An Dátheangachas

Is Feinimeán Nádúrtha é an Dátheangachas

Is ann dona lán a shíleanns gur cruthaíodh an duine le h-aon teanga amháin a bheith ó dhúchas aige, agus is dóigh leis an dream sin fosta nach féidir linn teangacha eile a fhoghlaim ach go teoranta frí obair mhaslach a chur dínn. Dearcann lucht an aonteangachais seo ar an dátheangachas mar a bheadh seort eisceacht nó fiú eiriceacht ann: ní thig le haon duine dhá theanga a bheith ó chliabhán aige, agus má thig, caithfidh sé go ngoilleann an strus dúbalta go mór ar a intinn is a inchinn. Bíonn an dream seo i gcónaí ag tabhairt rabhaidh fá chontúirtí an dátheangachais. Má thig siad ar pháiste a bhfuil teanga amháin á labhairt leis ag a mháthair agus teanga eile ag a athair, deir siad nach bhfoghlaimeochaidh an tachrán bocht aon teanga acu mar is ceart - agus is minic a chreideanns na tuistí an méid seo uathu.

Is amhlaidh áfach go bhfuil cuid mhór den chineadh dhaonna - a mhórchuid b'fhéidir - ag baint úsáid as dhá theanga gach lá mar chuid den ghnáthshaol laethúil, agus iad tar éis an bheirt a fhoghlaim ó na daoiní ina dtimpeall, mar a phiocanns an páiste suas a theanga dhúchais. Thig a rádh fána leithéid de dhaoiní go bhfuil an dá theanga ó dhúchas acu - gur daoiní dátheangacha iad.

Is deacair dátheangachas a shainmhíniú

Ní hionann dátheangachas i dtír amháin ná i dtír eile, áfach, agus is deacair an coincheap seo a shainmhíniú go sásúil. Mar shampla, an bhfuil an t-ollamh dátheangach a bhfuil scríobh agus léamh na Laidine go paiteanta aige, agus é tar éis bunús a shaoil a chaitheamh ag déanamh staidéir ar scríbhinní éagsúla ins an teangain seo? Is dócha nach bhfuil sé in ann an teanga a labhairt go rólíofa, ach cén dochar, mura bhfuil aon t-éileamh ins an tsochaí ar chomhrádh as Laidin? Nó má thig muid ar fhear Gaeltachta a bhfuil scoth na Gaeilge aige agus crampa na Gaeilge ar an Bhéarla is fearr is féidir leis a labhairt, agus é gan léamh gan scríobh na Gaeilge ag an am chéadna (caithfidh sé, dar liom, go bhfuil teacht ar a leithéidí i measc sheanbhunadh na Gaeltachta, nó níos dóichiúla fós, i measc na nGael a chuaidh eadar dá dtír ina n-óige), an féidir linn a rádh go bhfuil sé dátheangach? Agus má tá sé aonteangach, cé acu Gaeilge nó Béarla í an t-"aon teanga amháin" aige?

Mar sin, le sainmhíniú ceart a aimsiú don dátheangachas ní mór dúinn ár marana a dhéanamh ar an oiread dátheangachais agus a éilíonns an tsochaí ar an duine. Is maith an léiriú ar an cheist seo na toscaí atá le fáil i bParagua.

Tír is eadh í Paragua inar chuir na hÍosánaigh fúthu i bhfad bhfad roimh theacht aon dream Eorpaigh eile ansin. Chrom na hÍosánaigh ar an toirt ar na hIndiaigh áitiúla a thabhairt chun tsibhialtachta is chun Críostaíochta de réir na construála a bhainfidíst féin as an dá fhocal seo, agus b'é toradh na hoibre go dtáinig na hIndiaigh leis an Eorpachas go hiomlán, ach amháin gur mhair a ngnáthurlabhra - an teanga Guaraní. Nuair a tháinig saighdiúirí Fhear Ionaid an Rí i mBuenos Aires a fhad le Paragua leis na hÍosánaigh a dhíbirt agus cumhacht an Fhir Ionaid a chur i bhfeidhm ar na Paraguaigh, bhí siadsan comh cleachtach lena dteanga a labhairt i dtimpeallacht an chultúir Eorpaigh agus nár mhothaigh siad iad féin i gcall a tréigbheála ar mhaithe leis an Spáinnis.