Panu Höglund a chuir an leathanach seo ar fáil duit.

Stephen Holmes

AN CEACHT LE FOGHLAIM ÓN RÚIS INNIU


("What Russia Teaches Us Now")

Cuir ríomhphost chuig an Údar

Aistrithe is curtha in Athchló le Caoinchead ón iris American Prospect, Ochtú Bliain a Foilsithe, Eagrán a Trí Déag is Fiche: Iúil a hAon go Lúnasa a hAon, 1997.

Translated and Reprinted with Permission from the American Prospect, Volume 8, Number 33: July 1 - August 1, 1997.

The American Prospect

5 Broad Street

Boston

MA 02109


Gach Ceart ar Cosnamh/All Rights Reserved

Glacaim buíochas leis an Údar agus le Lisa Charbonneau ón American Prospect a thug ceadúnas domh an tAlt seo a aistriú is a athfhoilsiú.

I extend my sincere gratitude to the Author, as well as to Ms Lisa Charbonneau and the American Prospect, for allowing me to translate and reproduce this article.

Translated into Irish by PANU PETTERI HÖGLUND a d'aistrigh go Gaeilge

Chan amháin go mb'é an tAontas Sóibhéadach ár bpríomhnamhaid míleata le leathchéad bliain; ba nós linn a shílstean go mb'é ár nglanmhalairt é i gcúrsaí polaitíochta is idé-eolaíochta fosta. B'é an t-aon rud amháin a rabh an dá eite i saol pholaitiúil Mheiriceá ar aon bharúil ina thaoibh ná go mb'é an Stailíneachas an rud ba mhó a bhí ag teacht salach ar ár gcuid aislingí féin. Thig linn a rádh, dá réir seo, gur fhág an Cogadh Fuar rian domhain ar ár gcuid smaoiteachais pholaitiúil mar a chuirtí in iúl go poiblí é. Déanta na fírinne, thig linn a mhaíomh nach rabh de chomhsmaoiteachas poiblí polaitíochta againn ach an Cogadh Fuar. B'iad riachtanaisí ár n-iompairce le Cumannachas na Sóibhéidí a thaispeáin an bealach ceart dúinn le bunfhorais ár sochaí a shainmhíniú. Nó b'í an chuma a bhí ar an scéal ná go mb'ionann an liobrálachas agus rud ar bith ach é a bheith bunoscionn leis an Chumannachas.

Cérbh iad na tréithre i gcreideamh dhaonlathach Mheiriceá ba mhó a tháinig faoin spotsolas faoi thionchar na bunchodarsnachta seo? Cead cainte agus clóbhuailte, thar aon rud eile, agus cead cinn agus coinsiasa freisin, nó b'é an cineál seo saoirse ba mhó a bhí faoi chois ag Moscó. Cosúil le sin, chuir na Meiriceánaigh béim ar shaoráidí ar nós athrú áitribh, bunú eagraíochtaí príobháideacha, cothrom Féinne i bpróiste dlí agus vótáil i bhfíorthoghcháin ina rabh seansanna cothroma ag an fhreasúra. Thairis sin, shíltí an dúrud den cheart chun maoin phríobháideach a charnadh, agus glacadh leis an réamhchoinníoll go forleathan nach rabh de dhíobháil ach córas eacnamaíochta gan lárphleanáil leis an dá rud, eadar shaoirse agus shócúlacht, a sholáthar.

An col a ghlac na Meiriceánaigh leis an Ghúlag agus leis an chinsireacht ins an Aontas Shóibhéadach, ba spreagadh dúinn é le construáil ar leith a bhaint as na saoráidí clasaiceacha liobrálacha. Ba ghnách iad a shainmhíniú mar shaoráidí diúltacha - is é sin, mar shaoráidí in éadan an stáit, agus iad ina ndíonadh ag an duine aonair ar ollsmacht an Rialtais.

Scuabadh an tAontas Sóibhéadach de dhroim an tsaoil le fada an lá, ach níl an saol ar fónamh sa Rúis go fóill. Cibé cén feabhas a tháinig ar an phríomhchathair, chuaidh na cúrsaí taobh amuigh daoithi comh mór sin chun donais agus nach rabh de roghain ag cuid mhór de na Rúisigh ach cromadh ar ais ar a gcuid bídh a chur is a shaothrú ar a leontaí féin. Íorónta go leor, is í laige an Rialtais, seachas a ollsmacht, is mó atá ag déanamh scime do Rúisigh an lae inniu. Tá aithne an díscaoilte ar an tír uilig: na cimí ag tréigbheáilt an phríosúin, na ceithearnaigh ag ionsaí na dtraenach, na saighdiúirí ag iarraidh déirce tobaca go poiblí, na madraí mire ag siúl na sráideann i gcathracha beaga, an dó-ola ag sní léithi as na píopaí móra gan aon duine a bhacfadh leis an pholl a dhrud.

Ó tá íseal agus uasal ag diúltú don cháiníocóireacht, agus na cigirí cánach féin i mbaol a mbáis (nó fuair seisear is fiche acu anbhás sa bhliain 1996 amháin), agus na ceannurraíonna réagúnda is na stiúrthóirí beaga ag dul a mbealach féin in áiteanna ar nós Mhoscó nó i gcomhluchtaí leathphríobháidithe agus i ngníomhaireachtaí poiblí, is beag sracadh atá fágtha ins an stát: níl sé in ann, fiú, freastal ar a ghnáthchúrsaí féin.

Chan amháin go bhfuil na Rúisigh i ndubhfhaopach agus a stát-san fágtha comh fannlag sin; thairis sin, tá an tIarthar scanraithe as a mheabhair ag na contúirtí úra ón Rúis: tuilleadh mórthubaistí ar nós Shearnóbail i stáisiúin núicléacha leictreachais; na buamaí adamhacha, nó oideas a ndéantúis, á ndíol le stáit bhithiúnta; na gáis nimhe is na frídíní galair ag sileadh leofa as taiscumair an airm, agus na Rúisigh comh bocht sin is nach bhfuil gléas ná acmhainn acu an urchóid a bhaint de na gléis mhór-ródaigh seo níos mó; na tancaeir ag tiomsú meirge agus ag titim as a chéile in éagmhais cothbhála; na galair fhorleata ag rith damhsa ar fud na tíre, i gcruth is gur féidir dófa bagairt ar an Eoraip féin; na siondacáití coirpeoireachta ón Rúis ag cur fúthu ins na tíortha eile cheana féin; an rialtas láir ag déanamh neamhshuim ar fad dá ghnáthchúraimí; na daoiní eadar dhá chomhairle fá cé atá i mbun na gcúrsaí nó cé atá ag tabhairt na n-orduithe; agus an tAire Cosanta is an tAire Gnoithí Eachtracha ag teacht crosach ar a chéile i dtaoibh ceisteanna atá thar a bheith tábhachtach do na stáit uilig atá ag críochantacht leis an Rúis.

B'fhéidir go bhfearann an Creimlín fíorchaoin fáilte i gcónaí roimh dhaoiní óga éirimiúla a bhfuil plean leasaithe na tíre acu, ach má fhearann féin, níl siad in inmhe an Rúis a dhéanamh inrialaithe aríst. Siúd is go bhfuil na busanna, ar a laghad, ag imeacht i gcónaí, níl aon mhaith i rialtas na Rúise le dlíthe na tíre a chur i ngníomh. Tá suim iomlán na gcánach laghdaithe go deich faoin chéad den olltáirgeacht náisiúnta, nó níos lú fós (agus an margadh dubh ábhalmhór nach dtig cáin a ghearradh air á fhágáilt as an áireamh, ar ndóighe) - cuir i gcomparáid an méid sin le tríocha faoin chéad ins na Státaí, nó le cúig is dhá scór faoin chéad, ar meán, in Iarthar na hEorpa. Chan í an chinsireacht ná an eacnamaíocht lárstiúrtha, ná an bród náisiúnta faoi tharcaisne agus an fuath ar na stráinséirí, is mó atá ag dó na geirbe ag leasaitheoirí liobrálacha na sochaí, ach rud nua ar fad, mar atá, an ceangal briste eadar an stát atá ina phraiseach agus an tsochaí a bhfuil lagmhisneach uirthi.

Goidé a thig linn a fhoghlaim ón Rúis agus í i gcruachás mar seo? Goidé an t-athmheasúnú ab fhearr dúinn a dhéanamh ar an "tsaormhargadh" agus an "tsaoriomlaoid" a cheiliúir muid comh gealgháireach sin cúpla bliain ó shin, agus an cead tráchtála gan srian fágtha acu siúd féin atá ag trádáil diúracáin "ón talamh go haer" agus iarsmaí marfacha eile i ndiaidh an Airm Shóibhéadaigh? Agus cad mar gheall ar an "iolrachas", ar an "dí-lárnú", ar "chothrom na gcumhachtaí", ar "shaoirse na gcumann príobháideach", ar "neamhspleáchas na sochaí ar an stát"? B'fhéidir go bhfuil an oiread eile le foghlaim againn ó iarsmaí an Chumannachais agus a shíl muid a bheith ón Chumannachas féin.

Le linn an Chogaidh Fhuair, agus an chuma ar an scéal gur "barraíocht Rialtais" ba chúis le gach olc polaitíochta, cha rabh mórán liobrálaigh sásta a ndearcadh ar a mhalairt de dhainséar a shainiú, mar atá, an chontúirt atá i bhfeasbhaidh Rialtais. (Is é an chiall leathan, an chiall fhealsúnach, a bhaineanns mé as an fhocal udaí liobrálach anseo, agus mise ag tagairt do Choimeádaigh Mheiriceá, comh maith leis na Liobrálaigh ins an ghnáthchiall.) A mhalairt scéil a bhí fíor fá dtaobh de na smaoiteoirí a bhí thuas roimh an Chogadh Fhuar, áfach. Le focla cáiliúla Mhadison ar an Federalist a tharraingt orm, cibé srianta a chuireanns an bunreacht leis an Rialtas, tá siad bunaithe ar an réamhchoinníoll go bhfuil sé fágtha ar cumas an Rialtais smacht a choinneáil ar na saoránaigh roimh aon rud eile ("first enable the government to control the governed"). Más féidir le lucht na hearnála príobháidí barr foréigin a bhreith ar an stát nó na státseirbhísigh a chur ina dtost le síneantas airgid, tá an earnáil sin ag dul thar fóir. Ansin, níl an dlí ag rialú, amach ó dhlítheoirí na sindeacáití coirpeoireachta. Ar ndóighe, má tá an margadh neamhrialaithe agus na baiclí de bhithiúntaigh ag dul chun cearmansaíochta ar an dlí agus ag cur na sochaí ó rath, chan ionann sin is a rádh go mba chóir pilleadh ar an tsean-ollsmacht. Ach nuair atáimid ag déanamh ár staidéir ar an léirscrios a rinne feasbhaidh an eagair pholaitiúil ar an Rúis, ba chóir dúinn tuilleadh urraime a thabhairt don Rialtas mar chrann taca do na saoráidí liobrálacha; thairis sin, iad siúd inár measc ar dóigh leofa nach bhfuil ins an Stát ach dainséar ag bagairt ar ár luachanna liobrálacha, tá ceacht le foghlaim acu.

NÍ FIÚ LEATHPHINGIN RUAIDH CEARTA AN DUINE AONAIR, ACH CUMHACHT PHOIBLÍ A BHEITH Á gCINNTIÚ DÓ

B'é an chúis a thug teoiric chlasaiceach an liobrálachais le riachtanas an údaráis pholaitiúil ná gur dual do na daoiní bheith leithleasach. Dá bhfágfaí gan diansúil os a gcionn iad, chuirfeadh lucht an nirt is na fealltóireachta na dlíthe ar ceal ar mhaithe leofa féin. Cuireann Rúis an lae inniu go hiomlán leis an teoiric seo. Nuair atá an stát comh sochreachta sin inniu - an stát céadna a bhí i seilbh gach ruda go dtí le déanaí - cé a bhacfadh le cothrom na Féinne do chách? Is gnách leis na lánsaoirsigh (libertarians) a áitiú nach bhfuil de cheart ag an Stát a údarás comhéigneach a chur i bhfeidhm ach amháin le dochar a chosc nó le breith ar ghadaí. Agus sinn ag déanamh ár marana ar chúrsaí na Rúise inniu, ní mór a rádh nach bhfuil an blas ceart ar na focail udaí nach...ach amháin. Agus an saol ina phraiseach go hiomlán, is ábhar mearbhaill é comh deacair agus a bheadh sé rialtas teoranta den chineál is fearr leis na lánsaoirsigh a chur ar bun, rialtas a bheadh in ann, dá theorantacht é, lucht foréigin agus fealltóireachta a chur faoi chois.

Léiríonn Rúis an lae inniu dúinn ar bhealach creathnach doshéanta nach fearrde do na luachanna liobrálacha éagumhacht an stáit ná a chumhacht ollsmachtach. Ní hé an "dístátú" an fhuascailt - is é an fhadhb féin é. Nó ní féidir na saoránaigh a anacal ar a chéile ná a slandáil phearsanta a chosaint gan chumhacht phoiblí a bheadh in ann "treoir sheasmhach a saoil" a sholáthar do na daoiní, mar a deir John Locke ("a standing rule to live by"). Siúd is go rabh gach cineál cearta daonna geallta do na saoránaigh i mbunreacht Bhréizneav féin ón bhliain 1977, cha rabh an saoránach in ann a dhul i muinín na gceart seo, agus é gan díonadh ar ollchumhacht an Stáit uileghabhálaigh. (Sin le rád, má thogair lucht rialtais an Stáit gan aird a thabhairt ar na cearta a bhí siad féin i ndiaidh a ghealladh do na daoiní, cha rabh aon chóras neamhspleách dlí ar fáil a cheadóchadh do na daoiní éiric sháraithe a gceart a lorg ón stát. P.P.H.) Tá gach cineál cearta geallta i mbunreacht Iéiltsín comh maith, ach níl gléas a gcurtha i bhfeidhm ann, ós rud é nach bhfuil na sócmhainní ag an rialtas, ná an diongbháilteacht ann mar rialtas, agus sealbhóirí na n-oifigí poiblí níos araicisí chun a gcuid féin de na hiarsmaí a chur ina bpócaí féin ná chun fadhbanna na sochaí a leigheas.

Fágann anord na Rúise a shliocht ar an tsochaí agus ar an stát comh maith le chéile. Tá córas an lársmachta agus an chomhordúcháin ina chonamar, agus na gnáthshaoránaigh ar nós cuma liom, amach ón fhuath éagumhachtach atá acu ar an scothaicme pholaitiúil. Chan fhuil aon mhaith i sealbhóirí na n-oifigí, agus na dreamanna sainleasa polaitíochta ró-scabtha le dhul le chéile i gcomheagraíochtaí a bheadh sách láidir le brachladh a chur ar an lucht rialtais. Siúd is nach bhfuiltear ag imirt cos ar bolg ar na saoránaigh a thuilleadh (amach ón tSeisnia, ar ndóighe), fanann an rialtas gan chomhar gan fhreagracht, agus é ag déanamh neamhshuim de chruachás na cosmhuintire. Tá na seirbhísí sóisialta ag meath agus beatha na ndaoiní á giorrú, agus Tadhg an mhargaidh ag iarraidh déanamh as dó féin gan a bheith ag dréim le haon rud ó na polaiteoirí.

Ós rud é nach gceadaíonn anord na polaitíochta agus scor na n-údarás saoráidí liobrálacha a chur i bhfeidhm ins an Rúis, caithfidh sé nach é príomhchuspóir an liobrálachais an rialtas a dhíscaoileadh ar fad, i ndiaidh an iomláin. Is é an tátal is féidir a bhaint as cás na Rúise ná go gcaithfidh rialtas fíor-liobrálach a bheith in inmhe gach cumhacht ins an tsochaí a fhágáil ag daoiní freagracha atá in ann í a chur i bhfeidhm go h-éifeachtach.

Is fíor nach bhfuiltear ag caitheamh easaontóirí polaitiúla i dtóin phríosúin i Rúis an lae inniu. Cha dteántar pionós a ghearradh ar aon duine níos mó ar son cur in éadan seasamh an Pháirtí, nó níl an Páirtí ag glacadh seasamh ar bith a thuilleadh. Uaireanta, gheibh an corr-iriseoir bás in ionsaí buama, ach ní bhainfeadh a dhath do mo dhuine ach go bé gur chuir sé ladar i gcúrsaí na breabadóireachta ins an Roinn Chosanta. Níl aon cineál eiricigh i mbraighdeanas níos mó, ós rud é gur imigh an creideamh ceart féin de dhroim an tsaoil le fada. Chuaidh an chinsireacht idé-eolaíochtúil agus an síolteagasc ar shlí na fírinne in éineacht leis an idé-eolaíocht féin. Ní heagal ná suim le haon duine de na maithe is na móruaisle iad na hidéanna polaitíochta a thuilleadh.

An íomhá den easaontóir aonair i gcomhrac le hollphléist an Stáit, b'athneartú í ar shainmhíniú leatrom na gceart liobrálach. Bhí an míniú seo bunaithe ar an toimhde gur sciath chosanta is eadh iad na cearta sibhialta ar chumhacht an stáit, agus na blianta a chaith muintir na Rúise faoi bhráid an ollsmachta á gcur ar tairiscint mar chruthúnas ar an méid seo. Tá a chuid féin den fhírinne ag roinnt leis an mheafar seo, ach léiríonn cruachás na Rúise dúinn go bhfuil taobh eile ag an tseith comh maith: is é an cruthúnas is soiléire amuigh ar chlisiúnas na leasuithe liobrálacha an sciath neamhshuime a chosnaíonns an stát ar an tsochaí. Tá na huachtaráin lofa nach suim leofa saol na ngnáthdhaoiní an oiread is go mbacfaidíst lena gcéasadh le hollsmacht, - tá siad ina gcónaí i ndomhnán bheag dá gcuid féin, dealaithe ó na saoránaigh dhípholaitithe. Cuireann saol sócúlach Mhoscó - tamhnach na sócúlachta i bhfásach an bhochtanais - dallamullóg ar na cuairteoirí iasachta, agus iad ag iarraidh a mbreithiúnas a thabhairt ar an chineál saoil a bíos ag mórchuid na Rúiseach i láthair na huaire. Is comhartha í an só áitiúil seo freisin ar an dearcadh cuma-liom atá ag lucht na hanchoda i dtaobh lucht na gannchoda ins an tír ar fad. An meath a tháinig ar leasuithe liobrálacha na Rúise, bheir sé le fios gurb é an cineál liobrálachais is fearr amuigh ná - gan an tsochaí a scarúint ón stát, ach, go contrártha ar fad - bealach soshiúlta a choinneáil ar foscal eadar an lucht rialtais agus an chosmhuintir a ligfeas do na daoiní cneasta, eadar ghnáthshaoránaigh agus feidhmeannaigh phoiblí, a dhul i ndáil chomhairle le chéile le bail a chur ar an tsochaí in éineacht, más gá.

Níl aon údarás dlisteanach polaitíochta ann ins an Rúis inniu. Ach ní féidir cearta liobrálacha a chur i bhfeidhm ach cumhacht phoiblí a bheith ábalta ar a dhéanamh, agus sin go fónta cumasach. Ní féidir cearta an duine aonair a shárú ach a dhul in anuabhar ar an stát liobrálach (a bhfuil dualgas cosanta an duine aonair sin air, P.P.H.) ins an am chéadna, agus ní féidir an stát a chur ar ceal gan cearta daonna na ngnáthdhaoiní a shárú (ó tá siad i dtuilleamaí an stáit lena gcearta daonna a chur i bhfeidhm nó a choinneáil gan sárú, P.P.H.). Cruachás bocht is eadh í an fheasbhaidh stáit, nó is é is impleacht daoithi ná nach bhfuil an t-aon fhoras ag obair a d'fhéadfadh cosaint is cumhdach a chinntiú don íochtarán. Lena chur i bhfoclaibh eile, is é an stát liobrálach an eagraíocht is fearr le cearta an duine a chosaint. As aice láimhe don stát ní bheidh cosaint ná cur i gcrích na gceart le fáil. Gan chóras dea-eagraithe polaitíochta ní bheidh cearta an duine aonair ann, ná sochaí na saoránach ach an oiread. Ceacht follasach é, ach amháin go bhfuil sé ag teacht crosach ar an smaoiteachas is dual dúinn, agus an dearcadh frithúdarásúil go smior ionainn.

Cad fáth nach gcaitear go múinte leis na daoiní i gcillíní an bhraighdeanais réamhthrialaigh ar fud na tíre, cibé fá chearta an chime de réir an bhunreachta? Céann de na príomhchúiseanna leis an drochstaid seo is eadh é nach bhfuil aon tsraith cheart cheannais ann. Le go gcaithfeadh eadar phóilín agus chúisitheoir, eadar bhreitheamh agus gharda príosúin go béasach leat, tá córas éifeachtach de dhíth le monatóireacht a dhéanamh ar a n-obair siúd, le h-ordú an cheannais a choinneáil neamhdhébhríoch agus le cuntas a n-oibre a éileamh ar na daoiní freagracha. Is dóchúla don fhoireann phríosúnachta a gceart a fhágáilt ag na cimí má choinnítear diansúil ar an obair. Is é is tátal don méid seo nach féidir cearta a chur i bhfeidhm ach na daoiní freagracha a bheith ag géilleadh don údarás dhlisteanach ar bhealach stuama seasmhach.

Ós léiriú í staid na tíre sin ar an dóigh a bhfuil saoirse an duine aonair ag brath ar chumhacht stáit de chineál ar leith, ba chóir go gcuideochadh Rúis an lae inniu linn léargas níos fearr a fháil ar an chaoi a gcuireann údarás an stáit le saoirse an tsaoránaigh inár gcóras féin. Má fhágtar monaplacht an fhoréigin ag an stát, caithfear an mhonaplacht seo a dhílsiú d'fheidhmeannaigh stáit ar féidir do na daoiní cuntas a éileamh orthu ins an úsáid atá bainte acu as an mhonaplacht seo. Le stát liobrálach a bheith ann, caithfidh na daoiní gan ghunnaí a bheith i gceannas ar lucht na ngunnaí. Siúd is go gcaithfear srianta ínteacht a chur le gach rialtas liobrálach ar fiú a ainm é, ní mór a chinntiú freisin go mbeidh an rialtas seo in ann smacht a choinneáil ar na póilíní, ar na húdaráis áitiúla agus ar an rúnseirbhís.

Ar bhealach eile, freisin, an dóigh a dteachaidh na leasuithe liobrálacha in abar ins an Rúis, is dócha go gcuirfidh sé lucht an smaoiteachais liobrálaigh indibhidiúlaigh ag cromadh ar ais ar fhoinsí a bhfealsúnachta. An borradh mór atá ag teacht faoin chuid den tsaol nach bhfuil faoi smacht dá laghad ag aon tseort údaráis, ba chóir go mbainfeadh sé an ghaoth den reitriceoireacht fá dtaobh den t-"saor-réimse" - saor ó ladar sáiteach an rialtais - a ba chóir a chur ar bun, mar dhea, le haghaidh an airgid a shaothraíonns teaghlaigh Mheiriceá. Déanta na fírinne, in éis a aithne dúinn cén drochbhail a d'fhág rialtas fíor-neamhsháiteach ar mhuintir na Rúise, ba chóir go dtiocfadh linn cuid de na ciapógaí a bhaint de shúile na ndaoiní maidir le coincheapa an "spleáchais" agus an "neamhspleáchais" agus an mhí-úsáid éadromchroíoch éadromchloigneach éadomhainsmaoitiúil a bíos á baint astu i ndíospóireacht pholaitiúil Mheiriceá.

Ní bheadh an ceart ag an chreidiúnaí an iasacht a éileamh ar ais ach údarás an dlí agus an stáit a bheith á chur i bhfeidhm dó. An Meiriceánach atá ag lorg a chirt os coinne an dlí, caithfidh sé a dhul i muinín na cumhachta poiblí. Má chuirim an dlí ar dhuine ínteacht nó ar chomhlucht ínteacht, ní gníomh de mo chuid féin ins an tsaor-réimse é, ná iarracht chun an stát a chroitheadh de mo dhroim. A mhalairt ar fad: táim ag iarraidh ar an stát gníomh a dhéanamh. An cineál stáit a fháganns bailiú na n-iasachtaí faoi bhithiúnaigh phríobháideacha, agus nach bhfuil in ann éiric a thabhairt in éagóir, ní féidir dó bheith ina "stát liobrálach" i mbunchéill an fhocail.

Is féidir na cearta bunreachtúla a anailísiú ar an bhealach chéadna, ach is minic an méid sin á ligean i ndearmad, cionn is comh minic is a thagraítear dár mBille Cearta mar fhorógra na saoráidí diúltacha. Ní féidir cearta bunreachtúla a chur i bhfeidhm i Rúis an lae inniu, ós rud é nach bhfuil aon mhaith iontu ach amháin an rialtas a bheith ag cur gníomh i gcrích in áit a bheith ag cur suas lena bhfuil ag titim amach. Ní fiú a dhath an vóta má ghlacann na feidhmeannaigh thoghcháin le sínteanas breibe nó má ghní siad neamhshuim dá gcuid oibre. Níl aon chiall fhónta leis an cheart chun éiric na maoine coigistithe a fháil ón stát mura bhfuil pingin ruaidh fágtha i bpóca cúil an Rialtais. Níl aon chiall fhónta leis an cheart chun sub poena chur ar fhinné má chaitear eascairí sollúnta na Cúirte i dtraipisí agus seitgháirí á ndéanamh fúthu. Níl aon chiall leis an cheart bhunreachtúil chun próiste cothroime dlí má ghní an stát neamhshuim dá dhualgas chun córas casta dlí a choinneáil ar fáil do na cáiníocóirí in éiric a bhfuil íoctha acu de chánacha. Mar sin, ní féidir don stát neamhghníomhach a bheith ina stát liobrálach.

NA CÁNACHA MAR PHRAGHAS NA SAOIRSE