaibh aige. Mura dtearn sé teachín beag a chur i dtoll le chéile le haghaidh na n-éan agus é a ghreamú do chrann, chuir sé an dlaíog mhullaigh ar phéinteáil úr na cistiní nach rabh éirithe go rómhaith lena athair. Ag feiceáilt lorg láimhe a mhic dó d'fhiafraigh an t-athair dá mhnaoi, agus é ag éirí cineál dian ina ghlór, an rabh sí i ndiaidh péinteálaí proifisiúnta a fhostó, siúd is go rabh a fhios go maith aici nárbh acmhainn leofa a leithéid de shó a íoc. Nuair a chuala Deaidí go mb'é Seán a rinn é, tháinig ríméad is bród air as a mhac, agus é ag maíomh nach gcuirfeadh aon mhí-ádh cúl ar Sheán choíche déanamh as dó féin amuigh ar an tsaol mhór. Fear oibre den tseandéanamh a bhí ann féin nach rabh muinín aige as na scoltacha ná as na scoláirí nach rabh lá oibre ionraice curtha isteach acu lá a saoil. Bhí sé barúlach riamh go rabh níos mó urraime dlíte ag a mhacasamhail féin uathu siúd nach bhfaighfeadh beatha ná dídean ach go bé go rabh oibrí oilte dúthrachtach ann lena gcuid bídh a bhaint is a mharbhadh is a réitiú is a phacáistiú agus lena gcuid tithe a thógáilt. Ghlac athair Sheáin páirt go minic i ngluaiseacht na gceardchumann agus in imeachtaí réamhthoghcháin Pháirtí an Lucht Oibre, agus é ag áitiú is ag síor-áitiú ar a mhac nach bhfaighfeadh an fear oibre a cheart ach a dhul i gcomhar lena mhacasamhlacha eile.

D'imigh sin agus tháinig seo, áfach. Fuair na gróintíní móra an lámh in uachtar ar an tsochaí uilig, agus iad ag mursantacht leofa mar a bheadh déithe beaga iontu. D'imigh an sracadh as na ceardchumainn féin, agus an ghlúin óg comh scanraithe sin roimh na boic mhóra agus nach rachfaidíst iontu choíche. Is dóigh le Seán nach bhfuil cuma an fhreasúra ar an tseanpháirtí féin, agus an cineál teicnealathaigh agus polaiteoirí proifisiúnta atá i gceannas air ar na saoltaibh seo. Tá céim ollscoile ag achan duine acu siúd, agus meas na gnáthoibre acu ar an pholaitíocht - ar an pholaiteoireacht ba chirte a rádh: théid siad a thabhairt óráidí tuathghríosóireachta uathu os comhair an chuid sin den lucht oibre a chreideanns iontu i gcónaí, ach má théid féin bíonn siad lántsásta cibé geallúint dá dtug siad a bhriseadh le dhul i gcomhar leis na gróintíní. Ina dhiaidh sin, deir siad leis an lucht oibre nach rabh a mhalairt de roghain acu.

Ábhar eile imní is buartha is eadh é an domhandú seo a bíos i mbéal na bpolaiteoirí fá láthair. Níl róchuma air mar ábhar, dar le Seán. Is ionann sin agus na comhluchtaí móra a gcuid monarcán a athrú ar lorg oibrithe níos saoire: má bhíonn muintir na tíre seo abhus ró-araiciseach chun stailce, cha mbíonn de dhíth ach na jabanna a sciobadh leat go dtí an tír udaí thall agus í ag cur thar maoil le hoibrithe dífhostaithe a bhéas sásta cibé masla a thabhairt orthu féin ar son na leathphingine. Agus lucht na scoltach féin beidh siad thíos leis an fhorbairt seo comh maith le duine. An lá faoi dheireadh nuair a tharla luach an phionta ag Seán rinne sé greas maith comhráidh ins an teach tábhairne anuas an tsráid le fear óg a bhí ar tí a chéim ollscoile a bhaint amach, agus eisean comh buartha fá dtaobh den todhchaí le Seán féin. Nó b'é an rud a d'úirt sé ná nach rabh sé ag súil le pósadh ná clann a thógáilt, agus an chuma a bhí ag teacht ar shaoil na hoibre i láthair na huaire: spailpínteacht eadarnáisiúnta a bheadh ann, agus na daoiní oilte uaisle féin gan an darna rogha acu ach seal oibre a chur de ansin agus seal eile ansiúd, ionas nach n-éireochadh leofa choíche cur fúthu go seasmhach in aon bhall ar leith den domhan. Cha mbeadh glacadh ina leathbhreac de dhomhan ach le cleamhnais sealadacha nach seasfadh a fhad le h-ál páistí a thabhairt i mbun a méide.

Bhí an bheirt acu ar aon bharúil go mba cheart do lucht na h-ollscoile agus lucht na gnáthoibre cur le chéile in éadan na ngróintíní ar son a gcuid jabanna is airgid. Dlúthpháirtíocht a bhí de dhíth, an cineál dlúthpháirtíochta a ba dual don tseanpháirtí nuair a bhí sracadh ann. Ach b'é an t-aon rud amháin a rabh seán agus fear na hollscoile ar aon bharúil faoi. Nuair a chuaidh Seán a chardáil na heagla a bhí air féin roimh lucht na páighe bige a bheith ag teacht isteach ó na tíortha cúil le ruaigeadh a chur ar na hoibrithe dúchasacha, tháinig alltacht is tallann feirge ar fhear na hollscoile. D'úirt sé gur fanaiceach ciníochais a bhí i Seán agus d'eitigh sé tuilleadh comhráidh a dhéanamh.

B'fhéidir go rabh cuid den cheart ag fear na hollscoile, áfach. Nó sin é an tuairim a tháinig ag Seán ar chruinniú sráide de chuid an pháirtí úrbhunaithe a bhí in éadan achan chineál stráinséirí. Thug cinnire an pháirtí óráid fhíochmhar uaidh inar chuir sé achan locht ar na Gormaigh, agus iad ag goid na jabanna, ag éigniú na mban (b'fhearr le Seán gan an chuid sin den óráid a chluinsbheáilt, agus an mionchursíos madrúil a thug fear na hóráide ar chásanna banéigniú den tseort sin - chreidfeá gur ag léamh gos ard ó iris pornagrafaíochta a bhí sé) is ag falsóireacht i dtuilleamaí na deolchaire. Bhí sé cineál barrúil, dar le Seán. Cad é mar a thiocfadh leis an chineadh ghorm bheith ag goid na jabanna is ag falsóireacht san am chéadna? Ach nuair nach rabh sé in ann na cathuithe a chloí an teacht salach seo a chur in iúl don óráidí, cha dtearn seisean ach ordú a thabhairt dá chuid fear - dornán de scafairí matánacha agus cloigeann maol ar achan duine acu - Seán a chaitheamh amach ón chruinniú. Níorbh iad tuairimí Sheáin a bhí de dhíth ón dream seo ach oiread le fear na hollscoile, ach na daoiní a bheith ag caitheamh a vótaí ar a son, cuma nach rabh a gcuid geallúintí ag teacht le chéile. Bhí an chaint saor acu, leoga!